AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.8.2020
COM(2020) 355 final
2020/0163(CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha
{SWD(2020) 154 final}
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.8.2020
COM(2020) 355 final
2020/0163(CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha
{SWD(2020) 154 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a bhfuil feidhm aige maidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas, lena n‑áirítear na hOileáin Chanáracha, ní cheadaítear i bprionsabal aon difríocht idir cánachas ar tháirgí áitiúla agus cánachas ar tháirgí ón Spáinn nó ó na Ballstáit eile. Le hAirteagal 349 de CFAE is féidir bearta sonracha a ghlacadh maidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach, mar aithnítear ann go ndéanann srianta buana comhcheangailte a bhforbairt a shrianadh go mór agus go ndéanann siad difear dá staid eacnamaíoch agus shóisialta.
Baineann an togra le Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gCinneadh reatha, Cinneadh Uimh. 377/2014/AE ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014, a aisghairm 1 . Leis an gCinneadh seo, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 349 de CFAE, údaraítear an Spáinn díolúintí ó “Arbitrio sobre Importaciones y Entregas de Mercancías en las Islas Canarias” (“AIEM” anseo feasta) nó laghduithe ann a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe arna dtáirgeadh go háitiúil sna hOileáin Chanáracha go dtí an 31 Nollaig 2020.
Cáin indíreach Stáit is ea AIEM a thoibhítear in aon chéim amháin ar sholáthairtí earraí sna hOileáin Chanáracha. Leis na bearta sonracha a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 377/2014/AE, bunaítear cineál cánachais dhifreálaithe a thairbhíonn do tháirgeadh áitiúil táirgí áirithe. Státchabhair atá sa sochar cánach sin, a chuireann údaráis na Spáinne chun feidhme faoi láthair faoin gcuid de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine a bhaineann le cabhair réigiúnach 2 .
Is é is aidhm don bheart seo na srianta buana a bhaineann lena n‑iargúltacht, le spleáchas amhábhar agus fuinnimh, leis an ngá le stoic a thiomargadh, le beagmhéid an mhargaidh áitiúil agus le leibhéal íseal na gníomhaíochta onnmhairiúcháin a chúiteamh le táirgeoirí sna hOileáin Chanáracha. Bíonn na costais táirgthe, agus dá bhrí sin bunphraghas na n‑earraí arna dtáirgeadh go háitiúil, níos airde de dheasca na srianta sin le chéile, rud a chiallaíonn nach mbeadh táirgeoirí áitiúla chomh hiomaíoch le táirgeoirí ó mhórthír na hEorpa gan bearta sonracha, fiú agus an costas ar earraí a iompar go dtí na hOileáin Chanáracha á chur san áireamh. Bheadh sé níos deacra dá bhrí sin táirgeadh áitiúil a choinneáil ar bun. Ceapadh na bearta sonracha chun an tionscal áitiúil a neartú trí na costais bhreise atá orthu a chúiteamh leo, agus cothrom iomaíochta a chruthú dá réir.
An 24 Aibreán 2019, chuir an Spáinn iarraidh ar shíneadh le tréimhse feidhme Chinneadh Uimh. 377/2014/AE isteach chuig an gCoimisiún.
A mhéid a bhaineann leis an iarraidh ar shíneadh le tréimhse feidhme Chinneadh Uimh. 377/2014/AE, sheol an Coimisiún staidéar seachtrach chun measúnú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair agus ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag roghanna féideartha le haghaidh na tréimhse tar éis 2020, lena n‑áirítear an rogha ar a bhfuil an togra atá ann faoi láthair bunaithe. Measann an Coimisiún, ar bhonn an staidéir sin, go bhfuil sé de cheart aige an síneadh a iarradh a dheonú, le roinnt leasuithe ar an gcóras atá ann faoi láthair.
Dá bhrí sin, tá bunú chreat dlíthiúil AIEM ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2027 i gceist leis an togra seo, le hathbhreithnithe ar na socruithe atá ann faoi láthair atá dírithe ar an gcóras a dhéanamh níos solúbtha agus níos trédhearcaí.
