7.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 355/135


CINNEADH (AE) 2021/1765 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Deireadh Fómhair 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, le haghaidh na tréimhse 2021–2026, sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar Airteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 29 Aibreán 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2021/689 (1) maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”) a thabhairt i gcrích. Tháinig an Comhaontú Trádála agus Comhair i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

Le hAirteagal 8(1), pointe (q), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear an Coiste Speisialaithe um Iascach. Leagtar amach a inniúlachtaí in Airteagal 8(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

(3)

Le hAirteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tugtar de chumhacht don Choiste Speisialaithe um Iascach Meithleacha a bhunú, a mhaoirsiú, a chomhordú agus a dhíscaoileadh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 8(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, agus de mhaolú ar Airteagal 8(9) de, féadfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach a rialacha féin a ghlacadh agus a leasú ina dhiaidh sin, ar rialacha iad lena rialófar obair an Choiste.

(5)

Liostaítear in Airteagal 508 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ar bhealach neamh-uileghabhálach, cúraimí agus réimsí inniúlachta an Choiste Speisialaithe um Iascach.

(6)

Tá an Coiste Speisialaithe um Iascach freagrach as bearta a ghlacadh, lena n-áirítear cinntí agus moltaí, chun tacú le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 494 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, go háirithe an cuspóir maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh stoic chomhroinnte in uiscí na bPáirtithe a áirithiú, go mbeidh siad inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de, go rannchuideoidh siad le tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaint amach, agus cearta agus oibleagáidí na Stát cósta neamhspleách á n-urramú go hiomlán de réir mar a fheidhmíonn na Páirtithe iad, agus go rannchuideoidh siad leis an gcuspóir maidir le stoic chomhroinnte a shaothrú ar rátaí lena mbeartaítear pobail na speiceas a shaothraítear a chothabháil agus a athbhunú de réir a chéile os cionn na leibhéal bithmhaise lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach. D'fhéadfadh sé go dtiocfadh bearta den sórt sin chun bheith ina gceangal ar an Aontas.

(7)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), foráiltear nach mór don Aontas a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil de agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí seo: tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Foráiltear leis go bhfuil an tAontas le cur chuige éiceachórasbhunaithe a chur chun feidhme, bearta bainistíochta agus caomhnaithe a dhéanamh ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, tacú le forbairt an eolais eolaíoch agus na comhairle eolaíche, ábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile agus modhanna iascaireachta a chur chun cinn a mbeidh mar thoradh orthu iascaireacht atá níos roghnaí, gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir, agus iascaireacht a bhfuil tionchar íseal aici ar an éiceachóras muirí agus ar acmhainn iascaigh. Foráiltear go sonrach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go gcuirfidh an tAontas na cuspóirí agus na prionsabail sin i bhfeidhm agus a chaidreamh seachtrach iascaigh á sheoladh aige, gan dochar d’fhorálacha sonracha arna nglacadh faoi Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus leagtar amach ann na prionsabail agus na cuspóirí maidir le bainistiú stoc dar leas coiteann don Aontas agus do thríú tíortha agus forálacha a bhaineann le comhaontuithe maidir le malartú agus bainistiú comhpháirteach.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iascach maidir le gníomhartha de chuid an Choiste Speisialaithe a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo a bhunú.

(9)

Ba cheart don Chomhairle an seasamh sin agus an sonraíocht a ghabhann leis a bhunú i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí, le Cinneadh (AE) 2021/689 agus leis an gCinneadh seo. Leis an gCinneadh seo, ba cheart go gcumhdófaí seasamh an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iascach don tréimhse 2021–2026, cé is moite d’aon mheitheal um iascach a bhunú nó a dhíscaoileadh agus de chomhairliúcháin bhliantúla maidir le deiseanna iascaireachta, a chumhdófar le cinntí ar leith faoi Airteagal 218(9) CFAE. Leis an gCinneadh seo, ní eisiatar cinntí ar leith a ghlacadh faoi Airteagal 218(9) CFAE maidir le saincheisteanna eile a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo.

