|
30.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 147/33 |
CINNEADH (AE) 2022/830 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an gcúigiú seisiún is seachtó den Chomhthionól Domhanda Sláinte maidir le leasuithe áirithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I réimse na sláinte poiblí, déanfar gníomhaíocht an Aontais, de chomhlánú ar na beartais náisiúnta, a dhíriú ar fheabhsú na sláinte poiblí, ar chosc tinnis agus galair colainne agus meabhrach, agus ar sheachaint foinsí contúirte don tsláinte idir chorp agus anam. Cumhdófar freisin leis an ngníomhaíocht sin faireachán ar mhórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte, rabhadh a thabhairt go luath ar bhagairtí den sórt sin, agus iad a chomhrac. Chuige sin, tá an tAontas agus na Ballstáit chun an comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí a chothú. |
|
(2) |
An 23 Bealtaine 2005 ghlac Comhthionól Domhanda Sláinte na hEagraíochta Domhanda Sláinte (‘EDS’) na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (‘IHR’) (2005) agus tháinig na rialacháin sin i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2007. |
|
(3) |
An 3 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/451 ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (1). |
|
(4) |
Le linn an 75ú seisiún dá chuid, a thosóidh an 22 Bealtaine 2022, tá an Comhthionól Domhanda Sláinte le cinneadh a ghlacadh maidir le hAirteagal 59 de IHR (2005) a leasú, chun an tréimhse is gá chun forálacha IHR (2005) a leasú tuilleadh a ghiorrú, go sonrach tríd tréimhse theacht i bhfeidhm na leasuithe orthu a laghdú ó cheithre mhí is fiche go dhá mhí dhéag. Cumhdaítear leis an gcinneadh seo freisin leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61 agus 62 agus Airteagal 63(1), ar leasuithe iad a bhfuil gá leo chun na hairteagail sin a chur i gcomhréir leis na leasuithe atá beartaithe ar Airteagal 59 de IHR (2005). |
|
(5) |
De bhun Airteagal 60(b) de Bhunreacht EDS, féadfaidh an Comhthionól Domhanda Sláinte cinntí a ghlacadh trí thromlach Chomhaltaí EDS atá i láthair agus a vótálann. |
|
(6) |
Tacaíonn an tAontas leis an gcuspóir sin chun an tréimhse is gá chun forálacha IHR (2005) a leasú tuilleadh a ghiorrú, agus measann sé go mbeifear in ann, leis na leasuithe ar Airteagal 59 de IHR (2005), agus ar Airteagal 55(3), Airteagal 61 agus Airteagal 62 agus Airteagal 63(1) de, aghaidh a thabhairt níos tapa ar riachtanais atá ag athrú sna réimsí a chumhdaítear le IHR (2005). |
|
(7) |
I dtaca le cúrsaí a chuimsítear faoi inniúlachtaí an Aontais, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhthionól Domhanda Sláinte i ndáil leis an gcinneadh, cinneadh a iarrtar ar an gComhthionól Domhanda Sláinte a ghlacadh, a bhunú, d’fhonn Airteagal 59 de IHR (2005) mar aon le hAirteagal 55(3), Airteagail 61, 62 agus 63(1) de, a leasú. |
|
(8) |
Tá seasamh an Aontais le cur in iúl ag Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí de EDS, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh le linn an 75ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte a mhéid a bhaineann le leasuithe ar Airteagal 59 den IHR (2005), agus le leasuithe gaolmhara ar Airteagal 55(3), Airteagail 61 agus 62 agus Airteagal 63(1) de, beidh sé i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Maidir le coigeartuithe ar na leasuithe a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, ar athruithe iad nach gcuireann baint amach chuspóir na leasuithe céanna i gcontúirt agus nach ngiorraítear a thuilleadh dá mbarr na tréimhsí is infheidhme go ginearálta a shonraítear san Iarscríbhinn, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhairle le Ballstáit an Aontais, na hathruithe sin a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Is iad Ballstáit an Aontais atá ina gcomhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a chuirfidh in iúl an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
IARSCRÍBHINN
A. Leasuithe ar Airteagal 59 de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
Tacaíonn an tAontas leis na leasuithe seo a leanas ar Airteagal 59 de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (tá an téacs a scriosadh idir lúibíní cearnacha agus tá líne faoin téacs nua):
Airteagal 59
Teacht i bhfeidhm; an tréimhse chun diúltú nó chun forchoimeádais a dhéanamh
1. An tréimhse dá bhforáiltear i bhforghníomhú Airteagal 22 de Bhunreacht EDS chun na Rialacháin seo a dhiúltú nó forchoimeádas a dhéanamh orthu [nó chun iad a leasú,], is 18 mhí a bheidh ann ó dháta an fhógra ón Ard-Stiúrthóir maidir le glacadh na Rialachán seo ag an gComhthionól Sláinte [nó maidir le leasú ar na Rialacháin seo]. Aon diúltú nó aon fhorchoimeádas a gheobhaidh an tArd-Stiúrthóir tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní bheidh aon éifeacht leis.
