European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/643

10.2.2025

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Eanáir 2025

lena bhformhuinítear plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Spáinne

(C/2025/643)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 121 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263, agus go háirithe Airteagal 17 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

Tháinig creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais i bhfeidhm an 30 Aibreán 2024. Rialachán 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach (1), mar aon le Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme (2), agus le Treoir 2011/85/AE leasaithe ón gComhairle maidir le creataí buiséadacha na mBallstát (3), is príomhghnéithe de chreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais iad. Is é is aidhm don chreat airgeadas poiblí atá fónta inbhuanaithe, mar aon le fás inbhuanaithe cuimsitheach agus athléimneacht, a chur chun cinn trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí, agus easnaimh iomarcacha rialtais a chosc. Lena chois sin, cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma agus, ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí na rialacha i gceist leis.

(2)

Na pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha náisiúnta a chuireann na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin, tá siad i gcroílár an chreata nua rialachais eacnamaíoch. Ba cheart dhá chuspóir a bhaint amach leis na pleananna: (i) faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, a áirithiú, inter alia, go mbeidh fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama, agus go dtabharfar agus go gcoinneofar an t-easnamh rialtais faoi bhun luach tagartha 3 % de OTI sa mheántéarma, agus ii) a áirithiú go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Chuige sin, ba cheart gealltanas meántéarmach maidir le conair ghlanchaiteachais (4) a chur isteach i ngach plean, lena mbunaítear go héifeachtach sriantacht buiséid ar feadh ré an phlean, lena gcumhdaítear 4 nó 5 bliana (ag brath ar ghnáth-théarma an reachtais i mBallstát). Ina theannta sin, tá míniú le tabhairt sa phlean ar an gcaoi a n-áiritheoidh an Ballstát go soláthrófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena bhfreagrófar do na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha (lena n-áirítear na moltaí sin a bhaineann leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, más infheidhme), agus ar an gcaoi a dtabharfaidh an Ballstát aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Leis an tréimhse le haghaidh coigeartú fioscach, cumhdaítear tréimhse 4 bliana, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 3 bliana a chur léi má thugann an Ballstát gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí ábhartha a sholáthar a chomhlíonann na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1263.

(3)

Tar éis thíolacadh an phlean, déanfaidh an Coimisiún measúnú cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

(4)

Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh a fháil ón gCoimisiún, moladh a ghlacadh ansin ina leagtar amach conair ghlanchaiteachais an Bhallstáit lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sí formhuiniú ar an tsraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá ina mbonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin fhioscaigh.

BREITHNITHE MAIDIR LEIS AN SPÁINN

(5)

An 15 Deireadh Fómhair 2024, rinne an Spáinn a plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a thíolacadh don Chomhairle agus don Choimisiún. Tíolacadh an plean tar éis síneadh a bheith curtha leis an sprioc-am a leagtar amach in Airteagal 36(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1263, mar a comhaontaíodh leis an gCoimisiún i bhfianaise na gcúiseanna a sholáthair an Spáinn.

An próiseas sular tíolacadh an plean

(6)

Chun bonn a chur faoin idirphlé as a dtiocfaidh tíolacadh pleananna fioscacha struchtúrtha meántéarmacha náisiúnta, sheol an Coimisiún, an 21 Meitheamh 2024, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2024/1263, an chonair thagartha (5) chuig an Spáinn. D’fhoilsigh an Coimisiún an chonair thagartha an 15 Deireadh Fómhair 2024 (6). Tá an chonair thagartha rioscabhunaithe agus áirithítear léi, faoi dheireadh na tréimhse coigeartaithe fhioscaigh agus in éagmais bearta buiséadacha breise tar éis na tréimhse coigeartúcháin, go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta ar chonair inchreidte anuas nó go bhfanfaidh sé ar leibhéil stuama sa mheántéarma, agus go dtabharfar an t-easnamh rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin agus go gcoinneofar é faoi bhun an luacha tagartha sin sa mheántéarma. Sainmhínítear an meántéarma mar an tréimhse 10 mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin. I gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, tá an chonair thagartha comhsheasmhach freisin leis an mbeart coimirce maidir le hinbhuanaitheacht fiachais agus leis an mbeart coimirce maidir le hathléimneacht easnaimh.

I gconair thagartha na Spáinne, leagtar amach bunaithe ar thoimhdí an Choimisiúin atá mar bhonn taca leis an treoraíocht a tarchuireadh roimh ré i mí an Mheithimh 2024 agus ag glacadh leis go mbeidh tréimhse choigeartaithe 7 mbliana ann, nár cheart fás níos mó ná na luachanna a thugtar i dTábla 1 teacht ar an nglanchaiteachas. Comhfhreagraíonn sin do mheánfhás glanchaiteachais 2,8 % i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031) agus do mheánfhás 2,9 % le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (2025-2028).

Tábla 1: Conair thagartha arna soláthar ag an gCoimisiún don Spáinn an 21 Meitheamh 2024

 

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meán 2025-2028

Meán 2025-2031

Fás glanchaiteachais uasta (bliantúil, %)

3,2

2,8

2,7

2,7

2,7

2,6

2,5

2,9

2,8

Foinse: Ríomhanna an Choimisiúin.

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/1263, chuaigh an Spáinn agus an Coimisiún i mbun idirphlé teicniúil ó mhí Iúil go mí Dheireadh Fómhair 2024. Bhí an t-idirphlé dírithe ar an gconair ghlanchaiteachais atá beartaithe ag an Spáinn agus ar na toimhdí bunúsacha a bhaineann léi (go háirithe maidir le nuashonruithe sonraíbhunaithe a úsáid), ar an tacar gealltanas athchóirithe agus infheistíochta atá beartaithe chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin lena n-áirítear athchóirithe agus infheistíochtaí mar shampla bearta a bhaineann leis an timpeallacht rialála, caipiteal daonna, soláthar tithíochta, cánachas agus caiteachas poiblí. Cumhdaíodh san idirphlé freisin seachadadh beartaithe na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí lena bhfreagrófar ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais maidir leis an aistriú cóir digiteach agus glas, an athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, an tslándáil fuinnimh agus neartú na gcumas cosanta.

(8)

Sa phlean a thíolaic an Spáinn, ní thugtar tuairisc ar phróiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara náisiúnta ábhartha (lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta) sular tíolacadh é.

(9)

Thug institiúid fhioscach neamhspleách na Spáinne, AIReF, tuairim maidir leis an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch agus na toimhdí maicreacnamaíocha atá mar bhonn taca faoin gconair ghlanchaiteachais ilbhliantúil. D’fhormhuinigh AIReF cás maicreacnamaíoch 2024-2026 a fheidhmíonn mar thúsphointe le haghaidh na réamh-mheastachán maicreacnamaíocha agus le haghaidh na hanailíse ar inbhuanaitheacht fiachais.

Próisis ghaolmhara eile

(10)

An 21 Deireadh Fómhair 2024 chuir an Chomhairle sraith moltaí tírshonracha faoi bhráid na Spáinne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh (7).

MEASÚNÚ AN CHOIMISIÚIN AR AN bPLEAN

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2024/1263, rinne an Coimisiún measúnú ar an bplean mar a leanas:

An staid mhaicreacnamaíoch fhioscach agus an t-ionchas maicreacnamaíoch fioscach

(12)

Tháinig fás 2,7 % ar ghníomhaíocht eacnamaíoch sa Spáinn in 2023, a bhí spreagtha ag forbairtí láidre i margadh an tsaothair, rud a chothaigh tomhaltas príobháideach, agus ag an rannchuidiú ó ghlan-onnmhairí agus tomhaltas poiblí. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go dtiocfaidh fás 3,0 % ar an ngeilleagar in 2024 a bhuí le héabhlóid dhearfach an tomhaltais phoiblí agus phríobháidigh, éabhlóid arna tacú le cruthú post dinimiciúil agus gnóthachain fíorioncaim do theaghlaigh, sin agus leis an rannchuidiú ó ghníomhaíocht turasóireachta. Meastar go dtiocfaidh méadú 2,3 % ar OTI iarbhír in 2025, ós rud é go réamh-mheastar go mbeidh fás tomhaltais mar bhonn taca le gníomhaíocht eacnamaíoch mar aon leis an méadú leathan ar infheistíocht a bhfuil coinne leis, go háirithe ó thaobh trealaimh agus tithíochta de. Meastar go dtiocfaidh méadú 2,1 % ar OTI iarbhír in 2026, ós rud é go bhfuil coinne leis go dtacóidh an t-éileamh intíre leis an leathnú eacnamaíoch. I gcaitheamh na tréimhse réamhaisnéise (i.e. 2024-2026), meastar go laghdóidh OTI féideartha beagán sa Spáinn, ó 2,4 % in 2023 go 2,3 % in 2026, de réir mar a mhaolaíonn rannchuidiú an luchta saothair le fás ionchasaigh. Ba é 12,2 % an ráta dífhostaíochta in 2023, agus réamh-mheasann an Coimisiún gurb é 11,5 % a bheidh ann in 2024 agus 11,0 % in 2025 agus 10,7 % in 2026. Tá laghdú ag teacht ar an mboilsciú (díbhoilsceoir OTI) ó 6,2 % in 2023 go 3,1 % in 2024, agus tá coinne leis go sroichfidh sé 2,4 % in 2025 agus 2,0 % in 2026.

