28.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 267/33


P9_TA(2023)0025

Córas Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (ESA 2010)

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 agus lena n aisghairtear 11 ghníomh dlí i réimse na gcuntas náisiúnta (COM(2021)0776 – C9-0461/2021 – 2021/0407(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 267/08)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0776),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa (C9-0461/2021),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 25 Márta 2022 (1),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Samhain 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0202/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 218, 2.6.2022, lch. 2.


P9_TC1-COD(2021)0407

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 2 Feabhra 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach, agus lena n-aisghairtear 11 ghníomh dlí i réimse na gcuntas náisiúnta

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/734.)