Seo a leanas na leasuithe atá beartaithe, i gcomparáid leis an gcóras atá ann faoi láthair:
(a)Athbhreithniú na gcritéar maidir le táirgí incháilithe a shainaithint.
Tá sé beartaithe leis an gcóras athbhreithnithe modh nua a úsáid chun na táirgí lena dtacaítear tríd an gcóras cánach speisialta a shainaithint. In ionad an chur chuige atá ann faoi láthair, lena ndéantar gach táirge sonrach a shainaithint go sainráite sa Chinneadh (bunaithe ar chódú le réimse ó AC4 go TARIC10), ní léirítear sa Chinneadh atá beartaithe ach na catagóirí táirgí atá incháilithe (AC4), fad a dhéanann údaráis náisiúnta táirgí sonracha (AC8 nó níos airde) a mhionsonrú ina gcreataí dlíthiúla agus riaracháin.
D'iarr údaráis na Spáinne go dtairbheodh 99 gcatagóir táirgí faoi Cheannteidil an Chórais Chomhchuibhithe (CC) 3 , de réir cheithre dhigit na hAinmníochta Comhcheangailte, den bheart seo. Comhaontaíonn an Coimisiún leis an liosta in Iarscríbhinn I toisc go gcomhlíonann na catagóirí táirgí seo na critéir incháilitheachta.
Roghnaítear na táirgí bunaithe ar na critéir seo a leanas:
–go bhfuil táirgeadh áitiúil ann agus go mbaineann sciar nach lú ná 5 % den mhargadh áitiúil leis;
–go bhfuil allmhairiú nach beag earraí ann (lena n‑áirítear earraí ó mhórthír na Spáinne agus ó Bhallstáit eile) a d'fhéadfadh leanúnachas an táirgthe áitiúil a chur i mbaol, agus go mbaineann sciar 10 % ar a laghad den mhargadh áitiúil leis; agus
–gur ann do chostais bhreise a mhéadaíonn bunphraghas an táirgthe áitiúil i gcomparáid le táirgí a tháirgtear in áiteanna eile, agus iomaíochas na dtáirgí a tháirgtear go háitiúil á chur i mbaol dá réir.
Is féidir maolú ar thairseacha an sciar den mhargadh in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n‑áirítear táirgeadh dlúthshaothair; táirgeadh a bheadh straitéiseach maidir le forbairt áitiúil in imthosca eile; táirgeadh faoi réir luaineacht thréimhsiúil; táirgeadh lonnaithe in áiteanna lena mbaineann míbhuntáiste ar leith; táirgeadh táirgí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte.
(b)Athbhreithniú ar shásraí chun an t‑uasdifreálach ceadaithe a dhéanamh amach.
Tá sé beartaithe leis an gcóras athbhreithnithe na socruithe maidir le difreálach cánach a dhéanamh amach a shimpliú, agus liosta amháin a chur in ionad na gceithre liosta dhifriúla táirgí atá ann faoi láthair, liosta ar a bhfuil uastairseach aonair 15 % ceadaithe ina uasdifreálach ceadaithe le haghaidh na dtáirgí ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh nua.
Cinnfidh údaráis na Spáinne an céatadán iomchuí le haghaidh gach táirge agus soláthróidh siad an fhaisnéis sin don Choimisiún roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh nua ón gComhairle. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an teorainn chainníochtúil bhliantúil d'ioncam tarscaoilte ar fiú EUR 150 milliún é, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Le liosta na dtáirgí agus leis an uasdifreálach ceadaithe tugtar aghaidh ar chuspóir Airteagal 349 de CFAE maidir le bearta sonracha a ghlacadh chun saintréithe speisialta na nOileán Canárach mar cheann de na réigiúin is forimeallaí san Aontas a chur san áireamh, agus an tráth céanna gan an iomaíocht a shaobhadh ar bhealach lena ndéanfaí dochar don mhargadh inmheánach.
(c)Socruithe faireacháin athbhreithnithe.