(13)

Maidir le forbairtí fioscacha, in 2023 is é a bhí in easnamh rialtais ghinearálta na Spáinne 3,5 % de OTI. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, sroichfidh sé 3,0 % de OTI in 2024 agus laghdóidh sé a thuilleadh go 2,6 % de OTI in 2025 agus, ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, cobhsóidh sé tríd is tríd (2,7 %) in 2026. Ní chuimsítear i Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach dréachtbhuiséad na Spáinne le haghaidh 2025 nach raibh glactha ag rialtas na Spáinne go fóill tráth a foilsíodh an réamhaisnéis. Ba é 105,1 % de OTI an fiachas rialtais ghinearálta ag deireadh 2023. De réir Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach, meastar go laghdóidh an cóimheas fiachais go 102,3 % de OTI ag deireadh 2024. Réamh-mheastar go laghdóidh sé go 101,3 % de OTI ag deireadh 2025 agus 101,1 % ag deireadh 2026. Sa réamhaisnéis fhioscach ón gCoimisiún, ní bhreithnítear na gealltanais bheartais sna pleananna meántéarmacha a bheith ina ngealltanais go dtí go mbeidh bearta nithiúla beartais mar bhonn taca leo, bearta a dhéanfar a fhógairt go hinchreidte agus a shonrú go leormhaith.

Conair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha atá sa phlean

(14)

Le plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta na Spáinne, cumhdaítear an tréimhse 2025-2028 agus cuirtear coigeartú fioscach i láthair i gcaitheamh tréimhse 7 mbliana.

(15)

Tá an fhaisnéis a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2024/1263 sa phlean.

(16)

Tugtar gealltanas sa phlean i leith na conaire glanchaiteachais a léirítear i dTábla 2, rud a chomhfhreagraíonn do mheánfhás glanchaiteachais 3,4 % i gcaitheamh na mblianta 2025-2028. Ina theannta sin, tugann an Spáinn gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí d’fhonn síneadh 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin (2025-2031), tréimhse ar lena linn a bheartaítear meánfhás glanchaiteachais 3,0 %.

An meánfhás glanchaiteachais arna thuairisciú sa phlean le haghaidh na tréimhse coigeartúcháin (2025-2031), is airde é ná an chonair thagartha arna tarchur ag an gCoimisiún an 21 Meitheamh 2024.

Toimhdítear sa phlean go méadóidh fás OTI ionchasaigh ó 1,9 % go 2,1 % sa tréimhse 2025-2027 agus go laghdóidh sé de réir a chéile ina dhiaidh sin go 1,1 % faoi 2031. Ina theannta sin, meastar sa phlean go laghdóidh ráta fáis an díbhoilsceora OTI go 2,7 % in 2025 ó 3,1 % in 2024, sula laghdóidh sé a thuilleadh go 2,4 % sa tréimhse 2026-2028 agus 2,3 % sa tréimhse 2029-2031.

Tábla 2: An chonair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí i bplean na Spáinne

 

Síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

 

 

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Meánfhás i rith thréimhse bhailíochta an phlean 2025-2028

An meán i rith na tréimhse coigeartúcháin 2025-2031

Fás glanchaiteachais (ar bhonn bliantúil, %)

5,3

3,7

3,5

3,2

3,0

3,0

2,5

2,4

3,4

3,0

Fás glanchaiteachais (ar bhonn carnach, ón mbonnbhliain 2023, %)

5,3

9,2

13,0

16,6

20,1

23,7

26,8

29,9

neamhbhainteach

neamhbhainteach

Fás OTI ionchasaigh (%)

1,9

2,0

2,1

1,8

1,6

1,6

1,2

1,1

1,9

1,6

Boilsciú (fás díbhoilsceora OTI) (%)

3,1

2,7

2,4

2,4

2,4

2,3

2,3

2,3

2,5

2,4

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Spáinne agus ríomhanna an Choimisiúin.

Impleachtaí ghealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le fiachas rialtais ghinearálta

(17)

An chonair ghlanchaiteachais a bhfuil gealltanas tugtha ina leith sa phlean agus na toimhdí bunúsacha, dá dtiocfadh na nithe sin chun cinn, laghdódh fiachas rialtais ghinearálta de réir a chéile ó 102,5 % de OTI in 2024 go 90,6 % ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031) de réir an phlean, mar a léirítear sa tábla seo a leanas. Tar éis an choigeartaithe, leanfadh an fiachas rialtais ghinearálta de bheith ag laghdú de réir a chéile sa mheántéarma (i.e. go dtí 2041) de réir an phlean agus shroichfeadh sé 76,8 % de OTI faoi 2041.

Tábla 3: Forbairtí maidir le fiachas rialtais ghinearálta agus comhardú rialtais ghinearálta i bplean na Spáinne

 

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

2041

Fiachas rialtais (% de OTI)

105,0

102,5

101,4

100,1

98,4

96,6

94,8

92,8

90,6

76,8

Comhardú rialtais (% de OTI)

-3,5

-3,0

-2,5

-2,1

-1,8

-1,6

-1,5

-1,2

-0,8

-2,0

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Spáinne

Dá bhrí sin, de réir an phlean, chuirfí an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta ar chonair anuas faoi dheireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031). Tá sin inchreidte ós rud é, bunaithe ar thoimhdí an phlean, go réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an bhfiachas i gcaitheamh na 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin faoi na tástálacha struis cinnteachaíocha uile in Anailís an Choimisiúin ar Inbhuanaitheacht Fiachais, agus go léiríonn na réamh-mheastacháin stocastacha go bhfuil dóchúlacht leordhóthanach ann go dtiocfadh laghdú ar an bhfiachas.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (a) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Na himpleachtaí atá ag gealltanais ghlanchaiteachais an phlean maidir le comhardú rialtais ghinearálta

(18)

Ar bhonn chonair ghlanchaiteachais agus thoimhdí an phlean, is ag 3,0 % a bheadh an t-easnamh rialtais ghinearálta in 2024 agus chúngódh sé de réir a chéile sa chaoi go mbainfeadh sé 0,8 % amach in 2031.

Dá bhrí sin, de réir an phlean, ní sháródh an comhardú rialtais ghinearálta an luach tagartha 3 % de OTI ag deireadh na tréimhse coigeartúcháin (2031).

Ina theannta sin, sna 10 mbliana tar éis na tréimhse coigeartúcháin (i.e. go dtí 2041), ní sháródh an t-easnamh rialtais 3 % de OTI.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gceanglas maidir leis an easnamh mar a leagtar amach in Airteagal 6(b) agus in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh

(19)

Próifíl ama an choigeartaithe fhioscaigh, arna tomhas mar an t-athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach, mar a thuairiscítear sa phlean, is próifíl líneach í, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6, pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. Ina theannta sin, an coigeartú fioscach i gcaitheamh na chéad 4 bliana den phlean tá sé comhréireach leis an iarracht choigeartúcháin iomlán.

Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, maidir leis an gconair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gclásal i dtaca leis an gcoimirce maidir le siarchoinneáil a chosc a leagtar amach in Airteagal 6, pointe (c), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 4: Forbairtí maidir le comhardú príomha struchtúrach i bplean na Spáinne

 

2023

2024

2025

2026

2027

2028

2029

2030

2031

Iarmhéid príomha struchtúrach (% de OTI)

-0,9

-0,6

-0,2

0,2

0,7

1,1

1,5

1,9

2,3

Athrú ar an gcomhardú príomha struchtúrach (pointí céatadáin)

neamhbhainteach

0,4

0,4

0,4

0,4

0,4

0,4

0,4

0,4

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Spáinne.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh

(20)

I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2024/1263, níor cheart an coigeartú bliantúil ar an gcomhardú príomha struchtúrach a bheith níos lú ná 0,25 % de OTI más rud é gur fhan an t-easnamh struchtúrach os cionn 1,5 % de OTI sa bhliain roimhe sin, chun corrlach coiteann athléimneachta 1,5 % de OTI a bhaint amach i dtéarmaí struchtúracha. An coigeartú fioscach a eascraíonn as gealltanais bheartais agus toimhdí maicreacnamaíocha an phlean, is é 0,4 % de OTI i ngach bliain ó 2025 go dtí 2031 an méid atá i gceist leis. Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce athléimneachta easnaimh.

Comhsheasmhacht an phlean leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais

(21)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2024/1263, ós rud é go mbeidh an fiachas rialtais ghinearálta os cionn 90 % de OTI i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin de réir an phlean, ní mór an cóimheas fiachais a laghdú 1 phointe céatadáin ar a laghad ar an meán in aghaidh na bliana go dtí go dtitfidh sé faoi bhun 90 % agus ba cheart é a laghdú 0,5 pointe céatadáin ar an meán ina dhiaidh sin. Ríomhtar an meánlaghdú sin thar an tréimhse 2024-2031 agus is éard atá ann 1,7 pointe céatadáin (féach Tábla 3). Dá bhrí sin, bunaithe ar ghealltanais bheartais agus ar thoimhdí maicreacnamaíocha an phlean, an chonair ghlanchaiteachais a chuirtear ar aghaidh sa phlean, tá sí comhsheasmhach leis an gcoimirce inbhuanaitheachta fiachais.

Toimhdí maicreacnamaíocha an phlean

(22)

Tá an plean bunaithe ar shraith toimhdí atá éagsúil leis na toimhdí ón gCoimisiún a tarchuireadh chuig an Spáinn an 21 Meitheamh 2024. Go sonrach, úsáidtear toimhdí éagsúla sa phlean le haghaidh sé athróg, mar atá an túsphointe (i.e. na dálaí fioscacha agus maicreacnamaíocha in 2024), fás OTI ionchasaigh, fás díbhoilsceora OTI, fás OTI iarbhír agus dúnadh na mbearnaí aschuir, an ráta úis intuigthe ainmniúil, agus toimhdí ioncaim. Is gá measúnú cúramach a dhéanamh ar na difríochtaí sin sna toimhdí, chun a áirithiú go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta sonraíbhunaithe mar bhonn taca leo, go háirithe ós rud é gur airde an meánfhás glanchaiteachais sa phlean ná an meánfhás glanchaiteachais sa chonair thagartha.

Liostaítear thíos na difríochtaí sna toimhdí a bhfuil an tionchar is mó acu ar an meánfhás glanchaiteachais, mar aon le measúnú ar gach difríocht a bhreithnítear ina haonar.

