30.10.2020   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 362/18


CINNEADH (AE) 2020/1581 ÓN GCOMHAIRLE

an 23 Deireadh Fómhair 2020

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bunaíodh leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinne an tAontas an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích le Cinneadh (AE) 2016/838 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

De bhun Airteagal 406(3) den Chomhaontú, tá de chumhacht ag an gComhairle Chomhlachais na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a nuashonrú nó a leasú.

(3)

De bhun Airteagal 408(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle Chomhlachais aon cheann de na cumhachtaí atá aici a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais, lena n‐áirítear an chumhacht cinntí ceangailteacha a dhéanamh.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chinneadh Uimh. 3/2014 ón gComhairle Chomhlachais (3), tharmlig an Chomhairle Chomhlachais an chumhacht na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a bhaineann, inter alia, le Caibidil 5 (Custam agus éascú na trádála) de Theideal IV (Trádáil agus Nithe a bhaineann le Trádáil) den Chomhaontú a nuashonrú nó a leasú chuig an gCoiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, a mhéid nach bhfuil aon fhorálacha sonracha i gCaibidil 5 a bhaineann leis na hIarscríbhinní sin a nuashonrú nó a leasú.

(5)

Tá an Coiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, le linn an tseachtú cruinniú, le cinneadh a ghlacadh maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú.

(6)

Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála a bhunú, a mhéid a bheidh an cinneadh atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunófar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag seachtú cruinniú an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála, dá dtagraítear in Airteagal 408(4) den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, maidir le nuashonrú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII (Comhfhogasú na reachtaíochta custaim) a ghabhann leis an gComhaontú, ar Dhréachtchinneadh an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (4).

Airteagal 2

Tar éis a ghlactha, foilseofar Cinneadh an Choiste Comhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála dá dtagraítear in Airteagal 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 23 Deireadh Fómhair 2020.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

S. SCHULZE


(1)   IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(2)  Cinneadh (AE) 2016/838 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 141, 28.5.2016, lch. 26).

(3)  Cinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais AE-na Seoirsia an 17 Samhain 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais ag an gComhairle Chomhlachais i ndáil le cumraíocht Trádála (2015/2263) (IO L 321, 5.12.2015, p. 72.).

(4)  Féach doiciméad ST 11388/20 ag http://register.consilium.europa.eu.