25.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 210/15


TUAIRIM ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 16 Feabhra 2022

ar thogra le haghaidh treoir agus rialachán maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta

(CON/2022/5)

(2022/C 210/06)

Réamhrá agus bunús dlí

An 8, an 14 agus an 20 Deireadh Fómhair 2021, fuair an Banc Ceannais Eorpach (BCE) iarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi seach, ar thuairim ar thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (1) (dá ngairtear “AMLR1” anseo feasta) agus togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (2) (á ngairtear “AMLD6” anseo feasta).

Is ar Airteagal 127(4) agus Airteagal 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ós rud é go bhfuil forálacha sa rialachán agus sa treoir atá beartaithe a dhéanfaidh difear do bhunchúram an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) beartas airgeadaíochta an Aontais a chur chun feidhme de bhun na chéad fhleisce d’Airteagal 127(2) den Chonradh, do chúram bunúsach CEBC oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn de bhun an cheathrú fleasc d’Airteagal 127(2) den Chonradh, do chúraimí BCE i dtaca le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 127(6) den Chonradh, do stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro de bhun Airteagal 128(1) den Chonradh, agus do rannchuidiú CEBC le cobhsaíocht an chórais airgeadais de bhun Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

Tuairimí ginearálta

1.   Forbhreathnú agus focail tosaigh

1.1.

Dírítear an tuairim seo ar AMLR1 agus AMLD6, atá ina gcuid de phacáiste ceithre thogra reachtacha a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an 20 Iúil 2021 arb é is aidhm dóibh rialacha an Aontais maidir le frithsciúradh airgid (anti-money laundering, AML) a neartú agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (countering the financing of terrorism, CFT) (AML/CFT). Dírítear ar an dá thogra reachtacha atá fágtha i dTuairimí leithleacha ó BCE: (a) an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (3) (dá ngairtear “AMLAR” anseo feasta), agus (b) an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus cripteashócmhainní áirithe (athmhúnlú) (4).

1.2.

Is díol sásaimh do BCE an tionscnamh sin. I gcomhréir le tuairimí ó BCE roimhe seo maidir le tograí reachtacha a bhaineann le AML/CFT (5), tacaíonn BCE go láidir le córas de chuid an Aontais lena n-áirithítear go bhfuil uirlisí éifeachtacha ag na Ballstáit, ag údaráis agus comhlachtaí an Aontais, agus ag eintitis faoi oibleagáid laistigh den Aontas, chun mí-úsáid chóras airgeadais an Aontais le haghaidh sciúradh airgid (ML) agus maoiniú sceimhlitheoireachta (TF) a chomhrac.

1.3.

Déanann creat AML/CFT de chuid an Aontais difear do na cúraimí a dhéanann BCE i réimse na maoirseachta stuamachta ar institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 127(6) den Chonradh agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (6) ón gComhairle, chomh maith leis na cúraimí faoi Airteagal 127(2) den Chonradh a thagann faoina shainordú baincéireachta ceannais. Baineann sé le BCE ó thaobh na n-institiúidí de freisin.

1.4.

Ar an gcéad dul síos, níor tugadh an cúram do BCE maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa i ndáil le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Eisiatar an méid sin le hAirteagal 127(6) den Chonradh lena gcuirtear teorainn shoiléir leis na cúraimí is féidir a chur ar BCE eadhon cúraimí maoirseachta stuamachta. Tá sé tábhachtach, áfach, torthaí maoirseachta AML/CFT a mheas i ndáil le cúraimí maoirseachta stuamachta BCE a chomhlíonadh. Go háirithe, is ábhartha an riosca a bhaineann le húsáid an chórais airgeadais le haghaidh sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a mhéid a bhaineann le cinntí maoirseachta stuamachta de chuid BCE maidir le sealúchais cháilitheacha a fháil in eintitis mhaoirsithe, maidir le húdaruithe d’institiúidí creidmheasa a dheonú agus a tharraingt siar, agus maidir le measúnuithe oiriúnachta a dhéanamh ar bhainisteoirí reatha nó ionchasacha ar eintitis mhaoirsithe, agus maidir le maoirseacht ó lá go lá i gcomhthéacs an phróisis athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta. Féadann sáruithe tromchúiseacha ceanglas AML/CFT tionchar diúltach a imirt ar chlú institiúide creidmheasa agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina riosca dá hinmharthanacht. Is é a d’fhéadfadh teacht as sáruithe den sórt sin pionóis shuntasacha riaracháin nó choiriúla á bhforchur ar eintitis mhaoirsithe agus ar a bhfoireann. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí riachtanas a thionscnamh go díreach le húdarú institiúide creidmheasa a tharraingt siar de dheasca sáruithe tromchúiseacha ceanglas AML/CFT. Is fíor-riachtanach, dá bhrí sin, maoirseacht éifeachtach AML/CFT chomh maith le malartú faisnéise a bheith ann idir údaráis maoirseachta stuamachta agus AML/CFT (7). Mar thoradh ar leasuithe ar Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus ar Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) le blianta beaga anuas chomh maith le hobair na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, cuireadh próisis ar bun chun an malartú faisnéise sin a éascú, malartú faisnéise atá ina chuid lárnach d’obair BCE a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa.

1.5.

Thairis sin, tá BCE ina dhamh comhair ag roinnt eintiteas faoi oibleagáid le linn oibríochtaí margaidh a dhéanamh dó laistigh dá shainordú baincéireachta ceannais. Dá bhrí sin, tá BCE faoi réir na nósanna imeachta maidir le dícheall cuí custaiméara a gceanglaítear ar eintitis faoi oibleagáid iad a chomhlíonadh i ndáil lena gcliaint i gcomhréir leis na creataí AML/CFT is infheidhme.

Barúlacha sonracha

2.   Sainmhíniú ar eintitis faoi oibleagáid

2.1.

Tá liosta eintiteas faoi oibleagáid in AMLR1 (10) chun críoch AMLR1, AMLD6, agus AMLAR. I gcomhréir leis na Treoracha maidir le Frithsciúradh Airgid (11) a bhí ann roimhe seo, ní chuirtear bainc cheannais san áireamh ar liosta na n-eintiteas faoi oibleagáid. Tugann BCE dá aire nach dtagann bainc cheannais faoi aon cheann de chatagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid laistigh de AMLR1, amhail institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, toisc go n-úsáidtear na téarmaí sin ar leithligh ó bhainc cheannais sa Chonradh agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (“Reacht CEBC”). Thairis sin, tá forálacha sainráite lena soiléirítear nach dtagann bainc cheannais faoina raon feidhme i ngníomhartha reachtacha an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus oibreoirí eile sa mhargadh airgeadais, mar shampla Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) agus Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14). Ós rud é go bhfuil rialachán á dhéanamh de chreat AML/CFT de chuid an Aontais trí bhíthin AMLR1, rialachán a bheidh infheidhme go díreach ar fud na mBallstát, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach má dheimhníonn na comhreachtóirí an tuiscint sin maidir le stádas bainc cheannais de chuid CEBC, go háirithe maidir leis na cúraimí a chomhlíonann bainc cheannais de chuid CEBC faoi na Conarthaí. Maidir le gníomhaíochtaí breise a d’fhéadfadh roinnt banc ceannais náisiúnta (BCNanna) de chuid CEBC a dhéanamh, tuigeann BCE, i gcás ina measann na Ballstáit gur cheart gníomhaíochtaí sonracha a dhéanann roinnt BCNanna, mar shampla cuntais reatha a chur ar fáil dá mbaill foirne, a bheith faoi réir na gceanglas céanna agus a leagtar amach in AMLR1, nó faoi réir fothacar ábhartha díobh, go gcoinneoidh siad acu féin an fhéidearthacht sin a bhaint amach trí bhíthin reachtaíocht náisiúnta.