—

Ní hionann na toimhdí maidir le OTI féideartha a mbraitear orthu sa phlean agus na cinn a bhaineann leis an treoraíocht a tugadh roimh ré. In athbhreithnithe ar an leibhéal OTI fhéideartha a bhí ann roimhe seo, tugtar le fios go mbeidh bearna aschuir dhearfach níos lú ann in 2024, rud a thugann le tuiscint go mbeidh comhardú príomha struchtúrach níos airde ann sa bhliain sin. Thairis sin, tá fás OTI ionchasaigh thar an tréimhse choigeartaithe 2025–2031 níos airde ná mar a bhí i dtoimhdí an Choimisiúin in earrach 2024, faoi 0,2 pointe céatadáin ar an meán, ach tá sé faoi bhun Réamhaisnéis Fhómhar 2024 ón gCoimisiún faoi 0,2 pointe céatadáin. Cuireann sé sin le meánfhás glanchaiteachais níos airde thar an tréimhse choigeartaithe sa phlean ná mar atá de réir na conaire tagartha. Is é is cúis leis an bhfás OTI ionchasaigh níos airde thar an tréimhse choigeartúcháin nuashonrú ar shraith um OTI féideartha, arna déanamh ag an Spáinn agus arna bunú ar mhodheolaíocht an Aontais a comhaontaíodh i gcomhpháirt. Leis an nuashonrú sin, comhtháthaítear réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ghearrthéarmacha na Spáinne sa phlean, réamh-mheastacháin atá beagán níos fabhraí ná mar a bhí sa treoraíocht a tugadh roimh ré ach atá i gcomhréir, tríd is tríd, le Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach. Cuimsítear freisin i réamh-mheastacháin ghearrthéarmacha na Spáinne an t-athbhreithniú aníos ar shraith um fhás iarbhír stairiúil OTI tar éis an athbhreithnithe staidrimh a d’eisigh Eurostat ina athbhreithniú meántéarma, agus an nuashonrú ar réamh-mheastacháin daonra ó Eurostat. Dá réir sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

—

Tá an plean éagsúil leis an treoraíocht a tugadh roimh ré i dtaobh dhá ghné a bhaineann leis an toimhde maidir le fás díbhoilsceora OTI. Ar an gcéad dul síos, bunaithe ar chostais aonaid saothair atá ag méadú, cuimsítear fás díbhoilsceora OTI le haghaidh 2025 sa phlean atá 0,4 pointe céatadáin níos airde ná mar a bhí sa treoraíocht a tugadh roimh ré. Tá sin 0,3 pointe céatadáin níos airde ná Réamhaisnéis an Fhómhair 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ná réamhaisnéis chomhairle fhioscach neamhspleách na Spáinne (AIReF) (8). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil údar cuí leis an toimhde sin le haghaidh 2025. Ar an dara dul síos, ó 2026 ar aghaidh, gluaiseann an fás díbhoilsceora OTI níos tapúla agus go leibhéal níos ísle (2,2 %) ná mar ba ghá faoin gcreat coiteann um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais (2,6 % sa réamhthreoir. agus 2,4 % bunaithe ar ionchais nuashonraithe an mhargaidh i mí Mheán Fómhair 2024). Dá réir sin, tá an toimhde sin níos stuama agus meastar go bhfuil údar cuí léi. Ar an iomlán, tá an meánfhás díbhoilsceora OTI i gcaitheamh na tréimhse réamh-mheastacháin ar fad (2025-2041) níos ísle sa phlean ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin, ag 2,3 % i gcomparáid le 2,4 %. Rannchuidíonn na toimhdí maidir le fás díbhoilsceora OTI le meánfhás glanchaiteachais níos ísle sa phlean ná mar atá i dtoimhdí an Choimisiúin.

—

Sa phlean, tá na réamh-mheastacháin maidir le costas an aosaithe, agus caiteachas pinsin go háirithe, fós i gcomhréir go hiomlán leis an gcreat coiteann um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais, creat atá ag brath ar Thuarascáil 2024 maidir le hAosú. Imíonn an plean ón toimhde ‘gan athrú ar bheartas fioscach’, áfach, a chuirtear i bhfeidhm tar éis na tréimhse coigeartúcháin. Maidir le réamh-mheastacháin ranníocaíochtaí sóisialta, lena n-áirítear iad siúd a íoctar isteach sa chóras pinsin, faoin gcreat coiteann um anailís ar inbhuanaitheacht fiachais, toimhdítear go bhfanfaidh siad seasmhach mar chóimheas le OTI le linn na ndeich mbliana tar éis dheireadh na tréimhse coigeartúcháin, i.e. ó 2032 go 2041. Os a choinne sin, déantar inmheánú sa phlean ar thionchar na mbeart ioncaim cúiteach a reachtaíodh in 2023 (chomh maith leis an athchóiriú pinsin) a bheidh ag teacht chun cinn fós tar éis 2031. Is é an toradh atá air sin méadú carnach 1,8 pointe céatadáin de OTI ar ranníocaíochtaí sóisialta i gcaitheamh na ndeich mbliana sin, rud a chuireann feabhas ar dhinimic an fhiachais. Dá bhrí sin, laghdaíonn na bearta sin an coigeartú is gá chun fiachas a chur ar chonair inchreidte anuas agus fágann siad gur féidir meánfhás glanchaiteachais níos airde a bhaint amach sa phlean i gcaitheamh na tréimhse coigeartúcháin ná mar a dhéantar i dtoimhdí an Choimisiúin. Braitheann an toimhde sin ar an tuairisc ar bhearta reachtacha i mbileog tíre na Spáinne a ghabhann le Tuarascáil 2024 maidir le hAosú (9). Dá bhrí sin, meastar go bhfuil údar cuí leis an toimhde sin.

Na difríochtaí atá fágtha sna toimhdí, níl tionchar mór acu ar an meánfhás glanchaiteachais i gcomparáid le toimhdí an Choimisiúin.

Tríd is tríd, an comhthionchar atá ag toimhdí níos faichillí agus difríochtaí sna toimhdí a mheastar a bhfuil údar cuí leo, is mó sin ná an tionchar atá ag difríochtaí i dtoimhdí nach meastar a bhfuil údar cuí leo. Tugtar le tuiscint leis sin gurb iad na difríochtaí i dtoimhdí, ar féidir glacadh leo ar an iomlán, an míniú atá ar an difríocht idir an chonair ghlanchaiteachais sa phlean agus an chonair thagartha, i gcomhréir le hAirteagal 13, pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1263.

Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn ar na difríochtaí uile sna toimhdí nuair a ghlactar le chéile iad meánfhás glanchaiteachais sa phlean atá níos airde ná an chonair thagartha.

Cuirfidh an Coimisiún an measúnú thuas ar thoimhdí an phlean san áireamh i measúnuithe a dhéanfaidh sé amach anseo ar chomhlíonadh na conaire glanchaiteachais.

Straitéis fhioscach an phlean

(23)

Ní chuimsítear straitéis fhioscach tháscach sa phlean chun conair ghlanchaiteachais an phlean a chur chun feidhme, ós rud é gur mar uasteorainn theicniúil a shocraítear an chonair sin a ngeallann an Spáinn gan dul thairsti. Sonraíocht bheacht na mbeart beartais ábhartha a bhfuil éifeachtaí buiséadacha díreacha acu, tá an sonraíocht sin le deimhniú nó le coigeartú agus le cainníochtú sna buiséid bhliantúla.

Sraith gealltanas athchóirithe agus infheistíochta mar bhonn taca le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh

(24)

Sa phlean, tugann an Spáinn gealltanas i leith sraith athchóirithe agus infheistíochtaí, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an acmhainneacht fáis agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach, chun tacú le síneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh ó 4 bliana go 7 mbliana.

An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca le síneadh na tréimhse coigeartúcháin, is den mhéid seo a leanas atá sí comhdhéanta: roinnt gealltanas ó phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne; roinnt gealltanas ón bplean téarnaimh agus athléimneachta a bhfuil sonraíochtaí breise ag baint leo; agus roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí nua. Tá na bearta seo a leanas san áireamh leis an méid sin (féach Iarscríbhinn II freisin):

Athchóirithe i réimse an chlaochlaithe dhigitigh: tá na bearta nasctha le Comhpháirt 19 (infheistíocht i gclaochlú digiteach an oideachais) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus a bhfuil na garspriocanna agus spriocanna deiridh a bhaineann léi le comhlíonadh faoi R4-2025. Tá na gealltanais nasctha le Comhpháirt 17 (athchóiriú ar an Dlí maidir le hEolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus a raibh na garspriocanna agus spriocanna deiridh a bhaineann léi curtha chun feidhme cheana tráth an tíolactha.

Athchóirithe i réimse an aistrithe ghlais: tá na bearta nasctha le Comhpháirt 7 (athchóiriú ar an gcreat rialála maidir le giniúint in-athnuaite a chur chun cinn) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus a raibh na garspriocanna agus spriocanna deiridh a bhaineann léi curtha chun feidhme cheana tráth an tíolactha. Athchóiriú i réimse an chánachais.

Athchóiriú i réimse an chánachais: cuimsíonn siad sonraíochtaí breise a bhaineann le Comhpháirt 28 (an córas cánach a chur in oiriúint don aonú haois is fiche) den phlean téarnaimh agus athléimneachta chun méadú buan ar ioncam an rialtais a bhaint amach faoi R4-2025 agus faoi R4-2028. Déantar an méid sin a mheasúnú i dtuarascálacha faireacháin. Tá coinne leis go mbainfear na príomhchéimeanna amach faoi R4-2025 agus R4-2028.

Athchóirithe i réimse an chaiteachais phoiblí: is sonraíochtaí breise iad na bearta atá nasctha le Comhpháirt 29 (athchóiriú lena mbunaítear próiseas buan um athbhreithniú agus meastóireacht ar chaiteachas poiblí) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta. Leis na bearta atá sa phlean, neartaítear obair leantach na moltaí le gealltanas breise i leith athchóirithe a ghlacadh arna n-eascairt as athbhreithnithe caiteachais atá tugtha chun críche agus atá fós ar siúl agus i leith caiteachas bliantúil a laghdú faoi 2028. Déantar an méid sin a mheasúnú i dtuarascálacha faireacháin. Tá coinne leis go mbainfear na príomhchéimeanna amach faoi R4-2026, R2-2027 agus R1-2028.

