An Bhruiséil,1.10.2024

COM(2024) 438 final

2024/0240(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

Síníodh an ‘Comhaontú le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin’ 1  (‘an Comhaontú’) i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tugadh i gcrích é i dtosach an 31 Nollaig 2002 2 . Déantar foráil le hAirteagal 12, pointe (b) den Chomhaontú go bhféadfar go mbeidh athnuachan ann de chomhthoil idir na Páirtithe ar feadh tréimhsí breise 5 bliana. Rinneadh an Comhaontú a athnuachan ceithre huaire: in 2003 3 , 2011 4 , 2015 5 agus 2020 6 .

Rachaidh an Comhaontú atá ann faoi láthair in éag an 8 Samhain 2024.

Rachaidh sé chun leasa don dá Pháirtí sa Chomhaontú an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana chun go leanfar den chomhar idir an tAontas agus an Úcráin a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta as a n‑eascróidh tairbhí frithpháirteacha mar a leagtar amach in Airteagal 4 den Chomhaontú.

Tá traidisiún fada ag an Úcráin maidir le barr feabhais san eolaíocht agus sa teicneolaíocht agus d’ainneoin na ndeacrachtaí le blianta beaga anuas agus chogadh foghach neamhdhleathach gan chúis na Rúise, is tír í an Úcráin ina bhfuil eolaíocht agus eolaithe den chéad scoth go fóill, agus leanann sí de bheith ina gníomhaí tábhachtach maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Ba dhual riamh don chomhar idir an tAontas agus an Úcráin a bheith an‑ghníomhach go háirithe i réimsí na n‑ardábhar/na n‑ábhar nua, na teicneolaíochta faisnéise, na fisice agus na réalteolaíochta, na hinnealtóireachta, na teicneolaíochta talmhaíochta, na nanaitheicneolaíochta, na biteicneolaíochta agus i gcur i bhfeidhm na réimsí sin in earnálacha éagsúla amhail an eitlíocht, an fuinneamh, agus an bithleigheas, go háirithe imdhíon‑teiripí le haghaidh ailse.

I litir dar dáta an 23 Bealtaine 2024, léirigh Aireacht Oideachais agus Eolaíochta na hÚcráine agus Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine gur spéis leo an comhaontú a athnuachan. Tá tús curtha leis an bpróiseas athnuachana cheana féin ag Rialtas na hÚcráine óna thaobh féin.

Is é bunábhar an chinnidh atá beartaithe síneadh a chur leis an gComhaontú atá ann cheana. Cé is moite de sin, beidh sé comhionann le hábhar an Chomhaontaithe atá ann faoi láthair. Dá réir sin, leis an gComhaontú athnuaite ní chruthófar cearta agus oibleagáidí nua ná breise do cheachtar den dá Pháirtí, ach cuirfear síneadh lena fhad a mhairfidh an córas dlí atá ann cheana idir na Páirtithe i réimse an chomhair eolaíochta agus teicneolaíochta.

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh seo go hiomlán i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta 7 .

Anuas air sin, is modh é an Comhaontú chun go gcuirfear chun feidhme straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhar idirnáisiúnta i réimse an taighde agus na nuálaíochta, straitéis ina n‑éilítear tuilleadh idirnáisiúnaithe agus oscailteachta i dtimpeallacht taighde agus nuálaíochta an Aontais Eorpaigh.

Comhlánaítear an Comhaontú sin le Comhaontú Comhlachais Fhís Eorpach, ina ndírítear go sonrach ar théarmaí agus coinníollacha rannpháirtíocht na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach agus i gCláir Taighde agus Oiliúna Euratom 8 . Le hathnuachan an Chomhaontaithe sin maidir leis an eolaíocht agus an teicneolaíocht, d’fhéadfaí an creat dlíthiúil uileghabhálach ginearálta le haghaidh an chomhair dhéthaobhaigh maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht a choinneáil agus thabharfaí comhartha polaitiúil eile faoin tábhacht a chuireann an tAontas ar an gcomhar leis an Úcráin maidir leis an eolaíocht agus leis an teicneolaíocht.