1bis Maidir leis an tréimhse dá bhforáiltear i bhforghníomhú Airteagal 22 de Bhunreacht EDS i ndáil le diúltú do leasú ar na Rialacháin seo, nó forchoimeádas maidir le leasú ar na Rialacháin seo, is 9 mí a bheidh sa tréimhse sin ó dháta an fhógra ón Ard-Stiúrthóir maidir le leasú ar na Rialacháin seo arna ghlacadh ag an gComhthionól Sláinte. Aon diúltú nó aon fhorchoimeádas a gheobhaidh an tArd-Stiúrthóir tar éis don tréimhse sin dul in éag, ní bheidh aon éifeacht leis.
2. Tiocfaidh na Rialacháin seo i bhfeidhm 24 mhí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus tiocfaidh leasuithe ar na Rialacháin seo i bhfeidhm 12 mhí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1bis den Airteagal seo, seachas:
|
|
(…) |
|
(b) |
Stát a mbeidh forchoimeádas déanta aige, a dtiocfaidh na Rialacháin seo nó leasú orthu i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 62; |
|
|
(…) |
3. Mura bhfuil Stát in ann a shocruithe intíre, reachtacha agus riaracháin a choigeartú go hiomlán leis na Rialacháin seo nó leasú orthu laistigh de na tréimhsí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme, déanfaidh an Stát sin, laistigh den tréimhse is infheidhme a shonraítear i mír 1 nó mír 1bis den Airteagal seo, dearbhú a chur faoi bhráid an Ard-Stiúrthóra maidir leis na coigeartuithe nach bhfuil déanta fós agus cuirfidh sé na coigeartuithe sin i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Rialachán seo maidir leis an Stát sin is Páirtí agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm leasaithe ar na Rialacháin seo maidir leis an Stát sin is Páirtí.
B. Leasuithe ar Airteagal 55(3), Airteagail 61 and 62 agus Airteagal 63(1) de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)
Tacaíonn an tAontas freisin leis na leasuithe teicniúla a leanas ar Airteagal 55(3), Airteagail 61 agus 62 agus Airteagal 63(1) de na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (tá an téacs a scriosadh idir lúibíní cearnacha agus tá líne faoin téacs nua):
Airteagal 55
Leasuithe
(...)
3. Leasuithe ar na Rialacháin arna nglacadh ag an Comhthionól Sláinte de bhun an Airteagail seo, tiocfaidh siad i bhfeidhm do na Stáit uile is Páirtithe ar na téarmaí céanna, agus faoi réir na gceart agus na n-oibleagáidí céanna, dá bhforáiltear in Airteagal 22 de Bhunreacht EDS agus in Airteagail 59 go 64 de na Rialacháin seo, faoi réir na dtréimhsí dá bhforáiltear sna hAirteagail sin i ndáil le leasuithe ar na Rialacháin seo.
Airteagal 61
Diúltú
Má thugann Stát fógra don Ard-Stiúrthóir maidir lena dhiúltú do na Rialacháin seo nó do leasú orthu, agus má dhéanann sé amhlaidh laistigh den tréimhse is infheidhme dá bhforáiltear i mír 1 nó mír 1bis d’Airteagal 59, ní thiocfaidh na Rialacháin seo ná an leasú lena mbaineann i bhfeidhm maidir leis an Stát sin. Aon chomhaontú nó rialacháin sláintíochta idirnáisiúnta a liostaítear in Airteagal 58 agus a bhfuil an Stát sin ina pháirtí ann cheana, beidh feidhm acu i gcónaí a mhéid a bhaineann leis an Stát sin.
Airteagal 62
Forchoimeádas
1. Féadfaidh Stáit forchoimeádais a dhéanamh maidir leis na Rialacháin seo nó leasú orthu i gcomhréir leis an Airteagal seo. Ní bheidh na forchoimeádais sin ar neamhréir le haidhm ná le cuspóir na Rialachán seo.
2. Cuirfear forchoimeádais maidir leis na Rialacháin seo nó leasú orthu in iúl don Ard-Stiúrthóir de réir mhír 1 agus mhír 1bis d’Airteagal 59 agus Airteagal 60, mír 1 d’Airteagal 63 nó mhír 1 d’Airteagal 64, de réir mar a bheidh. Stát nach Ballstát de chuid EDS é, déanfaidh sé aon fhorchoimeádas a chur in iúl don Ard-Stiúrthóir agus fógra á thabhairt aige maidir lena ghlacadh leis na Rialacháin seo. Na Stáit a bhfuil forchoimeádais á gceapadh acu, ba cheart dóibh cúiseanna na bhforchoimeádas a chur ar fáil don Ard-Stiúrthóir.