Athchóirithe i réimse an chaipitil dhaonna: gealltanais bhreise arb é is aidhm dóibh dé-ghairmoiliúint a chur chun cinn agus éascú a dhéanamh ar aithint cáilíochtaí agus scileanna gairmiúla daoine a rugadh ar an gcoigríoch (agus aird ar leith á tabhairt ar oideachas ollscoile), chun táirgiúlacht na ndaoine sin a mhéadú mar aon lena rannchuidiú le fás eacnamaíoch. Tá coinne leis go mbainfear na príomhchéimeanna comhfhreagracha amach faoi R4-2025, R4-2027 agus R4-2028 faoi seach.

Athchóirithe i réimse an chaipitil fhisiciúil agus na táirgiúlachta: tá na bearta nasctha le Comhpháirt 13 (athchóiriú lena bhfeabhsaítear rialáil agus timpeallacht gnólachtaí) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus a raibh na garspriocanna agus spriocanna deiridh a bhaineann léi curtha chun feidhme cheana tráth an tíolactha. Cuimsítear gealltanais bhreise sa phlean atá dírithe ar sholáthar tithíochta inacmhainne ar cíos a mhéadú agus ar chreat coiteann a chruthú lena gcuirfear deireadh le héagsúlacht na gceanglas riaracháin idir pobail uathrialacha agus eintitis áitiúla. Tá coinne leis go mbainfear na príomhchéimeanna comhfhreagracha amach faoi R2-2026 agus R4-2027, faoi seach.

Athchóirithe i réimse chomhrac na calaoise cánach: tá na bearta nasctha le Comhpháirt 27 (athchóiriú maidir le glacadh an Dlí Frith-Chalaoise) a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus a raibh na garspriocanna agus spriocanna deiridh a bhaineann léi curtha chun feidhme cheana tráth an tíolactha.

Athchóirithe i réimse chaiteachas poiblí na seirbhísí sláinte: gealltanais bhreise arb é is aidhm dóibh bainistiú an tsochair éagumais shealadaigh a fheabhsú chun éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a mhéadú. Tá coinne leis go mbainfear an phríomhchéim chomhfhreagrach amach faoi R4-2025.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2024/1263, tá gach athchóiriú agus infheistíocht atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin mionsonraithe, tús-ualaithe, faoi cheangal ama agus infhíoraithe go leordhóthanach.

(26)

Gealltanais an phlean téarnaimh agus athléimneachta atá mar bhonn taca faoin síneadh, tá athchóirithe agus infheistíochtaí móra iontu atá dírithe ar fheabhas a chur ar an inbhuanaitheacht fhioscach agus ar acmhainneacht fáis an gheilleagair a fheabhsú. Ina theannta sin, tugann an Spáinn gealltanas leanúint den iarracht tabhairt faoin athchóiriú le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean struchtúrach fioscach meántéarmach agus na leibhéil infheistíochta a mhaoinítear go náisiúnta, a baineadh amach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta, a choinneáil ar bun (féach thíos, Tábla 5). Déanfar faireachán ar an ngealltanas le linn chéim cur chun feidhme an phlean. Dá réir sin, is féidir gealltanais faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta a chur san áireamh maidir le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin dá bhforáiltear le hAirteagal 36(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2024/1263.

(27)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, meastar go gcuirfear feabhas ar acmhainneacht fáis agus athléimneachta gheilleagar na Spáinne ar bhealach inbhuanaithe mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Rinneadh na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí éagsúla a ghrúpáil ina gceithre ais mhóra sa phlean a mbíonn tionchar ag gach ceann acu ar an leibhéal OTI fhéideartha ar bhealaí éagsúla:

1.

An t-aistriú Glas: athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh an spleáchas ar úsáid breoslaí iontaise a laghdú, agus iomaíochas agus tarraingteacht gheilleagar na Spáinne a fheabhsú dá réir sin.

2.

Claochlú digiteach: bearta arb é is aidhm dóibh digitiú gheilleagar na Spáinne a chothú agus glacadh na dteicneolaíochtaí nua a mhéadú, chomh maith le táirgiúlacht a mhéadú agus an t-aistriú chuig geilleagar breisluacha níos airde a dhreasú.

3.

Caipiteal daonna: bearta beartais arb é is aidhm dóibh méid agus cáilíocht an tsoláthair saothair sa Spáinn a leathnú, lena n-áirítear bearta a bhaineann le bearta gairmoiliúna, sin agus simpliú an chórais um homalógú dioplómaí.

4.

Caipiteal fisiciúil agus táirgiúlacht: cuimsítear bearta inti atá dírithe ar bhacainní maorlathacha a laghdú do ghnólachtaí agus ar an stoc tithíochta a leathnú. Áirítear ann bearta atá dírithe ar bhacainní maorlathacha a laghdú do ghnólachtaí, agus ar an stoc tithíochta a leathnú.

Measann an Spáinn go méadóidh athchóirithe agus infheistíochtaí an phlean mheántéarmaigh atá mar bhonn taca faoin síneadh fás féideartha 3,3 pointe céatadáin i gcomparáid leis an gcás bonnlíne maicreacnamaíoch, as a bhfuil 1,7 pointe céatadáin mar thoradh ar athchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus 1,6 pointe céatadáin ó bhearta breise, agus an tionchar foriomlán comhchruinnithe sna blianta tar éis dheireadh an phlean téarnaimh agus athléimneachta (2,1 pointe céatadáin idir 2026 agus 2031). Cuimsítear roinnt de na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin in Iarscríbhinn II.

Déanann an Spáinn an tionchar ar fhás agus ar athléimneacht a mheas trí úsáid a bhaint as samhlacha cothromaíochta ginearálta atá stocastach, dinimiciúil agus calabraithe. Baineann na samhlacha sin úsáid as roinnt toimhdí chun tionchar na mbeart beartais a chalabrú. Ar na toimhdí sin tá: an t-athrú ar fhad na gconarthaí, an laghdú ar chostais earcaíochta agus iomarcaíochta, an t-athrú ar na scileanna atá ag an lucht saothair, bacainní gnó a ísliú, agus feabhas a chur ar éileamh agus soláthar na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus na mbreoslaí iontaise. Is stuama agus is inchreidte a mheas go mbeidh tionchar suntasach ag na hathchóirithe agus ag an infheistíocht sin ar an bhfás agus ar an athléimneacht. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil riosca agus éiginnteacht ag baint leis an mbunchalabrú. Baineann siad sin go háirithe le raon feidhme agus uainiú thionchar na mbeart mar a thoimhdítear iad.

(28)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, meastar go dtacófar leis an inbhuanaitheacht fhioscach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Is féidir breithnithe breise a dhéanamh maidir le tionchar na n-athchóirithe atá mar bhonn taca leis an síneadh. I ndáil leis sin, tuairiscítear sa phlean bearta chun feabhas substaintiúil a chur ar an bpríomh-chomhardú struchtúrach faoi 2031, rud a léiríonn tionchar díreach a eascraíonn as roinnt bearta buiséadacha. Léirítear in Iarscríbhinn II na bearta buiséadacha atá mar bhonn taca faoin síneadh a mheastar a rannchuideoidh 0,6 pointe céatadáin de OTI ar an iomlán. Meastar go gcuirfidh bearta cánach méadú 0,5 pointe céatadáin de OTI ar ioncam. Thairis sin, leis na hathbhreithnithe caiteachais a dhéanfar amach anseo, meastar go bhfeabhsófar na próisis athbhreithniúcháin agus go gcuirfear bearta chun feidhme chun caiteachas poiblí a ísliú agus chun éifeachtúlacht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú agus tionchar dearfach a imirt ar inbhuanaitheacht fhioscach, rud a chuirfidh laghdú 0,1 pointe céatadáin de OTI ar chaiteachas le linn na tréimhse coigeartúcháin. Luaitear sa phlean freisin bearta buiséadacha eile lena n-áirítear an comhrac i gcoinne calaois chánach agus bearta atá dírithe ar éagumas sealadach. Áirítear in Iarscríbhinn II freisin bearta buiséadacha eile, mar shampla an chalaois chánach a chomhrac, an sonrasc leictreonach agus bearta atá dírithe ar éagumas sealadach. Léiríonn an plean gur ann do thionchar buiséadach indíreach, dara babhta, mar gheall ar ghníomhaíocht eacnamaíoch níos airde a bheith ag baint le bearta eile faoi na ceithre cholún beartais atá fágtha, coigilteas iomlán 1,4 pointe céatadáin de OTI faoi 2031 mar seo a leanas: i) caipiteal daonna (0,4 pointe céatadáin de OTI), ii) caipiteal fisiceach agus táirgiúlacht (0,3 pointe céatadáin de OTI), aistriú glas (0,4 pointe céatadáin de OTI) agus iv) claochlú digiteach 0,3 pointe céatadáin de OTI). Cuimsítear roinnt de na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin in Iarscríbhinn II freisin.

(29)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh, tugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) 2024/1263. Go sonrach, cuimsítear athchóirithe agus infheistíochtaí sa phlean arb é is aidhm dóibh an spleáchas ar úsáid breoslaí iontaise a laghdú, rannchuidiú le haistriú cóir glas, agus slándáil fuinnimh a áirithiú, trí chreat rialála maidir le giniúint in-athnuaite a chur chun cinn. Na hinfheistíochtaí atá dírithe ar chlaochlú digiteach an oideachais, meastar go rannchuideoidh siad leis an aistriú cóir digiteach trí dhigitiú gheilleagar na Spáinne agus glacadh na dteicneolaíochtaí nua a chothú. Ina theannta sin, le hinfheistíochtaí arb é is aidhm dóibh cáilíocht an tsoláthair saothair sa Spáinn a leathnú agus soláthar tithíochta sóisialta ar cíos a mhéadú, rannchuidítear le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, trí théarnamh níos córa agus níos cuimsithí a áirithiú. Neartaítear an athléimneacht eacnamaíoch a thuilleadh le sraith beart buiséadach díreach.

