An Bhruiséil,28.10.2024

COM(2024) 507 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais agus inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach sin

Staid amhail an 31 Nollaig 2023


Clár Ábhar

1.Réamhrá

2.Anailís ar fhoinsí éagsúla na ndliteanas teagmhasach

2.1Ráthaíochtaí buiséadacha

2.2Iasachtaí arna soláthar le haghaidh cúnamh airgeadais do thríú tíortha

2.3Iasachtaí lamháil‐bhunaithe

2.4Forbhreathnú ar dhliteanais theagmhasacha ag deireadh 2023

3.Measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht dhliteanais theagmhasacha an Aontais

3.1Creat measúnaithe

3.2Measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach arna soláthar

3.3Measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach lamháil‑bhunaithe

4.Conclúidí

5.Iarscríbhinní:

Inbhuanaitheacht agus lamháil i dtaca le huasteorainn bhuan na n‑acmhainní dílse

Inbhuanaitheacht agus lamháil i dtaca le huasteorainn shealadach na n‑acmhainní dílse

1.Réamhrá

Eisítear an tuarascáil seo i gcomhréir le ceanglais Airteagal 256 den Rialachán Airgeadais 1 agus ba cheart é a léamh i gcomhar leis an méid a leanas:

·doiciméad oibre XI, a ghabhann le dréachtbhuiséad an Aontais don bhliain airgeadais 2025 2 agus ina soláthraítear faisnéis mhionsonraithe faoi ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais (Tuarascáil Airteagal 41(5)) 3 ; agus

·an tuarascáil réamhaisnéise fadtéarmaí maidir le hinsreafaí agus le heis‑sreafaí bhuiséad an Aontais Eorpaigh amach anseo, ina dtugtar réamh-mheastacháin i dtaca leis an acmhainneacht airgeadais atá ar fáil ag an Aontas in 2025‑2029 nuair a chuirtear an caiteachas buiséadach atá beartaithe san áireamh 4 .

Is é is cuspóir don tuarascáil seo forbhreathnú a sholáthar ar mhéid agus ar chomhdhéanamh na ndliteanas teagmhasach – dliteanais theagmhasacha arna soláthar 5 agus dliteanais theagmhasacha lamháil-bhunaithe araon – arna n-íoc ó bhuiséad an Aontais ón 31 Nollaig 2023 ar aghaidh. Is éard is dliteanais theagmhasacha ann dliteanais airgeadais fhéideartha a eascraíonn as gealltanais cheangailteacha atá ann cheana nó ó theagmhais roimhe seo 6 . Braitheann cé acu a bheidh nó nach mbeidh glaonna iarbhír ar bhuiséad an Aontais mar thoradh ar na dliteanais theagmhasacha seo, agus méid aon ghlao den sórt sin, ar theagmhais amach anseo nach féidir a thuar ex ante.

Ag deireadh 2023, bhí buiséad an Aontais neamhchosanta ar dhliteanais theagmhasacha dar luach os cionn EUR 255 bhilliún (EUR 206 bhilliún ag deireadh 2022) a bhain le hiasachtaí a deonaíodh do Bhallstáit (EUR 221 bhilliún) agus do thríú tíortha (EUR 34 bhilliún), agus os cionn EUR 108 bhilliún (EUR 106 billiún ag deireadh 2022) a bhain le ráthaíochtaí buiséadacha a soláthraíodh i gcomhthéacs an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) 7 , InvestEU 8 , Shainordú Iasachtaithe Sheachtraigh BEI 9 , an Chiste Eorpaigh um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI) 10 , agus CEFI+ 11 . Tá an treocht in airde maidir leis an méid dliteanas teagmhasach tar éis moilliú, agus bhí méadú 16 % ann in 2023 i gcomparáid le méadú 40 % a chonacthas in 2022.

Tagann formhór an mhéadaithe sin ó eisíocaíochtaí iasachta breise le Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (STA) 12 agus ón tacaíocht airgeadais urghnách don Úcráin (tríd an Ionstraim Cúnaimh Macrairgeadais (MFA+)) 13 .

Cuirtear i láthair sa tuarascáil seo freisin measúnú ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach na ndliteanas teagmhasach bunaithe ar thosca cáilíochtúla agus cainníochtúla araon, lena n-áirítear tástáil struis. Déantar an measúnú seo ar inbhuanaitheacht trí dhliteanais theagmhasacha a chur i gcomparáid le:

·margadhluach na soláthairtí atá ann cheana atá in urranna an Chiste don Soláthar Coiteann 14 a bhunaigh an Coimisiún le haghaidh dliteanais theagmhasacha arna soláthar, i.e. iad sin a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha;

·teorainneacha uasteorainn na n-acmhainní dílse agus an lamháil atá ar fáil do dhliteanais theagmhasacha lamháil-bhunaithe.

Is é príomhchonclúid na hanailíse inbhuanaitheachta ag deireadh 2023 go bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag buiséad an Aontais Eorpaigh chun déileáil leis na dliteanais theagmhasacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

·Maidir le dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha, tá an soláthar a bhí ar fáil ag deireadh 2023 leordhóthanach agus ceanglais na gcreataí dlíthiúla faoi seach á gcur san áireamh 15 .

·Is leor acmhainneacht airgeadais an Aontais faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana (i.e. an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse 16 agus an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 (CAI) 17 ) ag deireadh 2023 chun oibleagáidí reatha an Aontais maidir le cláir chaiteachais agus margaí airgeadais araon (i gcás fiachas a eisítear faoi chláir chúnaimh airgeadais do Bhallstáit agus d’ionstraim MFA+) a chumhdach - fiú in imthosca an-díobhálach. I bhfocail eile, tá lear acmhainní ag an lamháil chun stóinseacht chóras airgeadais an Aontais agus a acmhainneacht creidmheasa a áirithiú fiú i gcás an-diúltach ina measctar drochthionchair i ndálaí eacnamaíocha, ioncam agus caiteachas.

Cuirtear bainistíocht agus faireachán na rioscaí a eascraíonn as dliteanais theagmhasacha i bhfeidhm trí chreat cothrománach tras-Choimisiúin lena n-áirítear bearta agus coimircí fairsinge is féidir leis an gCoimisiún a úsáid chun buiséad an Aontais a chosaint ar chaillteanais fhéideartha a eascraíonn as dliteanais theagmhasacha 18 . Tá ról tábhachtach ag an gCoiste Stiúrtha um Dhliteanais Theagmhasacha 19 sa chreat sin. In 2023, tháinig an Coiste Stiúrtha um Dhliteanais Theagmhasacha le chéile ceithre huaire chun, inter alia, measúnú a dhéanamh ar an éabhlóid maidir le méid agus próifíl riosca na neamhchosaintí ar an Meánoirthear agus ar an Úcráin. I ndáil leis an Úcráin, bhí an Coiste Stiúrtha um Dhliteanais Theagmhasacha ina ardán chun an próiseas athbhreithnithe a ullmhú maidir le leordhóthanacht ráta soláthair na ndliteanas sonrach maidir leis an Úcráin (mar a leagtar síos in Airteagal 13 de ‘Chinneadh MFA II’ 20 ).

Mapáiltear leis an tuarascáil seo na trí chatagóir éagsúla de dhliteanais theagmhasacha (ráthaíochtaí buiséadacha, iasachtaí arna soláthar do thríú tíortha, agus iasachtaí bunaithe ar an lamháil), agus soláthraítear léi ansin measúnú ar a n-inbhuanaitheacht in aghaidh fhoinsí ábhartha an chumhdaigh bhuiséadaigh.

2.Anailís ar fhoinsí éagsúla na ndliteanas teagmhasach 

2.1Ráthaíochtaí buiséadacha 

Is ráthaíochtaí iad ráthaíochtaí buiséadacha a sholáthraítear do chomhpháirtithe cur chun feidhme éagsúla faoi shainorduithe SIS (Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh), CEIS, CEFI, InvestEU agus CEFI+. Faoi na hionstraimí sin uile, soláthraíonn an tAontas Eorpach ráthaíochtaí do chomhpháirtithe cur chun feidhme 21 chun sciar de chaillteanais agus de chostais fhéideartha 22 a eascraíonn as a n-oibríochtaí maoinithe agus infheistíochta (i.e. oibríochtaí fiachais nó cothromais) a chumhdach.

Tá fócas geografach éagsúil ag na cúig chlár ráthaíochta a mbíonn tionchar acu ar na rioscaí a bhaineann leo. Cuidíonn CEIS agus InvestEU le bearnaí infheistíochta laistigh den Aontas Eorpach a shárú. Tá SIS, CEFI agus CEFI+ mar chuid de bheartais sheachtracha an Aontais Eorpaigh agus tacaíonn siad le hinfheistíocht i dtríú tíortha (le SIS agus Fuinneog Infheistíochta 1 CEFI+, agus iad ag díriú go príomha ar chontrapháirtithe ceannasacha, agus le hAiltireacht Oscailte CEFI agus CEFI+ agus Fuinneog Infheistíochta 4, dírítear go príomha ar oibríochtaí príobháideacha).

a) Ráthaíochtaí buiséadacha chun tacú le hinfheistíocht lasmuigh den Aontas

Is í an ráthaíocht bhuiséadach is sine an ceann a chuirtear ar fáil faoi SIS. Is é is bunchuspóir di cur le cumas an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) oibríochtaí maoinithe a dhéanamh i dtimpeallachtaí níos rioscúla lasmuigh den Aontas i réimsí amhail forbairt san earnáil phríobháideach áitiúil agus forbairt sa bhonneagar socheacnamaíoch.

In 2017, cuireadh an ráthaíocht CEFI i bhfeidhm chun tacú le hinfheistíochtaí agus chun feabhas a chur ar rochtain ar mhaoiniú - go príomha san Afraic agus sna tíortha comharsanachta - agus chun cuidiú leis na tíortha sin Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Trí thógáil ar thaithí SIS agus CEFI, cuireadh CEFI+ ar bun don tréimhse CAI 2021-2027 mar phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainn mhaoinithe don Afraic fho-Shahárach, don Áise agus do Réigiún an Aigéin Chiúin, do Mheiriceá Laidineach, don Mhuir Chairib agus do na tíortha comharsanachta agus do thíortha an mhéadaithe i réimsí amhail (i) laghdú ar neamhionannais shocheacnamaíocha; (ii) fás inbhuanaithe agus cuimsitheach; (iii) maolú ar an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide; (iv) cosaint agus bainistíocht chomhshaoil; agus (v) cruthú post.

b) Ráthaíochtaí buiséadacha chun tacú le hinfheistíocht laistigh den Aontas

In 2015, seoladh CEIS chun fadhb na hinfheistíochta príobháidí maolaithe fada san Aontas a réiteach tar éis na géarchéime airgeadais. Is i bhfoirm ráthaíocht bhuiséadach EUR 26 bhilliún ó bhuiséad an Aontais do Ghrúpa BEI atá sé, ráthaíocht a fhorlíontar le leithdháileadh ó acmhainní dílse BEI de EUR 7.5 billiún.

