|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/210 |
4.2.2025 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/210 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Eanáir 2025
lena n-údaraítear an Spáinn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt i gcomhréir le Treoir 2003/96/CE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19(1), an chéad fhomhír di,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1491 ón gComhairle (2), údaraíodh an Spáinn ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024 maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad (‘leictreachas cois cladaigh’), i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. |
|
(2) |
I litir dar dáta an 27 Feabhra 2024, d’iarr an Spáinn údarú chun leanúint de ráta laghdaithe cánach leictreachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas cois cladaigh de bhun Airteagal 19 de Threoir 2003/96/CE. Thug údaráis na Spáinne faisnéis bhreise a bhaineann leis an iarraidh i litreacha dar dáta an 11, an 14 agus an 15 Deireadh Fómhair 2024. |
|
(3) |
Leis an ráta laghdaithe cánach a bhfuil sé beartaithe ag an Spáinn a chur i bhfeidhm, tá sé d’aidhm aici leanúint d’úsáid leictreachais cois cladaigh a chur chun cinn. Úsáid leictreachais den sórt sin, meastar gur bealach é atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol chun freastal ar riachtanais leictreachais soithí atá i mbeart i gcalafoirt ná na soithí sin a bheith ag dó breoslaí umair. |
|
(4) |
Sa mhéid go seachnaítear astaíochtaí truailleán aeir a eascraíonn as breoslaí umair a dhó le húsáid leictreachais cois cladaigh, rannchuidítear le cáilíocht aeir áitiúil i gcathracha calafoirt a fheabhsú agus torann a laghdú. Tá coinne leis go rannchuideoidh an beart, dá bhrí sin, le cuspóirí comhshaoil, sláinte agus beartas aeráide an Aontais. |
|
(5) |
Trí chead a thabhairt don Spáinn ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas cois cladaigh, ní théann an cead sin thar a bhfuil riachtanach chun úsáid an leictreachais sin a mhéadú, ós rud é go mbeidh giniúint an leictreachais ar bord mar rogha mhalartach níos iomaíche fós i bhformhór na gcásanna. Ar an gcúis chéanna, agus mar gheall gur íseal go leor é dul i bhfód na teicneolaíochta ar an margadh, ní dócha go mbeidh aon saobhadh mór ar an iomaíocht mar thoradh ar an mbeart sin le linn a thréimhse chur i bhfeidhm agus mar sin ní bheidh tionchar diúltach aige ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. |
|
(6) |
I gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoin bhforáil sin le bheith teoranta ó thaobh ama de. Chun a áirithiú go mbeidh an tréimhse údarúcháin fada go leor ionas nach díspreagadh a bheidh ann d’oibreoirí ábhartha eacnamaíocha na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh, is iomchuí an t-údarú a dheonú ar feadh thréimhse 4 bliana. Mar sin féin, ba cheart an t-údarú scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm aon fhoráil ghinearálta maidir le buntáistí cánach le haghaidh leictreachais cois cladaigh a ghlacfaidh an Chomhairle faoi Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh, i gcás ina ndéanfar forálacha den sórt sin infheidhme le linn thréimhse an údaraithe. |
|
(7) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar d’oibritheoirí calafoirt agus d’oibreoirí long agus chun aon chur isteach agus méadú féideartha ar an ualach riaracháin le haghaidh dáileoirí agus athdháileoirí leictreachais a sheachaint, ba cheart a áirithiú go bhféadfaidh an Spáinn leanúint de ráta laghdaithe cánachais a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas cois cladaigh. Ba cheart, dá bhrí sin, an t-údarú arna iarraidh a dheonú le héifeacht ón 1 Eanáir 2025, chun leanúint gan uaim de na réamhshocruithe faoi Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1491. |
|
(8) |
Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá an Spáinn údaraithe ráta laghdaithe cánach a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí, ar soithí nach árthaí príobháideacha áineasa iad, atá i mbeart i gcalafoirt, ar choinníoll go n-urramaítear na híosleibhéil chánachais dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 2003/96/CE.
Airteagal 2
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2028.
Mar sin féin, i gcás go ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh, córas modhnaithe ginearálta a thabhairt isteach lena ngearrfaí cáin ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas nach mbeadh an t-údarú arna dheonú in Airteagal 1 den Chinneadh seo comhoiriúnach leis, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an lá a thiocfaidh an córas modhnaithe ginearálta sin chun bheith infheidhme.
Airteagal 3
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 4
Is chuig Ríocht na Spáinne a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Eanáir 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1491 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena n-údaraítear an Spáinn ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le leictreachas a sholáthraítear go díreach do shoithí atá i mbeart i gcalafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE (IO L 252, 8.10.2018, lch. 40, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2018/1491/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/210/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)