(30)

Leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca leis an síneadh, tugtar aghaidh ar an moladh tírshonrach ábhartha (10) a eisíodh mar chuid den Seimeastar Eorpach mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(2), pointe (d) de Rialachán (AE) 2024/1263 agus is é is aidhm dóibh cáilíocht, éifeachtúlacht agus cothromas an chaiteachais phoiblí a fheabhsú, go háirithe trí athbhreithnithe ar chaiteachas poiblí, bearta i ndáil le cuíchóiriú caiteachais agus bearta cánach a thabhairt isteach atá dírithe ar éifeachtúlacht agus leormhaitheas a fheabhsú agus ar an gcóras cánach a dhéanamh níos córa (féach thuas freisin). Le glacadh na n-athchóirithe arb é is aidhm dóibh rialáil agus timpeallacht gnólachtaí sa Spáinn a neartú agus a fheabhsú, agus béim ar leith á leagan ar FBManna, tugtar aghaidh ar mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 maidir le nuálaíocht agus maidir le rialáil na gníomhaíochta eacnamaíche a fheabhsú. Chomh maith leis sin, rannchuidíonn na hathchóirithe sin le moladh tírshonrach 2020 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar riaracháin, moladh a bhfuil bearta chun an córas um homalógú dioplómaí a shimpliú mar bhonn taca leis freisin. Moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 a díríodh ar éifeachtúlacht fuinnimh, cur chun úsáide fuinnimh in-athnuaite agus laghdú an spleáchais fhoriomláin ar bhreoslaí iontaise, tugtar aghaidh orthu trí chreat rialála a bhunú maidir le giniúint in-athnuaite a chur chun cinn. Na bearta arb é is aidhm dóibh bainistiú na sochar éagumais shealadaigh a fheabhsú, rannchuidíonn siad le hiarrataí mholtaí tírshonracha 2020 agus 2021 chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht an chórais sláinte a fheabhsú. Moltaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2023 maidir le scileanna a fhorbairt, tacaítear leo trí bhíthin athchóirithe agus infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh cáilíocht an tsoláthair saothair sa Spáinn a fheabhsú, lena n-áirítear bearta a bhaineann le bearta gairmoiliúna agus le shimpliú an chórais um homalógú dioplómaí. Na bearta atá dírithe ar thithíocht inacmhainne a chur chun cinn trí thalamh a aistriú chuig infheisteoirí, rannchuidíonn siad le moltaí tírshonracha 2019, 2022 agus 2023 maidir le tacaíocht a thairiscint do theaghlaigh agus maidir le infhaighteacht tithíochta fuinneamhéifeachtúla, idir thithíocht shóisialta agus inacmhainne, a mhéadú.

(31)

Áirithítear leis an bplean go gcoinneofar ar bun leibhéal foriomlán beartaithe na hinfheistíochta poiblí a mhaoinítear go náisiúnta arna réadú ar an meán i gcaitheamh na tréimhse a chumhdaítear leis an bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2024/1263.

Tábla 5: Infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta sa phlean (% de OTI)

Meánleibhéal i gcaitheamh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta (2021 go 2026)

2025

2026

2027

2028

An meán i gcaitheamh thréimhse an phlean

2,4

2,5

2,6

2,6

2,7

2,6

Foinse: Plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Spáinne agus ríomhanna an Choimisiúin.

(32)

Ar deireadh, maidir leis an tsraith gealltanas um athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh, is féidir a mheas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na gealltanais sa Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta agus sa Chomhaontú Comhpháirtíochta a comhaontaíodh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil mar a cheanglaítear le hAirteagal 14(4), de Rialachán (AE) 2024/1263. Na sonraíochtaí breise maidir leis an athchóiriú cánach agus na hathbhreithnithe caiteachais, eascraíonn siad go díreach as gealltanais a tugadh faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta; is gealltanais neamh-mhodhnaithe den phlean téarnaimh agus athléimneachta iad roinnt de na bearta atá fágtha.

(33)

Mar chonclúid, maidir leis an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, meastar go gcomhlíonann siad na critéir in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2024/1263, nuair a chuirtear le chéile iad. Mar thoradh air sin, is féidir síneadh ó 4 bliana go 7 mbliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, mar a chuirtear chun tosaigh sa phlean.

Athchóirithe agus rúin infheistíochtaí eile sa phlean a fhreagraíonn ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus lena dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais

(34)

Cé is moite den tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin, tugtar tuairisc sa phlean ar chuspóirí beartais a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí eile chun freagairt ar na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, go háirithe sna moltaí tírshonracha, agus chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. Cuimsítear 44 athchóiriú agus infheistíocht sa phlean.

(35)

Maidir le tosaíocht choiteann an aistrithe chóir ghlais agus dhigitigh, lena n-áirítear na cuspóirí aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, cuimsítear athchóiriú sa phlean (a chuimsítear sa phlean téarnaimh agus athléimneachta) chun Plean Náisiúnta um Inniúlachtaí Digiteacha a thabhairt isteach, mar aon le hinfheistíochtaí atá ceaptha chun leibhéal scileanna digiteacha an phobail a fheabhsú. Cuimsítear athchóirithe agus infheistíochtaí sa phlean arb é is aidhm dóibh an spleáchas ar úsáid breoslaí iontaise a laghdú, rannchuidiú le haistriú cóir glas agus an tslándáil fuinnimh a áirithiú, trí bhíthin Plean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide nuashonraithe ina bhfuil bearta a bhaineann le stóráil fuinnimh, cur chun úsáide foinsí fuinnimh in-athnuaite, cur chun cinn an fhéintomhaltais agus éifeachtúlacht fuinnimh. Meastar go dtabharfaidh na bearta aghaidh ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020 agus 2021 a bhaineann leis an aistriú glas, an claochlú digiteach, an comhtháthú sóisialta agus críochach, an fás cliste inbhuanaithe cuimsitheach, agus beartais le haghaidh na chéad ghlúine eile.

(36)

Maidir le tosaíocht choiteann na hathléimneachta sóisialta agus eacnamaíche, lena n-áirítear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, cuimsítear athchóirithe sa phlean ar nós nuachóiriú na mbeartas gníomhach i ndáil le margadh an tsaothair, arb é is aidhm dóibh margadh saothair na Spáinne a neartú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha shuntasacha, ina measc sin ardleibhéal dífhostaíochta struchtúraí agus ardleibhéal dífhostaíochta i measc na hóige, an iomarca conarthaí sealadacha, rátaí ísle fostaíochta, agus neamhionannas eacnamaíoch agus sóisialta. Freagraíonn na bearta do mholtaí tírshonracha 2019 agus 2020 a bhaineann le feidhmiú mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear creat um chonarthaí saothair, obair neamhdhearbhaithe, beartais ghníomhacha i ndáil le margadh an tsaothair, dreasachtaí chun oibre agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair.

(37)

Maidir le tosaíocht choiteann na slándála fuinnimh, cuimsítear athchóiriú sa phlean chun forbairt na réiteach stórála fuinnimh a chur chun cinn. Ina theannta sin, cuimsítear bearta sa phlean i ndáil le stóráil fuinnimh a chur chun úsáide trí thionscnaimh tacaíochta agus infheistíochta a sheoladh chun stóráil ar mhórscála a fhorbairt, chun stóráil taobh thiar den mhéadar a chur chun cinn agus chun na réitigh sin a chomhtháthú ar leibhéal earnála. Tá sé i gceist leis na bearta aghaidh a thabhairt ar mholtaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 a bhaineann leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, trí dhlús a chur le cur chun úsáide fuinnimh in-athnuaite agus béim á leagan ar an infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach.

(38)

Maidir le tosaíocht choiteann na gcumas cosanta, ní chuimsítear athchóirithe ná infheistíochtaí eile sa phlean.

(39)

Cuirtear faisnéis ar fáil sa phlean maidir leis an gcomhsheasmhacht agus, i gcás inarb iomchuí, an chomhlántacht le plean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne. Léiríonn an plean go hachomair go bhfreagraíonn na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a chuimsítear ann do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus go dtugann siad aghaidh ar thosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais, sin agus go gcuireann siad le leanúnachas na ngníomhaíochtaí a glacadh sa phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(40)

Tugtar forléargas sa phlean ar riachtanais infheistíochta poiblí na Spáinne a bhaineann le tosaíochtaí comhchoiteanna an Aontais. I ndáil leis an aistriú cóir glas agus digiteach, cuirtear i dtábhacht sa phlean an gá atá le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, cur chun úsáide fuinnimh in-athnuaite, leictriú, stóráil fuinnimh, an geilleagar ciorclach agus athléimneacht ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha uile, agus in ardteicneolaíochtaí amhail an intleacht shaorga agus anailísíocht sonraí, mar aon leis an ngá atá le nascacht dhigiteach a fheabhsú ar fud na tíre. I ndáil le hathléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, cuirtear i dtábhacht sa phlean an gá atá le hinfheistíocht i bhfás cuimsitheach inbhuanaithe, tríd an oideachas a nuachóiriú, borradh a chur faoin infhostaitheacht, córais cosanta sóisialta a neartú, tacú le FBManna trí bhíthin acmhainní agus maoinithe, agus iomaíochas a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh araon. I ndáil le slándáil fuinnimh, cuirtear i dtábhacht sa phlean an gá atá le spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, trí infheistíocht atá dírithe ar bhonneagar fuinnimh a fhorbairt agus trí éifeachtúlacht a fheabhsú ó earnáil go chéile. I ndáil le cumais chosanta a fhorbairt, cuirtear i dtábhacht sa phlean ailíniú na Spáinne le gealltanais ECAT.