3.   Gnéithe maoirseachta stuamachta

3.1.   Sainmhínithe

3.1.1.

Sainmhínítear an téarma “maoirseoir” in AMLR1 mar chomhlacht a bhfuil freagrachtaí air arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid ceanglais AMLR1 (15). Sainmhínítear ann freisin an téarma “údarás inniúil”, lena n-áirítear, inter alia, údarás poiblí a bhfuil freagrachtaí ainmnithe air as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (16). Tá gnéithe a bhaineann le AML/CFT mar chuid de na cúraimí maoirseachta stuamachta, áfach, i gcás inar gá do mhaoirseoirí stuamachta, lena n-áirítear BCE, a bheith i muinín measúnuithe riosca ML/TF, sáruithe ceanglas AML/CFT a shainaithint, nó ionchur eile a sholáthróidh údaráis mhaoirseachta AML/CFT. Dá réir sin, déantar an dá údarás atá freagrach as maoirseacht stuamachta faoi Threoir 2013/36/AE agus BCE, tráth a dhéanann sé a chúraimí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, a aicmiú in AMLAR (17) mar “údaráis neamh-AML/CFT”. Dá bhrí sin, tuigeann BCE nach bhfuil sé i gceist BCE ná údaráis eile maoirseachta stuamachta a chuimsiú sa téarma “maoirseoir” ná sa téarma “údarás inniúil” in AMLR1.

3.2.   Feidhm chomhlíontachta laistigh d’eintitis faoi oibleagáid

3.2.1.

Sainmhínítear dhá chatagóir de bhainisteoirí sinsearacha in AMLR1 (18) atá freagrach as comhlíontacht AML/CFT na n-eintiteas faoi oibleagáid: “bainisteoir comhlíontachta” agus “oifigeach comhlíontachta”. Ní mór an bainisteoir comhlíontachta a bheith ina chomhalta feidhmiúcháin de bhord stiúrthóirí (nó de chomhlacht rialaithe coibhéiseach) an eintitis faoi oibleagáid, agus tá sé nó sí freagrach as beartais, rialuithe agus nósanna imeachta an eintitis faoi oibleagáid a chur chun feidhme chun comhlíontacht i dtaca le AMLR1 a áirithiú, agus as faisnéis a fháil maidir le laigí suntasacha nó ábhartha i mbeartais, rialuithe agus nósanna imeachta den sórt sin. Déantar mionsaothrú leis an bhforáil seo ar an bhforáil a leagtar amach faoi láthair i dTreoir (AE) 2015/849 (19), ina bhfuil an téarma “bord bainistíochta”. Moltar an fhoráil nua laistigh de AMLR1, nach ndéanfar, ós rialachán atá ann, a thrasuí i ndlíthe náisiúnta trí úsáid a bhaint as na téarmaí comhfhreagracha atá sna dlíthe sin. Moltar dá réir sin an téarma “comhlacht bainistíochta”, atá níos ginearálta, a úsáid in ionad an dula cainte “bord stiúrthóirí nó, mura bhfuil aon bhord ann, comhlacht rialaithe coibhéiseach”. Úsáidtear an téarma “comhlacht bainistíochta” i roinnt gníomhartha de chuid an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus airgeadais, amhail Treoir 2013/36/AE, Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (ina bhfuil an téarma “comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta”), Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 (21), chomh maith le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) (arb é an téarma “comhlacht riaracháin nó bainistíochta” is minice a úsáidtear inti). D’fhéadfaí AMLR1 a leasú, dá bhrí sin, chun a shonrú gur cheart an bainisteoir comhlíontachta a bheith ina chomhalta feidhmiúcháin den “chomhlacht bainistíochta”.

3.2.2.

Foráiltear le AMLR1 nach mór don bhainisteoir comhlíontachta tuairisciú go tráthrialta do bhord na stiúrthóirí nó don chomhlacht rialaithe coibhéiseach. I gcás máthairghnóthas, beidh an duine sin freagrach freisin as maoirseacht a dhéanamh ar bheartais, rialuithe agus nósanna imeachta ar fud an ghrúpa. Maidir le hinstitiúidí creidmheasa, is i dteannta a chéile a ghlacann an comhlacht bainistíochta cinntí, agus tá sé freagrach, inter alia, as na straitéisí agus na beartais maidir le glacadh, bainistiú, faireachán agus maolú na rioscaí a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu nó a bhféadfadh sí a bheith neamhchosanta orthu a fhormheas agus athbhreithniú a dhéanamh orthu (23). Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú le AMLR1 nach ndéanann ainmniú an bhainisteora comhlíontachta difear do fhreagracht chomhchoiteann an chomhlachta bainistíochta faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais.

3.2.3.

Ceanglaítear le AMLR1 (24) gurb é bord stiúrthóirí nó comhlacht rialaithe an eintitis mhaoirsithe a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, agus go mbeidh sé nó sí freagrach as beartais AML/CFT an eintitis faoi oibleagáid a oibriú ó lá go lá, chomh maith le hidirbhearta amhrasacha a thuairisciú don aonad um fhaisnéis airgeadais. Beidh an t-oifigeach comhlíontachta ina bhall de lucht bainistíochta sinsearaí an eintitis faoi oibleagáid (25). Tuigeann BCE go mbeidh an t-oifigeach comhlíontachta agus an bainisteoir comhlíontachta ina gcuid de na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh laistigh d’institiúidí creidmheasa, feidhmeanna nach mór a fheidhmiú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE, arna léirmhíniú i bhfianaise threoirlínte infheidhme an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) (26). Tuigtear as sin go mbeidh, inter alia, neamhspleáchas ag an mbainisteoir comhlíontachta agus ag an oifigeach comhlíontachta, go mbeidh teorainn lena bhfeidhmeanna a chomhcheangal le feidhmeanna eile laistigh den institiúid creidmheasa, go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ann chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, agus go mbeidh rochtain ar an gcomhlacht bainistíochta.

3.2.4.