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 go dtí an 24 Meitheamh 2022, athdhearbhaíodh an tacaíocht láidir atá ann don Úcráin le linn na coinbhleachta leanúnaí leis an Rúis mar aon leis an ngealltanas leanúint de thacaíocht a thabhairt d’athléimneacht fhoriomlán eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na hÚcráine. Ar an gcaoi chéanna, i bPlean na hÚcráine um an tSaoráid don Úcráin, leagtar amach gníomhaíochtaí chun tacú le héiceachóras taighde agus nuálaíochta na hÚcráine agus chun é a neartú, ar plean é a formheasadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2024/1447 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024. Bunaítear leis an gComhaontú seo bonn le haghaidh comhar leanúnach eolaíoch agus teicneolaíoch leis an Úcráin chun tacú leis na tosaíochtaí sin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

Tá cumhacht an Aontais Eorpaigh gníomhú go hidirnáisiúnta sa taighde agus i bhforbairt teicneolaíochta bunaithe ar Airteagal 186 CFAE. Is é pointe (a)(v) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) CFAE bunús dlí nós imeachta an togra.

•Coimhdeacht 

De réir Airteagal 4(3) CFAE, i réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, tá inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; mar sin féin, ní bheidh mar thoradh ar fheidhmiú na hinniúlachta sin na Ballstáit a chosc ar a n‑inniúlacht siúd a fheidhmiú.

Is é is cuspóir don chomhaontú gníomhaíochtaí comhair leis an Úcráin a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú i réimsí an leasa choitinn san eolaíocht agus sa teicneolaíocht ar leibhéal an Aontais. Áirítear leis sin rannpháirtíocht eintitis na hÚcráine i dtionscadail an Aontais faoi na Cláir Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht.

Ní féidir le haon chomhaontú déthaobhach idir Ballstát agus tríú tír comhar a bhunú ar leibhéal an Aontais le tríú tír i réimsí an taighde agus na forbartha teicneolaíochta.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

Níl an tionscnamh seo ina chuid de chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Níl feidhm ag REFIT ach amháin i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe go n‑athróidh tograí reachtacha dlíthe an Aontais atá ann cheana agus i gcásanna ina dtagann costais rialála chun cinn.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní éilítear leis an tionscnamh seo acmhainní daonna ná riaracháin mar a leagtar amach sa ráiteas airgeadais reachtach.

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, iarrann an Coimisiún an méid seo a leanas ar an gComhairle:

– formheas a dhéanamh, thar ceann an Aontais agus le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, ar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana (i.e. ón 8 Samhain 2024 go dtí an 8 Samhain 2029).

2024/0240 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 9 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 2003/96/CE 10 an 6 Feabhra 2003, d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin 11 (‘an Comhaontú’). Síníodh an Comhaontú i gCóbanhávan an 4 Iúil 2002 agus tháinig sé i bhfeidhm an 11 Feabhra 2003.

(2)Rinneadh foráil le pointe (b) d’Airteagal 12 den Chomhaontú go dtabharfaí an Comhaontú i gcrích le haghaidh tréimhse tosaigh dar críoch an 31 Nollaig 2002 agus go bhféadfaí é a athnuachan de chomhthoil idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin (‘na Páirtithe’) ar feadh tréimhsí breise 5 bliana.

(3)Ar bhonn Chinneadh 2003/737/CE ón gComhairle 12 , rinneadh an Comhaontú a athnuachan leis sin an 22 Meán Fómhair 2003 go ceann tréimhse bhreise 5 bliana. Thairis sin, ar bhonn Chinneadh 2011/182/AE 13 , Chinneadh (AE) 2015/344 14 agus Chinneadh (AE) 2020/788 15 ón gComhairle, rinneadh an Comhaontú a athnuachan ar feadh tréimhsí 5 bliana ina dhiaidh sin, le héifeacht chúlghabhálach ón 8 Samhain 2009, ón 8 Samhain 2014 agus ón 8 Samhain 2019, faoi seach. Rachaidh an athnuachan is déanaí in éag an 8 Samhain 2024.