Conclúid an mheasúnaithe ón gCoimisiún

(41)

Ar an iomlán, tá an Coimisiún den tuairim go gcomhlíonann plean na Spáinne ceanglais Rialachán (AE) 2024/1263.

CONCLÚID FHORIOMLÁN ÓN gCOMHAIRLE

(42)

Is díol sásaimh don Chomhairle plean struchtúrach fioscach meántéarmach na Spáinne agus measann sí go gcabhródh a chur chun feidhme iomlán le hairgeadas poiblí fónta a áirithiú agus le tacú le hinbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí chomh maith le fás inbhuanaithe cuimsitheach.

(43)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an bplean. Mar sin féin, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún a mheasúnú ar phleananna amach anseo a chur i láthair i ndoiciméad ar leithligh ó na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh moltaí ón gComhairle.

(44)

Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ar an gconair ghlanchaiteachais agus na príomhthoimhdí maicreacnamaíocha sa phlean, lena n-áirítear i ndáil leis an treoir a thug an Coimisiún roimhe seo, chomh maith leis na himpleachtaí a bhaineann le conair ghlanchaiteachais an phlean d’easnamh agus fiachas rialtais. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún go bhfuil údar cuí ar an iomlán leis na toimhdí maicreacnamaíocha agus fioscacha, cé go bhfuil siad éagsúil i gcásanna áirithe le toimhdí an Choimisiúin, lena n-áirítear chun freastal ar shonraí maicreacnamaíocha agus fioscacha nuashonraithe, agus go bhfuil argóintí eacnamaíocha fónta mar bhonn taca leo. Tugann an Chomhairle dá haire straitéis fhioscach leathan an phlean agus na rioscaí don ionchas, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do theacht chun cinn an cháis mhaicreacnamaíoch agus do na toimhdí bunúsacha agus do sheachadadh chonair ghlanchaiteachais an phlean. Go háirithe, tugann an Chomhairle dá haire go gcomhfhreagraíonn an réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch atá mar bhonn taca leis an bplean do 2025 agus 2026 do na réamh-mheastacháin oifigiúla agus gur fhormhuinigh comhairle fhioscach neamhspleách na Spáinne (AIReF) í agus tugann sí dá haire, de réir mheasúnú an Choimisiúin, go bhfuil an meánfhás ar dhíbhoilsceoirí OTI thar an tréimhse réamh-mheastacháin iomlán (2025-2041) beagán níos ísle sa phlean ar an iomlán ná mar atá de réir thoimhdí an Choimisiúin. Is díol sásaimh don Chomhairle gur pléadh an plean leis an bParlaimint. Tugann an Chomhairle dá haire freisin go bhféadfadh rioscaí geopholaitiúla brú a chur ar chaiteachas cosanta.

(45)

Tá an Chomhairle ag súil go mbeidh an Spáinn réidh chun a straitéis fhioscach a choigeartú de réir mar is gá chun a conair ghlanchaiteachais a áirithiú. Tá rún daingean ag an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus fioscacha, lena n-áirítear iad siúd is bonn le cás an phlean.

(46)

Measann an Chomhairle go bhfuil gá le tuilleadh plé chun teacht ar chomhthuiscint maidir leis na himpleachtaí bliantúla faireachais a bhaineann leis na rátaí fáis carnacha glanchaiteachais in am don chéad bhabhta eile den fhaireachas fioscach.

(47)

Formhuiníonn an Chomhairle na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a thíolaic an Spáinn ina plean meántéarmach atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartúcháin agus is díol sásaimh di na hiarrachtaí chun an tionchar ar an bhfás agus ar an inbhuanaitheacht fhioscach a chainníochtú. Comhaontaíonn an Chomhairle leis an gCoimisiún go dtugann na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a thíolaic an Spáinn údar le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin ó 4 bliana go 7 mbliana. Tugann an Chomhairle dá haire measúnú an Choimisiúin ina léirítear go gcomhlíontar, go hiomlán, na critéir in Airteagal 14, agus foráil idirthréimhseach Airteagal 36 (1d) de Rialachán (AE) 2024/1263 á cur san áireamh freisin leis na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá mar bhonn taca faoin síneadh. Tugann an Chomhairle dá haire an measúnú ón gCoimisiún ina léirítear go meastar go gcuirfidh na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta feabhas ar acmhainneacht fáis agus ar athléimneacht an gheilleagair ar bhealach inbhuanaithe agus go dtacóidh siad leis an inbhuanaitheacht fhioscach. Molann an Chomhairle don Spáinn na gealltanais athchóirithe agus infheistíochta a chur chun feidhme ina n-iomláine chun síneadh na tréimhse coigeartúcháin a chaomhnú.

(48)

Tugann an Chomhairle dá haire an tuairisc ón gCoimisiún ar na riachtanais agus na rúin athchóirithe agus infheistíochta, chomh maith leis an measúnú ar an tacar d’athchóirithe agus de ghealltanais infheistíochta atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe, ag freagairt ar na príomhdhúshláin arna sainaithint i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin i gcrích. Déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a thíolacfaidh an Coimisiún, measúnú ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí sin agus déanfaidh sí faireachán ar a gcur chun feidhme faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh.

(49)

Tá an Chomhairle ag tnúth leis na tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn ón Spáinn ina mbeidh, go háirithe, faisnéis faoin dul chun cinn i gcur chun feidhme na conaire glanchaiteachais mar a leag an Chomhairle síos í, agus faoi chur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí níos leithne i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, chomh maith le cur chun feidhme na sraithe athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh na tréimhse coigeartaithe.

(50)

I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1263, ba cheart don Chomhairle an chonair ghlanchaiteachais, mar a leagtar amach sa phlean, a mholadh don Spáinn, agus ba cheart an tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin go 7 mbliana a fhormhuiniú.

AG MOLADH LEIS SEO go ndéanfadh an Spáinn:

1.

a áirithiú nach sáróidh an fás glanchaiteachais na huasmhéideanna a bhunaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo.

2.

An tsraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh a chur leis an tréimhse coigeartaithe fhioscaigh go dtí 7 mbliana a chur chun feidhme, mar a bhunaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Moladh seo, faoi na sprioc-amanna a léirítear.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Eanáir 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. DOMAŃSKI


(1)  Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle (IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj).

(2)  Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L, 2024/1264, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj).

(3)  Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj).

(4)  Glanchaiteachas, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2024/1263, is é sin caiteachas rialtais atá glan: (i) ar chaiteachas úis, (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar ghnéithe timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.

(5)  Cuimsítear leis an treoraíocht a tugadh roimh ré do na Ballstáit agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais conairí le síneadh a chur leis an tréimhse choigeartúcháin agus gan é (lena gcumhdaítear 4 bliana agus 7 mbliana, faoi seach). Cuimsítear léi freisin na príomhchoinníollacha tosaigh agus na toimhdí bunúsacha a úsáidtear i gcreat réamh-mheastacháin an Choimisiúin um fhiachas rialtais meántéarmach. Ríomhadh an chonair thagartha ar bhonn na modheolaíochta a thuairiscítear in Debt Sustainability Monitor 2023 [Monatóir Inbhuanaitheachta Fiachais 2023], foilseachán de chuid an Choimisiúin (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/debt-sustainability-monitor-2023_en). Is ar Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún Eorpach agus ar a síneadh meántéarmach suas le 2033 atá sé bunaithe, agus tá fás fadtéarmach OTI agus na costais aosaithe i gcomhréir le Tuarascáil chomhpháirteach 2024 ar an Aosú ón gCoimisiún agus ón gComhairle (https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en).

(6)   https://economy-finance.ec.europa.eu/economic-and-fiscal-governance/national-medium-term-fiscal-structural-plans_en#spain.

(7)  Moladh ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2024 maidir le beartais eacnamaíocha, bhuiséadacha, fostaíochta agus struchtúracha na Spáinne.

(8)   https://www.airef.es/wp-content/uploads/2024/11/INFORME-PLAN-FISCAL-LINEAS-FUNDAMENTALES/AIReF_Informe-Lineas-Fundamentales-2025.pdf.

(9)   https://economy-finance.ec.europa.eu/publications/2024-ageing-report-economic-and-budgetary-projections-eu-member-states-2022-2070_en.

(10)  Ar na moltaí tírshonracha a mheastar a bheith ‘ábhartha’ tá moltaí: i) a ghlac an Chomhairle ó 2019 ar aghaidh, ii) nach bhfuil dul chun cinn ‘iomlán’ nó ‘substaintiúil’ déanta ag an mBallstát ina leith go fóill agus nach bhfuil as dáta (arb é an toradh a fuair siad ‘Gan Mheasúnú/Gan Ionchur le Cur Leis’), mar a measúnaíodh sa chleachtadh faireachais is déanaí um an Seimeastar Eorpach (atá ar fáil in CeSaR (europa.eu)), iii) nach bhfuil nasctha le bearta de chineál fioscach amháin a bhaineann leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus iv) nach gcumhdaíonn an dúshlán céanna ach a d’fhéadfaí é a chumhdach dá gcuirfí i bhfocail eile é.


IARSCRÍBHINN I

Uasrátaí fáis glanchaiteachais

(rátaí fáis bliantúla agus carnacha, i dtéarmaí ainmniúla)

an Spáinn

Blianta

2025

2026

2027

2028

Rátaí fáis (%)

Bliantúil

3,7

3,5

3,2

3,0

Carnacha (*1)

9,2

13,0

16,6

20,1


(*1)  Ríomhtar na rátaí fáis carnacha faoi threoir na bonnbhliana 2023. Úsáidtear na rátaí fáis carnacha san fhaireachán bliantúil ar chomhlíonadh ex postsa chuntas rialaithe.


