AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.4.2023
COM(2023) 233 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon i Rialachán (AE) 2015/2120
1.1.
Réamhrá
Tá prionsabal an idirlín oscailte leabaithe i Rialachán (AE) 2015/2120, a bhfuil feidhm aige sna Ballstáit uile ón 30 Aibreán 2016. Leis an Rialachán déantar an ceart atá infheidhme go díreach a dheonú d’úsáideoirí deiridh chun an t‑ábhar agus na seirbhísí dlíthiúla is rogha leo a rochtain agus a dháileadh trína seirbhís rochtana ar an idirlíon. Déantar prionsabal neodracht an idirlín a chumhdach leis: ní mór cóir a chur ar thrácht idirlín gan idirdhealú, blocáil, scóigeadh ná beartú tosaíochta. Ní féidir cearta na n‑úsáideoirí deiridh a theorannú leis na comhaontuithe idir iad féin agus a soláthraithe idirlín, ná le cleachtais bainistíochta tráchta arna ndéanamh ag na soláthraithe. Áiríodh prionsabal an idirlín oscailte sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha, rud a léiríonn go bhfuil tábhacht leis fós san Aontas.
Leis an Rialachán cumhachtaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) chun treoirlínte a eisiúint i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún maidir le hoibleagáidí na n‑údarás rialála náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar na forálacha maidir leis an idirlíon oscailte agus chun comhlíontacht leo a áirithiú. D’fhoilsigh BEREC an chéad leagan de na treoirlínte
i mí Lúnasa 2016 agus thug sé cothrom le dáta iad in 2020 agus in 2022. Is é is aidhm do Mheitheal BEREC maidir leis an Idirlíon Oscailte, ina bhfuil an Coimisiún rannpháirteach, comhsheasmhacht i gcur i bhfeidhm an Rialacháin ar fud na hEorpa a áirithiú.
Ceanglaíodh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha an Rialacháin maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon (Airteagail 3, 4, 5 agus 6) agus tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ‘agus tograí iomchuí ag gabháil léi, más gá, d’fhonn an Rialachán a leasú’, faoin 30 Aibreán 2019 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin.
Foilsíodh an chéad tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin in Aibreán 2019. Thángthas ar an gconclúid léi go raibh an Rialachán iomchuí agus éifeachtach maidir le cearta úsáideoirí deiridh a chosaint agus leis an idirlíon a chur chun cinn mar inneall le haghaidh nuálaíochta, agus nach raibh aon ghá ann é a leasú. Ó shin, lean an Coimisiún, BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta d’fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh agus ar chur chun feidhme rialacha an idirlín oscailte.
Is é is aidhm don dara tuarascáil sin measúnú a sholáthar ar chur chun feidhme na gceithre airteagal den Rialachán ó 2019, lena n‑áirítear i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíochta. Chun críche an mheasúnaithe sin, bhailigh an Coimisiún aiseolas ó réimse leathan foinsí, aiseolas maidir le conas a bhí an Rialachán ina thaca leis an rochtain oscailte ar an idirlíon:
1)na tuarascálacha cur chun feidhme náisiúnta ó na húdaráis rialála náisiúnta agus BEREC;
2)Tuairim ó BEREC maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2015/2120 ó Nollaig 2022;
3)staidéar SMART 2019/0024 (‘an staidéar’), lenar bailíodh faisnéis fhíorasach maidir le cur chun feidhme an Rialacháin trí thaighde deisce, agallaimh, suirbhé, painéil saineolaithe agus ceardlann spriocdhírithe do pháirtithe leasmhara a reáchtáladh an 30 Eanáir 2023, agus lenar soláthraíodh measúnú agus moltaí;
4)teagmhálaithe leanúnacha le páirtithe leasmhara ar na leibhéil uile.
Leis an tuarascáil déantar dlí‑eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir leis an léirmhíniú ar fhorálacha an Rialacháin a chur san áireamh freisin.
2.2.
comhthéacs
Ó thuarascáil 2019, rinneadh roinnt forbairtí tábhachtacha. I measc na bhforbairtí dlíthiúla, breithiúnacha agus rialála tá:
-ceithre bhreithiúnas ó CBAE maidir leis an Rialachán, ceann amháin ó Mheán Fómhair 2020, agus trí cinn ó Mheán Fómhair 2021;
-teacht i bhfeidhm an Chóid um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, lenar leathnaíodh, i measc cinn eile, na gnéithe cosanta tomhaltóirí de Threoir 2002/22/CE dá dtagraítear leis an Rialachán;
-dhá athbhreithniú ar na treoirlínte BEREC tosaigh a foilsíodh i mí Lúnasa 2016: leis an gcéad cheann i mí an Mheithimh 2020 soiléiríodh codanna áirithe de na treoirlínte agus cuireadh taithí na n‑údarás rialála náisiúnta san áireamh agus iad á gcur i bhfeidhm; agus le ceann eile i mí an Mheithimh 2022 léiríodh breithiúnais CBAE maidir le tairiscintí ‘taraife nialais’.