(4)Is gníomhaí tábhachtach í an Úcráin maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht i gcomharsanacht an Aontais. Chun go leanfar den chomhar a éascú i réimsí tosaíochta comhchoiteanna ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta, measann an dá Pháirtí gur lena gcomhleas a bheadh sé an Comhaontú a athnuachan.

(5)Dheimhnigh an dá Pháirtí an rún atá acu an Comhaontú a athnuachan go ceann tréimhse bhreise 5 bliana. Ba cheart ábhar an Chomhaontaithe athnuaite a bheith comhionann le hábhar an Chomhaontaithe. Chun leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart éifeacht a bheith ag an athnuachan ón 8 Samhain 2024 ar aghaidh.

(6)Ba cheart, dá bhrí sin, athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais.

(7)Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun toiliú an Aontais a chur in iúl maidir leis an gComhaontú a athnuachan,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin go ceann tréimhse bhreise 5 bliana a fhormheas thar ceann an Aontais.

[Gabhfaidh éifeacht le hathnuachan an Chomhaontaithe ón 8 Samhain 2024 ar aghaidh.]

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Airteagal 3

Foilseofar an cinneadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Clár

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

•Forais agus cuspóirí an togra

•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

•Bunús dlí

•Coimhdeacht

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

•Oiriúnacht rialála agus simpliú

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá Pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí leasa coitinn eolaíochta agus teicneolaíochta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Foras an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann 

Straitéis bheartais agus comhordú na hArd-Rúnaíochta, na Seirbhíse Dlí, SEGS agus Ard-Stiúrthóireachtaí AGRI, BUDG, CLIMA, CNECT, EAC, ENER, GROW, JRC, MARE agus MOVE go háirithe

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le: 

◻ beart nua 

◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 16  

☑ síneadh ar bheart atá ann cheana 

◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

Leis an tionscnamh seo féadfaidh an dá Pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí leasa coitinn eolaíochta agus teicneolaíochta.

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh. 4.1

Leis an gcinneadh seo féadfaidh an dá Pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus comhpháirtíocht níos straitéisí a fhorbairt trí scála agus raon feidhme an chomhair atá ann cheana a mhéadú, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda trí rochtain chómhalartach ar chláir a chéile a chur chun cinn.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Leis an gcinneadh seo féadfaidh an tAontas Eorpach agus an Úcráin araon tairbhe a bhaint as an dul chun cinn eolaíochta agus teicneolaíochta a bhainfear amach trí ghníomhaíochtaí comhair leantacha. Leis an gcinneadh, féadfar eolas sonrach a mhalartú agus fios gnó a aistriú, rud a rachaidh chun tairbhe don chomhphobal eolaíochta, d’earnáil tionsclaíochta agus do shaoránaigh an dá Pháirtí.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar na gníomhaíochtaí uile a dhéantar faoin gComhaontú, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí comhair. Cumhdófar leis an meastóireacht seo na pointí seo a leanas, i measc pointí eile:

a) táscairí rannpháirtíochta — anailís ar an líon eintiteas Úcránach agus ar chineál rannpháirteachais na n‑eintiteas Úcránach i gcláir réime an Aontais (e.g. an líon tograí, an líon comhaontuithe deontais sínithe, príomhnaisc chomhoibrithe, príomhréimsí téamacha agus an t‑aschur a ghintear) agus vice-versa (nuair a bhíonn na sonraí ar fáil);

Bunlíne: 223 rannpháirtíocht (sa chlár Fís Eorpach faoin 27 Meitheamh 2024)

Sprioc: > 336 rannpháirtíocht (tá sprioc na rannpháirtíochta níos airde ná an ráta ratha sa chlár Fís 2020, arbh é 336 é)

b) táscairí feidhmíochta — ráta ratha na n‑eintiteas Úcránach atá rannpháirteach i gcláir réime an Aontais Eorpaigh i gcomparáid le tíortha eile nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad agus i gcomparáid leis na Ballstáit; anailís ar cháilíocht na rannpháirtíochta (e.g. an líon ollscoileanna is airde rangú atá rannpháirteach sa chlár, an líon paitinní agus foilseachán a eascraíonn as tionscadail chomhoibríocha).