Faoi CAI 2021-2027, cuirtear sa chlár InvestEU na gníomhaíochtaí a rinneadh roimhe sin faoi CEIS agus faoi roinnt ionstraimí airgeadais eile faoin mbratach chéanna. Tá rochtain tugtha aige freisin do chomhpháirtithe cur chun feidhme seachas Grúpa BEI ar 25 % de ráthaíocht iomlán an Aontais. Is é is aidhm don chlár InvestEU borradh breise faoi infheistíochtaí a áirithiú arb iad infheistíochtaí a chothaíonn téarnamh eacnamaíoch, athléimneacht, fás glas agus fostaíocht san Aontas le linn na tréimhse 2021-2027. Féachtar leis an sprioc sin a bhaint amach trí fhoinsí maoinithe phoiblí agus phríobháidigh a shlógadh, chun cistiú fadtéarmach agus tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí agus do thionscadail i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais sa chomhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta dúshlánach atá ann faoi láthair.

Tá na cúig chlár ráthaíochta buiséadaí éagsúil i leith roinnt gnéithe, lena n-áirítear a gcéimeanna difriúla maidir le cur chun feidhme. Cé go bhfuil cuntas teiste fada ag SIS (a tháinig ar an bhfód in 1977), tháinig deireadh le tréimhse bhunreachta CEIS in 2022 agus tiocfaidh deireadh le tréimhse bhunreachta CEFI in 2024. An tráth céanna, níor cuireadh tús le céim infheistíochta InvestEU agus CEFI+ go dtí le déanaí. Léirítear na céimeanna éagsúla cur chun feidhme sin maidir leis na cúig chlár ráthaíochta buiséadaí sa tábla thíos, ina dtaispeántar gur cuireadh síniú le hoibríochtaí ina bhfuil gá le méid iomlán ráthaíocht SIS agus beagnach méid iomlán CEIS, agus go bhfuil cuid mhór den tacaíocht a ráthaítear leis na hionstraimí sin eisíoctha. Os a choinne sin, tá CEFI+ agus InvestEU ag céim i bhfad níos luaithe maidir lena ndul chun cinn.

Tábla1: Staid imeartha na ráthaíochtaí buiséadacha (an 31 Nollaig 2023) (milliún EUR)(*)

An ráthaíocht a bhí ar fáil arna síniú le contrapháirteanna

An ráthaíocht a bhí ar fáil i dtaca le hoibríochtaí arna síniú ag contrapháirteanna

An ráthaíocht a bhí ar fáil i dtaca le hoibríochtaí arna síniú ag contrapháirtithe agus arna heisíoc

CEIS

25 591

23 635

21 551

CEFI

1 077

548

478

SIS

27 729

27 729

19 856

InvestEU

25 767

6 592

1 433

CEFI+

28 115

7 660

634

Iomlán

108 279

66 164

43 952

(*)  Léirítear leis an ráthaíocht arna síniú le contrapháirtithe méid na ráthaíochta a deonaíodh don chomhpháirtí cur chun feidhme trí shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta. Áirítear leis an ráthaíocht i dtaca le hoibríochtaí arna síniú ag contrapháirtithe méideanna na ráthaíochta in oibríochtaí uile arna síniú ag na contrapháirtithe leis na faighteoirí/na hidirghabhálaithe airgeadais deiridh. Áirítear leis an ráthaíocht i dtaca le hoibríochtaí arna síniú agus arna heisíoc méideanna na n-oibríochtaí a eisíocadh ón gcontrapháirtí leis an bhfaighteoir / na hidirghabhálaithe deiridh

Déantar achoimre ar éagsúlachtaí móra eile idir na cláir ráthaíochta sna pointí urchair thíos:

·Cuireann SIS dhá chineál táirge ar fáil (iasacht cheannasach dhíreach go príomha agus iasacht phríobháideach freisin go pointe teoranta) agus tá sé á oibriú ag BEI ar bhonn eisiach 23 .

·Tá CEIS struchtúrtha ina dhá ionú (ionú Bonneagair agus Nuálaíochta agus ionú FBM agus táirgí éagsúla á gcur chun feidhme faoin dá ionú) agus tá comhpháirtí cur chun feidhme eisiach amháin á úsáid aige freisin, is é sin Grúpa BEI.

·Tá CEFI á chur chun feidhme ag 10 gcontrapháirtí a chuireann táirgí airgeadais éagsúla a bhfuil leibhéil éagsúla riosca acu in úsáid, agus a infheistíonn i gcúig phríomhearnáil: i.e. gnólachtaí beaga a mhaoiniú; fuinneamh agus nascacht inbhuanaithe; maoiniú in airgeadra áitiúil; digitiú; agus cathracha inbhuanaithe.

·Tá na ráthaíochtaí buiséadacha nua amhail InvestEU agus CEFI+ bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ráthaíochtaí níos sine agus ag a bhfuil gnéithe cosúil leis na ráthaíochtaí níos sine. Mar sin féin, tá líon níos mó comhpháirtithe cur chun feidhme (‘ailtireacht oscailte’) agus éagsúlacht níos leithne táirgí ag InvestEU agus CEFI+ araon.

2.2Iasachtaí arna soláthar le haghaidh cúnamh airgeadais do thríú tíortha 

Eascraíonn na dliteanais theagmhasacha faoin gceannteideal seo as cúnamh airgeadais a sholáthraítear i bhfoirm iasachtaí faoin gclár Cúnamh Macrairgeadais (MFA) 24 agus iasachtaí Euratom do thríú tíortha 25 .

Is i gcomhthéacs chlár MFA go príomha a tugadh tacaíocht airgeadais do thríú tíortha i bhfoirm iasachtaí déthaobhacha ón Aontas, clár ina ndírítear ar thíortha lasmuigh den Aontas ina bhfuil géarchéim maidir le comhardú na n-íocaíochtaí. In 2023, eisíocadh iasachtaí nua MFA dar luach EUR 18.3 billiún 26 . Tugadh cuntas ar EUR 18 mbilliún den mhéid sin le hiasachtaí MFA+ don Úcráin atá bunaithe ar an lamháil.

Chomh maith le MFA do cheannasaithe tríú tír, tá iasachtaí Euratom dar luach EUR 300 milliún a soláthraíodh do chlár fuinnimh núicléach na hÚcráine fós gan íoc.

Tábla 2: Méideanna gan íoc i ndáil le hiasachtaí do thríú tíortha (amhail an 31 Nollaig 2023) (EUR milliún)

Iasachtaí gan íoc

Ús fabhraithe

Iomlán

MFA(*)

15 193

150

15 343

Euratom

300

1

301

Iomlán

15 493

151

15 644

(*) Gan iasachtaí MFA+ a áireamh (bunaithe ar an lamháil)

De ghnáth, cistítear iasachtaí do thríú tíortha (cé is moite d’iasachtaí MFA+ ) trí oibríochtaí ‘droim le droim’ chun iasacht a fháil, i.e. cistítear gach iasacht le banna comhfhreagrach an Aontais a thagann go hiomlán le hiasacht an Aontais ó thaobh aibíochta, ráta úis agus sceideal aisíocaíochta de. Níl infheisteoirí i mbannaí an Aontais neamhchosanta ach amháin do riosca creidmheasa an Aontais agus ní do riosca creidmheasa na tíre deiridh is tairbhí. Tá dliteanas an Aontais teagmhasach toisc go bhfuil oibleagáid chonarthach ar an tír is tairbhí an sreabhadh ioncaim a sholáthar chun bannaí an Aontais a aisíoc. I bprionsabal, níl aon eis-sreabhadh acmhainní ón Aontas beartaithe chun fiachas an Aontais a ghlanadh.

Mar theagmhas, áfach, sa chás nach n-aisíocann an tír is tairbhí ús nó príomhshuim ar an iasacht a fuarthas, cuireann buiséad an Aontais soláthairtí i leataobh le haghaidh na n-iasachtaí sin. De ghnáth, coinnítear 9 % de luach na n-iasachtaí mar sholáthairtí le haghaidh iasachtaí MFA nó Euratom do thríú tíortha in urranna tiomnaithe sa chiste don soláthar coiteann. Ós rud é gur caolseans é go dtarlódh caillteanais in dhá iasacht MFA nó níos mó san am céanna , neartaíonn comhthiomsú soláthairtí acmhainneacht bhuiséad an Aontais caillteanais a ionsú trí éifeacht an éagsúlaithe sin. Pléitear leibhéil an tsoláthair in aghaidh na n-iasachtaí sin i roinn 3.2 a thuilleadh.

Dá bhrí sin, tá na méideanna aisíocaíochta a thuairiscítear i dTábla 3 le tuiscint mar na huasmhéideanna intuartha a d’fhéadfadh a bheith glaoite in aghaidh soláthairtí le linn na mblianta 2024-2029.

Tábla 3: Sceideal aisíocaíochta bliantúil d’iasachtaí gan íoc do thríú tíortha (príomhshuim + ús) faoi na cláir atá ann cheana do na blianta 2024-2029 (an 31 Nollaig 2023)
(milliún EUR)

Bliain

Euratom

MFA

Gach clár

2024

1

877

878

2025

1

261

262

2026

1

378

379

2027

51

410

461

2028

50

409

459

2029

0

1 153

1 153

Iomlán

104

3 488

3 592

2.3Iasachtaí lamháil‐bhunaithe 

Eascraíonn na dliteanais theagmhasacha faoin gceannteideal seo as iasachtaí do Bhallstáit den Aontas (i.e. iasachtaí ó Shaoráid faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí 27 , iasachtaí ón Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach (EFSM) 28 , iasachtaí ó Shaoráid Euratom, iasachtaí faoi SURE 29 agus iasachtaí faoi STA a sholáthraítear chun tacú le hinfheistíochtaí agus athchóirithe) agus iasachtaí a tugadh le déanaí don Úcráin (EUR 18 mbilliún in iasachtaí MFA+ don Úcráin agus – ó 2024 ar aghaidh – iasachtaí a deonaíodh faoin tSaoráid don Úcráin 30 ).

Ní sholáthraítear ex ante dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as iasachtaí do Bhallstáit an Aontais ná as iasachtaí a tugadh don Úcráin le déanaí. Ina ionad sin, tugtar cúlstop dóibh leis an bhféidearthacht ‘acmhainní dílse’ breise a iarraidh ar na Ballstáit faoi chreat buiséadach an Aontais (suas le teorainneacha uasteorainn na n-acmhainní dílse, i.e. ‘lamháil’ an bhuiséid a úsáid).

Ciallaíonn sé sin, mura ndearna tairbhí a chuid oibleagáidí i leith an Aontais a chomhlíonadh, go mbeadh an tAontas i dteideal – mar rogha dheireanach agus díreach tar éis gach deis eile a thapú chun teacht ar réitigh laistigh den chreat buiséadach atá ann cheana – a iarraidh ar na Ballstáit an méid atá i gceist a chumhdach go sealadach. Dhéanfaí na glaonna sin ar chistí de bhreis ar uasteorainneacha CAI, ach uasteorainn na n-acmhainní dílse á comhlíonadh go hiomlán.