I measc na bhforbairtí teicneolaíochta a d’fhéadfadh a bheith ábhartha, chomh maith le himeachtaí domhanda agus geopholaitiúla ó 2019, tá:
-paindéim COVID‑19, as ar tháinig méadú ar thrácht idirlín, rud a d’ardaigh ceisteanna maidir le bearta féideartha chun plódú líonra a bhainistiú agus a mbailíocht faoin Rialachán;
-cur in úsáid forchéimnitheach líonraí móibíleacha 5G, lena dtugtar deiseanna méadaithe chun seirbhísí éagsúla a sholáthar agus leibhéil éagsúla cáilíochta seirbhíse ann;
-smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise mar fhreagairt ar an bhfogha míleata in aghaidh na hÚcráine, lena n‑áirítear srianta in aghaidh eagraíochtaí éagsúla meán lena gcumhdaítear gach modh tarchuir agus dáilte i mBallstáit an Aontais – nó atá dírithe orthu (lena n‑áirítear teilifís chábla, satailíte, prótacail idirlín, ardáin, suíomhanna gréasáin agus aipeanna).
3.3.
Forbairtí tráchtála
3.1.3.1.
Srianta maidir le saorúsáid trealaimh, seirbhísí agus ábhar
Leis an Rialachán déantar foráil maidir le ceart úsáideoirí deiridh chun faisnéis agus ábhar a rochtain agus a dháileadh, chun feidhmchláir agus seirbhísí a úsáid agus a sholáthar agus chun an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid. Tá an ceart sin gan beann ar shuíomh an úsáideora deiridh nó an tsoláthraí nó ar shuíomh, tionscnamh nó ceann scríbe na faisnéise, an ábhair, an fheidhmchláir nó na seirbhíse.
Leis an Rialachán soiléirítear freisin gur cheart an tsaoirse a bheith ag úsáideoirí deiridh a dtrealamh teirminéil a roghnú agus nár cheart do sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon srianta a fhorchur maidir le húsáid trealaimh teirminéil atá nasctha leis an líonra lastall dóibh sin arna bhforchur ag monaróirí nó dáileoirí trealaimh teirminéil.
Ina threoirlínte shoiléirigh BEREC, agus breithniú á dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil úsáideoirí deiridh in ann an trealamh teirminéil is rogha leo a úsáid, gur cheart do na húdaráis rialála náisiúnta measúnú a dhéanamh ar dtús ar cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn soláthraí seirbhíse rochtana ar an idirlíon ‘trealamh éigeantach’, agus cé acu is ann nó nach ann do riachtanas teicneolaíoch oibiachtúil chun a mheas go bhfuil an trealamh éigeantach mar chuid de líonra an tsoláthraí seirbhíse rochtana ar an idirlíon.
Deimhnítear leis an staidéar go bhfuil srianta ar úsáid trealaimh teirminéil sách forleathan agus nach bhfuil freagairt na n‑údarás rialála náisiúnta ar na srianta sin aonfhoirmeach. Meastar go bhfuil saoirse ródaire tábhachtach i dtíortha ina n‑eisiatar an ródaire leis an gcríochphointe líonra
. Go ginearálta, i gcomparáid leis an staid a tuairiscíodh i dtuarascáil 2019, cé go bhfuil níos mó trédhearcachta ann anois maidir le suíomh an chríochphointe líonra agus coinníollacha chun úsáid a bhaint as trealamh malartach ar an trealamh arna sholáthar ag an soláthraí seirbhíse rochtana ar an idirlíon, leanann an staid ar fud na hEorpa de bheith athraitheach. Maidir leis sin, d’fhéadfadh na húdaráis rialála náisiúnta agus BEREC cur chuige sin níos comhordaithe agus sainmhínithe níos cúinge a iniúchadh.
Ar an bhforiomlán, rinne Ballstáit áirithe bearta chun tacú le tuilleadh roghanna a bheith ann maidir le trealamh teirminéil, i gcomparáid leis an staid a tuairiscíodh in 2019. Dheimhnigh páirtithe leasmhara gur tháinig laghdú ar dhúshláin maidir le teorainneacha ar threalamh teirminéil agus úsáid gléasanna. Mar sin féin, éilíonn páirtithe leasmhara áirithe forfheidhmiú feabhsaithe agus soiléireacht níos mó maidir leis an léirmhíniú ar théarmaí sonracha.
3.2.3.2.
Roghanna ‘taraife nialais’
Cleachtas tráchtála is ea an rogha ‘taraife nialais’ ina gcuireann soláthraí rochtana ar an idirlíon ‘taraif nialais’, nó taraif laghdaithe, i bhfeidhm maidir leis na sonraí tráchta uile nó cuid díobh atá bainteach le feidhmchlár nó catagóir d’fheidhmchláir shonracha, a thairgeann comhpháirtithe den soláthraí rochtana sin. Dá bhrí sin, ní áirítear na sonraí sin sa toirt sonraí arna ceannach ag na húsáideoirí deiridh mar chuid dá mbunphacáiste.
