AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.8.2020
COM(2020) 355 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha
{SWD(2020) 154 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.8.2020
COM(2020) 355 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle
maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha
{SWD(2020) 154 final}
IARSCRÍBHINN I
Liosta na dtáirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de réir chatagóirí táirgí Cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe
Talmhaíocht, feirmeoireacht stoic, foraoiseacht agus iascach
0203 0204 0207 0407 0603 0701 0703 0706 0708 0810
Mianadóireacht agus cairéalacht
2516 6801 6802 6810
Ábhair thógála
2523 3816 3824 6809 7006 7007 7008 7009 7010
Ceimiceáin
2804 2807 2811 2828 2853 3102 3105 3208 3209 3212 3213 3214 3304
3401 3402 3406 3814 3917 3920 3923 3925 4012
Tionscail mhiotalóireachta
7308 7309 7604 7608 7610 8415 8424 8907 9403 9404 9406
Tionscal bia agus deochanna
0210 0305 0403 0406 0901 1101 1102 1601 1602 1702 1704 1806 1901 1902 1904 1905 2002 2005 2006 2007 2008 2009 2103 2105 2106 2201
2202 2203 2204 2208 2309
Tobac
2402
Teicstílí, leathar agus coisbheart
6109 6112
Páipéar
4808 4811 4818 4819 4821 4823
Na healaíona grafacha
4909 4910 4911
IARSCRÍBHINN II
Faisnéis atá le cur san áireamh sa tuarascáil faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 4
1. Costais bhreise mheasta. Seolfaidh údaráis na Spáinne tuarascáil achomair ina mbeidh sonraí leordhóthanacha lena mheas go bhfuil an costas breise ann, costas a mhéadaíonn ar bhunphraghas an táirgthe áitiúil i gcomparáid le táirgí a tháirgtear in áiteanna eile. Áiritheofar an fhaisnéis seo a leanas, i gcás ina mbeidh fáil ar an bhfaisnéis sin, leis an bhfaisnéis a sholáthrófar sa tuarascáil achomair: costais ionchuir, costais breis‑stoc, costais trealaimh, costais bhreise saothair agus costais airgeadais. Ní mór na sonraí sin a sholáthar de réir chatagóirí táirgí Cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe ar a laghad, agus de réir cheithre dhigit na hAinmníochta Comhcheangailte.
Sa tuarascáil seo áiritheofar torthaí achoimre na staidéar mionsonraithe ad hoc ar chostais bhreise a leanfaidh an Spáinn de bheith á ndéanamh go tréimhsiúil.
2. Fóirdheontais eile. Seolfaidh údaráis na Spáinne liosta na mbeart eile cabhrach agus tacaíochta ar fad a bhfuil baint acu le stádas na nOileán Canárach mar cheann de na réigiúin is forimeallaí, bearta lena dtugtar aghaidh ar chostais bhreise oibriúcháin na n‑oibreoirí eacnamaíocha .
3. Tionchar ar an mbuiséad poiblí. Líonfaidh údaráis na Spáinne Tábla 1 isteach agus soláthróidh siad méid iomlán measta na cánach (in EUR) a bailíodh nó nár bailíodh faoi chóras AIEM.
Tábla 1.
|
Bliain* |
2019 |
2020 |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
Nótaí** |
|
Ioncam cánach tarscaoilte |
|||||||
|
Fáltais chánach – allmhairí |
|||||||
|
Fáltais chánach – táirgeadh áitiúil |
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(1)“ioncam cánach tarscaoilte”: méid iomlán na cánach (in EUR) nár bailíodh de bharr na ndifreálach cánach a cuireadh i bhfeidhm ar tháirgeadh áitiúil (laghduithe/díolúintí). Ar leibhéal na dtáirgí, ríomhtar é trí luach na táirgeachta a díoladh ar an margadh áitiúil (i.e. tar éis onnmhairí a bhaint) a iolrú faoin difreálach cánach a cuireadh i bhfeidhm. Ríomhtar an táscaire ansin trí na meastacháin ar leibhéal na dtáirgí a chur le chéile.
(2)“fáltais chánach – allmhairí”: méid iomlán na cánach (in EUR) a gearradh ar allmhairiú táirgí incháinithe.
(3)“fáltais chánach – táirgeadh áitiúil”: méid iomlán na cánach (in EUR) a gearradh ar na táirgí áitiúla incháinithe.
(4)(*) d'fhéadfadh nach mbeadh fáil ar an bhfaisnéis i gcás gach bliana a liostaítear.
(5)(**) tabhair tuairimí agus soiléirithe má mheastar go bhfuil siad ábhartha.
4. Tionchar ar an bhfeidhmiú eacnamaíoch foriomlán. Líonfaidh údaráis na Spáinne Tábla 2 isteach agus soláthróidh siad aon sonraí lena léirítear tionchar na gcánacha laghdaithe ar fhorbairt shocheacnamaíoch an réigiúin. Tagraítear leis na táscairí riachtanacha sa Tábla d'fheidhmiú na n‑earnálacha lena bhfuiltear ag tacú i gcomparáid le feidhmiú ginearálta an gheilleagair réigiúnaigh. Más rud é nach bhfuil fáil ar tháscairí áirithe, cuirfear san áireamh sonraí tuairiscithe malartacha ar fheidhmiú socheacnamaíoch foriomlán an réigiúin.