Bunlíne: 17,00 % (sa chlár Fís Eorpach ón 27 Meitheamh 2024)

Sprioc: > 9,33 % ráta ratha (tá sprioc an ráta ratha níos airde ná an ráta ratha sa chlár Fís 2020, arbh é 9,33 % é)

1.5.Foras an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

Leis an gcinneadh seo féadfaidh an dá Pháirtí an comhar eatarthu a fheabhsú agus a neartú i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta ar mhaithe le tairbhe frithpháirteach.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá an comhar sa taighde agus sa nuálaíocht idir an tAontas agus an Úcráin ag neartú go leanúnach le blianta beaga anuas, d’ainneoin chogadh foghach leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh féadfar gníomhaíochtaí lena mbainfidh scála agus raon feidhme méadaithe a bheith ann ar mhaithe le leas na mBallstát uile. Le hathnuachan an Chomhaontaithe féadfaidh an tAontas agus an Úcráin rochtain níos fearr a fháil ar eolas eolaíochta a tháirgtear san Aontas agus san Úcráin agus tuilleadh gníomhaíochtaí comhair a dhéanamh a mbeidh malartú breise eolais agus teicneolaíochtaí ann mar thoradh orthu.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Ar bhonn na taithí a fuarthas go dtí seo sa chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta, meastar gur chun an tsochair fhrithpháirtigh é leanúint den chomhar taighde leis an Úcráin, mar chomhpháirtí straitéiseach de chuid an Aontais Eorpaigh sa taighde agus sa nuálaíocht.

1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Meastar go bhfuil athnuachan an Chomhaontaithe leis an Úcráin comhsheasmhach go hiomlán leis an gcreat beartais foriomlán maidir le comhar idirnáisiúnta sa taighde agus sa nuálaíocht (COM(2012) 497).

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Neamhbhainteach

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

☑ tréimhse theoranta

–☑    i bhfeidhm ón [8 Samhain 2024] go dtí an [8 Samhain 2029]

–◻    Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó BBBB go BBBB maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

◻ tréimhse neamhtheoranta

–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Na modhanna atá beartaithe chun an buiséad a chur chun feidhme 

☑ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

–☑ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

–◻    trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

–◻BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;

–◻ comhlachtaí dlí poiblí;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

–◻ comhlachtaí nó daoine a bhfuil sé de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V CAE, ar comhlachtaí nó daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Déanfar faireachán ar na gníomhaíochtaí comhair faoin gComhaontú go tráthrialta trí chruinnithe den Chomhchoiste a bhunaítear faoi Airteagal 6 den Chomhaontú.

2.2.Córais bainistíochta agus rialaithe 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Déanfar an comhar faoin gcomhaontú maidir le hEolaíocht agus Teicneolaíocht a bhainistiú agus a rialú trí chruinnithe den Chomhchoiste a bhunaítear faoi Airteagal 6 den Chomhaontú.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Eagraítear cruinnithe den Chomhchoiste agus bíonn teagmhálacha déthaobhacha ann go tráthrialta chun gur féidir faisnéis agus rialú a roinnt go córasach. Níor aithníodh aon riosca sa chóras rialaithe.

2.2.3.Meastachán ar chostéifeachtacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Neamhbhainteach

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Nuair a éilítear le cur chun feidhme Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais atá ann faoi láthair (Fís Eorpach) go n‑úsáidfear conraitheoirí seachtracha nó nuair is éard atá i gceist leis go ndeonaítear ranníocaíochtaí do thríú páirtithe, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, faoi iniúchtaí airgeadais, go háirithe má bhíonn údar amhrais aige i leith nádúr réalaíoch na hoibre arna déanamh nó a dtugtar tuairisc uirthi sna tuarascálacha ar ghníomhaíochtaí.