Luaitear in AMLR1 freisin, maidir le heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir seiceálacha ar a lucht bainistíochta sinsearaí faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais, go bhfuil oifigigh chomhlíontachta le bheith faoi réir fíorú go gcomhlíonann siad na ceanglais sin. Tuigeann BCE gur do na ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha eile de chuid an Aontais amháin a thagraíonn an fhoráil sin agus nach mbunaítear léi aon cheanglas breise maidir le fíorú oiriúnachta oifigigh comhlíontachta nó bainisteora comhlíontachta. Tuigtear as sin nach ndéanfar fíorú ach amháin i gcás ina gceanglaítear le gníomhartha eile de chuid an Aontais go mbeidh an t-oifigeach comhlíontachta nó an bainisteoir comhlíontachta faoi réir fíorú oiriúnachta, i gcomhréir leis na gníomhartha eile sin de chuid an Aontais. Bheadh sé inmholta roinnt rialacha praiticiúla a shoiléiriú maidir le cásanna ina ndéanfadh údarás seachas maoirseoir AML/CFT fíorú oiriúnachta ar oifigeach comhlíontachta nó ar bhainisteoir comhlíontachta. Ar an gcéad dul síos, ba cheart a áirithiú, i gcás den sórt sin, go dtabharfaidh na maoirseoirí AML/CFT faoi seach aon ionchur is gá don údarás sin, laistigh dá n-inniúlacht maoirseachta agus trí dhul i dteagmháil le húdaráis eile AML/CFT de réir mar is gá. Mar shampla, má chuirtear de chúram ar údaráis maoirseachta stuamachta measúnú oiriúnachta a dhéanamh ar oifigeach comhlíontachta nó ar bhainisteoir comhlíontachta, is iondúil go mbeidh siad in ann measúnú a dhéanamh ar chuid de na critéir oiriúnachta, amhail clú, macántacht agus ionracas an duine ar leith lena mbaineann. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le critéir eile, amhail an bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach ag an duine sin ar leith chun feidhm oifigigh comhlíontachta nó bainisteora comhlíontachta a chomhlíonadh, is ag maoirseoirí AML/CFT a bheadh an saineolas agus an fhaisnéis is gá. Ar an dara dul síos, i bhfianaise thábhacht ionchur na maoirseoirí AML/CFT i dtaca le fíorú oiriúnachta, agus ábharthacht na mbainisteoirí comhlíontachta agus na n-oifigeach comhlíontachta le haghaidh sainordú maoirseoirí AML/CFT de réir mar a leagtar amach in AMLR1 (27), ba cheart an deis a bheith ag maoirseoirí AML/CFT ar chosc a chur ar dhuine, a mheasann siad nach mbeadh an t-eolas, na scileanna agus an taithí is gá aige nó aici, feidhm bainisteora comhlíontachta nó oifigigh comhlíontachta a fheidhmiú, fiú nuair a dhéanfaidh údarás eile an fíorú foriomlán oiriúnachta. Mar sin féin, ós rud é go bhféadfar ceapaithe a ainmniú chun feidhmeanna iomadúla a dhéanamh laistigh den eintiteas faoi oibleagáid, ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh seasamh diúltach an mhaoirseora AML/CFT maidir le feidhmeanna bainisteora comhlíontachta nó oifigigh comhlíontachta difear don fhéidearthacht go ndéanfaidh an t-údarás atá freagrach as an bhfíorú foriomlán oiriúnachta cinneadh dearfach a eisiúint i ndáil le haon fheidhmeanna eile de chuid na gceapaithe. Chuige sin, ba cheart a shoiléiriú freisin gur le comhlíonadh AMLR1 a áirithiú, agus le comhlíonadh AMLR1 amháin, a bhaineann cúraimí an bhainisteora comhlíontachta dá dtagraítear in AMLR1 (28). Ar an tríú dul síos, ós rud é go bhfuil measúnuithe oiriúnachta faoi réir sprioc-amanna dochta, ba cheart a chur i bhfáth gur gá an t-ionchur ón mhaoirseoir AML/CFT san fhíorú foriomlán oiriúnachta a sholáthar laistigh de thréimhse iomchuí. Ina leith sin, moltar freisin seiftiú a dhéanamh do chásanna nach gcuirfidh an maoirseoir AML/CFT aon mheasúnú ar fáil laistigh den sprioc-am. Ar an gceathrú dul síos, ós rud é gur ar ionchur ón mhaoirseoir AML/CFT a bheidh brath an údaráis atá freagrach as an bhfíorú foriomlán oiriúnachta a mhéid a bhaineann le heolas, scileanna agus an taithí atá ag an té a cheaptar, moltar go mbeadh measúnú na maoirseoirí AML/CFT ina chuid de chinneadh an údaráis a dhéanfaidh an fíorú foriomlán oiriúnachta. Ar an gcúigiú dul síos, moltar freisin maidir leis na treoirlínte comhair AML/CFT a bheartaítear in AMLD6 (29), go n-áireofaí iontu módúlachtaí praiticiúla i dtaca leis an gcaoi a rachaidh maoirseoirí AML/CFT i gcomhar le BCE agus leis na húdaráis náisiúnta inniúla mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i bpróiseas na bhfíoruithe oiriúnachta ar bhainisteoirí comhlíontachta agus ar oifigigh chomhlíontachta, agus go ndéanfaí sprioc-amanna sonracha a leagan amach ar laistigh díobh a chuirfear an t-ionchur ó na maoirseoirí AML/CFT ar fáil sna fíoruithe oiriúnachta.

3.3.   Cumhachtaí ag maoirseoirí AML/CFT pionóis agus bearta riaracháin a fhorchur

3.3.1.

Sainmhínítear in AMLD6 raon leathan pionós agus beart riaracháin a bhfuil tarraingt ag maoirseoirí AML/CFT (30) orthu, ar féidir leo, i gcásanna áirithe, teacht i gcomhthráth le pionóis agus bearta a fhorchuirfidh údaráis eile mhaoirseachta nó cur isteach orthu, lena n-áirítear BCE le linn dó a chúraimí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, moltar sásra iomchuí comhordúcháin mar atá idir maoirseoirí AML/CFT agus na húdaráis eile lena mbaineann, lena n-áirítear maoirseoirí stuamachta, a chruthú. D’fhéadfadh socruithe den sórt sin a bheith ina dtaca leis na húdaráis le linn dóibh pionóis agus bearta a phleanáil agus a fhorghníomhú agus lena sheachaint go dtiocfadh éifeachtaí na bpionós agus na mbeart salach ar a chéile go neamhbheartaithe. Sa síneadh fada, beidh sé tábhachtach gnéithe praiticiúla na bpróiseas comhordúcháin a shoiléiriú tuilleadh trí bhíthin treoirlínte (nó trí bhíthin doiciméad eile rialála) chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis lena mbaineann in ann na gníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanamh laistigh de sprioc-amanna a bheidh gearr go minic agus a leagfar amach go soiléir sa reachtaíocht. Baineann sin le hábhar freisin a mhéid a bhaineann leis an gcomhar i ndáil le measúnuithe oiriúnachta (féach mír 3.2.4). Thairis sin, i gcás ina gcuirtear na cumhachtaí maoirseachta céanna nó cumhachtaí maoirseachta comhchosúla de chúram ar údaráis AML/CFT agus stuamachta, ba cheart a áirithiú leis na treoirlínte gurb é an t-údarás is fearr atá in ann na cumhachtaí a chur i bhfeidhm sa chás sonrach sin a fheidhmeoidh iad i ngach cás. Ós rud é go bhféadfadh sé go mbeadh gá le comhar idir an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus ÚBE (agus b’fhéidir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde freisin, b’fhéidir), mhol BCE sa tuairim ar leith uaidh maidir le AMLAR forálacha sonracha lena n-éascófaí comhar na n-údarás sin i dtáirgí rialála a fhorbairt.

3.3.2.