Deonaíodh na hiasachtaí seo do Bhallstáit den Aontas de ghnáth agus úsáid á baint as an teicníc chéanna droim le droim a úsáideadh chun cúnamh airgeadais a thabhairt do thríú tíortha. Os a choinne sin, maoinítear iasachtaí STA, agus iasachtaí faoi Ionstraim MFA+ na hÚcráine (agus faoin tSaoráid don Úcráin ó 2024 ar aghaidh) tríd an gcur chuige cistiúcháin aontaithe 31 .

In 2023, d’fheidhmigh an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, cúig chlár faoinar thug sé iasachtaí do na Ballstáit. Pléitear na cúig chlár sin sna cúig phointe urchair thíos:

·Cruthaíodh Saoráid faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí in 2002 chun cuidiú le tíortha an Aontais lasmuigh den limistéar euro a bhfuil deacrachtaí acu nó atá i mbaol deacrachtaí a bheith acu maidir le comhardú na n-íocaíochtaí.

·Cuireadh EFSM i bhfeidhm in 2010 chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do Bhallstáit den Aontas atá thíos le géardheacrachtaí airgeadais nó atá i mbaol géardheacrachtaí airgeadais de bharr tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu.

·Saoráid Iasachta Euratom.

·Comhaontaíodh clár SURE i mí an Mheithimh 2020 chun cuidiú le maoiniú a chur ar fáil do mhórmhéaduithe tobanna ar chaiteachas poiblí náisiúnta a bhaineann le scéimeanna náisiúnta oibre gearrthéarmacha agus le bearta comhchosúla mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19. Ós rud é gur cuireadh an ionstraim éigeandála sin i bhfeidhm sular tháinig an méadú ar uasteorainn na n-acmhainní dílse agus an lamháil i bhfeidhm, chomhaontaigh na Ballstáit uile ráthaíochtaí neamh-inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh a sholáthar le haghaidh 25 % d’uasmhéid an chúnaimh airgeadais 32 . Déanann gach Ballstáit ranníocaíocht do mhéid foriomlán na ráthaíochta atá comhréireach lena scair choibhneasta in ollioncam náisiúnta an Aontais (bunaithe ar bhuiséad 2020 an Aontais).

·Is é STA colún lárnach clár NextGenerationEU (NGEU) (2020) 33 agus is ionstraim shealadach é chun tacú le hathchóirithe agus le hinfheistíochtaí i mBallstáit den Aontas agus é mar sprioc dheiridh acu téarnamh ó phaindéim COVID-19 a éascú agus cuidiú leis na haistrithe glasa agus digiteacha san am céanna.

Faoi ionstraim théarnaimh an Aontais Eorpaigh, faigheann an Coimisiún cistí ar iasacht a úsáideann STA ansin chun athchóirithe agus infheistíochtaí na mBallstát a mhaoiniú. Féadfaidh an maoiniú a bheith ina iasacht (tacaíocht inaisíoctha) nó ina dheontas (tacaíocht neamh-inaisíoctha).

Déanann buiséad an Aontais ráthaíocht ar gach iasachtaíocht NGEU, dar luach EUR 284 mbilliún ag deireadh 2023, faoi Airteagal 9(4) den Chinneadh maidir le hacmhainní dílse trí mhéadú sealadach ar uasteorainn na n-acmhainní dílse de 0.6 % den ollioncam náisiúnta (OIN), atá le fáil go heisiach le haghaidh dliteanais NGEU. Is as iasachtaí STA agus sin amháin a eascraíonn dliteanais theagmhasacha (seachas as deontais STA) agus dá bhrí sin déantar iad sin amháin a mheas san anailís seo. Tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht, mar a luaitear thuas, go maoinítear cistiú iasachtaí STA tríd an gcur chuige cistiúcháin aontaithe.

Tábla 4: Méideanna gan íoc i ndáil le hiasachtaí lamháil‐bhunaithe (amhail an 31 Nollaig 2023) (milliún EUR)

Iasachtaí gan íoc

Ús fabhraithe

Iomlán

Saoráid faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí

200

1

201

Euratom

13

0

13

EFSM

42 800

411

43 211

SURE

98 355

104

98 459

STA (iasachtaí)

79 240

349

79 589

MFA+

18 000

270

18 270

Iomlán

238 608

1 135

239 743

Cuirtear i láthair i dTábla 5 thíos méideanna na n-aisíocaíochtaí bliantúla iomlána (príomhshuim + ús) atá dlite ag tairbhithe uile iasachtaí an Aontais arna ndeonú i gcomhthéacs an chúnaimh airgeadais do na Ballstáit agus ionstraim MFA+.

Maidir le gach ceann de na blianta atá á mbreithniú, tugann na méideanna sin táscaire den eis-sreabhadh uasta teoiriciúil atá le cumhdach ag buiséad an Aontais i ndáil leis na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as cúnamh airgeadais do na Ballstáit agus neamhchosaintí MFA+. Mar sin féin, sainaithníodh le buiséad an Aontais acmhainní buiséadacha chun íocaíochtaí a eascraíonn as a bhannaí a chomhlíonadh i gcónaí, lena n-áirítear an cás foircneach gan fasach ina ndéanann tairbhí amháin nó níos mó mainneachtain i leith a n-iasachtaí leis an Aontas san am céanna.

Tábla 5: Sceideal aisíocaíochta bliantúil na n-iasachtaí lamháil-bhunaithe gan íoc (caipiteal + ús) faoi na cláir atá ann cheana le haghaidh na mblianta 2024-2029 (an 31 Nollaig 2023) (milliún EUR)

Year

Euratom

BoP

EFSM

SURE

RRF loans (*)

MFA+

(**)

All programmes

2024

14

6

3 317

327

918

419

5 001

2025

0

206

3 069

8 327

917

567

13 086

2026

0

0

6 857

8 327

917

566

16 667

2027

0

0

3 531

327

917

566

5 341

2028

0

0

2 756

10 327

919

567

14 569

2029

0

0

1 790

8 464

917

567

11 738

Total

14

212

21 320

36 099

5 505

3 252

66 402

(*) Déantar úis le haghaidh iasachtaí STA faoi chlár NGEU a ríomh ar bhonn rollach de réir modheolaíocht shonrach (féach Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)9701 final ón gCoimisiún an 19.12.2022). Dá bhrí sin, is meastachán bunaithe ar choinníollacha cistithe atá ann faoi láthair é an muirear úis bliantúil le haghaidh na n-iasachtaí a chuirtear i láthair thuas.

(**) I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán 2022/2463, féadfaidh an tAontas, gach bliain, arna iarraidh sin don Úcráin, fóirdheontas ráta úis a dheonú chun costais úis a bhaineann le hiasachtaí MFA+ a chumhdach.

Agus na hiasachtaí uile gan íoc á gcur san áireamh ag deireadh 2023, sa tréimhse 2028-2054 beidh sna haisíocaíochtaí bliantúla (príomhshuim + ús) i ndáil le hiasachtaí atá bunaithe ar lamháil faoi uasteorainn bhuan na n-acmhainní dílse dar luach EUR 5.4 billiún ar an meán. Is ionann meán-aisíocaíochtaí bliantúla (príomhshuim + ús) d’iasachtaí STA, bunaithe ar an lamháil faoi uasteorainn shealadach na n-acmhainní dílse, agus EUR 3.5 billiún le linn na tréimhse céanna.

2.4Forbhreathnú ar dhliteanais theagmhasacha ag deireadh 2023

Ag deireadh 2023, bhí buiséad an Aontais neamhchosanta ar dhliteanais theagmhasacha dar luach EUR 255 bhilliún a bhain le hiasachtaí a deonaíodh do Bhallstáit agus do thríú tíortha, agus EUR 108 mbilliún a bhain le ráthaíochtaí a soláthraíodh trí CEIS, InvestEU, SIS, CEFI, agus CEFI+. D’eascair an neamhchosaint is mó do bhuiséad an Aontais ó chláir cúnaimh airgeadais arna ndíriú ar na Ballstáit.

Fíor 1: Miondealú ar dhliteanais theagmhasacha de réir foinse amhail an 31 Nollaig 2023 

(*) Ar bhonn mhéid iomlán na ‘ráthaíochta atá ar fáil arna síniú le contrapháirtithe’ (féach Tábla 1).

Is féidir an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann le ráthaíochtaí buiséadacha agus le cláir cúnaimh airgeadais chun beartais an Aontais a chur chun feidhme a fheiceáil sa treocht in airde leanúnach sa tréimhse 2021-2023. Tugadh méadú níos measartha 16 % faoi deara ar an méid iomlán idir deireadh na bliana 2022 agus deireadh na bliana 2023 i gcomparáid leis an méadú 40 % a chonacthas idir deireadh na bliana 2021 agus deireadh na bliana 2022.

Fíor 2: Miondealú ar dhliteanais theagmhasacha de réir foinse sa tréimhse 2021-2023 (billiún EUR)

 Taifeadadh méadú measartha ar iasachtaí do Bhallstáit (+16 %) idir deireadh na bliana 2022 agus deireadh na bliana 2023, mar gheall ar eisíocaíochtaí iasachta breise faoi STA go háirithe. Tháinig méadú faoi dhó ar an gcúnamh airgeadais do thríú tíortha, i ndáil leis na hiarrachtaí urghnácha chun tacú leis an Úcráin ó thaobh airgeadais de den chuid is mó, agus d’fhan dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as na cláir ráthaíochta buiséadaí cobhsaí den chuid is mó. Rinneadh an méadú ar dhliteanais a eascraíonn as na cláir ráthaíochta buiséadaí mar gheall ar thús na céime cur chun feidhme do InvestEU agus CEFI+ a chúiteamh beagnach go hiomlán leis an laghdú ar neamhchosaintí SIS agus CEIS mar gheall ar an méadú ar aisíocaíocht ó na faighteoirí deiridh.

Meastar go dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar dhliteanais theagmhasacha an Aontais faoi dheireadh 2024 i ndáil leis an méid seo a leanas: (i) an tacaíocht bhreise do thríú tíortha (faoin tSaoráid don Úcráin go háirithe); (ii) eisíocaíochtaí breise iasachtaí STA; agus (iii) tuilleadh dul chun cinn i gcur chun feidhme na gclár ráthaíochta buiséadaí (InvestEU, CEFI+ agus an tSaoráid don Úcráin).

3.Measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht dhliteanais theagmhasacha an Aontais 

3.1Creat measúnaithe

Gan dochar don mheasúnú ar sholáthar dliteanas airgeadais áirithe thar a saolré iomlán a bhfuil gá leis nuair a thabhaítear dliteanais, déantar foráil in Airteagal 213(3) den Rialachán Airgeadais go measfar, i gcás ‘dliteanais theagmhasacha a eascraíonn ó na ráthaíochtaí buiséadacha nó cúnamh airgeadais arna n-íoc ón mbuiséad, go bhfuil siad inbhuanaithe má tá an t-athrú ilbhliantúil atá tuartha dóibh comhoiriúnach leis na teorainneacha arna socrú leis an rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 312(2) CFAE agus le huasteorainn na leithreasuithe bliantúla faoi chomhair íocaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(1) de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053.’ (i.e. uasteorainneacha CAI agus uasteorainn na n-acmhainní dílse).