3. Aon diúltú go páirteach do na Rialacháin seo nó leasú orthu measfar mar fhorchoimeádas é.
4. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir, i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 65, fógra a eisiúint maidir le gach forchoimeádas a fhaightear de bhun mhír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir an méid seo a leanas:
|
|
(…) |
|
(c) |
i gcás ina ndearnadh an forchoimeádas maidir le leasú ar na Rialacháin seo, iarrfaidh an tArd-Stiúrthóir ar Stáit is Páirtithe fógra a thabhairt dó laistigh de 3 mhí maidir le haon chur i gcoinne an fhorchoimeádais. Na Stáit is Páirtithe atá ag cur i gcoinne forchoimeádais maidir le leasú ar na Rialacháin seo, ba cheart dóibh cúiseanna leis an gcur i gcoinne a chur ar fáil don Ard-Stiúrthóir. |
Na Stáit atá ag cur i gcoinne forchoimeádais, ba cheart dóibh cúiseanna leis an gcur i gcoinne a chur ar fáil don Ard-Stiúrthóir.
5. Tar éis na tréimhse sin, cuirfidh an tArd-Stiúrthóir in iúl do na Stáit uile is Páirtithe maidir le haon chur i gcoinne a fuair sé i ndáil le forchoimeádais. I gcás forchoimeádas a dhéantar maidir leis na Rialacháin seo, [M]murab é, faoi cheann 6 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go mbeidh curtha i gcoinne forchoimeádais ag an tríú cuid de na Stáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, measfar gur glacadh leis agus tiocfaidh na Rialacháin seo i bhfeidhm maidir leis an Stát a bhfuil an forchoimeádas aige, faoi réir an fhorchoimeádais. I gcás forchoimeádas a dhéanfar maidir le leasú ar na Rialacháin seo, murab é, faoi cheann 3 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, go mbeidh curtha i gcoinne forchoimeádais ag aon trian de na Stáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, measfar gur glacadh leis agus tiocfaidh an leasú i bhfeidhm maidir leis an Stát a bhfuil an forchoimeádas aige, faoi réir an fhorchoimeádais.
6. Má chuireann aon trian de na Stáit dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i gcoinne an fhorchoimeádais maidir leis na Rialacháin seo faoi cheann 6 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo [,] nó, i gcás forchoimeádas maidir le leasú ar na Rialacháin seo, faoi cheann 3 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, cuirfidh an tArd-Stiúrthóir in iúl don Stát a bhfuil an forchoimeádas aige d’fhonn a mheas an dtarraingeoidh sé siar an forchoimeádas laistigh de 3 mhí ó dháta an fhógra ón Ard-Stiúrthóir.
(...)
9. Cuirfidh an tArd-Stiúrthóir an forchoimeádas, agus tuairimí an Choiste Athbhreithnithe, más infheidhme, faoi bhráid an Chomhthionóil Sláinte lena bhreithniú. Má chuireann an Comhthionól Sláinte, le vóta tromlaigh, i gcoinne an fhorchoimeádais ar an bhforas nach luíonn sé le haidhm agus le cuspóir na Rialachán seo, ní ghlacfar leis an bhforchoimeádas ná ní thiocfaidh na Rialacháin seo ná leasú orthu i bhfeidhm maidir leis an Stát a bhfuil an forchoimeádas aige go dtí go dtarraingeoidh sé siar a fhorchoimeádas de bhun Airteagal 63. Má ghlacann an Comhthionól Sláinte leis an bhforchoimeádas, tiocfaidh na Rialacháin seo, nó leasú orthu, i bhfeidhm don Stát a bhfuil an forchoimeádas aige, faoi réir a fhorchoimeádais.
Airteagal 63
Diúltú agus forchoimeádas a tharraingt siar
1. Féadfaidh Stát diúltú a rinneadh faoi Airteagal 61 a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt don Ard-Stiúrthóir. Sna cásanna sin, tiocfaidh na Rialacháin seo nó leasú orthu, de réir mar is infheidhme, i bhfeidhm maidir leis an Stát sin nuair a gheobhaidh an tArd-Stiúrthóir an fógra, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an Stát forchoimeádas nuair a bheidh a dhiúltú á tharraingt siar aige, agus sa chás sin tiocfaidh na Rialacháin seo nó leasú orthu, de réir mar is infheidhme, i bhfeidhm mar a fhoráiltear in Airteagal 62. I gcás ar bith maidir leis an Stát sin, ní thiocfaidh na Rialacháin seo i bhfeidhm tráth is luaithe ná 24 mhí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 59 agus ní thiocfaidh leasú ar na Rialacháin seo i bhfeidhm i gcás ar bith maidir leis an Stát sin tráth is luaithe ná 12 mhí tar éis dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1bis d’Airteagal 59.
(...)