|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/93 |
16.1.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/93 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Eanáir 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa nós imeachta i scríbhinn ag na Rannpháirtithe sa Socrú maidir le Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh i ndáil le leasuithe ar an Socrú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Maidir leis na treoirlínte atá sa Socrú maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a forbraíodh faoi chuimsiú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), rinneadh iad a thrasuí agus dá bhrí sin, rinneadh ceangailteach ó thaobh dlí san Aontas iad de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
(2) |
Faoi láthair, cuirtear toirmeasc le hAirteagal 6 den Socrú ar aon chreidmheas onnmhairiúcháin nó ar aon tacaíocht cabhrach ceangailte a sholáthar do ghléasra giniúna leictreachais gualbhreoslaithe nach bhfuil gabháil ná stóráil éifeachtach carbóin ag baint leis, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an creidmheas onnmhairiúcháin nó an tacaíocht cabhrach ceangailte chun trealamh a sholáthar chun truailliú a laghdú, rud nach gcuireann síneadh le saolré úsáideach an ghléasra sin. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 6 den Socrú, bhí na Rannpháirtithe sa Socrú (‘na Rannpháirtithe’) le hathbhreithniú a dhéanamh air faoin 31 Nollaig 2022 d’fhonn a théarmaí agus a choinníollacha a neartú a thuilleadh chun rannchuidiú leis an sprioc chomhchoiteann aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. |
|
(4) |
Sna Conclúidí uaithi an 15 Márta 2022, d’fhógair an Chomhairle go bhfuil sé ar intinn ag na Ballstáit a spriocdhátaí eolaíochtbhunaithe féin a chinneadh ina mbeartais náisiúnta faoi dheireadh 2023 chun deireadh a chur le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil do thionscadail san earnáil fuinnimh breosla iontaise, cé is moite de chúinsí teoranta a shaineofar go soiléir agus atá comhsheasmhach le teorainn téimh 1,5 oC agus le spriocanna Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (2). |
|
(5) |
Chomhaontaigh na Rannpháirtithe cinneadh a ghlacadh i nós imeachta i scríbhinn lena dtugtar isteach airteagal nua amháin agus lena leasaítear Airteagal 6. Leis an gcinneadh atá beartaithe, cheanglófaí ar Rúnaíocht ECFE tuarascáil phoiblí a ullmhú gach bliain maidir le hidirbhearta in earnáil an fhuinnimh. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais maidir leis an gcinneadh ó na Rannpháirtithe i ndáil le leasuithe ar an Socrú a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh sin ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, de bhua Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart gurb é seasamh an Aontais tacú leis an gcinneadh i ndáil leis na leasuithe ar an Socrú bunaithe ar an dréacht-téacs atá i gceangal leis an gCinneadh seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa nós imeachta i scríbhinn ag Rannpháirtithe an tSocraithe maidir leis na Creidmheasanna Onnmhairiúcháin arna dTacú go hOifigiúil (‘an Socrú’) a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh maidir le leasuithe ar an Socrú, tacú leis an gcinneadh sin bunaithe ar an dréacht-téacs atá i gceangal leis an gCinneadh (3) seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE ón gComhairle agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1233/oj).
(2) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(3) Féach doiciméid ST 16807/24 ADD 1 ar http://register.consilium.europa.eu.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/93/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)