Ciallaíonn sé sin gur cheart go mbeadh na hacmhainní a bhfuil an tAontas in ann tarraingt orthu in aon bhliain amháin faoi CAI (uasteorainn na n-acmhainní dílse) leordhóthanach chun an caiteachas a thagann chun cinn faoi CAI a mhaoiniú, chomh maith le haon dliteanais theagmhasacha a thiocfaidh chun cinn.

Go sonrach, ní mór íocaíochtaí a bhaineann le dliteanais theagmhasacha arna soláthar le haghaidh ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha a mhaoiniú ó na soláthairtí bunaithe agus aon íocaíocht bhreise a bheartaítear faoi CAI. Cuirtear i láthair i Roinn 3.2 den tuarascáil seo an measúnú ar leordhóthanacht na soláthairtí atá ar fáil chun na híocaíochtaí a bhfuil agus nach bhfuil coinne leo agus a eascraíonn ó ráthaíochtaí buiséadacha agus ó chúnamh airgeadais do thríú tíortha a chomhlíonadh maidir leis na dliteanais faoi mar a bhí siad ag deireadh 2023.

Íocaíochtaí a bhaineann le dliteanais theagmhasacha a thagann chun cinn mar thoradh ar chúnamh airgeadais lamháil-bhunaithe do Bhallstáit den Aontas agus don Úcráin, is féidir iad a mhaoiniú trí acmhainní dílse breise a éileamh suas go dtí an uasteorainn a leagtar síos leis an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse. An lamháil (difríocht idir uasteorainn na n-acmhainní dílse agus na hacmhainní dílse is gá chun caiteachas buiséadach an Aontais a mhaoiniú) atá in acmhainneacht airgeadais an Aontais chun eis-sreafaí breise a chumhdach a bhaineann le teacht chun cinn na dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as cúnamh airgeadais lamháil-bhunaithe. Tugtar tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat measúnaithe don tsraith seo de dhliteanais theagmhasacha i dtuarascáil 2021 faoi iar-Airteagal 250 den Rialachán Airgeadais 34 . Torthaí an mheasúnaithe ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach lamháil-bhunaithe a bhí ann ag deireadh 2023, cuirtear i láthair iad i Roinn 3.3 thíos. Le Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse 2020, méadaíodh uasteorainn na n-acmhainní dílse ar bhonn sealadach chun freastal ar na dliteanais a thabhófar le linn chur chun feidhme NGEU, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha lamháil-bhunaithe a eascraíonn as iasachtaí STA do na Ballstáit.

3.2Measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach arna soláthar

a) Soláthar a bhí le fáil ag deireadh 2023

Déantar soláthar i mbuiséad an Aontais i leith dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais do thríú tíortha bunaithe ar mheasúnú coimeádacha ar na caillteanais a bhfuil coinne leo i leith gach ionstraime móide maolán sábháilteachta breise (chun freastal ar chaillteanais nach bhfuil coinne leo). Coinníonn urranna sa chiste don soláthar coiteann na soláthairtí lena gcosnaítear buiséad an Aontais in aghaidh caillteanais a d’fhéadfadh a eascairt as ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha. An 31 Nollaig 2023, bhí 16 urrann sa chiste don soláthar coiteann (bhí 13 díobh lánoibríochtúil agus bhí cistí iontu), lena n-áirítear na hurranna le haghaidh na gclár ráthaíochta leanúnach uile, urrann an Chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (lena gcumhdaítear iasachtaí oidhreachta SIS, Euratom agus MFA) agus na hurranna le haghaidh iasachtaí MFA agus Euratom tar éis 2020.

Go sonrach, tá iasachtaí MFA agus Euratom bunaithe ar urranna éagsúla an chiste don soláthar coiteann:

·tá na neamhchosaintí oidhreachta (EUR 7.9 billiún d’iasachtaí MFA agus EUR 300 milliún d’iasachtaí Euratom) ina chuid d’urrann an Chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha;

·tá iasachtaí MFA nua (EUR 1.4 billiún), lena n-áirítear iasacht éigeandála MFA don Úcráin, a gealladh in 2022 agus 2023 in urrann MFA tar éis 2020;

·tá iasachtaí eisceachtúla CMA don Úcráin de EUR 6 bhilliún (MFA I agus MFA II eisceachtúil) in urrann nuachruthaithe ar leith ós rud é go dtairbhíonn na hiasachtaí sin de chumhdach forlíontach rioscaí (i.e. le haghaidh an phacáiste iasachtaí eisceachtúla MFA seo don Úcráin, tá gá le ráta cumhdaigh 70 %: 9 % de sholáthar íoctha ó bhuiséad an Aontais agus 61 % de ráthaíochtaí inghlaoite ó na Ballstáit).

Amhail an 31 Nollaig 2023, ba EUR 18.8 billiún margadhluach na nglansócmhainní sa chiste don soláthar coiteann, méadú ó EUR 14.39 billiún ag deireadh 2022 35 . Le haghaidh na mblianta atá fágtha den CAI seo, tá tuilleadh soláthairtí sannta ag an gCoimisiún don chiste don soláthar coiteann cheana, soláthairtí a bhaineann le InvestEU, CEFI+ agus Colún 2 den tSaoráid don Úcráin go háirithe), as a dtiocfaidh tuilleadh méadaithe ar an gciste don soláthar coiteann.

De réir a Threoirlínte maidir le Bainistíocht Sócmhainní, coinníonn an ciste don soláthar coiteann punann éagsúlaithe leachtach ar bun, lena n-infheistítear go príomha in ionstraimí fiachais ardrátála, amhail bannaí arna n-eisiúint ag rialtais, fornáisiúnaigh, gníomhaireachtaí stáit agus corparáidí agus é d’aidhm aige caomhnú caipitil a sholáthar thar a thréimhse infheistíochta ionchasach. Bhí éagsúlacht mhaith ag baint le punann an chiste don soláthar coiteann ag deireadh na bliana ar fud na n-aicmí sócmhainne éagsúla sa chruinne ioncaim sheasta incháilithe, lena n-áirítear roinnt neamhchosaint theoranta ar urrúis nach sloinntear in euro (USD), cistí arna thrádáil ar an malartán (ETFanna) agus airgead tirim nó coibhéisí airgid thirim.

In 2023 bhain an ciste don soláthar coiteann toradh bliantúil + 5.21 % amach, i gcomhréir go ginearálta lena thagarmharc punainne (+ 5.40 %) 36 .

b) Measúnú ar inbhuanaitheacht ráthaíochtaí buiséadacha

Mar réamhbharúil, tá éagsúlacht mhór idir ráthaíochtaí buiséadacha an Aontais i dtéarmaí chuspóirí beartais, struchtúir roinnte riosca agus phróifíl riosca na n-oibríochtaí foluiteacha. D’fhéadfadh ráta soláthair éagsúil a bheith mar thoradh air sin le haghaidh cláir éagsúla, bunaithe ar shaolré an luacha faoi riosca 37 lena n-áirithítear cumhdach iomchuí ar chaillteanais fhéideartha ar leibhéal muiníne áirithe (réamhshainithe). Cé go raibh na soláthairtí a bhí le fáil i roinnt cásanna ag deireadh 2023 rud beag níos ísle ná na luachanna faoi riosca, faoi seach, a raibh an leibhéal muiníne is infheidhme ag baint leo, tá roinnt eilimintí mar bhonn taca faoi chonclúid leordhóthanachta an tsoláthair, lena n-áirítear céim shaolré na ráthaíochta (bíodh sí comhdhéanta go hiomlán nó ná bíodh), agus na rialacha sonracha soláthair le haghaidh gach ceann de na ráthaíochtaí buiséadacha (e.g. le haghaidh SIS).

Is féidir teacht ar na conclúidí seo a leanas ó na sonraí atá ar fáil maidir le glanchaillteanais saolré an 31 Nollaig 2023 i ndáil leis na ráthaíochtaí buiséadacha atá i bhfeidhm ar an dáta sin:

·Le haghaidh CEIS, le torthaí na hanailíse riosca a rinneadh bunaithe ar shamhail riosca mainneachtana d’oibríochtaí fiachais an Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta 38 agus ar bhreithiúnas saineolaithe le haghaidh chothromas an Ionú Bonneagair agus Nuálaíochta agus Ionú FBM agus táirgí fiachais Ionú FBM, léirítear méid an luacha faoi riosca EUR 7.4 billiún ag leibhéal muiníne saolré 95 %. Cumhdaítear an luach faoi riosca go hiomlán le soláthairtí CEIS EUR 9.2 billiún atá ar fáil faoi láthair 39 .

·Le haghaidh CEFI, léirítear le torthaí na hanailíse riosca méid shaolré an luacha faoi riosca EUR 700.7 milliún ag an leibhéal muiníne saolré 90 % inmhianaithe. Cumhdaítear an méid sin go hiomlán le margadhluach urrann an chiste don soláthar coiteann CEFI amhail deireadh 2023 (EUR 765 mhilliún).

·Tháinig meath éigin ar chlár SIS, ina shainorduithe éagsúla trí chéile, ar a phríomh-mhéadrachtaí riosca creidmheasa mar gheall, i bpáirt, go bhfuil neamhchosaintí oidhreachta EUR 2.3 billiún ag SIS san Úcráin 40 . Léiríonn torthaí na hanailíse riosca méid an luacha faoi riosca EUR 3.2 billiún ag an leibhéal muiníne 90 % thar shaolré iomlán na ráthaíochta a sháraíonn an soláthar pro rata comhfhreagrach in urrann an chiste don soláthar coiteann (EUR 2.3 billiún). I ndáil leis sin, ní mór a chur i dtábhacht gur sean-ionstraim é SIS gan leibhéal muiníne réamhshainithe, a leanann rialacha sonracha gannsoláthair agus rósholáthair. Breisítear urrann an Chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha (ina bhfuil SIS suite) ar bhonn bliantúil má thiteann an soláthar faoi 9 % de mhéideanna eisíoctha amuigh ráthaithe. Thairis sin, tá SIS comhdhéanta d’iasachtaí amúchta le tréimhsí fada aisíocaíochta, i gcás inarb iondúil go gcriostalaíonn caillteanais ar bhealach neamhthobann.

·Maidir le InvestEU agus CEFI+, ós rud é go bhfuil borradh na gclár fós ag céim luath agus gur síníodh na chéad oibríochtaí in 2022, tá sé róluath teacht ar aon chonclúid maidir le leordhóthanacht an tsoláthair.

c) Measúnú ar inbhuanaitheacht iasachtaí arna soláthar do thríú tíortha

Is éard atá i gcomhdhéanamh phunann iasachta MFA gan íoc do thríú tíortha iasachtaí do shraith éagsúlaithe de na tíortha seo a leanas: (i) tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha ar bhallraíocht san Aontas; (ii) tíortha agus críocha a chumhdaítear le Beartas Comharsanachta na hEorpa; agus (iii) tríú tíortha eile a bhfuil ról cinntitheach acu sa chobhsaíocht réigiúnach agus a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo don Aontas, agus atá cosúil leis an Aontas ó thaobh na polaitíochta, an gheilleagair agus na tíreolaíochta de.