(10)

Ní mór Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán, mar a fhoráiltear de bhun Airteagal 218(10) CFAE.

(11)

I bhfianaise chineál athraitheach na hacmhainne iascaigh a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus an gá atá ann dá réir go n-áireofar ar sheasamh an Aontais forbairtí nua, lena n-áirítear faisnéis eolaíoch nua agus faisnéis ábhartha eile a thíolactar roimh chruinnithe den Choiste Speisialaithe um Iascach nó lena linn, ba cheart forálacha maidir le comhar agus comhordú a leagan síos, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le sonraíocht sheasamh an Aontais don tréimhse 2021–2026. Ag cur leis an gcleachtas a forbraíodh maidir leis na comhairliúcháin i ndáil le deiseanna iascaireachta do 2021, ba cheart do na forálacha sin maidir le comhar agus comhordú, rannpháirtíocht rialta agus iomlán na Comhairle agus a comhlachtaí ullmhúcháin a áirithiú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2021/689,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iascach a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (q), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, leagtar amach an seasamh in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Déanfar seasamh an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1 a shonrú a thuilleadh i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Nollaig 2026. Déanfaidh an Chomhairle é a mheasúnú de réir mar is gá agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sí é a athbhreithniú ar thogra ón gCoimisiún. In aon chás, déanfar athbhreithniú faoin 31 Nollaig 2022.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. ŠIRCELJ


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 2.

(2)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).


IARSCRÍBHINN I

Prionsabail

Déanfaidh seasamh an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iascach arna bhunú le hAirteagal 8(1), pointe (q), den Chomhaontú Trádála agus Comhair na prionsabail seo a leanas a urramú:

(a)

gníomhóidh an tAontas i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail atá á saothrú ag an Aontas faoi chuimsiú an chomhbheartais iascaigh (CBI) chun a áirithiú go mbeidh an t-iascach inbhuanaithe san fhadtéarma agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí chun tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, go háirithe trí bhíthin na n-aidhmeanna a bhaineann le UTI mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus na pleananna ilbhliantúla is infheidhme, agus i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim, chun cur chun feidhme éiceachórasbhunaithe a chur chun cinn i ndáil le bainistiú iascaigh, chun gabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú, a mhéid is féidir, ábhar muirí aischurtha a dhíchur de réir a chéile, tionchar gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachórais mhuirí agus na gnáthóga iontu a íoslaghdú, agus chomh maith leis sin, trí iascaigh de chuid an Aontais atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de a chur chun cinn, caighdeán cothrom maireachtála a chur ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus leasanna na dtomhaltóirí a chur san áireamh; agus gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 33 den Rialachán sin a mhéid a bhaineann le bainistiú stoc dar leas coiteann;

(b)

áiritheoidh an tAontas oibríochtú an Choiste Speisialaithe um Iascach, lena n-áirítear a rialacha nós imeachta a ullmhú nó a leasú;

(c)

beidh sé mar aidhm ag an Aontas a áirithiú go mbeidh gníomhartha nó bearta a bhfuil éifeacht dhlíthiúil leo a ghlacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, Comhaontú na Náisiún Aontaithe maidir le Stoic Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mórimirceach, agus Comhaontú FAO maidir le Bearta Stát an Chalafoirt agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais;

(d)

áiritheoidh an tAontas go mbeidh gníomhartha nó bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla acu arna nglacadh ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach comhsheasmhach le hAirteagal 494 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena n-áirítear an inbhuanaitheacht fhadtéarmach a chothú, agus a chur chun cinn go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na stoic chomhroinnte, an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil go príomha ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara a úsáid mar bhunús do chinntí caomhnaithe agus bainistíochta, agus bearta comhréireacha agus neamh-idirdhealaitheacha a chur i bhfeidhm chun acmhainní beo muirí a chaomhnú agus acmhainní iascaigh a bhainistiú, neamhspleáchas rialála na bPáirtithe a chaomhnú agus cothrom na Féinne idir cabhlaigh AE agus na Ríochta Aontaithe a shaothrú, agus cur chuige comhroinnte idir rialacha na bPáirtithe a lorg;

