European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1129

4.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1129 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Bealtaine 2025

lena n-iarrtar ar na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, glacadh leis na leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA77.17 agus a glacadh an 1 Meitheamh 2024

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a), fophointí (iii) agus (v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Márta 2022, le glacadh Chinneadh (AE) 2022/451 (2), d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais, maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005).

(2)

An 1 Meitheamh 2024, ag an 77ú seisiún den Chomhthionól Domhanda Sláinte (CDS), ghlac Comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) de chomhthoil na leasuithe éagsúla ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA77.17 (‘na leasuithe’) (3) agus a bhfuil sé d’aidhm acu éifeachtacht na Rialachán a neartú.

(3)

De bhun Airteagal 22 de Bhunreacht EDS, tá na leasuithe le teacht i bhfeidhm maidir le Comhaltaí uile EDS seachas na Comhaltaí sin a thug fógra don Ard-Stiúrthóir faoi dhiúltú nó faoi fhorchoimeádais laistigh den tréimhse a luaitear san fhógra maidir le glacadh na leasuithe sin.

(4)

Déanann an tAontas neartú na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005) agus a gcur chun feidhme éifeachtach a chur chun cinn.

(5)

Le blianta beaga anuas, tá a chreat slándála sláinte neartaithe go mór ag an Aontas go mór trí roinnt gníomhartha dlí a ghlacadh, go háirithe Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle (5) maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais.

(6)

Baineann líon suntasach de na leasuithe le hábhair a bhfuil inniúlacht ag an Aontas ina leith, ar bhonn Airteagal 168(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) arna léamh in éineacht le hAirteagal 6 agus Airteagal 168(1) CFAE, chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh agus ar ann do rialacha de chuid an Aontais ina leith, go háirithe i réimse na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte faoi Rialachán (AE) 2022/2371. Ina theannta sin, comhfhreagraíonn roinnt de na leasuithe do réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais i ndáil le frithbhearta leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a sholáthar, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2372, le cosaint na sláinte poiblí i gcás éigeandáil sláinte poiblí mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), le saorghluaiseacht daoine mar a leagtar síos i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), le cosaint shibhialta mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), nó le comhar um fhorbairt mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

(7)

Ní bhaineann an Cinneadh seo úsáid as an bhféidearthacht atá ag an Aontas a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú i ndáil le réimsí nach ann do rialacha de chuid an Aontais ina leith cheana féin. Leanann na Ballstáit de bheith inniúil maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis na leasuithe, a mhéid nach ndéanann na leasuithe difear do rialacha an Aontais ná nach n-athraíonn siad a raon feidhme, lena n-áirítear forbairtí intuartha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin amach anseo. Ina theannta sin, leanann na Ballstáit, agus iad féin amháin, de bheith freagrach as a mbeartas sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 168(7) CFAE. Ina theannta sin, ní chruthaítear oibleagáidí airgeadais breise do na Ballstáit leis an gCinneadh seo.

(8)

Níl aon cheann de na leasuithe contrártha do dhlí an Aontais agus, dá bhrí sin, ní gá forchoimeádais a dhéanamh i leith na leasuithe a thagann faoi inniúlacht an Aontais.

(9)

Níl an tAontas ina pháirtí sna Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005), toisc nach féidir ach le Stáit a bheith ina bPáirtithe iontu. Tá na Ballstáit uile ina bpáirtithe sna Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005).

(10)

Sna himthosca sin, agus i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, ba cheart inniúlacht an Aontais a fheidhmiú go seachtrach trí na Ballstáit a bheith ag gníomhú mar idirghabhálaithe. Chuige sin, ba cheart a iarraidh ar na Ballstáit glacadh, gan forchoimeádais, leis na leasuithe, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarrtar ar na Ballstáit glacadh, chun leas an Aontais, gan forchoimeádais, leis na leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rún WHA 77.17 a glacadh an 1 Meitheamh 2024, a mhéid a bhfuil comhrialacha glactha ag an Aontas ina leith maidir leis na hábhair a dtugtar aghaidh orthu sna leasuithe sin.