IARSCRÍBHINN II

Sraith athchóirithe agus infheistíochtaí atá mar bhonn taca faoi shíneadh 7 bliana a chur leis an tréimhse choigeartúcháin

an Spáinn

 

Príomhchuspóir

Tuairisc agus uainiú na bpríomhchéimeanna

Táscairí faireacháin

Athchóiriú Cánach (Beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta – C28.R3.388 agus athchóiriú atá ag cur le beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta)

Teacht i bhfeidhm athchóirithe cánach arb é is aidhm dóibh ioncam rialtais a mhéadú agus an córas cánach a nuachóiriú.

Céim 1: Faoi R3 2023, garspriocanna 388 i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne a bhaint amach, rud a mhéadóidh ioncam rialtais go buan faoi 0,3  % de OTI.

Céim 2: Faoi R4 2025, méadú buan breise 0,1  % de OTI ar ioncam faoi R4 2028 a sheachadadh, arb ionann an méadú sin agus 0,4  % carnach de OTI faoi R4 2028.

Céim 3: Faoi R4 2028, tuarascáil a sholáthar ina léireofar an méadú buan ar ioncam idir 2024 agus 2028.

Céim 1: Comhlíonadh sásúil gharsprioc C28.R3.M388 i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne. Ioncam a eascraíonn as struchtúr na cánach ioncaim phearsanta nach athraítear idir 2020 agus 2028, ní chuirfear san áireamh é chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht.

Céim 2: Tuarascáil faireacháin bhliantúil arna hullmhú ag an Aireacht Airgeadais maidir le tionchar fioscach na mbeart ioncaim. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na sprice maidir le 0,4  % de OTI, is féidir aon mhéadú ar ioncam a eascraíonn as struchtúr na cánach ioncaim phearsanta nach athraítear idir 2025 agus 2028 a chur san áireamh suas le 0,1  % de OTI. Ioncam a eascraíonn as struchtúr na cánach ioncaim phearsanta nach athraítear idir 2020 agus 2024, ní chuirfear san áireamh é chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht.

Céim 3: Tuarascáil a sholáthar ina léireofar an sprioc maidir le méadú buan 0,4  % de OTI ar ioncam i gcomhréir le Céim 2.

Athchóiriú ar Shochair Chánach

(Athchóiriú atá ag cur le beart de chuid an phlean téarnaimh agus athléimneachta C28.R2.M386)

Teacht i bhfeidhm athchóirithe cánach arb é is aidhm dóibh ioncam rialtais a mhéadú agus an córas cánach a nuachóiriú.

Faoi R4 2025, garsprioc 386 a bhaint amach lena gcuirfear méadú buan 0,1  % ar a laghad de OTI ar ioncam rialtais.

Comhlíonadh sásúil gharsprioc C28.R2.M386 i bplean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne.

Athbhreithnithe caiteachais

(Athchóiriú atá ag cur le beart de chuid an phlean téarnaimh agus athléimneachta C29.R1)

An mheastóireacht ar chaiteachas poiblí a neartú

Céim 1: Faoi R4 2021, formheas a fháil ó Chomhairle na nAirí maidir le timthriall nua na n-athbhreithnithe caiteachais (2022-2026) a gcoimisiúnófar AIReF lena ndéanamh.

Céim 2: Faoi R4 2026, glacadh timthrialla nua ag an Aireacht Airgeadais lena mbeartaítear idirghabháil i gcás gach réimse caiteachais i gcaitheamh thréimhse ama an phlean.

Céim 3: Faoi R2 2027, glacadh athchóirithe arna n-eascairt as athbhreithnithe caiteachais atá tugtha chun críche agus atá fós ar siúl lena gcuirfear laghdú 0,1  % ar a laghad de OTI ar chaiteachas bliantúil faoi 2028 ar bhonn buan, rud a rannchuideoidh le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Céim 4: Faoi R1 2028, san áireamh i bhfoilsiú na tuarascála faireacháin bliantúla ón Aireacht Airgeadais maidir le cur chun feidhme na n-athbhreithnithe ar chaiteachas poiblí, beidh measúnú ar choigilteas bliantúil iarbhír i dtaobh caiteachais ó 2025 ar aghaidh de bharr chur chun feidhme na mbeart arna nglacadh tar éis athbhreithnithe caiteachais. Taispeánfar sa mheasúnú sin go ndéanfar coigilteas bliantúil buan 0,1  % de OTI ar a laghad a bhaint amach faoi 2028 i comhthéacs beartas nach ndéanfar athrú orthu.

Céim 1: Foráil de chomhaontú Chomhairle na nAirí lena léirítear a theacht i bhfeidhm.

Céim 2: Plean meastóireachta arna ullmhú ag an Aireacht Airgeadais. An timthriall reatha (2022-2026) agus timthriallta nua na n-athbhreithnithe caiteachais, chumhdóidís réimse caiteachais suas le 10 % den chaiteachas arna leithdháileadh ar bheartais faoi fhreagracht dhíreach an riaracháin lárnaigh.

Céim 3: Teacht i bhfeidhm na-mbeart ábhartha; agus cóip dá measúnú tionchair, lena dtugtar údar cuí leis an gcoigilteas buan, ar coigilteas bliantúil agus carnach é, a mheastar a bhainfear amach sna línte buiséid lena mbaineann go dtí 2031 i gcomparáid leis na réamh-mheastacháin chaiteachais i gcás beartais nach ndéanfar athrú orthu sna línte buiséadacha céanna.

Céim 4: Foilsiú na tuarascála faireacháin bliantúla arna hullmhú ag an Aireacht Airgeadais. Léireofar sa tuarascáil freisin gur glacadh gníomhaíocht amháin ar a laghad in aghaidh an réimse caiteachais maidir le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí.

Teacht i bhfeidhm an Dlí in aghaidh Imghabháil Cánach agus Calaois Chánach (beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana – C27.R1.M376)

Tá sé de chuspóir ag an athchóiriú sin córas cánach na Spáinne a nuachóiriú chun cothroime chánach a áirithiú, sin agus éifeachtacht an chórais cánach ó thaobh bailithe de a mhéadú.

Faoi R2 2022, teacht i bhfeidhm dlí in aghaidh imghabháil cánach agus calaois chánach (Ley de medidas de prevención y lucha contra el fraude fiscal) lena ndéantar an méid seo a leanas:

—

Fairsingiú ar na cineálacha idirbhirt ina bhfuil sé éigeantach ríomhíocaíocht a dhéanamh (gnólachtaí agus gairmithe) agus tairseacha dlíthiúla a shocrú le haghaidh íocaíochtaí in airgead tirim

—

Liosta na dtearmann cánach a thabhairt cothrom le dáta de réir critéir maidir le trédhearcacht, easpa cánachais agus córais chánach dhíobhálacha.

—

Athruithe a chur chun feidhme ar na rialacha maidir le liostú na ndaoine a bhfuil riaráistí cánach acu.

—

Toirmeasc ar ‘bhogearraí dé-úsáide’ a chur chun feidhme.

—

Luach tagartha a thabhairt isteach le haghaidh an bhoinn cánach i gcánachas maoine.

Comhlíonadh sásúil gharsprioc ábhartha an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar atá 376 (C27.R1).

Rialáil agus timpeallacht gnólachtaí níos fearr (beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana – C13.R1.M190, M191)

Is é is cuspóir don athchóiriú feabhas a chur ar an gcreat ina ndéantar gníomhaíocht eacnamaíoch trí rialáil agus timpeallacht gnólachtaí níos fearr a áirithiú lena n-éascófar cruthú agus fás gnólachtaí, chomh maith lena n-athstruchtúrú más gá.

Céim 1: Faoi R2 2022, teacht i bhfeidhm an athchóirithe ar an ‘Dlí Dócmhainneachta’.

Céim 2: Faoi R4 2022, teacht i bhfeidhm an ‘Dlí maidir le Cruthú agus Fás Gnólachtaí’ nua chun simpliú a dhéanamh ar nósanna imeachta um ghnólacht a chur ar bun agus chun foinsí éagsúlaithe airgeadais a chur chun cinn le haghaidh fás gnólachtaí.

Comhlíonadh sásúil gharspriocanna ábhartha an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar atá 190 agus 191 (C13.R1).

Creat rialála maidir le giniúint in-athnuaite a chur chun cinn (Beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana – C7.R1.M102, M103, M104, M105, T106, T107)

Is é is cuspóir don bheart seo neartú a dhéanamh ar an gcreat rialála maidir le giniúint in-athnuaite a chur chun cinn, chun deimhneacht a mhéadú agus infheistíocht phríobháideach san fhuinneamh in-athnuaite a spreagadh, chun bacainní ar chur chun úsáide na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a bhaint, sin agus chun feabhas a chur ar chomhtháthú na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite sa chomhshaol, sa chóras leictreach agus in earnálacha éagsúla

Céim 1: Faoi R4 2020,

—

Teacht i bhfeidhm Dhlí Foraithne Ríoga 23/2020 (bearta fuinnimh)

—

Teacht i bhfeidhm Dhlí Foraithne Ríoga 960/2020 (córas eacnamaíoch le haghaidh fuinneamh in-athnuaite)

—

Teacht i bhfeidhm Dhlí Foraithne Ríoga 1183/2020 (foinsí fuinnimh in-athnuaite a nascadh leis an eangach leictreachais)

Céim 2: Faoi R2 2021, teacht i bhfeidhm an Dlí maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir leis an Aistriú Fuinnimh.

Céim 3: Faoi R4 2023,

—

acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite (6 000  MW ar a laghad)

acmhainneacht charnach bhreise i dtaobh fuinneamh in-athnuaite arna suiteáil sa Spáinn (6 000  MW ar a laghad).

Comhlíonadh sásúil gharspriocanna agus spriocanna ábhartha an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar atá garspriocanna 102, 103, 104 agus 105 agus spriocanna 106 agus 107 (C7.R1).

