|
3.6.2020 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 172/1 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (|AE) 2020/730 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Meitheamh 2020
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2017/1509 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle an 30 Lúnasa 2017 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 329/2007 (1), agus go háirithe Airteagal 47(5) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 30 Lúnasa 2017, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2017/1509. |
|
(2) |
An 11 Bealtaine 2020, nuashonraigh Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 1718 (2006) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, an fhaisnéis a bhaineann le heintiteas amháin atá faoi réir bearta sriantacha. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2017/1509 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meitheamh 2020.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. GRLIĆ RADMAN
IARSCRÍBHINN
I Rialachán (AE) 2017/1509, Iarscríbhinn XIII, Cuid (b) (“Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí”), cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 75:
|
“75. |
YUK TUNG ENERGY PTE LTD |
|
80 Raffles Place, #17-22 UOB Plaza, Singapore, 048624, Singapore |
30.3.2018 |
Bainisteoir na long agus bainisteoir tráchtála YUK TUNG, a rinne táirgí peitriliam scagtha a aistriú ó long go long.” |