(e)

cuirfidh an tAontas seasaimh chun cinn atá comhsheasmhach le dea-chleachtais agus seasaimh a ghlactar i bhfóraim eile agus i gcomhairliúcháin iltaobhacha agus dhéthaobhacha san Atlantach thoir thuaidh, agus cuirfidh an tAontas comhordú le páirtithe eile agus le Coimisiún Iascaigh an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC) chun cinn;

(f)

gníomhóidh an tAontas i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle an 19 Márta 2012 maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún i ndáil le gné sheachtrach an chomhbheartais iascaigh;

(g)

beidh sé d’aidhm ag an Aontas cur chun feidhme tráthúil na mbeart arna nglacadh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair ag na Páirtithe a chur chun cinn ina gcreataí dlíthiúla faoi seach, agus a nósanna imeachta inmheánacha faoi seach á gcur san áireamh.


IARSCRÍBHINN II

Treoshuímh maidir le seasamh an Aontais

1.   

Déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a shaothrú sa Choiste Speisialaithe um Iascach:

(a)

plé agus comhar i ndáil le bainistiú iascaigh inbhuanaithe;

(b)

aird a thabhairt ar bhearta chun iascaigh a bhainistiú agus a chaomhnú, lena n-áirítear bearta éigeandála agus bearta chun roghnaíocht gníomhaíochtaí iascaireachta a áirithiú. Ba cheart a chur sin san áireamh leis sin cur chuige comhroinnte a lorg maidir le bearta teicniúla agus, i gcás inarb iomchuí, plé a dhéanamh maidir le bearta ar thug Páirtí amháin fógra ina leith don Pháirtí eile;

(c)

aird a thabhairt ar chuir chuige maidir le bailiú sonraí chun críoch eolaíochta agus bainistiú iascaigh, na sonraí sin a chomhroinnt, lena n-áirítear faisnéis is ábhartha chun faireachán, rialáil agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus maidir le dul i gcomhairle le comhlachtaí eolaíochta maidir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil;

(d)

aird a thabhairt ar bhearta chun comhlíonadh na rialacha is infheidhme a áirithiú, lena n-áirítear cláir chomhpháirteacha rialaithe agus faireacháin agus ar mhalartú sonraí chun faireachán a dhéanamh ar ghlacadh deiseanna iascaireachta agus rialú agus forfheidhmiú a éascú;

(e)

treoirlínte a fhorbairt agus a ghlacadh chun na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) sealadacha a shocrú do stoic speisialta dá dtagraítear in Airteagal 499(6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair maidir le TACanna sealadacha, ag cur san áireamh a dheacra atá sé iascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha ar leibhéal UTI ag an am céanna, go háirithe i gcás ina bhfuil sé an-deacair feiniméan na dtachtspeiceas a sheachaint, agus i gcás inar gá, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le cur chuige sonrach a fhorbairt i gcásanna ar leith nó maidir le saincheisteanna ar leith, chun torthaí a bhaint amach lena gcuirfí le cuspóir foriomlán bhainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh agus bitheolaíocha muirí i ngach ceann dá thrí ghné, i gcomhréir le cuspóirí CBI, lena n-áirítear na solúbthachtaí atá ar fáil faoi na pleananna ilbhliantúla;

(f)

aird a thabhairt ar ábhair a bhaineann le calafoirt a ainmniú le haghaidh cur i dtír, lena n-áirítear é a éascú do na Páirtithe fógra tráthúil a thabhairt faoi na hainmnithe sin agus faoi aon athruithe ar na hainmnithe sin;