Folaítear freisin sna cumhachtaí atá beartaithe do mhaoirseoirí AML/CFT in AMLD6 an chumhacht údaruithe eintiteas faoi oibleagáid a tharraingt siar nó a chur ar fionraí agus toirmeasc sealadach a fhorchur lena gcuirfí cosc ar aon duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta in eintiteas faoi oibleagáid feidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú in eintitis faoi oibleagáid (31). Mar sin féin, ní hionann ina lán cásanna an maoirseoir AML/CFT agus an t-údarás atá inniúil chun údaruithe a dheonú agus a tharraingt siar i gcás cineálacha éagsúla eintiteas faoi oibleagáid, nó inniúil chun cinntí a dhéanamh maidir le hoiriúnacht chomhaltaí a gcomhlachtaí bainistíochta nó a sealbhóirí príomhfheidhme. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go rialaítear le gníomhartha reachtacha seachas an reachtaíocht AML/CFT an inniúlacht chun údaruithe a dheonú agus a tharraingt siar nó cinntí a dhéanamh maidir le hoiriúnacht. Mar shampla, is faoi Threoir 2013/36/AE a rialaítear deonú údaruithe d’institiúidí creidmheasa laistigh den Aontas go príomha agus, i gcás institiúidí creidmheasa atá bunaithe sna Ballstáit atá rannpháirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta, is ag BCE atá an inniúlacht eisiach údaruithe a dheonú agus a tharraingt siar. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach n-aithneofaí leis na gníomhartha reachtacha sin go bhféadfaí údarú a chur ar fionraí: is amhlaidh atá, mar shampla, faoi Threoir 2013/36/AE. Tugann BCE dá aire go bhfuil na forálacha sin i dTreoir (AE) 2015/849 faoi láthair agus, maidir le roinnt eintiteas faoi oibleagáid, go bhféadfadh sé go mbeadh sé de chumhacht ag na maoirseoirí AML/CFT údaruithe a dheonú agus a tharraingt siar. Mar sin féin, chun a léiriú gur ag údaráis seachas maoirseoirí AML/CFT atá an chumhacht eisiach údaruithe eintiteas faoi oibleagáid a tharraingt siar i gcásanna áirithe, agus chun dúbailt na gcumhachtaí maoirseachta a sheachaint i gcásanna eile, ba cheart a shoiléiriú i gcás ina mbeidh an chumhacht údarú a tharraingt siar nó beart eile a dhéanamh ag údarás eile i ndáil le húdarú eintitis faoi oibleagáid, nach mbeidh deis ag na maoirseoirí AML/CFT i ndáil le húdarú ach aistarraingt nó beart eile a mholadh don údarás atá inniúil chun beart den sórt sin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, i gcás gur faoi inniúlacht údaráis eile atá cinntí maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta nó sealbhóirí príomhfheidhme, ba cheart a shonrú in AMLD6 go bhfuil sé de chumhacht ag maoirseoirí AML/CFT a mholadh don údarás atá inniúil chun beart den sórt sin a dhéanamh go nglacfaí an cinneadh. Is dlúithe a bheadh an dul sin i gcomhréir leis an bhfoclaíocht a mhol an Coimisiún in AMLAR freisin (32).

3.3.3.

Leagtar amach in AMLD6 go bhféadfar bearta riaracháin seachas pionóis a fhorchur i leith sáruithe sainaitheanta a mheastar gan bheith tromchúiseach go leor chun pionós riaracháin a ghearradh astu (33). Mar sin féin, d’fhéadfadh tionchar is déine a bheith ag gabháil le roinnt de na bearta riaracháin a liostaítear in AMLD6 ar eintiteas faoi oibleagáid ná pionóis riaracháin. Dá ndéanfaí bearta riaracháin seachas pionóis a theorannú do sháruithe nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna, d’fhéadfaí srian a chur leis na húdaráis AML/CFT agus an fhreagairt mhaoirseachta is iomchuí á roghnú acu ar sháruithe cheanglais AMLR1. Dá bhrí sin, moltar an dul sin a bhaint ó AMLD6. D’fhéadfaí ailíniú na bhfoirmlithe laistigh d’Airteagal 41(1) de AMLD6 agus Airteagal 20(1) de AMLAR a bhreathnú freisin. Cé go gceanglaítear leis an gcéad fhoráil go bhfuil na cumhachtaí a liostaítear inti le bheith ag na maoirseoirí AML/CFT nuair a shainaithneoidh siad sáruithe AMLR1, is leithne an fhoráil deiridh agus beartaítear léi go mbeidh cumhachtaí maoirseachta ag ÚFA freisin i gcásanna inar dócha gur sáraíodh AMLR1 agus i gcásanna nach n-áiritheofar bainistiú fónta a rioscaí leis na socruithe a rinne an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a chur chun feidhme. Nuair a ailíneofar na forálacha sin, ba cheart a áirithiú tuilleadh, i gcás ina ndéanfar suas gaol idir cumhachtaí maoirseachta agus easnaimh i mbainistiú rioscaí ag eintitis faoi oibleagáid le AMLD6 agus AMLAR, go sonrófar nach mbaineann sin ach le rioscaí sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus ní le rioscaí eile, chun coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le reachtaíocht stuamachta a íoslaghdú.

3.4.   Comhar agus malartú faisnéise idir údaráis

3.4.1.

Sainmhínítear na hoibleagáidí rúndachta gairmiúla atá ar mhaoirseoirí AML/CFT ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais (dá ngairtear “maoirseoirí airgeadais AML/CFT” anseo feasta) in AMLD6, agus tugtar isteach díolúintí ann i gcás ina n-údarófar maoirseoirí airgeadais AML/CFT le faisnéis rúnda a sholáthar d’údaráis eile (34). Is cosúil nach n-údaraítear faisnéis rúnda a mhalartú le roinnt cineálacha údarás leis na forálacha sin, cé go bhféadfadh sé go mbeadh malartú den sórt sin riachtanach sa chleachtas. Mar shampla, cé go gceanglaítear ar mhaoirseoirí AML/CFT a bheith ag oibriú i gcomhar le húdaráis inniúla (35) agus le húdaráis chánach (36) le AMLD6, is cosúil go bhfuil an t-údarú chun faisnéis rúnda a sholáthar do na húdaráis sin faoi réir rogha na mBallstát malartú den sórt sin a cheadú (37). Chun liosta na ndíolúintí ón gceanglas ginearálta maidir le rúndacht ghairmiúil faoi AMLD6 (38) a dhéanamh níos cuimsithí, d’fhéadfaí suirbhé ar mhaoirseoirí AML/CFT a dhéanamh chun léargas a fháil ar na cineálacha údarás lena roinneann siad faisnéis rúnda (nó lena mbíonn orthu faisnéis rúnda a roinnt) i gcleachtas. Ina theannta sin, d’fhéadfaí idirghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le húdaráis eile faoin rialachán atá beartaithe maidir le margaí cripteashócmhainní (39) (dá ngairtear “rialachán MiCA atá beartaithe” anseo feasta) a bhreathnú. Thairis sin, is cosúil nach mbunaítear le AMLD6 ceanglas rúndachta gairmiúla ar mhaoirseoirí AML/CFT ar eintitis faoi oibleagáid seachas institiúidí creidmheasa nó airgeadais (a ngairtear “maoirseoirí neamhairgeadais AML/CFT” díobh i dteannta a chéile anseo feasta). Ní léir i gcás den sórt sin an féidir le maoirseoirí airgeadais agus le maoirseoirí neamhairgeadais AML/CFT dul i gcomhar le chéile agus le húdaráis eile go héifeachtach.

3.4.2.

Ceanglaítear le AMLD6 go mbeidh an malartú faisnéise idir na maoirseoirí AML/CFT stuamachta agus airgeadais faoi réir ceanglais rúndachta gairmiúla a leagtar amach in AMLD6 (40). Ós rud é go rialaítear an córas rúndachta gairmiúla a bhfuil údaráis maoirseachta stuamachta faoina réir i ngníomhartha eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2013/36/AE maidir le maoirseoirí stuamachta ar institiúidí creidmheasa, moltar gur cheart forálacha ábhartha AMLD6 a leasú ionas go gcumhdófar ceanglais rúndachta gairmiúla choibhéiseacha leo freisin. Thairis sin, moltar go mbeadh feidhm ag an gceanglas sin freisin maidir le malartuithe faisnéise le húdaráis eile a liostaítear in AMLD6 (41), chun a áirithiú go gcaithfear go comhsheasmhach leis an bhfaisnéis a chomhroinnfear, gan beann ar na húdaráis a mbeidh baint acu leis an malartú. Bheadh na leasuithe sin comhoiriúnach leis an réiteach a mholtar i bhforálacha eile de AMLD6 (42) agus a ghlac na reachtóirí i dTreoir 2013/36/AE (43).

3.4.3.