Mar a tugadh faoi deara i dtuarascáil 2019, measadh, go ginearálta, nach raibh na roghanna ‘taraife nialais’ sin toirmiscthe leis an Rialachán. Léirigh BEREC ina threoirlínte in 2016 conas ba cheart measúnú a dhéanamh ar na roghanna sin, agus rinne sé tuilleadh forbartha ar a mhodheolaíocht mheasúnaithe ar ‘tharaif nialais’ agus ar thairiscintí comhchosúla ina threoirlínte in 2020. Bhí roghanna ‘taraife nialais’ i láthair i bhformhór na mBallstát agus ar an iomlán bhí siad forleathan ar an margadh.
Go deimhin, breithiúnais uile CBAE ar na Rialacháin maidir leis an Idirlíon Oscailte, eisíodh iad i gcásanna a bhaineann le roghanna ‘taraife nialais’.
Ar dtús, in 2019, rinne CBAE breithniú ar phacáistí arna dtairiscint ag soláthraí seirbhíse rochtana ar an idirlíon, lenar cumasaíodh d’úsáideoirí deiridh úsáid a bhaint as feidhmchláir agus seirbhísí sonracha áirithe arna gcumhdach ag ‘taraif nialais’ agus an trácht gaolmhar gan bheith áirithe i dtoirt sonraí bhunphacáiste na seirbhíse rochtana ar an idirlíon, agus coinníollacha sonracha úsáide ag gabháil leis na tairiscintí sin. Chuir CBAE i dtábhacht ina rialú go bhfuil feidhm ag an oibleagáid ghinearálta chun cóir chomhionann a chur ar thrácht mar phrionsabal maidir le feidhmchláir agus seirbhísí a chumhdaítear le ‘taraif nialais’.
In 2021, rialaigh CBAE go bhfuil roghanna ‘taraife nialais’ ar neamhréir leis an Rialachán. Teorainneacha ar bhandaleithead, teaghránú nó úsáid le linn fánaíochta, mar gheall ar ghníomhachtú na roghanna sin, tá siad ar neamhréir le dlí an Aontais freisin.
Tar éis rialuithe CBAE, thug BEREC faoi deara ina threoirlínte in 2022 go bhféadfaí ‘praghsáil dhifreáilte’ a chur san áireamh i gcleachtais tráchtála inarb amhlaidh nach bhfuil an praghas ar mhéid sonraí ar leith mar an gcéanna le haghaidh an tráchta uile ar fud trácht seirbhíse rochtana ar an idirlíon ar leith; mar sin féin, ba cheart na cleachtais sin a bheith ‘il‑oiriúnach de réir an fheidhmchláir’. I bhfocail eile, féadfaidh soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon praghas éagsúil ar mhéid áirithe sonraí a chur san áireamh ina gcleachtais tráchtála (lena n‑áirítear rogha ‘taraife nialais’ nó taraif laghdaithe), fad a úsáidtear an trácht sonraí sin gan beann ar an bhfeidhmchlár.
Measann BEREC go bhfuil aon chleachtas praghsála difreáilte nach bhfuil il‑oiriúnach de réir an fheidhmchláir (amhail ‘taraif nialais’ a chur i bhfeidhm maidir le feidhmchláir dhílse soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon nó a cheadú do sholáthraithe ábhair agus feidhmchláir a sonraí féin a fhóirdheonú) neamh‑inghlactha go ginearálta.
Tar éis rialuithe CBAE, ó Nollaig 2022, tarraingíodh siar na roghanna ‘taraife nialais’ go hiomlán nó tá siad á dtarraingt siar ón margadh. Tuairiscíonn na húdaráis rialála náisiúnta agus oibreoirí go bhfuil custaiméirí a fhaigheann roghanna ‘taraife nialais’ á n‑aistriú chuig pleananna lena mbaineann sonraí breise nó neamhtheoranta, nó i gcásanna áirithe chuig lascainí ambhunaithe.
Léirítear leis an staidéar go gcomhaontaíonn na páirtithe leasmhara go ginearálta gur soiléiríodh roghanna ‘taraife nialais’ le breithiúnais CBAE agus le treoirlínte BEREC a tugadh cothrom le dáta. Léirigh údaráis rialála náisiúnta áirithe gur ceadaíodh roghanna ‘taraife nialais’ le haghaidh na suíomhanna cúraim custaiméirí ina mBallstáit, cé gur cheadaigh cinn eile roghanna ‘taraife nialais’ chun críoch sóisialta nó oideachasúil. De réir an staidéir, mheas páirtithe leasmhara áirithe gur cheart roghanna ‘taraife nialais’ chun críoch sóisialta nó oideachasúil a cheadú amhlaidh, cé go raibh eagla ar pháirtithe leasmhara eile go bhféadfaí an bealach a réiteach leis sin le haghaidh sáruithe ar phrionsabail an Rialacháin agus nach gá sin i gcásanna ina soláthraítear bandaleithead leordhóthanach i bpacáistí tomhaltais. D’fhéadfadh níos mó soiléireachta ar léirmhíniú na dtéarmaí a bhaineann le roghanna ‘taraife nialais’ sna cásanna sin a bheith úsáideach.