(g)

amlínte a bhunú le haghaidh fógra a thabhairt faoi bhearta dá dtagraítear in Airteagal 496(3), na liostaí soithí dá dtagraítear in Airteagal 497(1) a thuairisciú agus an fógra dá dtagraítear in Airteagal 498(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(h)

fóraim le haghaidh comhairliúchán a chur ar fáil faoi Airteagal 501(2) agus Airteagal 506(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(i)

sásra a fhorbairt agus a ghlacadh chun deiseanna iascaireachta a aistriú ar bhonn deonach bliantúil idir na Páirtithe, dá bhforáiltear in Airteagal 498(8) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, bunaithe ar ranníocaíochtaí deonacha ó na Ballstáit agus a áirithiú go mbainfidh na Ballstáit a rannchuidíonn leis na malartuithe tairbhe go comhréireach astu;

(j)

aird a thabhairt ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme Airteagal 502 agus Airteagal 503 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(k)

maoirseacht agus comhordú a dhéanamh ar na Meithleacha i gcomhréir le hAirteagal 8(4), pointe (f), den Chomhaontú Trádála agus Comhair, a bhunófar agus a dhíscaoilfear trí chinneadh ar leith faoi Airteagal 218(9) CFAE;

(l)

comhaontú a lorg maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear sa Choiste Speisialaithe um Iascach in aon taifead i scríbhinn a eascraíonn ó chomhairliúcháin bhliantúla maidir le deiseanna iascaireachta, ar bhonn sheasamh an Aontais arna bhunú do na comhairliúcháin sin mar a shonraítear a thuilleadh faoin gCinneadh seo, lena n-áirítear an seasamh a síníodh idir na Páirtithe an 11 Meitheamh 2021;

(m)

comhaontú a lorg maidir leis na módúlachtaí a bhaineann le hathbhreithniú faoi Airteagal 510 den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

2.   

Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a shaothrú sa Choiste Speisialaithe um Iascach:

(a)

aird a thabhairt ar fhorbairt straitéisí ilbhliantúla maidir le caomhnú agus bainistiú mar bhonn chun TACanna agus bearta bainistíochta eile a shocrú;

(b)

straitéisí ilbhliantúla a fhorbairt chun stoic neamhchuóta a chaomhnú agus a bhainistiú dá bhforáiltear sa Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

ábhair atá comhaontaithe ag na Páirtithe a thaifeadadh tar éis dul i gcomhairle le chéile faoi Airteagal 498 den Chomhaontú Trádála agus Comhair;

(d)

an liosta gealltanas idirnáisiúnta atá ann cheana dá dtagraítear in Airteagal 496(2), an tríú fomhír, den Chomhaontú Trádála agus Comhair a leasú;

(e)

ábhair a bhaineann le haon ghné eile den chomhar maidir le bainistiú iascach inbhuanaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair.

3.   

Tacóidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí, le glacadh na gcinntí nó na moltaí ag a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag an gCoiste Speisialaithe um Iascach maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bpointe 1 agus pointe 2 den Iarscríbhinn seo.


IARSCRÍBHINN III

Sonraíocht sheasamh an Aontais atá le glacadh sa Choiste Speisialaithe um Iascach

Sula nglacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iascach gníomhartha nó bearta a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, déanfar na bearta is gá ionas go ndéanfaidh an seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus faisnéis ábhartha eile a chuirtear chuig an gCoimisiún a chur san áireamh, i gcomhréir leis na prionsabail agus na treoshuímh a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.

Chuige sin, agus bunaithe ar an bhfaisnéis sin, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle in am trátha roimh gach cruinniú den Choiste Speisialaithe um Iascach, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná 8 lá oibre roimh an gcruinniú sin nó roimh úsáid sin an nós imeachta i scríbhinn, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá le plé agus le formhuiniú maidir le seasamh an Aontais i dtaca le sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais.

Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE.

Leanfaidh na prionsabail a leagtar amach san Iarscríbhinn seo d’obair an Choimisiúin a threorú le linn chruinniú an Choiste Speisialaithe um Iascach.

Más rud é, le linn chruinniú an Choiste Speisialaithe um Iascach, nach féidir teacht ar chomhaontú, chun go gcuirfidh seasamh an Aontais gnéithe nua san áireamh, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid na Comhairle i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo.