|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1146 |
5.6.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/1146 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Bealtaine 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stáit an Chalafoirt, le linn na tréimhse 2025-2029
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Síníodh Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (‘Meabhrán Comhthuisceana Pháras’) i bPáras an 26 Eanáir 1982 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1982. Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (‘PSCC’) a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a leagan síos, óir féadann a chinntí tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíochta an Aontais, mar atá Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) mar shampla tríd an ngealltanas cigireachta a bhunú agus, chomh maith leis sin, tríd na meánrátaí easnaimh agus coinneála a bhunú, rátaí a úsáidtear sa phróifíl riosca loinge chun soithí a roghnú le haghaidh cigireachta, agus trí nuashonrú a dhéanamh ar threoracha agus ar threoirlínte le haghaidh na gcigirí a dhéanann na cigireachtaí. |
|
(2) |
Le Treoir 2009/16/CE leagtar amach córas dlí an Aontais maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt agus déantar athfhoirmliú agus atreisiú ar an reachtaíocht a bhí roimhe seo ag an Aontas sa réimse sin, reachtaíocht atá i bhfeidhm ó 1995 i leith. Tá córas dlí an Aontais maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt bunaithe ar Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. I dtaca le Ballstáit an Aontais, le Treoir 2009/16/CE tugtar nósanna imeachta, uirlisí agus gníomhaíochtaí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, go héifeachtach, faoi raon feidhme dhlí an Aontais. |
|
(3) |
Tagann an Coiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras le chéile go bliantúil. I rith na gcruinnithe a bhíonn aige, déanann sé cinntí i leith saincheisteanna áirithe a mbíonn éifeacht dlí acu. |
|
(4) |
Toisc go bhfágann rialacha inmheánacha Mheabhrán Comhthuisceana Pháras gur deacair seasamh a bhunú go tráthúil le haghaidh gach cruinniú bliantúil PSCC, ar seasamh é atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar sin, is éifeachtúil sa chás seo an seasamh sin a bhunú ar bhonn ilbhliantúil, arb é a bheidh ann treoirphrionsabail agus treoshuíomhanna, mar aon le creat dá shonraíocht ó bhliain go bliain. Thairis sin, baineann formhór na n-ábhar a phléitear ag cruinnithe bliantúla PSCC le hábhair a bhaineann le rialú Stáit ar chalafoirt agus cumhdaítear iad go ginearálta le gníomh dlíthiúil aonair de chuid an Aontais, eadhon Treoir 2009/16/CE. Sna himthosca ar leith a bhfuil feidhm acu maidir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, is féidir, dá bhrí sin, seasamh ginearálta atá le glacadh a bhunú thar ceann an Aontais le haghaidh roinnt de chruinnithe PSCC. |
|
(5) |
Ní comhalta é an tAontas Eorpach de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Ní mór don Chomhairle, dá bhrí sin, a údarú do na Ballstáit ar comhaltaí iad de Mheabhrán Tuisceana Pháras gníomhú i gcomhréir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais agus a chur in iúl go dtoilíonn siad a bheith faoi cheangal na gcinntí a ghlacfaidh PSCC. |
|
(6) |
Tá an-tábhacht ag roinnt le pléití teicniúla agus le comhar teicniúil le comhaltaí tríú tíortha de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras i dtionól PSCC chun éifeachtacht agus dea-fheidhmiú Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a áirithiú. |
|
(7) |
Ba cheart an Cinneadh seo an tréimhse 2025-2029 a chumhdach. |
|
(8) |
Ba cheart do na Ballstáit ar comhaltaí iad de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras seasamh an Aontais a chur in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leasa an Aontais, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcruinnithe bliantúla an Choiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (‘Meabhrán Comhthuisceana Pháras’) le linn na tréimhse 2025-2029, tréimhse ar lena linn a n-iarrfar ar an gCoiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt cinntí a ghlacadh a mbeidh éifeacht dlí acu.
Airteagal 2
In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo tá sonraíocht ar an seasamh atá le glacadh ó bhliain go bliain thar ceann an Aontais i gcruinnithe bliantúla an Choiste um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, le linn na tréimhse 2025-2029.
Airteagal 3
Ag gníomhú go comhpháirteach dóibh, déanfaidh Ballstáit an Aontais ar comhaltaí iad de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur in iúl.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2029.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Bealtaine 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/16/oj).