Tá an togra seo dírithe ar ualach an athbhreithnithe tráthrialta a laghdú agus ar áirgiúlacht agus éifeachtacht na ngníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta a fheabhsú. Dá bhrí sin, cuirtear struchtúr caighdeánaithe chun cinn leis le haghaidh tuairisciú bunaithe ar shraith chomhchuibhithe táscairí atá i gcoiteann ag gach réigiún is forimeallaí san Aontas a thairbhíonn de chóras speisialta cánach.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Sa Teachtaireacht ó 2017 maidir le “Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas” 4 , sonraítear go bhfuil dúshláin mhóra roimh na réigiúin is forimeallaí i gcónaí, agus gur dúshláin bhuana cuid mhór díobh sin. Sa Teachtaireacht sin, cuirtear i láthair cur chuige an Choimisiúin maidir le tacú leis na réigiúin sin i leith a sócmhainní uathúla a fhorbairt agus earnálacha nua a shainaithint chun gur féidir fás agus fostaíocht a chruthú.
Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don togra seo tacú leis an réigiún is forimeallaí den Spáinn maidir lena shócmhainní a fhorbairt chun fás agus cruthú fostaíochta a chur chun cinn san earnáil áitiúil. Leis an togra seo forlíontar an Clár de Roghanna a bhaineann go sonrach le hIargúltacht agus le hOileánacht (POSEI) 5 , clár atá dírithe ar thacaíocht le haghaidh na príomhearnála agus táirgeadh amhábhar, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) 6 agus maoiniú Leithdháileadh Sonrach Breise Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) 7 .
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach leis an Straitéis maidir le Margadh Aonair 8 , 2015, ina mbeartaíonn an Coimisiún Margadh Aonair níos doimhne agus níos cothroime a sheachadadh a rachaidh chun tairbhe do na páirtithe leasmhara go léir. Ar na cuspóirí leis an mbeart atá beartaithe tá maolú na gcostas breise a bhíonn ar chuideachtaí sna réigiúin is forimeallaí, costais a chuireann bac ar a rannpháirtíocht iomlán sa Mhargadh Aonair. I ngeall ar mhéideanna teoranta an táirgthe i gceist agus raon feidhme teoranta AIEM sna hOileáin Chanáracha, ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach ar fheidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 349 de CFAE an bunús dlí. Cuirtear ar chumas na Comhairle leis an bhforáil sin forálacha sonracha a ghlacadh le cur i bhfeidhm na gConarthaí maidir leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas a oiriúnú.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Is í an Chomhairle amháin atá údaraithe, ar bhonn Airteagal 349 de CFAE, bearta sonracha a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gConarthaí a oiriúnú do na réigiúin is forimeallaí san Aontas, lena n‑áirítear na comhbheartais, de bharr na srianta buana a dhéanann difear do staid eacnamaíoch agus shóisialta na réigiún sin. Is fíor é sin freisin maidir le maoluithe ar Airteagal 110 de CFAE. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra seo prionsabail na comhréireachta mar a leagtar amach iad in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Ní théann na leasuithe atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna i gceist agus, ar an gcaoi sin, chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach maidir lena áirithiú go mbeidh an margadh inmheánach ag feidhmiú go héifeachtach cuí.
•An rogha ionstraime
Tá sé beartaithe Cinneadh ón gComhairle a chur in ionad Chinneadh Uimh. 377/2014/AE ón gComhairle.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Le raon feidhme chóras AIEM tugtar aghaidh go sásúil ar riachtanais na n‑oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann. Tá mar réasúnaíocht le córas speisialta AIEM tacú le táirgí áitiúla tríd an mbearna iomaíochais idir táirgí áitiúla agus táirgí a táirgeadh lasmuigh de na hoileáin a laghdú, bearna a bhfuil na costais táirgthe bhreise a bhaineann leis na srianta buana a dhéanann difear do na hOileáin Chanáracha ina gcúis léi. Faoi chóras AIEM ní dhéantar ach cuid de na costais bhreise a mheastar a bheidh ann a chúiteamh. Ar an meán, tugtar aghaidh leis an ráta laghdaithe ar thart ar aon cheathrú amháin de na costais bhreise, ach i dtéarmaí airgeadaíochta níl ach 14 % de na costais bhreise iomlána sa chúiteamh iomlán, arna thomhas i ndáil leis an gcáin iomlán a mhuirearaítear ar allmhairí. Ar an mbealach sin, déantar laghdú ar an tionscal áitiúil sna hOileáin Chanáracha a mhaolú go príomha le AIEM in ionad tacú go hiomlán le forbairt agus fás.