4.4.
BAINISTÍOCHT TRÁCHTA
Leis an Rialachán dearbhaítear freisin nach mór do sholáthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon cóir chomhionann a chur ar an trácht uile, gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach; níor cheart dóibh ábhar, feidhmchláir ná seirbhísí sonracha a bhlocáil, a mhoilliú, a athrú, a shrianadh, ná cur isteach orthu, ná díghrádú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Leis an Rialachán déantar foráil maidir le cúpla eisceacht atá teoranta don mhéid seo a leanas:
a)comhlíontacht le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, nó reachtaíocht náisiúnta, lena n‑áirítear le horduithe ó chúirteanna nó údaráis phoiblí ag a bhfuil cumhachtaí ábhartha;
b)sláine agus slándáil an líonra, na seirbhísí a sholáthraítear, agus threalamh teirminéil na n‑úsáideoirí deiridh a chaomhnú;
c)plódú líonra a chosc agus maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá le plódú eisceachtúil nó sealadach ar an líonra.
4.1.4.1.
Blocáil agus scóigeadh ábhair
Léirítear leis an staidéar go dtuairiscítear blocáil údaraithe go forleathan, go háirithe faoi dhá dhíolúine: (a) reachtaíocht agus (b) slándáil agus sláine.
Tharla blocáil ábhair i roinnt mhaith Ballstát bunaithe ar reachtaíocht/rialuithe dlíthiúla lena n‑áirítear blocáil ar chearrbhachas neamhdhleathach agus pornagrafaíocht leanaí, ábhar antoisceach, sárú ar chóipcheart, bagairt ar an stát, agus ar bhonn smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise. I gcomhthéacs na smachtbhannaí in aghaidh na Rúise go háirithe, léirigh roinnt soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon imní nach raibh soiléireacht dhlíthiúil acu maidir leis na himthosca inar ceadaíodh dóibh nó inar ceanglaíodh orthu ábhar a bhlocáil. Maidir leis sin, chuir BEREC i dtábhacht gur fhéach na húdaráis rialála náisiúnta le cúnamh a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon le cur chun feidhme praiticiúil na smachtbhannaí chun róbhlocáil nó fobhlocáil a sheachaint. Mar sin féin, mheabhraigh sé freisin nach bhfuil na húdaráis rialála náisiúnta freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le smachtbhannaí a chur chun feidhme ná formhaoirseacht a dhéanamh air sin.
Úsáid scóigthe chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le plódú líonra a bhfuil teorainn ama leis (díolúine (c)), ní thuairiscíonn na húdaráis rialála náisiúnta chomh forleathan sin é sin. Úsáideadh é go príomha nuair a sháraíonn úsáideoirí deiridh an acmhainn i bpleananna sonraí móibíleacha; agus chun cosc a chur le rólódáil líonra ar líonraí móibíleacha le linn éaradh cumhachta chun rochtain ar ghlaonna agus seirbhísí éigeandála a áirithiú nó le linn tréimhsí cliste líonra nó méaduithe tobanna ar thrácht.
4.2.4.2.
Tionchar COVID‑19 ar bhainistíocht tráchta
Nuair a thosaigh géarchéim COVID‑19, agus na bearta dianghlasála ina teannta, d’oibrigh BEREC agus na húdaráis rialála náisiúnta go dlúth leis an gCoimisiún chun treoraíocht mhear agus shoiléir a sholáthar do pháirtithe leasmhara. Lean siad freisin de thuairisciú ar an staid sna míonna ina dhiaidh sin.
Thug na húdaráis rialála náisiúnta éagsúla faoi deara nach raibh gá le haon scóigeadh le linn phaindéim COVID‑19, fiú amháin le linn bhuaicphointe na géarchéime, nuair a tháinig méadú ar theilea‑obair agus cianfhoghlaim as bearta dianghlásála a cuireadh chun feidhme sna Ballstáit, rud a mhéadaigh trácht ar an líonra. Maidir le bainistíocht tráchtála le linn phaindéim COVID‑19, níor tuairiscíodh scóigeadh ar chúiseanna a bhaineann le COVID‑19 in aon Bhallstát in aon cheann de thuarascálacha na húdaráis rialála náisiúnta ó 2022.