Is iad a thabharfaidh faoi iniúchtaí airgeadais an Aontais a fhoireann féin nó saineolaithe cuntasaíochta arna bhformheas i gcomhréir le dlí an pháirtí a ndéanfar iniúchadh air. Is faoi shaoirse a roghnóidh an tAontas na saineolaithe, agus seachnóidh sé san am céanna aon riosca maidir le coimhlintí leasa a d’fhéadfadh a bheith curtha in iúl dó ag an bpáirtí a ndéanfar an t‑iniúchadh air. Anuas air sin, áiritheoidh an Coimisiún, agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí taighde, go gcosnaítear leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, trí bhíthin bearta agus pionóis dhíspreagthacha chomhréireacha.

Chun an aidhm sin a bhaint amach, déanfar rialacha maidir le seiceálacha, bearta agus pionóis, agus tagairt iontu do Rialachán Uimh. 2988/95, Rialachán Uimh. 2185/96 agus Rialachán Uimh. 883/2013, a ionchorprú sna conarthaí uile a úsáidtear i gcur chun feidhme an Chláir Réime.

Ní mór, go háirithe, foráil a dhéanamh maidir leis na pointí seo a leanas sna conarthaí:

- go gcuirfear isteach clásail shonracha sna conarthaí lena gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí sheiceálacha agus rialuithe a dhéanamh maidir leis an obair arna déanamh;

- go ndéanfar seiceálacha riaracháin mar chuid de bhearta frithchalaoise, i gcomhréir le Rialachán Uimh. 2185/96, Rialachán Uimh. 1073/1999 agus Rialachán Uimh. 1074/1999;

- go gcuirfear i bhfeidhm pionóis riaracháin le haghaidh na neamhrialtachtaí d’aon ghnó nó faillíocha uile i gcur chun feidhme na gconarthaí, i gcomhréir le Creat‑Rialachán Uimh. 2988/95, lena n‑áirítear sásra dúliostála;

- gurb amhlaidh nach mór d’aon ordú gnóthaithe i gcás neamhrialtachtaí agus calaoise, a bheith in‑fhorfheidhmithe i gcomhréir le hAirteagal 299 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Thairis sin agus mar ghnáthbheart, beidh clár seiceálacha ann maidir le gnéithe eolaíochta agus buiséadacha an chomhair arb í a bheidh ina bhun an fhoireann fhreagrach in Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta. Déanfaidh Aonad um Iniúchóireacht Inmheánach Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta iniúchóireacht inmheánach, agus déanfaidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchtaí áitiúla.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid caiteachais ar a n‑imreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál caiteachais
caiteachais

Ranníocaíocht

Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha 

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

Neamhbhainteach

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

·Línte nua buiséid atá á n‑iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

Cineál 
caiteachais

Ranníocaíocht

Uimhir

LD/LN

ó thíortha de chuid CSTE

ó thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha

ó thríú tíortha eile

ioncam sannta eile

Neamhbhainteach

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

TÁ/NÍL

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

–☑    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

–◻    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais
ilbhliantúil

1

An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha

Ard‑Stiúrthóireacht: Taighde agus Forbairt Theicneolaíoch

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1a)

Íocaíochtaí

(2a)

Líne bhuiséid

Gealltanais

(1b)

Íocaíochtaí

(2b)

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

Líne bhuiséid

(3)

IOMLÁN na leithreasuithe 
le haghaidh AS RTD

Gealltanais

=1a+1b +3

Íocaíochtaí

=2a+2b

+3



• IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6

Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin:

•IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (gach ceannteideal oibríochta)

Gealltanais

(4)

Íocaíochtaí

(5)

IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach (gach ceannteideal oibríochta)

(6)