Tugtar le fios san anailís ar shonraí cainníochtúla a rinneadh sa scrúdú seachtrach go mbeadh feidhmíocht na n‑earnálacha áitiúla táirgthe i bhfad níos measa murach tacaíocht AIEM. Go teoiriciúil bhain thart ar an tríú cuid de luach na dtáirgí a fuair tacaíocht ó AIEM (thart ar EUR 570 milliún) le sásra an difreálaigh cánach, agus bhí éifeachtaí dearfacha aige sin ar an bhfostaíocht – inar cláraíodh méadú de 2 000 aonad, geall leis, in earnálacha AIEM ó bhí 2014 ann – agus ar líon na bhfiontar gníomhach, a raibh méadú de thart ar 300 aonad air sa tréimhse chéanna. Níl aon fhianaise ar thairbhí maidir le luach iomlán na n‑infheistíochtaí ná le héagsúlú an táirgthe. Maidir le héifeachtúlacht, go ginearálta bíonn feidhmíocht an chórais speisialta dearfach agus cóimheas 1:3, geall leis, ann idir “costas” an bhirt (an t‑ioncam cánach tarscaoilte) agus an táirgeadh breise áitiúil a d'fhéadfadh a bheith ina thoradh air.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ar an iomlán, cuireadh thart ar 120 páirtí leasmhar faoi agallamh mar chuid den scrúdú seachtrach a bhí ina thacú le hanailís an chórais atá ann faoi láthair. Bhí baint ag seirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus ag ionadaithe na Spáinne le clár na n‑agallamh.
Le haghaidh an chomhairliúcháin seo, rinneadh iarracht cumhdach iomchuí na bpáirtithe leasmhara a áirithiú chomh maith le cothromaíocht eatarthu, páirtithe leasmhara lena n‑áirítear idir ionadaithe na n‑earnálacha áitiúla táirgthe - i.e. tairbhithe de na córais speisialta - agus na hearnálacha trádála agus seirbhísí a ndéantar difear dóibh mar gheall orthu go díreach nó go hindíreach.
•Measúnú tionchair
Is mar bheart “droim le droim” a ullmhaítear an tionscnamh seo: meastóireacht ex post ar an gcóras atá ann faoi láthair mar aon le measúnú réamhbhreathnaitheach díreach dá éis sin. Tá an measúnú sin, ar na tionchair fhéideartha a bhainfeadh le leanúint den chóras atá i bhfeidhm cheana féin agus b'fhéidir lena athrú, leagtha síos i ndoiciméad anailíseach, lena n‑áirítear iarscríbhinn mheastóireachta. Tá an doiciméad sin bunaithe ar staidéar seachtrach agus ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil ag an mBallstát.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Is ag údaráis na Spáinne agus ag an gCoimisiún a bheidh an ról maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar fheidhmiú an mhaolaithe, mar a bhí go dtí seo.
Beidh sé de cheangal ar údaráis na Spáinne tuarascáil a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2025 maidir leis an tréimhse ó 2019 go 2024. Cumhdófar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin: faisnéis faoi chostais bhreise a bhaineann leis an táirgeadh; saobhadh eacnamaíoch agus tionchair ar an margadh; faisnéis chun meastóireacht a dhéanamh ar an éifeachtacht, ar an éifeachtúlacht agus ar an gcomhleanúnachas le beartais eile an Aontais; chomh maith le faisnéis faoina ábhartha atá an reachtaíocht anois agus faoina breisluach Eorpach.
Ba cheart féachaint sa bheart tuairiscithe freisin le hionchur a bhailiú ó gach páirtí leasmhar ábhartha maidir le leibhéal agus éabhlóid a gcostas táirgthe breise, a gcostas comhlíonta, agus aon chásanna de shaobhadh margaidh a tháinig chun cinn.
