|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/3499 |
28.5.2024 |
Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria
(C/2024/3499)
Tá an fhaisnéis seo a leanas le cur faoi bhráid na ndaoine agus na n-eintiteas a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBE ón gComhairleS (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2024/151 ón gComhairle0 (2), agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/201 ón gComhairle2 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/151 ón gComhairle7 (4), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria.
Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart go leanfadh na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/255/CBES agus i Rialachán (AE) 36/2012 d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine sin agus na heintitis sin.
Cuirtear faoi bhráid na ndaoine agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 , chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 16 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 1 Feabhra 2025 , ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
|
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu |
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch an chéad athbhreithnithe eile a dhéanfaidh an Chomhairle, de bhun Airteagal 34 de Chinneadh 2013/255/CBES agus Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) Uimh. 36/2012, ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe.
(1) IO L 147, 1.6.2013, lch. 14.
(2) IO L, 2024/1510, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1510/oj.
(3) IO L 16, 19.1.2012, lch. 1.
(4) IO L, 2024/1517, 28.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1517/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3499/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)