Sampla den scoth is ea géarchéim COVID‑19 d’inoiriúnaitheacht agus d’infheidhmeacht an Rialacháin maidir le dúshláin shonracha, amhail an buaicphointe sa trácht idirlín le linn na géarchéime. Fianaise láidir atá sa sampla sin go ndéantar foráil leis an idirghníomhú idir an Rialachán, treoirlínte BEREC agus comhar an Choimisiúin maidir le huirlis atá slán i bhfad na haimsire chun forbairtí nach bhfuil coinne leo a bhainistiú de réir mar a tharlaíonn siad agus nuair a tharlaíonn siad. Thairis sin, léirítear le géarchéim COVID‑19 freisin go raibh an bonneagar atá ann faoi láthair in ann déileáil le buaicphointe tobann, gan choinne agus marthanach sa trácht idirlín.
Fós féin, beidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha sna blianta atá le teacht chun a áirithiú gur féidir spriocanna uile an Chláir Beartais don Deacáid Dhigiteach a chomhlíonadh, agus gur féidir leis na bonneagair Eorpacha déileáil le méadú dóchúil ar thrácht líonra agus coimeád suas le forbairtí teicneolaíochta nua. Tá tuairimí páirtithe leasmhara á lorg ag an gCoimisiún faoi láthair maidir leis na hinfheistíochtaí is gá chun bonneagar idirlín na todhchaí a thógáil i gcomhairliúchán taiscéalaíoch a ritheann ón 23 Feabhra 2023 go dtí an 19 Bealtaine 2023. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear i dtábhacht leis an g
Clár Beartais don Deacáid Dhigiteach
an prionsabal gur ‘cheart do na gníomhaithe margaidh uile a bhainfidh tairbhe as an gclaochlú digiteach a gcuid freagrachtaí sóisialta a ghlacadh agus ranníocaíocht chothrom agus chomhréireach a dhéanamh ionsar chostais na n‑earraí poiblí, na seirbhísí poiblí agus na mbonneagar poiblí, ar mhaithe le gach duine san Eoraip’. Tá an méid sin i gcomhréir freisin leis
na gealltanais pholaitiúla a áirítear sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha
. Leis an gcomhairliúchán taiscéalaíoch a luaitear thuas lorgaítear tuairimí páirtithe leasmhara freisin maidir le conas a d’fhéadfaí an prionsabal sin a chur chun feidhme sa chleachtas – más ábhartha – chun cuidiú le rolladh amach an bhonneagair is gá chun a chumasú don Eoraip an claochlú digiteach a stiúradh. Mar sin féin, cé go bhfuil díospóireacht ar bun faoi láthair leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus idir eatarthu maidir leis an tsaincheist sin, ní fhágann sé sin go bhfuil amhras á chaitheamh ar na rialacha maidir le neodracht an idirlín, agus athshonraíodh tábhacht an mhéid sin sa Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha.
5.5.
forbairtí teicneolaíochta
5.1.5.1.
Forbairt teicneolaíochtaí 5G
Mar a cuireadh i dtábhacht cheana i dtuarascáil 2019, ceapadh an Rialachán d’aon ghnó mar thacar rialacha bunaithe ar phrionsabail a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir leis an bhforbairt intuartha ar theicneolaíochtaí nua, amhail 5G agus seirbhísí nua (e.g. slisniú líonra, sainaitheantóir cáilíochta seirbhíse 5G (5QI), imeall‑ríomhaireacht mhóibíleach agus ‘líonra mar sheirbhís’). Gheall an Coimisiún in 2019 go leanfadh sé den tsaincheist sin a leanúint go dlúth de réir mar a forbraíodh 5G sa mhargadh, agus go n‑oibreodh sé go dlúth le BEREC chun a threoirlínte a thabhairt cothrom le dáta, rud a rinne sé in 2020.
Le treoirlínte athbhreithnithe BEREC ó 2020 soláthraítear soiléirithe suntasacha atá ábhartha maidir le teicneolaíochtaí 5G, agus tugtar tuilleadh sonraí maidir lena gcomhlíontacht leis an Rialachán. Leis na treoirlínte mínítear conas a fhéadfaidh soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon idirdhealú a dhéanamh ar leibhéal cáilíochta seirbhíse maidir le síntiúis seirbhíse rochtana ar an idirlíon. Ba cheart do na leibhéil cáilíochta seirbhíse leanúint de bheith ‘il‑oiriúnach de réir an fheidhmchláir’ cé gur cheart do na húsáideoirí deiridh leanúint de smacht a bheith acu ar cibé feidhmchláir a tharchuirtear ar cibé leibhéal cáilíochta seirbhíse.
Go dtí seo, níl BEREC ná an Coimisiún ar an eolas faoi aon sampla sonrach ina gcuirfí bac leis an Rialachán ar chur chun feidhme theicneolaíocht 5G.
5.2.5.2.