Dréachtóidh an Coimisiún treoirlínte sonracha maidir leis an bhfaisnéis riachtanach d'fhonn a áirithiú go gcumhdófar na sonraí a bheidh de dhíth ar an gCoimisiún san fhaisnéis a bhaileoidh údaráis na Spáinne, sonraí a bheidh ag teastáil chun cinneadh feasach a ghlacadh maidir le bailíocht agus inmharthanacht na scéime amach anseo. Beidh na treoirlínte sin, a mhéid is féidir, i gcoiteann ag scéimeanna eile den chineál céanna a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas, faoi réir reachtaíocht den chineál céanna.
Ar an gcaoi sin, cuirfear ar chumas an Choimisiúin a mheas an ann i gcónaí do na cúiseanna lena dtugtar údar maith leis an maolú, an bhfuil an buntáiste cánach arna dheonú ag an Spáinn comhréireach i gcónaí, agus an féidir bearta eile seachas córas maolaithe cánach a chur i bhfeidhm, agus a ngné idirnáisiúnta á cur san áireamh.
Is in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra atá an struchtúr agus na sonraí atá ag teastáil sa tuarascáil faireacháin. Nuair a chuirfidh údaráis na Spáinne an tuarascáil faireacháin isteach, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar éifeachtaí na rátaí difreálaithe agus déanfaidh sé measúnú ar an ngá atá le hathruithe.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ní bhaineann an chuid seo le hábhar mar tá na hairteagail féinmhínitheach.
2020/0163 (CNS)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 9 ,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)De bhun Airteagal 349 de CFAE, glacfaidh an Chomhairle bearta sonracha a bheidh dírithe go háirithe ar choinníollacha cur chun feidhme na gComhaontuithe a bhaineann leis na réigiúin sin, lena n‑airítear comhbheartais, a leagan síos, agus déanfar é sin agus na srianta struchtúracha, sóisialta agus eacnamaíocha sna réigiúin is forimeallaí á gcur san áireamh, srianta lena n‑áirítear a n‑iargúltacht, a n‑oileánacht, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht achrannach agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí.
(2)Ba cheart bearta sonracha a ghlacadh dá bhrí sin chun na coinníollacha maidir leis an gComhaontú a chur chun feidhme sna réigiúin sin a bhunú. Ní mór saintréithe speisialta agus srianta speisialta na réigiún sin a chur san áireamh iontu, gan dochar a dhéanamh do shláine ná do chomhleanúnachas dhlíchóras an Chomhphobail, lena n‑áirítear an margadh inmheánach agus comhbheartais.
(3)Srian nach beag is ea spleáchas eacnamaíoch na nOileán Canárach ar earnáil na seirbhísí, agus ar an turasóireacht go háirithe, arna thomhas i sciar OTI an réigiúin a bhaineann leis an earnáil sin. Tá ról i bhfad níos lárnaí ag an earnáil sin i ngeilleagar na nOileán Canárach ná mar atá ag an earnáil tionsclaíochta.
(4)Coisceann an iargúltacht agus an oileánacht a bhaineann le hoileánra saorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí agus is é sin an dara srian is mó a dtugann na hOileáin Chanáracha aghaidh air. Is móide spleáchas na n‑oileán ar aeriompar agus ar mhuiriompar a suíomh. Méadaítear a thuilleadh ar chostais táirgthe le haghaidh na dtionscal áitiúil de bharr chostas an iompair go dtí na hoileáin iargúlta oileánacha sin, agus uathu agus orthu. Tá na costais táirgthe níos airde toisc nach bhfuil na modhanna iompair sin chomh héifeachtúil le hiompar de bhóthar ná iompar d'iarnród agus toisc go bhfuil siad níos costasaí ná iad.
(5)Ina thoradh eile ar an iargúltacht sin, eascraíonn costais táirgthe níos airde as spleáchas na n‑oileán ar amhábhair agus fuinneamh a allmhairiú, as an ngá le stoic a thiomargadh agus as na deacrachtaí a dhéanann difear do sholáthar an trealaimh táirgthe.