IARSCRÍBHINN I
An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i Meabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt
TREOIRPHRIONSABAIL
Faoi chuimsiú Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt, déanfaidh na Ballstáit sin atá faoi cheangal ag Meabhrán Comhthuisceana Pháras an méid seo a leanas, thar ceann an Aontais:
|
(a) |
gníomhóidh siad i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2009/16/CE, go háirithe chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí, ar chosc an truaillithe, agus ar na dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge trí na Coinbhinsiúin agus na cóid idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm go dian chun an líon long atá faoi bhun an chaighdeáin a laghdú go suntasach; |
|
(b) |
cuirfidh siad chun cinn cur chun feidhme cur chuige comhchuibhithe i measc na gcomhaltaí de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, ar ina leith a dhéanfar na caighdeáin idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú go héifeachtach i gcás longa ar uiscí atá faoina ndlínse féin agus atá ag úsáid a gcuid calafort; |
|
(c) |
rachaidh siad i mbun oibre laistigh de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras chun scéim chuimsitheach a bhaint amach mar aon le cóir-roinnt an ualaigh, go háirithe tríd an ngealltanas a ghlacadh cigireacht bhliantúil a dhéanamh, gealltanas arna tharraingt suas i gcomhréir leis an modheolaíocht chomhaontaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn 11 a ghabhann le Meabhrán Comhthuisceana Pháras; |
|
(d) |
áiritheoidh siad go mbeidh gach beart a ghlacfar laistigh de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, agus go háirithe leis na Coinbhinsiúin agus leis na cóid idirnáisiúnta a bhaineann leis an tsábháilteacht mhuirí, le cosc an truaillithe, agus leis na dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge; |
|
(e) |
cuirfidh siad chun cinn forbairt na gcineálacha éagsúla cur chuige coiteann i dteannta comhlachtaí eile atá i mbun rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt; |
|
(f) |
áiritheoidh siad go mbeidh comhleanúnachas ann le beartais eile de chuid an Aontais, go háirithe sa chaidreamh seachtrach, an tslándáil, agus an comhshaol freisin. |
TREOIRLÍNTE
Chun feidhmiú rianúil chóras an Aontais maidir le rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a áirithiú ó bhliain go bliain i gcomhréir le Treoir 2009/16/CE, féachfaidh na Ballstáit atá faoi cheangal ag Meabhrán Comhthuisceana Pháras le tacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí seo a leanas uaidh:
|
1. |
Glacadh na ngnéithe seo a leanas den phróifíl riosca loinge a úsáidtear chun a dhéanamh amach cé na soithí a ndéanfar cigireacht orthu:
|
|
2. |
Glacadh aon athruithe nó nuashonruithe ar nósanna imeachta agus ar threoirlínte Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a bhfuil éifeacht dlí acu, atá i gcomhréir le cuspóirí Threoir 2009/16/CE, go háirithe chun feabhas a chur ar an tsábháilteacht mhuirí, ar chosc an truaillithe, agus ar na dálaí maireachtála agus oibre ar bord loinge. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 801/2010 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2010 lena gcuirtear Airteagal 10(3) de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le critéir an Stáit brataí (IO L 241, 14.9.2010, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 802/2010 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2010 lena gcuirtear Airteagal 10(3) agus Airteagal 27 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme a mhéid a bhaineann le feidhmíocht na gcuideachtaí (IO L 241, 14.9.2010, lch. 4).
IARSCRÍBHINN II
Sonraíochtaí ó bhliain go bliain ar an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt
Roimh gach cruinniú bliantúil den Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt a bunaíodh de bhun Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um Rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt, tabharfar na céimeanna is gá ionas go n-áireofar sa seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais gach faisnéis ábhartha arna seoladh chuig an gCoimisiún chomh maith le haon doiciméad atá le plé ag an gcruinniú maidir le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais i gcomhréir leis na treoirphrionsabail agus na treoirlínte a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Dá réir sin agus ar bhonn na faisnéise sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle, lena phlé agus lena fhormheas, doiciméad ullmhúcháin ina leagfar amach sonraí an tseasaimh atá beartaithe atá le glacadh thar ceann an Aontais, in am trátha roimh an gcruinniú den Choiste um rialú arna dhéanamh ag stát an chalafoirt.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1146/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)