Forbairtí teicneolaíochta agus seirbhísí speisialaithe
Leis an Rialachán déantar foráil maidir leis an bhféidearthacht chun seirbhísí seachas seirbhísí rochtana ar an idirlíon a thairiscint. Déantar na seirbhísí sin, dá ngairtear ‘seirbhísí speisialaithe’ go coitianta, a optamú le haghaidh ábhar, feidhmchláir nó seirbhísí sonracha, nó le haghaidh teaglaim díobh sin, i gcás inar gá an t‑optamú sin a dhéanamh chun a gceanglais cháilíochta a chomhlíonadh. Ní fhéadfaidh soláthraithe seirbhísí speisialaithe a thairiscint ná a éascú ach amháin má tá an acmhainn líonra leordhóthanach chun iad a sholáthar i dteannta aon seirbhís rochtana ar an idirlíon gan cáilíocht na seirbhíse sin a dhíghrádú.
Le treoirlínte BEREC soiléirítear conas ba cheart na rialacha sa Rialachán a thuiscint trí thuilleadh sonraí a thabhairt maidir leis na coinníollacha chun seirbhísí speisialaithe a sholáthar, coinníollacha a sholáthraítear sa Rialachán féin. Ar an ábhar sin, le treoirlínte 2020 léirítear freisin gur féidir cóir éagsúil a chur ar fheidhmchláir éagsúla (i bhfoirm seirbhísí speisialaithe) nuair is gá sin go hoibiachtúil chun ceanglas feidhmchláir a chomhlíonadh le haghaidh leibhéal sonrach cáilíochta nach féidir a chomhlíonadh thar sheirbhís rochtana díchill ar an idirlíon. Le treoirlínte BEREC aithnítear go dtiocfaidh éabhlóid ar an idirlíon agus ar chineál na seirbhísí rochtana ar an idirlíon le himeacht ama. Seo a leanas na trí shampla de sheirbhísí speisialaithe a léirítear i dtreoirlínte BEREC agus atá ar fáil i roinnt mhaith Ballstát: VoLTE, IPTV agus VoIP.
Is é an soláthraí a chuimhníonn ar sheirbhís speisialaithe a sholáthar, thar aon duine eile, is ceart an measúnú ar chomhlíontacht a dhéanamh, ós rud é nach n‑éilítear aon chead roimh ré ó údarás rialála náisiúnta chun na seirbhísí sin a sholáthar d’úsáideoirí deiridh. Chun a shuí an bhfuil seirbhís laistigh nó lasmuigh den raon feidhme, ceanglaítear leis an Rialachán ar sholáthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) an gá atá ann cóir ar leith a chur ar gach feidhmchlár a chruthú; (ii) a léiriú go bhfuil sé ar leithligh ón tseirbhís rochtana ar an idirlíon; agus (iii) a thaispeáint nach mbeidh tionchar diúltach ag an gcóir sin ar na húsáideoirí deiridh.
Ní hionann tuairimí na bpáirtithe leasmhara a ndeachthas i gcomhairle leo maidir le forbairt seirbhísí speisialaithe. Measann páirtithe leasmhara áirithe go mb’fhéidir go dtiocfaidh meath ar an ngá atá le seirbhísí speisialaithe de réir mar a mhéadaíonn meáncháilíocht na seirbhísí rochtana ar an idirlíon. Tá páirtithe leasmhara eile den tuairim go mb’fhéidir go rachaidh an t‑éileamh ar sheirbhísí speisialaithe i méid i gcomhthéacs shlisniú líonraí 5G. Tugann BEREC faoi deara, ar thaobh amháin, maidir le seirbhís lena n‑éilítear optamú agus a cháilíonn mar sheirbhís speisialaithe inniu, go mb’fhéidir nach n‑éileofar é sin léi sa todhchaí de bharr go bhfuil feabhas ag teacht ar cháilíocht ghinearálta na seirbhísí rochtana ar an idirlíon, agus ar an taobh eile, go mb’fhéidir go dtiocfaidh seirbhísí breise chun cinn ar ghá iad a optamú ag an am céanna. D’fhéadfadh sé seo a bheith amhlaidh i gcás an aistrithe go Gréasán 4.0 agus forbairt ‘líonraí mar sheirbhís’, áit a mbeidh coinne leis go soláthrófaí feidhmeanna tarchuir, stórála agus ríomhaireachta le líonraí.
De réir mar a leanann forbairt na teicneolaíochta ar aghaidh, deir páirtithe leasmhara éagsúla nach soiléir uaireanta cé acu a thiocfadh nó nach dtiocfadh seirbhísí agus teicneolaíochtaí turgnamhacha áirithe faoi shainchúram an Rialacháin, agus cé acu a mheasfaí nó nach measfaí go bhfuil a bhfeidhmchláir dleathach. Go dtí seo, chuir na húdaráis rialála náisiúnta agus BEREC cur chuige cás ar chás i bhfeidhm maidir le teicneolaíochtaí nua. Tá BEREC fós i bhfabhar cur chuige den sórt sin toisc nár cuireadh ach cúpla seirbhís speisialaithe chun feidhme go dtí seo. Mar sin féin, d’fheádfadh éifeacht athchomhairleach a bheidh ag an easpa deimhneachta dlíthiúla sin ar infheistíochtaí agus ar an nuálaíocht. Ar an ábhar sin, cé go bhfuil roinnt páirtithe leasmhara, eagraíochtaí tomhaltóirí san áireamh, sásta leis an treoraíocht ó BEREC atá ann faoi láthair, measann go leor de na soláthraithe seirbhísí rochtana ar an idirlíon atá níos mó nach bhfuil cinnteacht leordhóthanach ag baint leis na rialacha agus an cur chuige atá ann faoi láthair le go mbeidh siad in ann seirbhísí a sheoladh bunaithe ar shlisniú líonraí ná seirbhísí speisialaithe a shainiú.