Claochlú Digiteach an Oideachais (beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana – C19.I2.M289, M290, T291)

Rochtain ar fhoghlaim dhigiteach a fheabhsú trí ghléasanna iniompartha a chur ar fáil do dhaltaí scoile ó ghrúpaí leochaileacha. Córais digiteacha idirghníomhacha a fheistiú i seomraí ranga ionas go bhféadfaí an chianfhoghlaim agus an fhoghlaim chumaisc a chur i bhfeidhm, tacú le hullmhú nó athbhreithniú straitéise digití agus tacú le hoiliúint dhigiteach múinteoirí

Céim 1: Faoi R4 2021, clár a fhormheas chun uirlisí digiteacha a chur ar fáil do scoileanna poiblí agus do scoileanna a fhaigheann fóirdheontais phoiblí.

Céim 2: Faoi R4 2025,

—

gníomhaíochtaí a chur i gcrích maidir le claochlú digiteach an oideachais, lena n-áirítear ullmhú nó athbhreithniú straitéisí digiteacha in 22 000 scoil ar a laghad agus oiliúint dhigiteach 70 000 múinteoir

Gléasanna digiteacha nasctha a sholáthar i scoileanna poiblí agus i scoileanna a fhaigheann fóirdheontais phoiblí chun ‘an bhearna dhigiteach’ a dhúnadh, agus 240 000 seomra ranga ar a laghad a fheistiú

Comhlíonadh sásúil gharspriocanna agus spriocanna ábhartha an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar atá garspriocanna 289 agus 290 agus sprioc 291 (C19.I2).

Dé-ghairmoiliúint (beart nua)

Oiliúint sa láthair oibre do dhaltaí a chur chun cinn sa ghairmoiliúint

Céim 1: Faoi R4 2027, feachtas feasachta a reáchtáil a shroichfidh 60 % ar a laghad de na daltaí uile a bhfuil sé beartaithe acu tús a chur le gairmoiliúint nó a chuir tús le gairmoiliúint nach dé-ghairmoiliúint í le 6 mhí anuas; agus fothú acmhainneachta maidir le gairmoiliúint a sholáthar d’aon chuideachta ar spéis léi dé-ghairmoiliúint a sholáthar.

Céim 2: Faoi R4 2028, tuarascáil faireacháin a sholáthar ina léireofar gur cláraíodh 80 % ar a laghad de na daltaí gairmoiliúna uile sa chéad leath de 2028 sa dé-ghairmoiliúint

Céim 1: Tuarascáil a chur ar fáil maidir le raon feidhme an fheachtais feasachta agus na gníomhaíochta fothaithe acmhainneachta.

Céim 2: Cóip den tuarascáil faireacháin.

Cur chun úsáide Scéim 20 (beart nua)

Creat coiteann nua a chruthú lena gcuirfear deireadh le héagsúlacht na gceanglas riaracháin idir pobail uathrialacha agus eintitis áitiúla agus lena laghdófar nósanna imeachta san am céanna, d’fhonn tacú le gníomhaíocht ghnó.

Céim 1: Faoi R4 2025, measúnú tionchair earnála a fhormheas i gcomhdháil nó i gcomhdhálacha (il)earnála (i gcomhar le Pobail Fhéinrialaitheacha agus Comhairlí Cathrach), lena sainítear réimsí tosaíochta inar gá nósanna imeachta a chaighdeánú agus a shimpliú ó réigiún agus ó údarás áitiúil go chéile.

Céim 2: Faoi R2 2026, plean straitéiseach a fhoilsiú le haghaidh na gcomhdhálacha earnála arna fhormheas ag comhdháil nó ag comhdhálacha (il)earnála ina sonraítear bearta bliantúla, gníomhaithe freagracha agus táscairí faireacháin, plean atá le cur chun feidhme ina iomláine faoi 2027.

Céim 3: Faoi R4 2027, tuarascáil a fhoilsiú lena ndéantar faireachán ar chur chun feidhme an phlean straitéisigh agus lena moltar bearta ceartaitheacha i gcás dialltaí. Ba cheart measúnú a dhéanamh sa tuarascáil ar thionchar na mbeart a cuireadh chun feidhme cheana sna blianta roimhe sin freisin.

Céim 1: Nasc chuig foilsiú an mheasúnaithe tionchair earnála arna fhormheas ag comhdháil nó comhdhálacha (il)earnála.

Céim 2: Nasc chuig foilsiú an phlean straitéisigh arna fhormheas ag comhdháil nó comhdhálacha (il)earnála.

Céim 3: Nasc chuig foilsiú na tuarascála.

Ríomhshonrasc (beart nua)

Forbairt an chórais ríomhshonrasctha éigeantaigh gnólacht le gnólacht.

Córas ríomhshonrasctha gnólacht le gnólacht a bhunú atá níos sláine agus níos éifeachtúla arb é is aidhm dó an mheántréimhse íocaíochta a ghiorrú agus calaois chánach a laghdú.

Céim 1: Faoi R4 2026, teacht i bhfeidhm foraithne ríoga lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus faisnéise an chórais.

Céim 2: Faoi R1 2027, ardán ríomhshonrasc a bhunú arna bhainistiú ag an nGníomhaireacht Chánach lena soláthrófar seirbhís bhunúsach atá saor in aisce do gach cuideachta ar mian léi é a úsáid agus do gach gairmí ar mian leis é a úsáid.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na foraithne ríoga.

Céim 2: Cóip den ‘acta de recepción’ a bhaineann leis an ardán ríomhshonrasc.

Bearta chun bainistiú an éagumais shealadaigh a fheabhsú (beart nua)

Bainistiú na sochar éagumais shealadaigh a fheabhsú i gcás teagmhais chomónta chun an caiteachas a bhaineann leo a laghdú le haghaidh gach riaracháin phoiblí

Céim 1: Faoi R4 2025, síniú agus teacht i bhfeidhm comhaontuithe comhpháirtíochta idir Aireachtaí Sláinte na bPobal Féinrialaitheach, cumainn fhrithpháirteacha agus an tSlándáil Sóisialta.

Céim 1: Síniú agus teacht i bhfeidhm comhaontuithe comhpháirtíochta.

Simpliú an chórais um homalógú dioplómaí (beart nua)

Éascú a dhéanamh ar aithint cáilíochtaí agus scileanna gairmiúla daoine a rugadh ar an gcoigríoch (agus aird ar leith á tabhairt ar oideachas ollscoile), chun táirgiúlacht na ndaoine sin a mhéadú mar aon lena rannchuidiú le fás eacnamaíoch

Céim 1: Faoi R4 2025, teacht i bhfeidhm reachtaíochta lena sonraítear próisis chuíchóirithe chun cáilíochtaí daoine a rugadh ar an gcoigríoch a aithint.

Céim 2 (Faoi R2 2028): measúnú lena ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme an athchóirithe. Ba cheart na príomhtháscairí seo a leanas a chur san áireamh sa tuarascáil: líon iomlán na n-iarratas a phróiseáiltear faoin gcóras simplithe agus an meán-am próiseála i gcás iarrataí maidir le homalógú.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm na reachtaíochta lena n-éascaítear cáilíochtaí gairmiúla daoine a rugadh ar an gcoigríoch a aithint.

Céim 2: Foilsiú na tuarascála measúnachta

Athchóiriú ar an gcóras víosaí oibre agus cuardaigh poist (beart nua)

Éascú a dhéanamh ar theacht isteach rialta na n-imirceach atá ag obair agus ag cuardach poist, beart arb é is aidhm dó feabhas a chur ar tháirgiúlacht lucht saothair na n-imirceach

Céim 1: Faoi R4 2024, teacht i bhfeidhm foraithne ríoga lena rialaítear víosaí oibre agus víosaí cuardaithe poist d’imircigh.

Céim 1: Teacht i bhfeidhm foraithne ríoga lena rialaítear víosaí oibre agus víosaí cuardaithe poist d’imircigh.

Tionscadal Vín (beart nua)

Soláthar tithíochta inacmhainne a mhéadú

Céim 1: Faoi R4 2025, tairiscintí a sheoladh chun talamh poiblí a sholáthar do thionscnóirí príobháideacha ar mhaithe le haonaid tithíochta inacmhainne a thógáil.

Céim 2: Faoi R2 2026, measúnú lena ndéanfar faireachán ar chur chun feidhme an athchóirithe. Ba cheart tuairisc a thabhairt sa tuarascáil ar éabhlóid agus tionchar an tionscadail agus ba cheart na príomhtháscairí seo a leanas a chur san áireamh inti: tithe pleanáilte atá le forbairt agus aonaid iomlána talún poiblí arna n-aistriú chuig tionscnóirí príobháideacha.

Céim 1: Nasc chuig foilsiú an ghlao ar thairiscintí.

Céim 2: Foilsiú na tuarascála measúnachta.

Teacht i bhfeidhm an leasaithe ar Dhlí 14/2011 maidir le hEolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht (Beart den phlean téarnaimh agus athléimneachta atá ann cheana – C17.R1.254)

An creat rialála maidir le hearnáil na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na nuálaíochta a neartú chun rialachas agus comhordú na hearnála a fheabhsú, chun gairmeacha beatha eolaíocha tarraingteacha a chruthú, agus chun feabhas a chur ar an aistriú eolais ón taighde go táirgí agus seirbhísí feidhmeacha don tsochaí.

Céim 1: Faoi Q2 2022, teacht i bhfeidhm an mhodhnaithe ar an Dlí maidir le hEolaíocht, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht lena bhfeabhsaítear an comhordú idir leibhéil éagsúla rialtais ar bheartais eolaíochta, taighde agus nuálaíochta, lena bhfeabhsaítear rialachas agus comhordú chóras eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta na Spáinne, lena gcruthaítear gairmeacha beatha eolaíocha nua agus lena bhfeabhsaítear aistriú eolais.

Céim 1: Comhlíonadh sásúil gharsprioc ábhartha an phlean téarnaimh agus athléimneachta, mar atá 254 (C17.R1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/643/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)