Is cosúil nach n-údaraítear maoirseoirí AML/CFT le AMLD6 le faisnéis a roinnt le bainc cheannais (44). Faisnéis faoi mhaoirseoir AML/CFT, a bhfuil sé beartaithe aige nó aici pionóis throma riaracháin a fhorchur ar institiúid creidmheasa (45), nó údarú a tharraingt siar i gcomhréir le AMLD6 (46) a mholadh, d’fhéadfadh sí a bheith ina faisnéis thábhachtach ag banc ceannais. Moltar údarú comhfhreagrach le haghaidh malartú faisnéise a chur le AMLD6, a mhéid a bhaineann le maoirseoirí airgeadais AML/CFT ar a laghad. Ba cheart a shoiléiriú freisin go bhféadfaidh bainc cheannais an fhaisnéis a gheofar a úsáid le haghaidh a gcúraimí.

3.4.4.

Is cosúil nach gceadaítear do mhaoirseoirí neamhairgeadais AML/CFT le AMLD6 faisnéis rúnda a roinnt le maoirseoirí stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais. D’fhéadfadh údar cuí a bheith le malartú den sórt sin nuair a bhíonn eintitis faoi oibleagáid seachas institiúidí creidmheasa nó airgeadais, amhail soláthraithe morgáiste nó soláthraithe creidmheasa tomhaltóirí (47), ina gcuid de ghrúpa lena n-áirítear institiúidí creidmheasa nó airgeadais freisin. Moltar, dá bhrí sin, údarú den sórt sin a chur leis.

3.5.   Dícheall cuí custaiméara a chomhlíonadh i gcásanna ina gcinntear go bhfuil ag cliseadh ar institiúid nó gur dócha go gclisfear uirthi

3.5.1.

Ceanglaítear le AMLR1, i leith institiúidí creidmheasa, nach mór dícheall cuí custaiméara a dhéanamh faoi fhormhaoirseacht maoirseoirí AML/CFT ach a gcinnfear go bhfuil ag cliseadh ar institiúid nó gur dócha go gclisfear uirthi de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48) nó nuair nach mbeidh taiscí le fáil i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (49). I gcásanna den sórt sin, beidh cinneadh le déanamh ag maoirseoirí maidir le déine agus raon feidhme an díchill chuí sin do chustaiméirí ag féachaint d’imthosca sonracha na hinstitiúide creidmheasa (50). D’fhéadfadh ualach measartha trom a bheith ag baint le cleachtadh den sórt sin a dhéanamh i leith chliaint uile na hinstitiúide nó i leith cuid shubstaintiúil díobh agus d’fhéadfadh sé méid suntasach ama a thógáil, go háirithe má mhainnigh an institiúid creidmheasa an fhaisnéis iomchuí a bhailiú óna cliaint. Dá bhrí sin, moltar go sonrófaí nár cheart dícheall cuí custaiméara den sórt sin a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá.

4.   Teorainn le híocaíochtaí ina n-airgead tirim

4.1.

Tugtar isteach le AMLR1 toirmeasc ar dhaoine a bhíonn ag trádáil in earraí agus a bhíonn ag soláthar seirbhísí a bheith ag glacadh le híocaíochtaí nó a bheith ag déanamh íocaíochtaí ina n-airgead tirim os cionn EUR 10 000nó an méid coibhéiseach ina airgeadraí eile. Cuirtear ar a gcumas do na mBallstát dá bharr freisin íosteorainneacha a choinneáil nó, tar éis dul i gcomhairle le BCE, íosteorainneacha a ghlacadh (51). Eisiafar le glacadh na forála sin nótaí bainc euro a úsáid le haghaidh idirbhearta gnólacht le tomhaltóir agus le haghaidh idirbhearta gnólacht le gnólacht a bheidh os cionn na tairsí a léirítear.

4.2.

Is ag BCE atá an ceart eisiach eisiúint nótaí bainc euro laistigh den Aontas a údarú faoin gConradh (52). Níl aon nótaí bainc a bhfuil stádas dlíthairisceana acu laistigh den limistéar euro ach na nótaí bainc euro a eisíonn BCE agus Bainc Cheannais Náisiúnta an limistéir euro (53). Is amhlaidh, de bhrí an toirmisc atá beartaithe, a bheadh sé neamhdhleathach os cionn na dtairsí a léirítear, úsáid a bhaint as an aon mhodh íocaíochta amháin a bhfuil stádas dlíthairisceana aige agus a chumhdaítear sa reachtaíocht phríomha. Is faoi reachtóir an Aontais atá sé a fhionnadh nach gcuirfear isteach go míchuí leis an toirmeasc sin ar an gceart bunúsach chun maoine dá bhforáiltear in Airteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (54). Sa chomhthéacs sin, tugann BCE dá aire nach ceart gan srian é an ceart chun maoine ach go bhféadfadh sé a bheith faoi réir srianta ar mhaithe le leas an phobail agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí. I dtuairimí roimhe seo, d’aithin BCE gur chun leasa an phobail atá an comhrac i gcoinne sciúradh airgid (55). Tá sé tábhachtach gur bonn fianaise a bheadh faoi shrianta den sórt sin agus go gcomhlíonfaí prionsabal na comhréireachta leo, i.e. iad a bheith iomchuí chun an cuspóir dlisteanach a bhaint amach agus gan iad a dhul thar a bhfuil riachtanach (56).

4.3.

Rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh “an dlíthairiscint” a bhreithniú. Go háirithe, shoiléirigh an Chúirt go dtugtar le fios le coincheap “dlíthairisceana” modha íocaíochta atá ainmnithe ina aonad airgeadra, nach féidir go ginearálta an modh íocaíochta sin a dhiúltú chun fiachas atá ainmnithe ina aonad céanna airgeadra a shocrú, ar a aghaidhluach iomlán, agus é de thoradh air an fiachas a urscaoileadh (57). Agus “an dlíthairiscint” faoi dhlí an Aontais á shoiléiriú aici, chuir an Chúirt Moladh 2010/191/AE (58) ón gCoimisiún san áireamh, lena gcuirtear treoir úsáideach ar fáil maidir le forálacha ábhartha dhlí an Aontais a léirmhíniú. Luaitear i Moladh 2010/191/AE, pointe 1, i gcás ina bhfuil oibleagáid íocaíochta ann, gur cheart (a) glacadh éigeantach na nótaí bainc agus na mbonn; (b) glacadh ar a n-aghaidhluach iomlán; agus (c) a gcumhacht chun oibleagáidí íocaíochta a urscaoileadh, a thabhairt le tuiscint le dlíthairiscint nótaí bainc agus bonn euro. De réir na Cúirte, léirítear leis sin go gcuimsíonn “an dlíthairiscint”, inter alia, oibleagáid i bprionsabal glacadh le nótaí bainc agus boinn atá ainmnithe ina euro chun críoch íocaíochta (59).

4.4.

Shoiléirigh an Chúirt a thuilleadh, áfach, maidir le stádas na dlíthairisceana gurb é a cheanglaítear leis sin glacadh i bprionsabal le nótaí bainc atá ainmnithe ina euro mar mhodh íocaíochta, ní glacadh gan chomha leo. Go háirithe, ní chuireann stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro cosc ar Bhallstát, i bhfeidhmiú a chumhachtaí féin dó, maolú a thabhairt isteach, ar fhorais dhlisteanacha leasa phoiblí, ar an riail ghinearálta maidir le glacadh le nótaí bainc euro chun oibleagáidí íocaíochta a shocrú, faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh (60). Cé gur le beart á thabhairt isteach ag Ballstát a bhain rialú na Cúirte sa chás áirithe sin, measann BCE go bhfuil feidhm ag an réasúnú céanna maidir le bearta a thugann an tAontas isteach i bhfeidhmiú a chumhachtaí.

