|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/6765 |
26.11.2024 |
P9_TA(2024)0111
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a thabhairt i gcrích
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Feabhra 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir le Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte a thabhairt i gcrích (15048/2022 – C9-0051/2023 – 2022/0362(NLE))
(Toiliú)
(C/2024/6765)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15048/2022), |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Séiséal i ndáil le rochtain do shoithí iascaireachta na Séiséal ar uiscí Mayotte (15088/2022), |
|
— |
ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0051/2023), |
|
— |
ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0043/2024), |
|
1. |
ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe; |
|
2. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Séiséal. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6765/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)