(6)Cuirtear srian leis na deiseanna ar bharainneacht scála de bharr bheagmhéid an mhargaidh áitiúil agus leibhéal íseal na gníomhaíochta onnmhairiúcháin, de bharr an t‑oileánra a bheith scartha ó chéile, agus de bharr na hoibleagáide maidir le línte táirgthe beaga éagsúlaithe a choinneáil ar bun chun ceanglais an mhargaidh bhig a chomhlíonadh.
(7)Sna hOileáin Chanáracha bíonn sé níos deacra nó níos costasaí ina lán cásanna seirbhísí agus cothabháil speisialaithe agus oiliúint le haghaidh bainisteoirí agus teicneoirí a aimsiú, nó fairsingiú gnó a chur amach ar fochonrú nó a chur chun cinn lasmuigh den mhargadh réigiúnach. Tarlaíonn róstocáil freisin de thoradh raon cúng na modhanna dáilte.
(8)A mhéid a bhaineann leis an gcomhshaol, eascraíonn costais níos airde chomhshaoil as diúscairt na dramhaíola tionsclaíche agus as cóireáil na dramhaíola tocsainí. Tá na costais sin níos airde toisc nach bhfuil aon ghléasra athchúrsála, ach amháin le haghaidh táirgí áirithe, agus nach mór dramhaíl a iompar le go ndéanfaí í a chóireáil lasmuigh de na hOileáin Chanáracha.
(9)Deimhnítear le scrúdú cuimsitheach ar an gcás go bhfuil sé riachtanach iarraidh na Spáinne a dheonú ar athnuachan an údaraithe maidir le cáin a chur i bhfeidhm ar liosta táirgí ar féidir díolúintí le haghaidh táirgí áitiúla a cheadú ina dtaobh.
(10)Tá cáin AIEM ag fónamh don chuspóir earnálacha táirgthe thionsclaíoch na nOileán Canárach a fhorbairt go huathrialaitheach agus geilleagar na nOileán a éagsúlú.
(11)Le Cinneadh 2002/546/CE ón gComhairle an 20 Meitheamh 2002, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 299 de CFAE, údaraíodh an Spáinn i dtosach díolúintí ón gcáin ar a dtugtar “Arbitrio sobre Importaciones y Entregas de Mercancías en las Islas Canarias” (“AIEM” anseo feasta) nó laghduithe inti a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe arna dtáirgeadh go háitiúil sna hOileáin Chanáracha go dtí an 31 Nollaig 2011. Tá liosta de na táirgí is féidir díolúintí nó laghduithe cánach a chur i bhfeidhm maidir leo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin. Ní cheadaítear difríocht níos mó ná 5, 15 nó 25 phointe céatadáin idir an cánachas ar tháirgí áitiúla agus an cánachas ar tháirgí eile, de réir an táirge.
(12)Leasaíodh Cinneadh 2002/546/CE ón gComhairle le Cinneadh Uimh. 895/2011/AE ón gComhairle an 19 Nollaig 2011, lenar cuireadh síneadh lena thréimhse feidhme go dtí an 31 Nollaig 2013.
(13)Leasaíodh Cinneadh 2002/546/CE ón gComhairle le Cinneadh Uimh. 1413/2013/AE ón gComhairle an Dé Máirt 17 Nollaig 2013, lenar cuireadh síneadh lena thréimhse feidhme go dtí an Dé Luain 30 Meitheamh 2014.
(14)Le Cinneadh Uimh. 377/2014/AE ón gComhairle an 12 Meitheamh 2014 tugadh údarú don Spáinn díolúintí ó cháin AIEM nó laghduithe inti a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe arna dtáirgeadh go háitiúil sna hOileáin Chanáracha go dtí an 31 Nollaig 2020. Tá liosta na dtáirgí ar féidir na díolúintí nó na laghduithe cánach a chur i bhfeidhm maidir leo san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh.