4.5.

Maidir leis na coinníollacha arna leagan síos ag an gCúirt i dtaobh srianta ar stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro, ceanglaítear go háirithe (a) nach mbeidh sé d’chuspóir ná d’éifeacht leis an mbeart rialacha dlí a leagan síos lena rialófar stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro; (b) nach mbeidh sé ina shiocair, ó dhlí ná ó ghníomh, leis na nótaí bainc sin a chur ar neamhní, go háirithe trí amhras a chur san fhéidearthacht, mar riail ghinearálta, oibleagáid íocaíochta a urscaoileadh le hairgead tirim; (c) gur ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail a glacadh é; (d) gurb iomchuí an teorannú ar íocaíochtaí ina n-airgead tirim atá i gceist leis an reachtaíocht chun an cuspóir maidir le leas an phobail atá á shaothrú a bhaint amach; agus (e) nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach (61).

4.6.

Tugann BCE dá aire nach bhfuil sé de chuspóir ná d’éifeacht le hAirteagal 59 de AMLR1 rialacha dlí a bhunú lena rialófar stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro. Ina theannta sin, is díol sásaimh do BCE, d’ainneoin gur cosúil go bhfuil anailís nó measúnú tionchair in easnamh, go bhfuil tairseach an toirmisc atá beartaithe ar idirbhearta tomhaltóir le gnólacht agus gnólacht le gnólacht le cur ar leibhéal a bheidh ard go leor chun cur ar neamhní nótaí bainc euro de dheasca tionchar fíorasach a sheachaint. B’fhéidir go gcuirfí nótaí bainc euro ar neamhní de facto, dá mba rud é, inter alia, go socrófaí tairseacha chomh híseal sin go mbeadh siad ina mbagairt ar inmharthanacht eacnamaíoch an airgid thirim mar mhodh íocaíochta ginearálta a bhfuil glacadh forleathan leis agus mar sin feidhmiú thimthriall an airgid thirim a chur i mbaol, rud a dhéanfadh difear d’idirbhearta faoi bhun na tairsí ar deireadh. Tugann BCE dá aire sa chomhthéacs sin go bhfuil feidhm thábhachtach fós ag an airgead tirim sa tsochaí, agus go bhfuil BCE agus Bainc Cheannais Náisiúnta an limistéir euro tiomanta i gcónaí, i dtaca leis an airgead tirim, dá leanúnachas, dá infhaighteacht ghinearálta fhorleathan agus dá inúsáidteacht fhorleathan mar mhodh íocaíochta agus mar stór luacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis an Aontais agus údaráis náisiúnta inniúla aon teorainneacha den sórt sin a chuirfear le híocaíochtaí airgid thirim agus na cuspóirí a ghabhann leo mar theorainneacha, a mhíniú go cúramach don phobal i gcoitinne trí bhearta oiriúnacha cumarsáide chun muinín an phobail as airgead tirim ina euro mar mhodh íocaíochta bailí, dlisteanach agus iontaofa a choinneáil. Is inmholta go n-áireofaí ar na bearta cumarsáide sin freisin breithnithe maidir le bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna, amhail oibleagáid fógra a thabhairt le haghaidh idirbhearta os cionn tairseach áirithe, agus an fáth ar measadh na bearta sin gan bheith chomh héifeachtach céanna.

4.7.

Tá tábhacht ar leith fós ag baint leis an bhféidearthacht íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim ag na daoine sin ar fearr leo, ar chúiseanna dlisteanacha éagsúla, airgead tirim a úsáid seachas ionstraimí eile íocaíochta nó ag na daoine nach bhfuil rochtain acu ar an gcóras baincéireachta ná ar mhodh leictreonach íocaíochta. Is iondúil an t-airgead tirim úsáideach agus fáilte roimhe freisin mar ionstraim íocaíochta toisc gur féidir íocaíochtaí neamhspleácha dá thairbhe agus toisc go gcinntítear cosaint sonraí agus an príobháideachas leis. Ina theannta sin, glactar go forleathan leis, tá sé tapa agus éascaítear caiteachas an íocóra a rialú dá bharr. Thairis sin, is é an t-aon ionstraim íocaíochta atá ann faoi láthair lena gcuirtear ar a gcumas do shaoránaigh idirbheart a shocrú le hairgead bainc ceannais ar idirbheart é a shocraítear láithreach freisin (62), gan idirghabhálaí gan muirear breise. Le linn idirbheart íocaíochta a shocrú le hairgead tirim, ní gá seirbhísí tríú páirtí amháin nó níos mó ná sin a úsáid, ná ní gá trealamh teicniúil a bheith ar fáil chun an luach a aistriú ón íocóir chuig an íocaí. Dá bhrí sin, tá feidhm chúltaca ag an airgead tirim freisin i gcás nach bhfuil roghanna leictreonacha íocaíochta ar fáil ar feadh tamaill, mar shampla de dheasca teipeanna ar na córais leictreonacha údaraithe agus próiseáilte íocaíochtaí. Braitheann gach íocaíocht neamhairgid faoi láthair ar sheirbhísí a sholáthraíonn eintitis tráchtála a ghearrann táillí ar idirbhearta íocaíochta aonair. Sa chomhthéacs sin, tugann BCE dá aire gur glacadh pacáiste nua airgeadais dhigitigh an Aontais in 2020. Áirítear sa phacáiste sin an straitéis íocaíochta miondíola, arb é is aidhm di réitigh dhúchasacha íocaíochta a bheidh sábháilte, tapa agus iontaofa a chur ar fáil ar fud na hEorpa do shaoránaigh agus do ghnólachtaí an Aontais; agus an straitéis airgeadais dhigitigh, arb é is aidhm di seirbhísí airgeadais an Aontais a dhéanamh níos fabhraí don digitiú agus caighdeáin an-ard phríobháideachais agus cosanta sonraí a choinneáil i rith an ama i gcomhréir leis an straitéis maidir le sonraí ón gCoimisiúin. Is faoi reachtóir an Aontais a bheidh sé srianta le híocaíochtaí airgid thirim a shioncronú leis an bhfáil a bheidh ar réitigh íocaíochta ar fud na hEorpa amach anseo, réitigh lena gceanglófar leibhéil arda phríobháideachais agus cosanta sonraí chun an coinníoll a chomhlíonadh fáil a bheith ar mhodh dleathach eile atá go hiomlán coibhéiseach chun fiachais airgeadaíochta a shocrú.

4.8.

Maidir le comhréireacht sriain le stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro, ceanglaíonn an Chúirt ní hé amháin go mbeidh an beart iomchuí chun an cuspóir leasa phoiblí atá á shaothrú a bhaint amach, ach chomh maith leis sin nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Chuir BCE treoir bhreise ar fáil ina thuairimí roimhe sin maidir le cé acu atá nó nach bhfuil srianta náisiúnta le stádas dlíthairisceana nótaí bainc euro comhréireach. Thug BCE dá aire go háirithe, dá leithne agus dá ghinearálta an srian, ba cheart gur dhéine an léirmhíniú ar an gceanglas go mbeadh an teorannú comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú. Le linn breathnú a dhéanamh ar theorannú a bheith comhréireach, ba cheart breathnú a dhéanamh i gcónaí ar dhrochthionchar an teorannaithe agus an bhféadfaí bearta malartacha a ghlacadh lena gcomhlíonfaí an cuspóir ábhartha ach gan tionchar chomh díobhálach céanna a bheith ag gabháil leo (63).

4.9.