Dá bhrí sin, d’fhéadfadh deimhneacht dhlíthiúil níos mó dul a bheith tairbhiúil do nuálaithe agus tomhaltóirí araon amach anseo. Ar cheann de na hábhair atáthar le díriú air go luath amach anseo tá an bealach chun sin a bhaint amach, trí comharthaíocht a dhéanamh gur cheart seirbhísí ardfheidhmíochta nua a bheith indéanta faoi raon feidhme an Rialacháin, agus cé acu ba cheart nó nár cheart an ‘chomharthaíocht’ sin a dhéanamh trí shoiléiriú i dtreoirlínte BEREC (e.g. in eatraimh níos giorra atá ar cóimhéid le forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíochta) nó go ndéanfadh an Coimisiún é.
6.6.
Trédhearcacht chonarthach, faireachán rialála agus nósanna imeachta
6.1.6.1.
Oibleagáidí trédhearcachta
Leis an Rialachán leagtar amach ceanglais éagsúla trédhearcachta, maidir le faisnéis i ndáil le luasanna agus cleachtais bainistíochta tráchtála go príomha. Ceanglaítear leis ar sholáthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon faisnéis a sholáthar maidir le réitigh atá ar fáil i gcás neamhréireachtaí idir luasanna iarbhír agus luasanna arna gcomhaontú go conarthach, agus nósanna imeachta trédhearcacha, simplí agus éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar ghearáin úsáideoirí deiridh. Aon neamhréireacht shuntasach idir feidhmíocht iarbhír na seirbhísí rochtana ar an idirlíon maidir le luas nó paraiméadair cáilíochta seirbhíse eile agus an fheidhmíocht arna léiriú ag an soláthraí, ba cheart, i gcás ina suitear na fíorais ábhartha le sásra faireacháin arna dheimhniú ag údarás rialála náisiúnta, réitigh a spreagadh léi, réitigh atá ar fáil do thomhaltóirí faoin dlí náisiúnta.
Ar an iomlán, rinneadh feabhsuithe suntasacha ar thrédhearcacht a bhuí le cur chun feidhme an Rialacháin. Measann eagraíochtaí tomhaltóirí, eagraíochtaí ceart sibhialta agus na húdaráis rialála náisiúnta go bhfuil an Rialachán éifeachtach chun trédhearcacht a áirithiú maidir le luasanna leathanbhanda, cóir ar thrácht agus modhanna sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí nuair nach bhfaigheann siad an cháilíocht seirbhíse a bhfuil coinne acu leis.
Measann formhór na n‑údarás rialála náisiúnta gur chomhlíon soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon na ceanglais trédhearcachta, agus go ndearnadh feabhsuithe suntasacha ó thuarascáil 2019. Tá dúshláin áirithe fós ann, go háirithe i measc soláthraithe beaga (soláthraithe áitiúla go minic) agus i gcásanna áirithe leis an tuairisciú ar luasanna (e.g. ar léarscáileanna) arna dhéanamh ag soláthraithe móibíleacha nó mífhaisnéis maidir leis an téarma sonraí ‘neamhtheoranta’. Thairis sin, rinne na húdaráis rialála náisiúnta dul chun cinn suntasach maidir le huirlisí faireacháin a thabhairt isteach chun é a chur ar a gcumas do thomhaltóirí a fhíorú go bhfuil na luasanna a fhaigheann siad ag teacht leo sin arna gcomhaontú go conarthach.
Ba mhaith le páirtithe leasmhara áirithe go soláthrófaí moltaí níos mionsonraithe agus níos saintreoraí le treoirlínte BEREC maidir leis na cuir chuige ba cheart do na húdaráis rialála náisiúnta a ghlacadh chun trédhearcacht a fhorfheidhmiú; chun soiléireacht a sholáthar maidir le coincheapa agus tomhas luais; agus chun comhsheasmhacht a áirithiú agus tuairisciú á dhéanamh ar na luasanna iarbhír in aghaidh luasanna conarthacha nó fógartha. Thug eagraíochtaí tomhaltóirí agus ceart sibhialta faoi deara freisin nach éasca do thomhaltóirí faisnéis a thuiscint, chuir siad bearnaí i dtábhacht idir luasanna iarbhír agus luasanna conarthacha agus chuir siad neamhéifeachtúlachtaí i dtábhacht freisin maidir le láimhseáil gearán arna déanamh ag soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon. Níor shainaithin BEREC saincheisteanna faireacháin trédhearcachta sonracha, agus thug sé faoi deara go raibh ceanglais trédhearcachta á gcomhlíonadh den chuid is mó ag soláthraithe.
