5.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 161/28


P9_TA(2022)0382

Airgeadas digiteach: Treoir leasaitheach maidir le ceanglais Athléimneachta Digití Oibríochtúla

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Samhain 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/43/CE, Treoir 2009/65/CE, Treoir 2009/138/CE, Treoir 2011/61/AE, Treoir 2013/36/AE, Treoir 2014/65/AE, Treoir (AE) 2015/2366 agus Treoir (AE) 2016/2341 (COM(2020)0596 – C9-0303/2020 – 2020/0268(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 161/09)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0596),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 53(1) agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0303/2020),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Meitheamh 2021 (1),

—

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Feabhra 2021 (2),

—

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0340/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.

ag moladh go ndéanfaí an gníomh a ghairm mar “Treoir DORA”;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 343, 26.8.2021, lch. 1.

(2)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 38.


P9_TC1-COD(2020)0268

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Samhain 2022 d’fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE, 2014/65/AE, (AE) 2015/2366 agus (AE) 2016/2341 a mhéid a bhaineann le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil le haghaidh na hearnála airgeadais

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2022/2556.)