Sa chomhthéacs atá ann faoi láthair, tugann BCE dá aire gurb absalóideach a bheadh an toirmeasc a thabharfaí isteach le AMLR1. Ní leantar an cur chuige bunaithe ar riosca leis, cur chuige a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo i gcreat AML/CFT ach bheadh tionchar aige ar shaoránaigh uile an Aontais agus ar gach taistealaí chuig an Aontas. Thug an Chúirt Bhreithiúnais chun suntais, áfach, gur gá rochtain éasca ar mhodh malartach dleathach íocaíochta a bheith ag gach duine atá faoi dhliteanas íoc (64), agus dá bhrí sin, chuir sí in iúl dá mba rud é nárbh amhlaidh an cás, go mbeadh gá le heisceachtaí a bheith ann. Go dtí seo, níor mhol an reachtóir eisceachtaí a chur isteach, go háirithe, in AMLR1 chun cásanna nach mbeadh modh malartach íocaíochta ar fáil a chumhdach, mar shampla de dheasca gearradh cumhachta nó teipeanna eile ar na córais leictreonacha íocaíochta. Is mian le BCE cur isteach na leasuithe sin a spreagadh chun comhréireacht an bhirt atá beartaithe a fheabhsú agus chun foráil a dhéanamh maidir leis na heisceachtaí is gá i gcásanna nach bhfuil aon mhodh eile íocaíochta ar fáil chun íocaíochtaí díreacha ar an láthair a dhéanamh. D’fhéadfaí eisceachtaí den sórt sin a chomhlánú trína cheangal gur cheart inrianaitheacht idirbhirt íocaíochta a dhéantar le nótaí bainc euro a fhionnadh ar bhealach atá inchomparáide le modh malartach íocaíochta, amhail trí oibleagáidí doiciméadaithe agus/nó tuairiscithe shoiléir a chomhlíonadh.

4.10.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún le AMLR1, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar an ngá atá leis an teorannú ar íocaíochtaí móra airgid thirim a ísliú tuilleadh, agus ar chomhréireacht an teorannaithe ar íocaíochtaí móra airgid thirim a ísliú tuilleadh, trí bliana ón dáta a chuirfear i bhfeidhm é (65). Ar an gcéad dul síos, is cosúil go bhfuil sé úsáideach amlínte Airteagail 62 agus 63 de AMLR1 a ailíniú agus foráil a dhéanamh maidir leis an gcéad athbhreithniú tráth nach faide ná 5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun tréimhse sách fada a thabhairt a mbeidh an tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin ar fáil lena linn freisin. Sa chomhthéacs sin, cuireann BCE i bhfios go láidir, maidir le haon athbhreithniú atá beartaithe, gur cheart don Choimisiún taighde láidir agus fianaise thurgnamhach a chur ar fáil faoi thionchar na dteorainneacha le híocaíochtaí airgid thirim agus faoina éifeachtaí atá siad maidir le gnóthú na gcuspóirí atá á saothrú. Thairis sin, ní bheadh gá leis na teorainneacha airgid thirim a ísliú tuilleadh as siocair fianaise thurgnamhach den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme an athbhreithnithe a cheanglaítear ar an gCoimisiún ionas gur ar choigeartú na dteorainneacha airgid thirim ó thaobh idir an gá atá leis an gcoigeartú agus a chomhréirí atá sé a dhéanfar measúnú, seachas an t-athbhreithniú sin a dhéanamh d’fhonn na teorainneacha airgid thirim a ísliú tuilleadh.

5.   Tosca riosca maidir le dícheall cuí custaiméara

5.1.

Leagtar amach in AMLR1 liosta neamh-uileghabhálach tosca agus cineálacha fianaise lena léirítear riosca is ísle a d’fhéadfadh a bheith ann chun críocha na nósanna imeachta um dhícheall cuí custaiméara a dhéanann eintitis faoi oibleagáid i leith a gcliant (66). Tá “riaracháin phoiblí agus fiontair” ar an liosta freisin. Moltar gur cheart a shoiléiriú go gcumhdaítear údaráis agus comhlachtaí poiblí freisin leis an téarma “údaráis phoiblí” agus go gcuimsítear bainc cheannais ann. Baineadh úsáid as an téarma “údaráis phoiblí” i dTreoir 2005/60/CE (67), an tríú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid. Baineadh úsáid as an téarma “údaráis phoiblí agus comhlachtaí poiblí” i dTreoir 2006/70/CE (68) ón gCoimisiún, lenar cuireadh chun feidhme an tríú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid. Baineadh úsáid as an téarma “riaracháin phoiblí nó fiontair phoiblí” (69) i dTreoir (AE) 2015/849, an ceathrú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid. Ar feadh na taithí atá ag BCE, tuigeann bunús na gcontrapháirtithe de chuid BCE go gcuimsítear bainc cheannais sna téarmaí sin. Mar sin féin, chun amhras a sheachaint, moltar an dul sin a shoiléiriú.

6.   Sainmhíniú ar chripteashócmhainní

6.1.

Cuirtear an téarma “cripteashócmhainní” in ionad an téarma “airgeadraí fíorúla” in AMLR1, téarma a tugadh isteach i dTreoir (AE) 2015/849 le Treoir (AE) 2018/843 (70). Is díol sásaimh do BCE an t-athrú sin, ós rud é go bhféadfaí míthuiscintí a bhaint as an téarma “airgeadraí fíorúla” i dtaca le cineál na gcineálacha sin sócmhainní nach airgeadraí.

6.2.

Tuigeann BCE freisin go bhfuil sé beartaithe creat AML/CFT de chuid an Aontais a ailíniú le Moltaí leasaithe an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (Financial Action Task Force, FATF) trí chatagóir na soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní a áireamh laistigh de raon feidhme an rialacháin atá beartaithe. I ndáil leis sin, áfach, ní léir an gcumhdaítear gach cineál sócmhainne fíorúla, mar a shainmhínítear i Moltaí FATF iad, leis an sainmhíniú ar chripteashócmhainní a mbaintear úsáid as in AMLR1. Sainmhínítear sócmhainn fhíorúil in Moltaí FATF mar “léiriú digiteach ar luach is féidir a thrádáil, nó a aistriú go digiteach agus is féidir a úsáid chun críoch íocaíochta nó infheistíochta. Ní áirítear le sócmhainní fíorúla léirithe digiteacha ar airgeadraí fiat, urrúis ná sócmhainní eile airgeadais a cumhdaíodh cheana in áiteanna eile i Moltaí FATF” (71). Gabhtar seilbh ar an sainmhíniú ar chripteashócmhainn (72) in AMLR1, a tugadh isteach i rialachán MiCA atá beartaithe agus lena bhforáiltear go gciallaíonn “cripteashócmhainn” léiriú digiteach ar luach nó ar chearta a d’fhéadfaí a aistriú agus a stóráil go leictreonach, trí theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó teicneolaíocht chomhchosúil a úsáid’ (73). Dá bhrí sin, tá sainmhíniú FATF neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus tá sainmhíniú AMLR1 teoranta do shócmhainní fíorúla atá bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte nó ar theicneolaíocht chomhchosúil. Is cosúil gur féidir, ar a laghad ó thaobh na teoirice de, sócmhainní fíorúla a bhunú ar theicneolaíocht eile, agus sa chás sin is cosúil nach gcumhdófaí le AMLR1 iad.

6.3.

Dá mba rud é go ndéanfadh na comhreachtóirí sainmhíniú is leithne, a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, a mheas chun comhoiriúnacht chreat an Aontais le Moltaí FATF a áirithiú, níor mhór roghanna beartais a dhéanamh freisin maidir le léirithe digiteacha ar luach, léirithe nár mhór a dhíolmhú, b’fhéidir, ó raon feidhme AMLR1.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an treoir nó an rialachán atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chuige sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 16 Feabhra 2022.

