European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4334

30.7.2025

Fógra le haghaidh na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle lena nuashonraítear liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas a chumhdaítear le Comhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

(C/2025/4334)

Dírítear aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas thuasluaite a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2025/1577 ón gComhairle (1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 ón gComhairle (2) an 29 Iúil 2025 ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur bailí fós iad na cúiseanna lena n-áireamh ar an liosta de dhaoine, grúpaí agus eintitis a chumhdaítear leis na bearta in Airteagail 2 agus 3 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle (3) an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus i Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (4) an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Dá bhrí sin, tá cinnte ag an gComhairle na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a choinneáil ar an liosta.

Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 foráiltear gur féidir gach ciste, gach sócmhainn airgeadais, agus gach acmhainn eacnamaíoch eile dá bhfuil ag na daoine, na grúpaí, agus na heintitis sin a reo, agus nach ceadmhach aon chistí, sócmhainní airgeadais ná acmhainní eacnamaíocha eile a chur ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach.

Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán d’fhonn údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.

Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann iarraidh a chur isteach chun ráiteas ar chúiseanna a bhfuiltear fós á n-áireamh nó á gcoinneáil ar an liosta thuasluaite a fháil ón gComhairle (murab é gur cuireadh an ráiteas ar chúiseanna sin ar fáil cheana féin dóibh). Is ceart aon iarraidh mar sin a chur chuig an seoladh seo:

Comhairle an Aontais Eorpaigh (Faoi chúram: ainmníochtaí COMET)

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine, na grúpaí agus na heintitis lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I dtaca leis sin, tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar an liosta de réir Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES. Chun gur féidir iarrataí a mheas faoin gcéad athbhreithniú eile, ní mór iad a thíolacadh faoin 22 Meán Fómhair 2025.

Tugtar ar aird na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas lena mbaineann gur féidir agóid a thabhairt os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh in aghaidh a n-ainmnithe, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 263(4) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L, 2025/1577, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1577/oj.

(2)   IO L, 2025/1578, 30.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1578/oj.

(3)   IO L 344, 28.12.2001, lch. 93.

(4)   IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4334/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)