|
2.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 151/62 |
CINNEADH (AE) 2022/863 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Bealtaine 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste AE-CTC arna bhunú le Coinbhinsiún an 20 Bealtaine 1987 maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach a mhéid a bhaineann le leasuithe ar an gCoinbhinsiún sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Coinbhinsiún maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (“an Coinbhinsiún”) (1) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 87/415/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1988. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 15(3), pointe (a), den Choinbhinsiún, féadfaidh an Comhchoiste arna bhunú de bhun Airteagal 14(1) den Choinbhinsiún (“an Comhchoiste AE-CTC”), trí bhíthin cinntí, leasuithe ar na Foscríbhinní a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ghlacadh. |
|
(3) |
Go luath in 2022, tá an Comhchoiste AE-CTC le Cinneadh a ghlacadh maidir leis an leasú ar Fhoscríbhinní I, IIIa agus IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste AE-CTC a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gCinneadh san Aontas. Ós rud é nach dtagann Comhchoiste AE-CTC le chéile ach uair sa bhliain de ghnáth, is iomchuí go gceadófaí seasamh an Aontais a chur in iúl ag cruinniú atá le teacht nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn. |
|
(5) |
Rinneadh Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3) agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4) a leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/234 ón gCoimisiún (5), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/235 ón gCoimisiún, (6)faoi seach. Leis na hIarscríbhinní sin, leagtar síos na comhcheanglais sonraí, na formáidí agus na cóid le haghaidh an dearbhaithe maidir le hidirthuras, chun na heilimintí coiteanna sonraí a comhchuibhiú níos fearr chun faisnéis a stóráil agus chun í a mhalartú idir údaráis chustaim, agus idir údaráis chustaim agus oibreoirí eacnamaíocha. Bhí gá leis na leasuithe sin chun idir-inoibritheacht a áirithiú idir na córais leictreonacha chustaim a úsáidtear le haghaidh na gcineálacha éagsúla dearbhuithe agus fógraí. Dá bhrí sin, maidir le Foscríbhinn IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún, foscríbhinn is macasamhail d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, ba cheart an Fhoscríbhinn sin a leasú dá réir. |
|
(6) |
Is gá míreanna agus ranna a athuimhriú chun na leasuithe ar Aguisín IIIa a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart tagairtí d‘Fhoscríbhinn IIIa atá i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a ailíniú leis an uimhriú nua. |
|
(7) |
Le Foscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún leagtar amach na rialacha maidir le cúnamh frithpháirteach le haghaidh éilimh a aisghabháil. Tá na rialacha sin tábhachtach toisc go dtugann siad coimirce do leasanna airgeadais na dtíortha comhchoiteanna idirthurais, do leasanna airgeadais an Aontais, agus do leasanna airgeadais na mBallstát. Ba cheart na rialacha sin a athbhreithniú chun iad a ailíniú le rialacha an Aontais faoi seach, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú den Chomhchoiste AE-CTC a thionólfar amach anseo nó trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn sa Chomhchoiste AE-CTC, bunófar an seasamh sin ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste AE-CTC atá i gceangal leis an gCinneadh seo (7).
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO L 226, 13.8.1987, lch. 2.
(2) Cinneadh 87/415/CEE ón gComhairle an 15 Meitheamh 1987 a bhaineann le tabhairt i gcrích Coinbhinsiúin idir an Comhphobal Eorpach, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Fionlainne, Poblacht na hÍoslainne, Ríocht na hIorua, Ríocht na Sualainne agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le nós imeachta comhchoiteann um earraí faoi bhealach (IO L 226, 13.8.1987, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/234 ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 a mhéid a bhaineann le comhcheanglais sonraí, agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 a mhéid a bhaineann leis na cóid atá le húsáid i bhfoirmeacha áirithe (IO L 63, 23.2.2021, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/235 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 maidir le formáidí agus cóid na gcomhcheanglas sonraí, rialacha áirithe maidir le faireachas agus leis an oifig inniúil custaim lena gcuirtear earraí faoi nós imeachta custaim (IO L 63, 23.2.2021, lch. 386).
(7) Féach doiciméad ST 7680/22 ADD 1 ar http://register.consilium.europa.eu.