Tá téacs na leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. SIEKIERSKI


(1)  Toiliú ón 6 Bealtaine 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/451 ón gComhairle an 3 Márta 2022 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí, chomh maith le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) (IO L 92, 21.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/451/oj).

(3)  WHA77.17 – ‘Strengthening preparedness for and response to public health emergencies through targeted amendments to the International Health Regulations (2005)’, [WHA77.17 – Ullmhacht agus freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí a neartú trí leasuithe spriocdhírithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)] agus inrochtana ag https://apps.who.int/gb/ebwha/pdf_files/WHA77/A77_R17-en.pdf. Rinneadh na leasuithe, maille le roinnt ceartúchán eagarthóireachta, a scaipeadh a thuilleadh ar na Stáit is Páirtithe sna Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) trí chiorclán EDS C.L.40.2024 an 19 Meán Fómhair 2024. Léirítear na ceartúcháin eagarthóireachta sin freisin i dtéacs na leasuithe a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(4)  Rialachán (AE) 2022/2371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (IO L 314, 6.12.2022, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2371/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2022/2372 ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022 maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (IO L 314, 6.12.2022, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2372/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2022/123 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 maidir le ról atreisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach in ullmhacht agus bainistiú géarchéimeanna do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis (IO L 20, 31.1.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/123/oj).

(7)  Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh aistriú agus cur fúthu gan bhac laistigh de chríoch na mBallstát lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/38/oj).

(8)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/947/oj).


AISTRIÚCHÁN

Leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) a glacadh ag an 77ú Comhthionól Domhanda Sláinte trí bhíthin rún WHA77.17 (2024), is le líne faoi agus i gcló trom a léirítear an méid a cuireadh isteach agus is le líne tríd a léirítear an méid a scriosadh.

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4

Image 5

Image 6

Image 7

Image 8

Image 9

Image 10

Image 11

Image 12

Image 13

Image 14

Image 15

Image 16

Image 17

Image 18

Image 19

Image 20

Image 21

Image 22

Image 23

Image 24

Image 25

Image 26

Image 27

Image 28

Image 29

Image 30

Image 31


(1)  Chun críocha na forála seo, measfar go mbaineann an Suí Naofa agus Lichtinstéin le Réigiún Eorpach EDS, ar an tuiscint go bhfuil an socrú seo gan dochar dá stádas mar Stáit is Páirtithe sna Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005) nach Comhaltaí de EDS iad.

IARSCRÍBHINN 1

Image 32

Image 33

Image 34

Image 35

Image 36

Image 37


(1)  I gcás Stáit is Páirtithe ina bhfuil, mar gheall ar a struchtúr riaracháin, leibhéal Idirmheánach in easnamh nó nach bhfuil sé inaitheanta go soiléir, tuigfear go bhfuil na croí-acmhainneachtaí a liostaítear i bhfomhíreanna (a) go (e) den mhír seo á bhforbairt, á neartú nó á gcothabháil ar an leibhéal Áitiúil nó ar an leibhéal Náisiúnta, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na dlíthe agus leis an gcomhthéacs náisiúnta.

IARSCRÍBHINN 2

IONSTRAIM UM CHINNEADH MAIDIR LE MEASÚNÚ AGUS FÓGRA A THABHAIRT I NDÁIL LE TEAGMHAIS A D’FHÉADFADH A BHEITH INA N-ÉIGEANDÁIL SLÁINTE POIBLÍ ARB ÁBHAR IMNÍ AR LEIBHÉAL IDIRNÁISIÚNTA Í

Image 38

IARSCRÍBHINN 3

DEIMHNIÚ DÍOLÚINE CAIGHDEÁNACH RIALAITHE SLÁINTÍOCHTA LOINGE/DEIMHNIÚ RIALAITHE SLÁINTÍOCHTA LOINGE

Image 39

Image 40

Image 41

IARSCRÍBHINN 6

DEIMHNITHE MAIDIR LE VACSAÍNIÚ AGUS PROIFIOLACSAS AGUS DEIMHNITHE GAOLMHARA

Image 43

Image 44

Image 45

Image 46


(1)  Níl feidhm aige ach amháin maidir le deimhnithe a eisítear i bhformáid neamhdhigiteach.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1129/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)