Tacaíonn na breithnithe a leagtar amach sna trí phointe urchair thíos le hoiriúnacht leanúnach an spriocráta soláthair fhoriomláin 9 % le haghaidh iasachtaí MFA.

·Seasamh eacnamaíoch tairbhithe MFA (tosca á gcur san áireamh amhail OTI per capita, aibíocht choibhneasta an gheilleagair, gaireacht do gheilleagar an Aontais, etc.).

·Cuntas teiste sásúil a bheith ag na coinníollacha a fhorchuirtear le haghaidh iasachtaí MFA maidir le clár CAI a chur chun feidhme, rud a thugann muinín in inmharthanacht airgeadais an tríú tír agus in aisíocaíocht iomlán chistí an Aontais.

·Measúnú ar staid eacnamaíoch thairbhithe MFA agus ar na forbairtí maicreacnamaíocha a rinneadh le déanaí i dtíortha comhpháirtíochta ina léirítear gur thuairiscigh formhór na dtíortha téarnamh láidir iar-COVID-19 in 2023. Mar sin féin, tá méadú tagtha ar an éiginnteacht eacnamaíoch mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus chuir sé sin leis an ngéarchéim fuinnimh agus le boilsciú ard bia agus fuinnimh sa réigiún. Tá an t-ionchas geopholaitiúil do thairbhithe atá lonnaithe sa Mheánoirthear faighte níos measa fós tar éis na coinbhleachta i Stráice Gaza i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta Hamas i mí Dheireadh Fómhair 2023, cé go bhfuil an tionchar eacnamaíoch (trí thrádáil, turasóireacht agus tomhaltas) ar an réigiún ar an iomlán teoranta go dtí seo.

Maidir le riosca leachtachta, ba cheart a mheabhrú freisin go bhfuil struchtúr reatha iasachtaí MFA, aibíochtaí agus aisíocaíochtaí ó thairbhithe scaipthe go maith thar CAInna reatha agus ina dhiaidh seo, lena laghdaítear méid neamhchosaint bhuiséad an Aontais má tá moill nó teagmhas mainneachtana ann.

Bosca 1: Dliteanais theagmhasacha an Aontais a eascraíonn as tacaíocht airgeadais an Aontais don Úcráin – Príomhfhorbairtí in 2024

Ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin in 2022, tá tacaíocht láidir pholaitiúil, eacnamaíoch, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil curtha ar fáil go seasta ag an Aontas don Úcráin. Cuirtear an tsraith iomlán de neamhchosaintí díreacha agus indíreacha ar an Úcráin (caipiteal) faoi na cláir atá ann cheana an 30 Meitheamh 2024 i láthair i dTábla 6 thíos.

Is í an tSaoráid don Úcráin an príomhbhealach chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Úcráin don tréimhse 2024-2027, saoráid ag a bhfuil acmhainneacht fhoriomlán suas le EUR 50 billiún le haghaidh 2024-2027. Cuirfear tacaíocht ar fáil i bhfoirm iasachtaí, deontas agus ráthaíochtaí bunaithe ar na trí cholún a dtugtar tuairisc orthu thíos.

·Colún 1 (Tacaíocht don Úcráin trí phlean na hÚcráine): is éard atá i gceist leis an gcolún sin cúnamh airgeadais a chur ar fáil don Úcráin, dar luach EUR 38.27 billiún ar an iomlán, lena gcuimsítear deontais (EUR 5.27 billiún) agus iasachtaí (EUR 33 bhilliún) araon. Iasachtaí a eisíoctar faoin tSaoráid don Úcráin, amhail na hiasachtaí sin a dheonaítear faoi phacáiste MFA+, maoinítear iad trí iasachtaíocht agus bunaithe ar an ‘lamháil’.

·Colún 2 (Creat Infheistíochta don Úcráin): agus beagnach EUR 7 mbilliún de leithdháileadh bhuiséad an Aontais aige, is é is aidhm don cholún seo infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a mhealladh agus a shlógadh le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine. Chun Colún 2 a chur chun feidhme, bunaítear Ráthaíocht don Úcráin dar luach EUR 7.8 billiún ag a bhfuil ráta soláthair 70 % (agus EUR 1.51 billiún ar fáil le haghaidh maoiniú cumaiscthe).

·Colún 3 (EUR 4.6 billiún de thacaíocht neamh-inaisíoctha): cumhdófar leis an gcolún seo, i measc nithe eile, an fóirdheontas ráta úis le haghaidh iasachtaí eisceachtúla MFA agus le haghaidh na n-iasachtaí arna ndeonú faoi Cholún I.

Soláthraítear iasachtaí na Saoráide don Úcráin le lamháltas ard, i bhfianaise an fhóirdheonaithe úis agus na tréimhse fada aisíocaíochta 35 bliana, le tréimhse chairde 10 mbliana. Laghdaíonn sé sin an t-ualach bliantúil ar airgeadas poiblí na hÚcráine agus, san am céanna, íoslaghdaíonn sé na rioscaí do bhuiséad an Aontais. Eisíocadh iasachtaí le haghaidh mhéid iomlán EUR 7.9 billiún faoin tSaoráid don Úcráin sa chéad leath de 2024 (EUR 4.5 billiún i mí an Mhárta, EUR 1.5 billiún i mí Aibreáin agus EUR 1.9 billiún i mí an Mheithimh). Ina theannta sin, síníodh comhaontuithe ráthaíochta chun tacú le hoibríochtaí san Úcráin ar luach iomlán EUR 940 milliún sa chéad leath de 2024 faoin Ráthaíocht don Úcráin.

Leis an lamháil bhuiséadach (a phléitear sa chéad roinn eile), soláthraíodh cumhdach buiséadach le haghaidh dliteanais theagmhasacha a eascraíonn as iasachtaí don Úcráin ó 2023 ar aghaidh. Tá na hiasachtaí a deonaíodh don Úcráin ag deireadh 2022 (EUR 6 bhilliún MFA agus EUR 1.59 billiún d’iasachtaí ar athraíodh a gcuspóir faoi SIS) faoi réir chumhdach buiséadach 70 % 41 . I gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh MFA II, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar leordhóthanacht an ráta soláthair 70 % ag deireadh mhí an Mheithimh 2024 i gcomhthéacs Thuarascáil Airteagal 41(5) agus chinn sé, maidir leis an tréimhse faoi scrúdú, nach raibh aon ghné nua mharthanach ná suntasach leordhóthanach a bheadh ina húdar leis an ráta soláthair 70 % a athrú.

Bhí an chonclúid sin bunaithe ar mheasúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil araon ar na rioscaí mar a bhí siad ag deireadh 2023. 42 Deimhnítear sa mheasúnú is déanaí a rinne CAI gur cur chuige stuama é an leibhéal soláthair sin a choinneáil ar bun 43   44

Tábla 6: Neamhchosaintí díreacha agus indíreacha gan íoc ar an Úcráin (caipiteal) faoi na cláir atá ann cheana (an 30 Meitheamh 2024) (milliún EUR)

Neamhchosaintí díreacha

Méid gan íoc

Cumhdach buiséadach

MFA oidhreachta

3 810

9 %

Iasachtaí oidhreachta Euratom

300

9 %

MFA éigeandála

1 200

9 %

MFA I + II eisceachtúil

6 000

9 % (+ 61 % ráthaíochtaí na mBallstát)

MFA+

18 000

Lamháil

Saoráid don Úcráin - Colún I

7 890

Lamháil

Iomlán

37 200

Neamhchosaintí indíreacha

Iasachtaí SIS arna n‐eisíoc roimh mhí Feabhra 2022

1 708

9 %

An chéad phacáiste BEI faoi SIS

668

9 %

An dara pacáiste BEI faoi SIS

1 338

70 %

Iasachtaí BEAF faoi CEFI

103

50 %

Ráthaíocht don Úcráin

940

70 %

Iomlán

4 757

3.3Measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach lamháil‑bhunaithe 

Déantar measúnú ar acmhainneacht bhuiséad an Aontais freastal ar chás ina dtagann an neamhchosaint maidir le dliteanais theagmhasacha lamháil-bhunaithe chun cinn tríd an gcreat a chur i bhfeidhm dá dtagraítear i mír 3.1 thuas.

Le haghaidh dhliteanais NGEU, méadaíodh uasteorainn na n-acmhainní dílse 0.6 % de OTI an Aontais go heisiach chun na heisiúintí sin a ráthú. Áirithítear leis sin go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas ús agus príomhshuim a aisíoc ar fhiachas arna eisiúint chun tacaíocht neamh-inaisíoctha NGEU (deontais STA) agus iasachtaí STA le Ballstáit. Mar go n-íocfar an chéad cheann trí mhéideanna a áireofar i gcláir bhuiséid bhliantúla amach anseo, ní léiríonn ach iasachtaí STA dliteanais theagmhasacha.

Dá bhrí sin, ríomhtar an lamháil agus dliteanais iomlána NGEU san áireamh, ach díríonn an anailís íogaireachta arna tuairisciú sa roinn seo go sonrach ar theacht chun cinn na ndliteanas teagmhasach a eascraíonn as iasachtaí STA, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 213(3) den Rialachán Airgeadais.

Is é an chéad chéim cás lárnach (bonnlíne) a bhunú a chomhfhreagraíonn don éabhlóid a bhfuil coinne léi ar chaiteachas agus ar acmhainneacht airgeadais an Aontais sna blianta amach romhainn. Maidir leis na blianta suas go dtí 2027, tá sé sin i gcomhréir leis an dréachtbhuiséad do 2025 agus leis an réamhaisnéis fhadtéarmach maidir le hinsreafaí agus eis-sreafaí bhuiséad an Aontais amach anseo.

Maidir leis na blianta 2028-2029, úsáidtear eachtarshuíomh simplí, agus na meáníocaíochtaí bliantúla le linn na tréimhse 2021-2027 arna méadú de réir ráta fáis OIN an Aontais mar thagairt. Níl anseo ach eachtarshuíomh meicniúil, a dhéantar chun tréimhse anailíse atá fada go leor a sholáthar sa tuarascáil seo. Ní mheasfar é mar réamhbhreithiúnas ar bhealach ar bith ar an togra le haghaidh CAI tar éis 2027. Glactar leis sa eachtarshuíomh sin go ndéanfar aisíocaíocht líneach ar fhiachas NGEU a eisíodh thar na blianta 2021-2023, ag tosú in 2028.

Gan an bhliain bhuiséid atá ann faoi láthair a áireamh, is é EUR 106.3 billiún in aghaidh na bliana ar an meán an lamháil atá ar fáil chun dliteanais theagmhasacha atá ann cheana agus dliteanais theagmhasacha nua a chumhdach in 2025-2029 i ndáil leis an gcorrlach faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse 1.4 % de OIN an Aontais agus thart ar EUR 111.7 billiún le haghaidh na huasteorann sealadaí de 0.6 % de OIN an Aontais.