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

Íocaíochtaí

=5+ 6





Ceannteideal de chuid an chreata airgeadais
ilbhliantúil

7

‘Caiteachas riaracháin’

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn 5 a ghabhann leis an gcinneadh ón gCoimisiún maidir leis na rialacha inmheánacha i ndáil le cur chun feidhme roinn an Choimisiúin de bhuiséad ginearálta an Aontais) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críoch comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

IOMLÁN

Ard-Stiúrthóireacht: Taighde agus Forbairt Theicneolaíoch

• Acmhainní daonna

• Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN AS RTD

Leithreasuithe

IOMLÁN na leithreasuithe 
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

(Iomlán na ngealltanas = Iomlán na n‑íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2024

Bliain 
2025

Bliain 
2026

Bliain 
2027

Bliain 
2028

Bliain 
2029

IOMLÁN

IOMLÁN na leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 

Gealltanais

Íocaíochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir

⇩

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

ASCHUIR

Cineál 17

Meánchostas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon

Costas

Líon iomlán

Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 18 …

- Aschur

- Aschur

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...

- Aschur

Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2

IOMLÁIN

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin 

–☑    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

–◻    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin, mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 19  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

Cumhdófar na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

–☑    Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

–◻    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna, mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain N+2

Bliain N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

• Foireann sheachtrach (in aonad de Choibhéis Lánaimseartha: FTE)

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

1.1.XX 01 xx yy zz

- sa cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT – Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, INT, SNE – Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon, más gá, le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Pearsanra seachtrach

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–◻    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla excel ar fáil i gcás athchlárú mór.

–◻    is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.

–◻    is gá athbhreithniú a dhéanamh ar CAI.

Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

–☑    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

–◻    déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Iomlán

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN na leithreasuithe cómhaoinithe



3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

–☑    Ní bheidh aon tionchar airgeadais ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

–◻    Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

–◻    ar acmhainní dílse

–◻    ar ioncam eile

–má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha

Tionchar an togra/tionscnaimh

Bliain 
N

Bliain 
N+1

Bliain 
N+2

Bliain 
N+3

Iontráil na blianta ar fad is gá chun fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)

Airteagal ………….

I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid caiteachais a ndéantar difear dóibh.

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).

(1)    IO L 36, 12.2.2003, lch. 32, http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2003/96/oj .
(2)    Cinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 36, 12.2.2003, lch. 31, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2003/96(1)/oj ).
(3)    Cinneadh 2003/737/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n‑athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 267, 17.10.2003, lch. 24, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2003/737/oj ).
(4)    Cinneadh 2011/182/AE ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 79, 25.3.2011, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/182/oj ).
(5)    Cinneadh (AE) 2015/344 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 60, 4.3.2015, lch. 37, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2015/344/oj ).
(6)    Cinneadh (AE) 2020/788 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 193, 17.6.2020, lch. 1, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dec/2020/788/oj ).
(7)    Teachtaireacht maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta, COM(2021) 252.
(8)    Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht na hÚcráine sa chlár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus i gClár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (2021-2025) lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, C/2021/7264, (IO L 95, 23.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2022/323(1)/oj )
(9)    IO C , , lch. .
(10)    Cinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 36, 12.2.2003, lch. 31).
(11)    Comhaontú le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 36, 12.2.2003, lgh. 32-39).
(12)    Cinneadh 2003/737/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le tabhairt i gcrích comhaontaithe lena n‑athnuaitear an Comhaontú le haghaidh comhar san eolaíocht agus teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 267, 17.10.2003, lch. 24). 
(13)    Cinneadh 2011/182/AE ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 79, 25.3.2011, lch. 3).
(14)    Cinneadh (AE) 2015/344 ón gComhairle an 17 Feabhra 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 60, 4.3.2015, lch. 37).
(15)    Cinneadh (AE) 2020/788 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin (IO L 193, 17.6.2020, lch. 1).
(16)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(17)    Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí atá le soláthar (e.g.: an líon malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a tógadh, etc.).
(18)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha...’
(19)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte ‘BA’) a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.