6.2.6.2.
Maoirseacht agus forfheidhmiú
Leis an Rialachán tugadh an chumhacht do na húdaráis rialála náisiúnta a áirithiú go gcomhlíontar a gcuspóirí. Ó tháinig an Rialachán i bhfeidhm, cinntí a rinne údaráis rialála náisiúnta in aghaidh soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon, rinneadh agóid ina n‑aghaidh in ocht mBallstát
. I bhformhór mór na gcásanna, deimhníodh cinntí na n‑údarás rialála náisiúnta le cinntí na gcúirteanna. Ina threoirlínte in 2020, thug BEREC faoi deara gurb ann do thrí chineál gníomhaíochtaí is féidir le húdaráis rialála náisiúnta a shaothrú chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus chun í a áirithiú: (i) maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceanglas éagsúil nó faireachán a dhéanamh air sin; (ii) forfheidhmiú; agus (iii) tuairisciú ar thorthaí ó na cleachtaí faireacháin. Forchur aon cheanglais agus aon bhirt, ba cheart measúnú a dhéanamh air bunaithe ar a n‑éifeachtacht, a riachtanas agus a gcomhréireacht.
De réir an staidéir, athraíonn cleachtais forfheidhmithe go mór. Cé go saothraíonn údaráis rialála náisiúnta áirithe cásanna iomadúla agus go dtugann siad cásanna i gcrích agus torthaí nó cinntí foirmiúla leo, forfheidhmíonn údaráis rialála náisiúnta eile forálacha an Rialacháin trí idirphlé neamhfhoirmiúil, agus úsáideann cinn eile teaglaim de chuir chuige chun comhlíontacht a bhaint amach. Comhaontaíonn páirtithe leasmhara go ginearálta gur ghníomhaigh údaráis rialála náisiúnta i gcomhréir le treoirlínte BEREC. Tá tuairimí níos éagsúla ann maidir lena mhéid a tháinig cleachtais níos comhsheasmhaí as na treoirlínte ar fud na mBallstát, agus comhaontaíonn eagraíochtaí ceart tomhaltóirí go láidir leis an ráiteas sin, cé go bhfuil soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon níos neodraí maidir leis an bpointe sin.
6.3.6.3.
Smachtbhannaí
Athraíonn smachtbhannaí agus na modhanna chun pionóis a ríomh go mór idir na Ballstáit. Mar shampla, shocraigh 13 Bhallstát pionóis atá nasctha le láimhdeachas na cuideachta, cé go bhfuil uasmhéid seasta nó teaglaim den dá rud ag Ballstáit eile. Athraíonn na pionóis uasta ó 0.25 % go 5 % den mheánláimhdeachas domhanda bliantúil, nó tá siad socraithe ag uasmhéid atá idir EUR 100 000 agus EUR 5 mhilliún. Níor forchuireadh ach cúpla pionós go dtí seo, agus bhí gach ceann díobh i bhfad faoin uasmhéid is infheidhme.
7.7.
Conclúidí
Tá na rialacha a chumhdaítear sa Rialachán i gcroílár fheidhmiú éiceachóras an idirlín san Eoraip agus meabhraíodh iad sa Dearbhú Eorpach maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha agus gealltanas polaitiúil ann chun idirlíon oscailte a chosaint agus a chur chun cinn sa chlaochlú digiteach Eorpach. Cuirtear saincheisteanna sonracha i dtábhacht sa tuarascáil seo, saincheisteanna a bhfuil sé tuillte acu go dtabharfadh an Coimisiún agus BEREC aird speisialta orthu go luath amach anseo, chun a ráthú go leanfaidh cur i bhfeidhm an Rialacháin de bheith ábhartha agus i gcomhréir le forbairtí teicneolaíochta.
Ó thuarascáil 2019, rinneadh athruithe teicneolaíocha, ach mórathruithe margaidh agus geopholaitiúla go háirithe, athruithe nár féadadh a thuar nuair a dréachtaíodh an Rialachán. Ós rud é go maireann an Rialachán agus a chur chun feidhme go fóill, deimhnítear go leanann cur chuige an Rialacháin atá bunaithe ar phrionsabail den chothromaíocht fhíor‑riachtanach a ráthú idir cosaint ceart úsáideoirí deiridh agus an gá atá le margadh aonair digiteach iomaíoch a chothú san Aontas. Ón measúnú seo, tá an Coimisiún tagtha ar an gconclúid, i gcomparáid leis an staid in 2019 nuair a eisíodh an chéad tuarascáil, go bhfuil prionsabail an idirlín oscailte ábhartha fós, ó thaobh úsáideoirí deiridh, soláthraithe ábhair agus feidhmchlár agus soláthraithe seirbhíse rochtana ar an idirlíon.