Nuair a bheidh an cás lárnach bunaithe, déanfar le ceithre thástáil struis bhreise measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach atá ann cheana faoi dhianchásanna in 2024-2029. Tá tuilleadh sonraí faoi na ceithre thástáil struis sin leagtha amach sna míreanna thíos.

1)Tástáil struis ar an ngeilleagar. Sa chás lárnach, leanann OIN an Aontais na réamh-mheastacháin maidir le fíorfhás agus boilsciú a leagtar amach i Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa de chuid an Choimisiúin in earrach 2024 45 . Maidir leis an tástáil struis, tá na rátaí fáis ainmniúla réamh-mheasta aon phointe céatadáin amháin níos ísle ná an bhonnlíne do gach bliain den tréimhse thuairiscithe 46 .

Laghdaíonn sé sin luach ainmniúil uasteorainn na n-acmhainní dílse agus dá bhrí sin, laghdaíonn sé an lamháil atá ar fáil faoi EUR 8.2 billiún in aghaidh na bliana le haghaidh méideanna ‘neamhbhuiséadaithe’ (lamháil) faoi uasteorainn bhuan na n-acmhainní dílse agus faoi EUR 5.2 billiún faoin uasteorainn shealadach le haghaidh NGEU le linn na tréimhse 2025-2029.

2)Tástáil struis ó thaobh ioncam an bhuiséid de. Déanann an dianchás seo measúnú ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh an lamháil atá ar fáil leordhóthanach dá mbeadh gach dliteanas teagmhasach lamháil-bhunaithe le cur i gcrích san am céanna. I dtéarmaí praiticiúla, chiallódh sé sin go dteipfeadh ar na tíortha uile a thairbhíonn de chláir cúnaimh airgeadais a n-aisíocaíochtaí a chomhlíonadh ag an am céanna nuair a bheidís dlite. Léiríonn na méideanna atá i gceist na sceidil aisíocaíochta ag deireadh 2023 (féach Tábla 5 thuas).

Is cás thar a bheith neamhdhóchúil é seo nach gcuireann na bearta uile is féidir leis an gCoimisiún a ghlacadh san áireamh chun a leithéid de chás a sheachaint (e.g. athsceidealú fiach agus bainistiú gníomhach airgid). Faoin gcás seo, laghdófaí an lamháil faoin uasteorainn bhuan acmhainní dílse faoi EUR 10.5 billiún in aghaidh na bliana ar an meán. Bheadh na dliteanais theagmhasacha a d’eascródh as iasachtaí STA faoi NGEU réasúnta beag le linn na tréimhse faoi bhreathnú (timpeall EUR 0.9 billiún in aghaidh na bliana in íocaíochtaí ráta úis), toisc nach dtosófar ar phríomhshuim iasachtaí STA a aisíoc go dtí 2032.

3)Tástáil struis ó thaobh chaiteachas an bhuiséid de. Faoin gcás seo, réamh-mheastar caiteachas CAI ag a uasmhéid teoiriciúil (i.e. uasteorainneacha féideartha d’íocaíochtaí CAI agus d’ionstraimí speisialta aonair uile, lena n-áirítear an Cúlchiste don Úcráin). Tá sé tábhachtach an méid seo a leanas a chur i dtábhacht: (i) nach léiríonn sé sin réamhaisnéis ón mbun aníos agus nach mbaineann sé le haon ionchas iarbhír maidir le forbairt íocaíochtaí an Aontais; agus (ii) maidir leis an taobh caiteachais den bhuiséad, is gá togra ón gCoimisiún agus formheas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith le haon chinneadh an caiteachas a mhéadú (laistigh d’uasteorainneacha CAI).

Ar an gcaoi chéanna, i gcás 2028-2029, úsáidtear réamh-mheastachán líneach simplí chun na huasteorainneacha íocaíochta atá ann faoi láthair a thuar amach anseo, agus fás OIN réamh-mheasta á úsáid, gan dochar don chéad togra CAI eile lena n-áireofar uasteorainn le haghaidh íocaíochtaí freisin. Maidir leis an gcaiteachas buiséid chun oibleagáidí aisíocaíochta a chomhlíonadh le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha NGEU, níl aon uasteorainn chaiteachais shonrach in CAI 2021-2027. Dá bhrí sin, maidir le haisíocaíochtaí fiachais NGEU, is é an toimhde sa tástáil struis seo go n-aisíoctar na heisiúintí NGEU uile a thagann in aibíocht i mbliain ar leith. Dá bhrí sin, ní dhéantar breithniú ar thar-rolladh fiachais phleanáilte sa chás hipitéiseach seo 47 .

Léirítear sa tástáil struis seo go bhfuil an lamháil leordhóthanach sa chás ina sroicheann caiteachas an t-uasmhéid teoiriciúil. Bheadh an lamháil a d’eascródh as an uasteorainn bhuan acmhainní dílse EUR 85.3 billiún ar an meán, i.e. EUR 12.9 billiún níos ísle ná an bhonnlíne. Laghdófaí an lamháil faoi uasteorainn shealadach na n-acmhainní dílse de 0.6 % de OIN an Aontais a ráthaíonn eisiúintí NGEU EUR 19.5 billiún in aghaidh na bliana ar an meán, chuig leibhéal EUR 92.2 billiún ar an meán le linn na tréimhse 2025-2029.

4)Comhthástáil struis ar dhálaí eacnamaíocha, ar ioncam agus ar chaiteachas. Is dianchás é seo ina gcomhcheanglaítear na cásanna neamhfhabhracha uile a thuairiscítear sna trí phointe thuas. Laghdódh sé an lamháil faoin uasteorainn bhuan chuig EUR 66.7 billiún ar an meán le linn na tréimhse 2025-2029 agus laghdófaí an lamháil don uasteorainn shealadach chuig EUR 86.1 billiún. Is cosúil go bhfuil na méideanna sin ina maolán mór sábháilteachta le haghaidh acmhainneacht airgeadais an Aontais chun a dhliteanais a chumhdach (a eascraíonn as oibríochtaí neamh-NGEU agus NGEU araon).

Tá na torthaí mionsonraithe do na cásanna bonnlíne agus tástála struis le fáil san Iarscríbhinn agus déantar achoimre i bhFíoracha 3 agus 4 thíos.

Fíor 3: Uasteorainn na n-acmhainní dílse agus riachtanais acmhainní dílse faoi bhonnlíne agus faoi thástálacha íogaireachta comhcheangailte maidir leis an uasteorainn shealadach 1.4 % de OIN an Aontais.

Fíor 4: Uasteorainn na n-acmhainní dílse agus riachtanais acmhainní dílse faoi bhonnlíne agus faoi thástálacha íogaireachta comhcheangailte maidir leis an uasteorainn shealadach 0.6 % de OIN an Aontais.

4.Conclúidí

Ag deireadh 2023, thacaigh buiséad an Aontais le níos mó ná EUR 255 bhilliún i ndliteanais theagmhasacha a eascraíonn as iasachtaí a deonaíodh do Bhallstáit agus do thríú tíortha. As a measc, baineann EUR 221 bhilliún le hiasachtaí do Bhallstáit den Aontas agus EUR 34 bhilliún le haghaidh iasachtaí do Stáit nach Ballstáit iad. Ina theannta sin, eascraíonn EUR 108 mbilliún breise i ndliteanais theagmhasacha as ráthaíochtaí infheistíochta arna soláthar faoi chláir SIS, CEIS, CEFI, InvestEU, agus CEFI+.

Déantar na rioscaí nach n-aisíocann tíortha is tairbhithe na hiasachtaí sin nó na ráthaíochtaí a iarrtar a bhainistiú go cúramach trí chreat cuimsitheach bainistithe riosca lena n-áirítear, i gcás catagóirí áirithe dliteanas teagmhasach, acmhainní buiséadacha a chur ar leataobh chun caillteanais fhéideartha a chumhdach agus leibhéal leordhóthanach muiníne coimeádach iontu.

Agus na coimircí iomadúla dá bhforáiltear i gcreat an Aontais chun faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le dliteanais theagmhasacha a bhfuil soláthar déanta ina leith agus dliteanais theagmhasacha lamháil-bhunaithe agus an measúnú inbhuanaitheachta a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo á gcur san áireamh, is féidir teacht ar thrí phríomhchonclúidí. Leagtar amach na conclúidí sin sna trí mhír urchair thíos.

·Déantar rioscaí a eascraíonn as ionstraimí a bhfuil soláthar déanta ina leith (i.e. ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha) a bhainistiú go cúramach agus a sholáthar go leordhóthanach. Cuirtear an méid seo a leanas san áireamh sa mheasúnú sin: (i) sonraí maidir le mainneachtain agus caillteanais a raibh coinne leo roimhe seo; (ii) na bearta atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach sáraíonn caillteanais leibhéil lamháltais réamhshainithe; agus (iii) na forálacha buiséadacha atá ar fáil chun íocaíochtaí féideartha a chumhdach.

·Is leor den chuid is mó acmhainneacht airgeadais an Aontais faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana (i.e. an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse agus Rialachán maidir le CAI) chun freastal ar na caillteanais a d’fhéadfadh teacht chun cinn i leith iasachtaí lamháil-bhunaithe idir seo agus deireadh 2029, faoi eachtarshuímh mheicniúla ar leibhéal an chaiteachais tar éis 2027. Ar an meán le linn na tréimhse 2025-2029, is é EUR 106.3 billiún in aghaidh na bliana an lamháil atá ar fáil chun na dliteanais theagmhasacha sin a chumhdach i ndáil leis an gcorrlach faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse 1.4 % de OIN an Aontais agus thart ar EUR 111.7 billiún in aghaidh na bliana le haghaidh na huasteorann sealadaí 0.6 % de OIN an Aontais. D’fhéadfaí an lamháil seo a úsáid chun riachtanais ioncaim urghnácha a shásamh chun caiteachas gan choinne a mhaoiniú nó chun aon atá ann cheana agus dliteanas teagmhasach féideartha a chomhlíonadh dá dtiocfaidís sin chun cinn.

·Tá lear acmhainní ag an lamháil chun stóinseacht chóras airgeadais an Aontais agus a acmhainneacht creidmheasa a áirithiú fiú faoi chás an-diúltach ina measctar drochthionchair i ndáil leis na coinníollacha eacnamaíocha, le hioncam agus le caiteachas. I ndroch-chás den sórt sin, bheadh an lamháil fágtha faoi uasteorainn na n-acmhainní dílse de 1.4 % de OIN an Aontais ionann le EUR 66.7 billiún ar an meán le linn na tréimhse 2025-2029 agus EUR 86.1 billiún ar an meán in aghaidh na bliana le linn na tréimhse 2025-2029 faoin uasteorainn shealadach de 0.6 % de OIN an Aontais. Léiríonn na méideanna sin maolán sábháilteachta in aghaidh suaití eacnamaíocha diúltacha breise, riachtanais fhéideartha nua agus dliteanais theagmhasacha maidir le hoibríochtaí neamh-NGEU agus NGEU araon.