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM(2021) 420 final.

(2)  COM(2021) 423 final.

(3)  COM(2021) 421 final.

(4)  COM(2021) 422 final.

(5)  Féach Tuairim CON/2005/2 ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Feabhra 2005 arna iarraidh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar thogra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid, lena n-áirítear maoiniú sceimhlitheoireachta (COM(2004) 448 final) (IO C 40, 17.2.2005, lch. 9), Tuairim CON/2013/32 ón mBanc Ceannais Eorpach an 17 Bealtaine 2013 ar thogra le haghaidh treoir maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus ar thogra le haghaidh rialachán maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO C 166, 12.6.2013, lch. 2), Tuairim CON/2016/49 ón mBanc Ceannais Eorpach an 12 Deireadh Fómhair 2016 ar thogra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Treoir 2009/101/CE (IO C 459, 9.12.2016, lch. 3) agus Tuairim CON/2018/55 ón mBanc Ceannais Eorpach an 7 Nollaig 2018 ar thogra leasaithe le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) agus gníomhartha dlí gaolmhara (IO C 37, 30.1.2019, lch. 1). Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann leis an maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(7)  Féach mír 1.2 de Thuairim CON/2018/55.

(8)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).

(9)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(10)  Féach Airteagal 3 de AMLR1.

(11)  Treoir 91/308/CEE ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid (IO L 166, 28.6.1991, lch. 77), Treoir 2001/97/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena leasaítear Treoir 91/308/CEE ón gComhairle maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid (IO L 344, 28.12.2001, lch. 76), Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta (IO L 309, 25.11.2005, lch. 15), Treoir (AE) 2015/849 agus Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Treoracha 2009/138/CE agus 2013/36/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 43).

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(13)  Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).

(14)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(15)  Féach Airteagal 2, pointe (32) de AMLR1.

(16)  Féach Airteagal 2, pointe (31) de AMLR1.

(17)  Féach Airteagal 2(1), pointe (5) de AMLAR.

(18)  Féach Airteagal 9 de AMLR1.

(19)  Féach Airteagal 46(4) de Threoir (AE) 2015/849.

(20)  Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84).

(22)  Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).

(23)  Féach Airteagal 76(1) de Threoir 2013/36/AE.

(24)  Féach Airteagal 9(3) de AMLR1.

(25)  Mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28) de AMLR1.

(26)  Féach go háirithe Treoirlínte ó ÚBE maidir leis an rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/AE (ÚBE/GL/2021/05). Le fáil ar shuíomh gréasáin ÚBE.

(27)  Féach Airteagal 2, pointe (32) de AMLR1.

(28)  Féach Airteagal 9(1) agus (2) de AMLR1.

(29)  Féach Airteagal 52, litir a) de AMLD6.

(30)  Féach Airteagail 39 go 41 de AMLD6.

(31)  Féach Airteagal 41(1)(e) agus (f) de AMLD6.

(32)  Féach Airteagal 20(2)(i) de AMLAR ina luaitear go bhfuil sé de chumhacht ag an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac “maidir le heintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, a mholadh a cheadúnas a tharraingt siar don údarás a dheonaigh an ceadúnas sin.”

(33)  Féach Airteagal 41(1) de AMLD6.

(34)  Féach go háirithe Airteagail 50 agus 51 de AMLD6.

(35)  Sainmhínítear an téarma “údaráis inniúla” in Airteagal 2, pointe (31) de AMLR1 agus áirítear leis (a) Aonad um Fhaisnéis Airgeadais; (b) údarás maoirseachta AML/CFT ar comhlacht poiblí é, nó an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála; (c) údarás poiblí a bhfuil sé d’fheidhm aige sciúradh airgid, a choireanna preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta a imscrúdú nó a ionchúiseamh, nó a bhfuil sé d’fheidhm aige sócmhainní coiriúla a chur le bun, a urghabháil nó a reo agus a choigistiú; (d) údarás poiblí ar a bhfuil freagrachtaí ainmnithe as sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.

(36)  Féach Airteagal 45 de AMLD6.

(37)  Féach Airteagal 51(2) de AMLD6.

(38)  Féach Caibidil V de AMLD6.

(39)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí Cripteashócmhainní agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2020) 593 final).

(40)  Féach an fhomhír dheireanach d’Airteagal 50(2) de AMLD6.

(41)  Féach Airteagal 50(2) de AMLD6.

(42)  Féach Airteagal 51(1) agus 51(2) de AMLD6.

(43)  Féach, mar shampla, Airteagal 56 de Threoir 2013/36/AE.

(44)  Féach Airteagail 50 agus 51 de AMLD6.

(45)  Féach Airteagal 40 de AMLD6.

(46)  Féach Airteagal 41(1)(e) de AMLD6.

(47)  Féach Airteagal 3(3)(k) de AMLR1.

(48)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).

(49)  Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

(50)  Féach Airteagal 15(4) de AMLR1.

(51)  Féach Airteagal 59 de AMLR1.

(52)  Airteagal 128(1) den Chonradh, an chéad abairt agus Airteagal 16 de Reacht CEBC, an chéad abairt.

(53)  Airteagal 128(1) den Chonradh, an tríú habairt agus Airteagal 16 de Reacht CEBC, an tríú habairt.

(54)  Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 391).

(55)  Féach Tuairim CON/2014/37; Tuairim CON/2017/18; agus Tuairim CON/2019/4.

(56)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, míreanna 69-70.

(57)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, mír 46.

(58)  Moladh 2010/191/AE ón gCoimisiún an 22 Márta 2010 maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dlíthairisceana nótaí bainc agus bonn euro (IO L 83, 30.3.2010, lch. 70).

(59)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, míreanna 46 go 49.

(60)  Féach breithiúnas ón gCúirt Breithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, mír 67.

(61)  Féach breithiúnas ón gCúirt Breithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, mír 78.

(62)  Féach mír 2.4 de Thuairim CON/2017/8, mír 2.1 de Thuairim CON/2019/41, mír 9.2.1 de Thuairim CON/2020/13, mír 2.3 de Thuairim CON/2020/21 agus mír 7.2.1 de Thuairim CON/2021/9.

(63)  Féach mír 2.7 de Thuairim CON/2017/8.

(64)  Féach breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 26 Eanáir 2021, Hessischer Rundfunk, cásanna comhpháirteacha C-422/19 agus C-423/19, ECLI:EU:C:2021:63, mír 77.

(65)  Féach Airteagal 63 (b) de AMLR1.

(66)  Féach Iarscríbhinn II de AMLR1.

(67)  Féach Airteagal 11(2)(c) de Threoir 2005/60/CE.

(68)  Féach Airteagal 3 de Threoir 2006/70/CE ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2006 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme le haghaidh Threoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú ar dhuine atá faoi lé na polaitíochta agus na critéir theicniúla maidir le nósanna imeachta simplithe díchill chuí do chustaiméirí agus díolúine ar fhorais gníomhaíochta airgeadais nach ndéantar ach ar bhonn ócáideach nó ar bhonn an-teoranta (IO L 214, 4.8.2006, lch. 29).

(69)  Féach Iarscríbhinn II, mír (1), pointe (b) de Threoir (AE) 2015/849.

(70)  Féach Airteagal 1(2)(d) de Threoir (AE) 2018/843.

(71)  Féach leathanach 130 de Mholtaí FATF. Le fáil ar shuíomh gréasáin FATF ag https://www.fatf-gafi.org/

(72)  Féach Airteagal 2(13) de AMLR1.

(73)  Féach Airteagal 2(3) de Rialachán MiCA atá beartaithe.