|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/896 |
20.3.2024 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/896 ÓN gCOIMISIÚN
an 5 Nollaig 2023
lena leasaítear Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin theicniúla rialála lena n-oiriúnaítear na bunmhéideanna in euro le haghaidh árachas slánaíochta gairmiúla agus acmhainn airgeadais idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (1), agus go háirithe d’Airteagal 10(7), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceanglaítear ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na bunmhéideanna le haghaidh árachas slánaíochta gairmiúla agus acmhainn airgeadais idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha chun na hathruithe ar an innéacs Eorpach praghsanna do thomhaltóirí arna bhfoilsiú ag Eurostat a chur san áireamh. Ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2022, tháinig méadú 20,32 % ar innéacs Eorpach praghsanna do thomhaltóirí a chuireann Eurostat ar fáil don Aontas. Dá bhrí sin, is na bunmhéideanna in euro a oiriúnú le haghaidh árachas slánaíochta gairmiúla agus acmhainn airgeadais idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha de réir an chéatadáin sin. |
|
(2) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir (AE) 2016/97 a leasú dá réir sin. |
|
(3) |
Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun é a chur ar an gcumas do na Ballstáit na bunmhéideanna ábhartha ina bhforálacha náisiúnta a oiriúnú agus chun dóthain ama a thabhairt d’idirghabhálaithe árachais, idirghabhálaithe athárachais agus idirghabhálaithe árachais coimhdeacha chun na bearta cur chun feidhme is gá a dhéanamh. |
|
(4) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir ÚEÁPC faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(5) |
Rinne ÚEÁPC comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne séanailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir (AE) 2016/97
Leasaítear Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/97 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: ‘4. Beidh árachas slánaíochta gairmiúla ag idirghabhálaithe árachais agus athárachais lena gcumhdaítear críoch iomlán an Aontais nó ráthaíocht inchomparáide eile in aghaidh dliteanais a eascraíonn ó fhaillí ghairmiúil, le haghaidh EUR 1 564 610 ar a laghad i leith gach éilimh agus EUR 2 315 610 san iomlán in aghaidh na bliana le haghaidh na n-éileamh uile, mura gcuireann gnóthas árachais, gnóthas athárachais nó gnóthas eile árachas nó ráthaíocht inchomparáide den sórt sin ar fáil cheana féin, ar gnóthas é a bhfuil an t-idirghabhálaí árachais nó athárachais ag gníomhú thar a cheann nó a bhfuil an t-idirghabhálaí árachais nó athárachais cumhachtaithe chun gníomhú thar a cheann, nó mura bhfuil freagracht iomlán glactha ag gnóthas den sórt sin as gníomhaíochtaí an idirghabhálaí.’ |
|
(2) |
i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír, pointe (b):
|
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 9 Deireadh Fómhair 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2023.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 26, 2.2.2016, lch. 19.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/896/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)