5.Iarscríbhinní: 

Inbhuanaitheacht agus lamháil i dtaca le huasteorainn bhuan na n‑acmhainní dílse

(i mbilliún EUR, ar na praghsanna reatha)

2025

2026

2027

2028

2029

Bonnlíne

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4 % OIN)

a

257.9

267.0

275.9

285.0

293.9

Acmhainní dílse chun an buiséad a mhaoiniú (gan NGEU a áireamh)

b

143.2

177.9

189.0

166.1

171.8

Lamháil faoi uasteorainn bhuan

a-b

114.7

89.1

86.9

118.8

122.1

Tástálacha struis

1) Tástáil struis ar an ngeilleagar

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4 % OIN)

a

255.4

261.8

267.9

274.0

279.7

Acmhainní dílse chun an buiséad a mhaoiniú (gan NGEU a áireamh)

b

143.2

177.9

189.0

166.1

171.8

Lamháil

a-b

112.2

83.9

78.9

107.8

108.0

2) Tástáil struis ar an ioncam

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4 % OIN)

a

257.9

267.0

275.9

285.0

293.9

Acmhainní dílse chun an buiséad a mhaoiniú (gan NGEU a áireamh)

b

143.2

177.9

189.0

166.1

171.8

Acmhainní dílse urghnácha chun dliteanais theagmhasacha nach dliteanais theagmhasacha de chuid NGEU iad a chumhdach (*)

c

9.5

14.0

6.2

11.9

10.7

Lamháil

a-b-c

105.2

75.1

80.7

106.9

111.4

3) Tástáil struis ar chaiteachas

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4 % OIN)

a

257.9

267.0

275.9

285.0

293.9

Acmhainní dílse chun an buiséad a mhaoiniú (gan NGEU a áireamh)

b

143.2

177.9

189.0

166.1

171.8

Acmhainní dílse breise (suas le huasteorainn CAI agus ionstraimí speisialta uasta) (**)

c

40.5

19.5

14.5

14.9

15.8

Lamháil

a-b-c

74.3

69.6

72.4

104.0

106.3

4) Suaitheadh díobhálach/neamhfhabhrach comhcheangailte

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4 % OIN)

a

255.4

261.8

267.9

274.0

279.7

Acmhainní dílse chun an buiséad a mhaoiniú (gan NGEU a áireamh)

b

143.2

177.9

189.0

166.1

171.8

Acmhainní dílse breise (suas le huasteorainn CAI agus ionstraimí speisialta uasta)

c

40.5

19.5

14.5

14.9

15.8

Acmhainní dílse urghnácha chun dliteanais theagmhasacha nach dliteanais theagmhasacha de chuid NGEU iad a chumhdach

d

9.5

14.0

6.2

11.9

10.7

Lamháil

a-b-c-d

62.2

50.4

58.2

81.1

81.5

(*) Áirítear leis sin tacaíocht iasachta trí EFSM, Saoráid faoi chomhair Chomhardú na nÍocaíochtaí, SURE agus MFA+. Cuirtear san áireamh sa mheasúnú riosca atá nasctha le hionstraim SURE an fhrithráthaíocht shonrach a sholáthraíonn na Ballstáit uile le haghaidh 25 % d’uasmhéid an chúnaimh airgeadais.

(**) Déantar caiteachas a réamh-mheas ag an uasmhéid teoiriciúil i leith: 1) uasteorainn íocaíochta CAI in 2025-2027 48 , 2) coigeartuithe amach anseo suas go dtí a n-uasmhéid féideartha in aon bhliain amháin 49 , agus 3) uasteorainneacha bliantúla na n-ionstraimí speisialta téamacha (an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit), an Ionstraim Sholúbthachta, agus an Cúlchiste don Úcráin.

Inbhuanaitheacht agus lamháil i dtaca le huasteorainn shealadach na n‑acmhainní dílse 

(i mbilliún EUR, ar na praghsanna reatha)

 

2025

2026

2027

2028

2029

Bonnlíne

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (0.6 % OIN)

a

110.5

114.4

118.3

122.1

125.9

Acmhainní dílse chun NGEU a mhaoiniú(*)

b

5.2

3.7

5

9.5

9.3

Lamháil

a-b

105.4

110.7

113.3

112.6

116.6

Tástálacha struis

1) Tástáil struis ar an ngeilleagar

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (0.6 % OIN)

a

109

111.1

113.2

115.2

117.1

Acmhainní dílse chun NGEU a mhaoiniú

b

5.2

3.7

5

9.5

9.3

Lamháil

a-b

103.8

107.4

108.2

105.7

107.7

2) Tástáil struis ar an ioncam

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (0.6 % OIN)

a

110.5

114.4

118.3

122.1

125.9

Acmhainní dílse chun NGEU a mhaoiniú

b

5.2

3.7

5

9.5

9.3

Acmhainní dílse urghnácha chun dliteanais theagmhasacha NGEU a chumhdach (aisíocaíochtaí iasachta NGEU dlite)

c

0.9

0.9

0.9

0.9

0.9

Lamháil

a-b-c

104.5

109.8

112.4

111.7

115.7

3) Tástáil struis ar chaiteachas

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (0.6 % OIN)

a

110.5

114.4

118.3

122.1

125.9

Acmhainní dílse chun NGEU a mhaoiniú

b

5.2

3.7

5

9.5

9.3

Acmhainní dílse breise do NGEU (eisiúintí a aibíonn, gan dliteanais theagmhasacha agus méideanna buiséadaithe a áireamh)

c

17.2

26.5

15.8

21.2

16.9

Lamháil

a-b-c

88.2

84.2

97.5

91.4

99.7

4) Suaitheadh díobhálach/neamhfhabhrach comhcheangailte

Uasteorainn na n-acmhainní dílse (0.6 % OIN)

a

109

111.1

113.2

115.2

117.1

Acmhainní dílse chun NGEU a mhaoiniú

b

5.2

3.7

5

9.5

9.3

Acmhainní dílse breise do NGEU (eisiúintí a aibíonn, gan dliteanais theagmhasacha agus méideanna buiséadaithe a áireamh)

c

17.2

26.5

15.8

21.2

16.9

Acmhainní dílse urghnácha chun dliteanais theagmhasacha NGEU a chumhdach

d

0.9

0.9

0.9

0.9

0.9

Lamháil

a-b-c-d

85.6

80

91.5

83.6

90.0

(*) Maidir le 2025, léirítear leis an méid sin na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i ndréachtbhuiséad 2025. Maidir le 2026 agus 2027 comhfhreagraíonn na méideanna do chlárú airgeadais líne bhuiséid NGEU. Tá na méideanna maidir le 2028 agus 2029 bunaithe ar eachtarshuíomh teicniúil lena n-áirítear aisíocaíocht líneach phrionsabal fhiachas NGEU a eisíodh thar na blianta 2021-2023 le haghaidh tacaíocht neamh-inaisíoctha.

(1)    Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024).
(2)    COM(2024) 300, an 19.6.2024.
(3)    Doiciméad oibre XI maidir le cur chun feidhme ráthaíochtaí buiséadacha, an Ciste don Soláthar Coiteann agus measúnú ar inbhuanaitheacht na ndliteanas teagmhasach a eascraíonn as ráthaíochtaí buiséadacha agus as cúnamh airgeadais de bhun Airteagal 41(5) den Rialachán Airgeadais.
(4)    COM(2024) 276 final an 28.6.2024.
(5)      Sa doiciméad seo úsáidtear an téarma ‘soláthar’ de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais agus go háirithe Airteagal 214 de. Mar a leagtar síos le hAirteagal 214(2), is gá go gcumhdaítear leis an ráta soláthair glanchaillteanais a bhfuil coinne leo móide maolán sábháilteachta leordhóthanach le haghaidh caillteanais nach bhfuil coinne leo. In imthosca eile, (e.g. i gcomhthéacs cuntasaíochta) is féidir go mbeadh ciall eile leis an téarma soláthar
(6) Léirítear le ‘rioscaí dlí’ foinse dliteanas teagmhasach ar leithligh. Ní chumhdaítear iad sin leis an tuarascáil reatha.
(7)    Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).
(8)      Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).
(9)    Tá forbhreathnú ar na gníomhartha reachtacha ábhartha agus ar na comhaontuithe ráthaíochta comhfhreagracha idir an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil i nGlacadh Cinntitheach (AE, Euratom) 2021/417 bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 (Roinn III – An Coimisiún, Nótaí Tráchta maidir le Mír 14 20 03 02 den ráiteas caiteachais ‘Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha do ICFCI, EINS, IPA III agus MFA’) (IO L 93, 17.3.2021, lch. 959).
(10)    Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI (IO L 249, 27.9.2017, lch. 1).
(11)      Bunaíodh CEFI+ leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – an Rialachán maidir leis an Eoraip Dhomhanda. Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(12)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).
(13)      Rialachán (AE) 2022/2463 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena mbunaítear ionstraim chun tacaíocht a thabhairt don Úcráin le haghaidh 2023 (cúnamh macrairgeadais +) (IO L 322, 16.12.2022, lgh. 1–14).
(14)      Chun mionsonraí a fháil maidir leis an gciste don soláthar coiteann, féach an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gciste don soláthar coiteann in 2023 (COM(2024) 180 final an 25.6.2024) agus an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis (SWD(2024) 161 final an 25.6.2024).
(15)      Féach Roinn 3 de Thuarascáil Airteagal 41(5).
(16)    Cinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).
(17)    Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
(18)    Féach míreanna 3.2 agus 4.2 den tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus dliteanais theagmhasacha - an staid amhail an 31 Nollaig 2020 (COM(2021) 676 final an 5.11.2021).
(19)    Cinneadh ón gCoimisiún an 24.7.2020 maidir leis an gCoiste Stiúrtha um Dhliteanais Theagmhasacha a eascraíonn as Ráthaíochtaí Buiséadacha a bhunú (COM(2020) 5154 final). Tá an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 7 den Chinneadh sin sa tuarascáil seo freisin.
(20)      Cinneadh (AE) 2022/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin, lena ndaingnítear an ciste don soláthar coiteann le ráthaíochtaí ó Bhallstáit agus le soláthar sonrach le haghaidh roinnt dliteanas airgeadais a bhaineann leis an Úcráin arna ráthú faoi Chinneadh Uimh. 466/2014/AE, agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2022/1201
(21)      In 2023, sholáthair an tAontas tacaíocht bhuiséadach i bhfoirm ráthaíochtaí do Ghrúpa BEI agus d’institiúidí airgeadais eile (lena n-áirítear BEAF agus Bainc Náisiúnta le hAghaidh Spreagadh) faoi na cláir ráthaíochta éagsúla a bhí ann cheana.
(22)

     I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an ráthaíocht nithe breise a chumhdach amhail costais chistithe agus táillí eile.

