|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3948 |
10.7.2025 |
TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 2 Iúil 2025
maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir agus maidir le moladh le haghaidh rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Bhulgáir
(CON/2025/15)
(C/2025/3948)
Réamhrá agus bunús dlí
An 5 Meitheamh 2025, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir (1). An 1 Iúil 2025, fuair BCE iarraidh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar thuairim maidir le togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2866/98 a mhéid a bhaineann leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir (2).
Tá inniúlacht Chomhairle Rialaithe BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagal 140(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d'Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá an Chomhairle Rialaithe tar éis an tuairim seo a ghlacadh.
Barúlacha
|
1. |
Leis na rialacháin atá beartaithe, beifear in ann an euro a thabhairt isteach mar airgeadra na Bulgáire tar éis aisghairm mhaolú na Bulgáire i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 140(2) den Chonradh. |
|
2. |
Fáiltíonn BCE roimh an rialachán beartaithe. |
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 2 Iúil 2025.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
(1) COM(2025) 301 final.
(2) COM(2025) 372 final.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3948/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)