Tábla 2.
|
Bliain* |
2019 |
2020 |
2021 |
2022 |
2023 |
2024 |
Nótaí** |
|
Oll-bhreisluach réigiúnach |
|||||||
|
-Sna hearnálacha lena bhfuiltear ag tacú |
|||||||
|
Fostaíocht réigiúnach fhoriomlán |
|||||||
|
-Sna hearnálacha lena bhfuiltear ag tacú |
|||||||
|
Líon na bhfiontar gníomhach |
|||||||
|
-Sna hearnálacha lena bhfuiltear ag tacú |
|||||||
|
Innéacs praghasleibhéal – mórthír |
|||||||
|
Innéacs praghasleibhéal – réigiún |
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(1) “na hearnálacha lena bhfuiltear ag tacú”: beartaithe mar earnálacha eacnamaíocha (sainiú NACE nó a leithéid) ina dtairbhíonn an táirgeadh go príomha (de réir an mhéid táirgeachta) de laghdú nó de dhíolúintí cánach.
(2)(*) d'fhéadfadh nach mbeadh fáil ar an bhfaisnéis i gcás gach bliana a liostaítear.
(3)(**) tabhair tuairimí agus soiléirithe má mheastar go bhfuil siad ábhartha.
5. Sonraíochtaí an chórais. Líonfaidh údaráis na Spáinne Táblaí 3 agus 4 isteach le haghaidh gach táirge (AC4, AC6, AC8 nó TARIC10 de réir mar is infheidhme) agus in aghaidh na bliana (ó 2019 go 2024). Ní áirítear sa liosta ach na táirgí a thairbhíonn de rátaí difreálaithe cánach.
Tábla 3. Sainaithint na dtáirgí agus na rátaí a chuirtear i bhfeidhm.
|
Táirgí lena dtacaítear – cód AC (4 dhigit, 6 dhigit, 8 ndigit nó 10 ndigit) |
Bliain |
Catagóir fhormheasta AC4 |
Sonraíochtaí cóid |
Ráta cánach seachtrach |
Ráta cánach inmheánach |
An difreálach cánach a cuireadh i bhfeidhm |
Nótaí** |
|
2019 |
|
|
|
|
|
||
|
2020 |
|
|
|
|
|
||
|
2021 |
|||||||
|
2022 |
|||||||
|
2023 |
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(1)“Catagóir fhormheasta AC4”: catagóir AC4 arna formheas leis an gCinneadh seo.
(2)“sonraíocht chóid”: i gcás ina leathnófar cóireáil dhifriúil chun cóid 10 ndigit dhifriúla a chumhdach nó go mbunófar an chóireáil ar shonraíochtaí eile ad hoc de shainithe AC/TARIC.
(3)“Ráta cánach seachtrach”: an ráta cánach a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí.
(4)“Ráta cánach inmheánach”: an ráta cánach a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgeadh áitiúil.
(5)“An difreálach cánach a cuireadh i bhfeidhm”: an difríocht idir an ráta seachtrach agus an ráta inmheánach.
(6) (**) tabhair tuairimí agus soiléirithe má mheastar go bhfuil siad ábhartha.
Tábla 4. An sciar den mhargadh atá ag táirgí lena dtacaítear.
|
Táirgí lena dtacaítear – cód AC (4 dhigit, 6 dhigit, 8 ndigit nó 10 ndigit)* |
Bliain |
Méid |
Luach (in EUR) |
Nótaí** |
|||||
|
táirgeadh áitiúil |
aonad |
allmhairí |
Sciar den mhargadh** |
táirgeadh áitiúil |
allmhairí |
Sciar den mhargadh** |
|||
|
2019 |
|
|
|
|
|
||||
|
2020 |
|
|
|
|
|
||||
|
2021 |
|||||||||
|
2022 |
|||||||||
|
2023 |
|||||||||
Nótaí a ghabhann leis an Tábla:
(1)(*) ba cheart an chéad cholún a bheith go díreach mar an gcéanna leis an tábla roimhe chun meaitseáil sonraí a lamháil.
(2)“méid”: sonraigh an t‑aonad tomhais (tonnaí, heictilítir, píosaí, etc.) sa cholún “aonad”.
(3)“luach”: maidir le hallmhairiú, tá sé i gcomhthráth leis an méid incháinithe.
(4)(**) “sciar den mhargadh”: bainfear onnmhairí táirgí áitiúla agus an sciar den mhargadh á ríomh.
(5)(***) tabhair tuairimí agus soiléirithe má mheastar go bhfuil siad ábhartha.
6. Neamhrialtachtaí. Soláthróidh údaráis na Spáinne faisnéis faoi aon imscrúdú ar neamhrialtachtaí riaracháin, go háirithe faoi imghabháil chánach nó faoi smuigléireacht, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an údaraithe. Tabhair faisnéis mhionsonraithe, lena n‑áirítear ar a laghad faisnéis faoi chineál an cháis, faoin luach, agus faoin tréimhse ama.
7. Gearáin. Soláthróidh údaráis na Spáinne faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil aon ghearán faighte ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta maidir le cur i bhfeidhm an údaraithe, ó thairbhithe nó ó dhaoine nach tairbhithe iad.