(23)      Baineann na neamhchosaintí eintitis phríobháidigh go príomha le Sainordú Príobháideach an Tionscnaimh Athléimneachta Eacnamaíoch EUR 2.3 billiún (lena dtacaítear faoi SIS 2014-2020 ar bhonn Chinneadh (AE) 2018/412, lena leasaítear Cinneadh bunaidh Uimh. 466/2014/AE) agus le roinnt ráthaíochtaí riosca polaitiúla le haghaidh neamhchosaintí tráchtála.
(24)    Is é Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí le haghaidh MFA do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad seachas tíortha i mbéal forbartha. Féadfar Airteagal 213 CFAE a úsáid mar bhunús dlí i gcás ina bhfuil cúnamh airgeadais práinneach de dhíth ar thríú tír.
(25)      Cuidíonn saoráid iasachta Euratom leis na Ballstáit agus le tríú tíortha araon infheistíochtaí a mhaoiniú i stáisiúin cumhachta núicléiche agus i suiteálacha tionsclaíocha sa timthriall breosla núicléach. Féach Cinneadh 77/270/Euratom ón gComhairle an 29 Márta 1977 lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún iasachtaí Euratom a eisiúint chun rannchuidiú le stáisiúin núicléacha a mhaoiniú (IO L 88, 6.4.1977, lch. 9), arna leasú agus arna fhorlíonadh.
(26)    Áirítear leo sin EUR 18 mbilliún don Úcráin faoin ionstraim MFA+, an tríú tráthchuid de 200 milliún den iasacht MFA don Iordáin, an dara tráthchuid de EUR 40 milliún d’iasacht MFA 120 milliún don Mholdóiv a deonaíodh ar dtús in 2022, agus an chéad tráthchuid de EUR 50 milliún den bhreisiú 100 milliún den iasacht don Mholdóiv a cinneadh in 2023.. Chun mionsonraí a fháil, lena n-áirítear an méid gan íoc in aghaidh gach tairbhí aonair, féach an tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an chúnaimh mhacrairgeadais do thríú tíortha in 2023 (COM(2024) 240 final an 10.6.2024) agus SWD(2024) 150 final an 10.6.2024 a ghabhann leis.
(27)    Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).
(28)    Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 118, 12.5.2010, lch. 1). Rialachán (AE) Uimh. 2015/1360 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2015 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 lena mbunaítear sásra cobhsaíochta airgeadais Eorpach (IO L 210, 7.8.2015, lch. 1).
(29)      Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lch. 1)
(30)      Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29.2.2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin. Féach Bosca 1 thíos chun sonraí a fháil.
(31)      Ag deireadh 2022, i gcomhar le glacadh na hionstraime ‘MFA+’, mar a thugtar uirthi, a ceapadh chun cuidiú leis an Úcráin cuid dá riachtanais chistiúcháin ghearrthéarmacha a chumhdach, bunaíodh an cur chuige cistiúcháin aontaithe mar an modh bonnlíne chun gach oibríocht chun iasacht a fháil a chur chun feidhme, lena n-áirítear MFAnna. Faoin straitéis chistiúcháin sin eisíonn an Coimisiún bannaí aonbhranda de chuid an Aontais agus leithdháileann sé na fáltais ar chiste comhthiomsaithe lárnach óna gcistítear cláir bheartais éagsúla an Aontais. Go bunúsach, leis an gcur chuige cistiúcháin aontaithe, is féidir eisíocaíocht iasachtaí le Ballstát nó le tríú tír a dhínascadh go hiomlán ó eisiúint bhannaí an Aontais. Faoi NGEU, faigheann an Coimisiún airgead ar iasacht ar na margaí freisin chun tacaíocht neamh-inaisíoctha a mhaoiniú (lena n-áirítear deontais STA). Cumhdaítear aisíocaíocht na n-oibríochtaí sin chun iasacht a fháil trí leithreasuithe na mbuiséad bliantúil amach anseo, laistigh de theorainneacha na gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, agus dá bhrí sin ní hionann é agus dliteanas teagmhasach don Aontas. Mar sin féin, eascraíonn dliteanais theagmhasacha nua as gníomhaíochtaí NGEU chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt (i.e. chun iasachtaí STA a chistiú) agus tugtar aghaidh orthu sa tuarascáil seo.
(32)      Anuas ar an ráthaíocht arna soláthar ag na Ballstáit uile, leagtar roinnt coimircí síos i Rialachán SURE chun an riosca a bhaineann le dliteanais theagmhasacha SURE a mhaolú. Áirítear leo sin teorainn chomhchruinnithe ar na trí iasacht is mó de 60 % den uasmhéid a dheonaítear faoi SURE, neamhchosaint bhliantúil uasta 10 % (i.e. ní fhéadfaidh íocaíochtaí dlite gach bliain a bheith níos mó ná EUR 10 billiún), agus an fhéidearthacht don Choimisiún a chuid iasachtaíochta a thar-rolladh más gá.
(33)    Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23).
(34)      COM(2021) 676 final an 5.11.2021.
(35)      In 2023, fuair an ciste don soláthar coiteann EUR 3.53 billiún de ranníocaíochtaí glana ó bhuiséad an Aontais nó arna ranníoc ag na Ballstáit rannpháirteacha agus ag tíortha CSTE.
(36)      Chun faisnéis bhreise a fháil féach an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an gciste don soláthar coiteann in 2023.
(37)    Is féidir an luach faoi riosca a shainmhíniú mar leibhéal caillteanais punainne nach rachfar thar leibhéal muiníne áirithe, ó thaobh staidrimh de, thar thréimhse ama áirithe. Is iad 95 % agus 90 %, faoi seach, na leibhéil muiníne le haghaidh cláir inmheánacha (CEIS, InvestEU) agus cláir sheachtracha (CEFI, CEFI+) agus cuirtear san áireamh iontu tosca amhail na cuspóirí beartais éagsúla agus creataí gach ceann díobh.
(38)

     Chun sonraí a fháil maidir leis an measúnú riosca, féach tuarascáil Airteagal 41(5).

(39) f     Tá soláthar reatha CEIS EUR 859 milliún os cionn na soláthairtí a cheanglaítear leis an dlí (35 % de mhéid iomlán na ráthaíochta arna síniú le contrapháirtithe). Leithdháilfear an barrachas sin, i gcomhréir le forálacha Shaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí agus Rialachán InvestEU, ar an tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí a mhaoiniú agus ar InvestEU a sholáthar.
(40)      Eisíocadh EUR 1.3 billiún eile d’iasachtaí SIS ar athraíodh a gcuspóir freisin. Tá siad sin faoi réir ráta soláthair 70 % agus bunaithe ar urrann thiomnaithe (féach Bosca 1 thíos)
(41)      I gcás na n-iasachtaí SIS ar athraíodh a gcuspóir, cé go mbeidh an soláthar maidir leo i bhfoirm soláthar íoctha isteach arna cistiú ag buiséad an Aontais, baintear an éifeacht chéanna amach maidir le MFA eisceachtúil tríd an ráta soláthair atá íoctha isteach a fhorlíonadh ag leibhéal 9 % le ráthaíochtaí ó na Ballstáit chun an dara píosa suas le 61 % de na neamhchosaintí ar iasachtaí a chumhdach.
(42)      Chomh maith le roinnt táscairí riosca, áiríodh na nithe seo a leanas sna gnéithe a cuireadh san áireamh sa mheasúnú cáilíochtúil: (i) an tríú hathbhreithniú ó CAI ar an socrú fadaithe faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin a foilsíodh i mí an Mhárta 2024; (ii) glacadh agus teacht i bhfeidhm oibríochtaí Shaoráid an Aontais don Úcráin; agus (iii) pacáiste tacaíochta na Stát Aontaithe i mí na Bealtaine 2024. Thug CAI léargas measctha, go háirithe, ar staid airgeadais agus mhaicreacnamaíoch na tíre ag an am. Ar an taobh dearfach, chuir CAI i dtábhacht go raibh an geilleagar in 2023 níos athléimní ná mar a measadh, agus go raibh fás réasúnta láidir ag baint leis, mar aon le frithbhoilsciú leanúnach agus figiúirí maithe maidir le cúlchistí airgeadra eachtraigh. Ar an taobh diúltach, thug CAI rabhadh go raibh dúshláin ag teacht chun cinn arís in 2024, agus measadh go maolódh an fás go 3-4 % mar gheall ar éiginnteacht faoi na srianta leanúnacha cogaidh agus soláthair saothair, lena n-áirítear an slógadh a bhfuil coinne leis. Dar le CAI, bhí an t-ionchas fós faoi réir rioscaí thar a bheith ard ar an taobh thíos a eascraíonn as tosca a bhaineann leis an gcogadh, as easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann i maoiniú seachtrach agus as tionchar socheacnamaíoch na mbeartas a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil dá dtiocfadh suaití chun cinn.
(43)      Thángthas ar an gconclúid sa cheathrú hathbhreithniú ó CAI ar an socrú fadaithe faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin, cé go raibh geilleagar na hÚcráine níos athléimní ná mar a measadh sa chéad ráithe de 2024, go bhfuil an t-ionchas don chuid eile de 2024 agus ag tús 2025 ag dul in olcas ó bhí an tríú hathbhreithniú ann, go príomha mar gheall ar ionsaithe uafásacha ar bhonneagar fuinnimh na hÚcráine agus éiginnteacht faoi fhad chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Féach an Úcráin: An Ceathrú hAthbhreithniú ar an Socrú Fadaithe faoin tSaoráid Fhadaithe Chistiúcháin, Iarraidh ar Mhodhnuithe ar Chritéar Feidhmíochta, agus Preaseisiúint maidir le hAthbhreithniú ar Dhearbhuithe Maoinithe; Tuarascáil Foirne; agus Ráiteas ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Úcráin (imf.org) .
(44)      Ag deireadh mhí Lúnasa 2024, d’fhógair rialtas na hÚcráine conclúidí rathúla na caibidlíochta le sealbhóirí bannaí tráchtála maidir le fiachas seachtrach os cionn USD 20 billiún a athstruchtúrú.    Féach https://mof.gov.ua/en/news/ukraine_announces_successful_bondholders_vote_in_favor_of_debt_restructuring-4761.
(45)     https://economy-finance.ec.europa.eu/document/download/c63e0da2-c6d6-4d13-8dcb-646b0d1927a4_en?filename=ip286_ga.pdf .
(46)    Tá sé seo cosúil leis an tástáil struis a dhéantar ar ‘chás r-g díobhálach’ a rinneadh i Monatóir um Inbhuanaitheacht Fiachais an Choimisiúin: Monatóir um Inbhuanaitheacht Fiachais 2023 – An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(47)      Asbhaintear na dliteanais theagmhasacha a bhaineann le hiasachtaí STA ó na hoibleagáidí NGEU atá ag aibiú sa tástáil struis seo. Is é an chúis leis sin go ndírítear sa tástáil struis ar thaobh an chaiteachais agus ní ar thaobh an ioncaim amhail i dtástáil struis 2.
(48)    Mar a leagtar amach sa choigeartú teicniúil is déanaí ar CAI (COM(2024)110 final an 29.2.2024).
(49)    Maidir le sásra Airteagal 5 agus Airteagal 11(1)(b) de Rialachán maidir le CAI (suas go dtí na huasteorainneacha a leagtar amach in Airteagal 11(3) den Rialachán céanna agus gan ach na coigeartuithe aníos a d’fhéadfaí a dhéanamh á gcur san áireamh).