(15)15 % is ea an t‑uasráta difreálaigh is féidir a chur i bhfeidhm ar na táirgí tionsclaíocha i gceist. De réir phrionsabal na coimhdeachta, cinnfidh údaráis na Spáinne ar an gcéatadán iomchuí le haghaidh gach táirge. Níor cheart an difreálach cánach údaraithe a bheith níos mó ná na costais bhreise chruthaithe. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an mbuntáiste fioscach sin faoi réir teorainn EUR 150 milliún sa bhliain, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
(16)De réir phrionsabal na coimhdeachta agus chun solúbthacht a áirithiú, féadfaidh údaráis na Spáinne na táirgí agus a ndifreálach cánach údaraithe a leasú chun go mbeidh siad ag teacht le leibhéal iarbhír na gcostas breise a thabhaítear agus na táirgí sin á dtáirgeadh sna hOileáin Chanáracha. Sa chomhthéacs seo, ba cheart d'údaráis na Spáinne a bheith in ann rátaí níos ísle difreálaigh a chur i bhfeidhm agus cáin íosta a bhunú le haghaidh táirgí sonracha i gcás inar gá, ar choinníoll go mbeidh aon leasú i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 349 de CFAE. Ba cheart aon leasú ar liosta na dtáirgí a bhunú ar na critéir incháilitheachta seo a leanas: go bhfuil táirgeadh áitiúil ann agus go mbaineann sciar nach lú ná 5 % den mhargadh áitiúil leis; gur ann d'allmhairiú nach beag earraí (lena n‑áirítear earraí ó mhórthír na Spáinne agus ó Bhallstáit eile) a d'fhéadfadh leanúnachas an táirgthe áitiúil a chur i mbaol, agus go mbaineann sciar 10 % ar a laghad den mhargadh áitiúil leis; gur ann do chostais bhreise a mhéadaíonn bunphraghas an táirgthe áitiúil i gcomparáid le táirgí a tháirgtear in áiteanna eile, agus iomaíochas na dtáirgí a tháirgtear go háitiúil á chur i mbaol dá réir.
(17)Is féidir maolú ar thairseacha an sciar den mhargadh in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n‑áirítear na himthosca seo a leanas: táirgeadh dlúthshaothair; táirgeadh a bheadh straitéiseach maidir le forbairt áitiúil i gcúinsí eile; táirgeadh faoi réir luaineacht thréimhsiúil; táirgeadh suite in áiteanna lena mbaineann míbhuntáiste ar leith; táirgeadh táirgí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte. Ba cheart d'údaráis na Spáinne a bheith in ann liosta na dtáirgí agus a ndifreálach cánach údaraithe a leasú, ar choinníoll go mbeidh aon leasú i gcomhréir le cuspóirí Airteagal 349 de CFAE.
(18)Tá na cuspóirí maidir le forbairt shocheacnamaíoch na nOileán Canárach a chur cinn le feiceáil ar an leibhéal náisiúnta sna cúiseanna atá leis an gcáin agus i leithdháileadh an ioncaim a ghintear tríthi. Oibleagáid dhlíthiúil is ea corprú an ioncaim ón gcáin seo in acmhainní chóras eacnamaíoch agus cánach na nOileán Canárach agus úsáid an ioncaim le haghaidh straitéis forbartha eacnamaíoch agus shóisialta lena gcuirtear gníomhaíochtaí áitiúla chun cinn.
(19)Ba cheart feidhm a bheith ag na díolúintí ó cháin AIEM nó ag na laghduithe inti go ceann 7 mbliana. Chun ligean don Choimisiún a mheas an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar maith leis an údarú fós á gcomhlíonadh, ba cheart don Spáinn tuarascáil faireacháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2025.
(20)Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagail 107 agus 108 de CFAE,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. De mhaolú ar Airteagail 28, 30 agus 110 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfar údarás d'údaráis na Spáinne go dtí an 31 Nollaig 2027 díolúintí iomlána ón gcáin ar a dtugtar ‘Arbitrio sobre las Importaciones y Entregas de Mercancías en las islas Canarias (AIEM)’ nó laghduithe páirteacha uirthi a leagan síos i leith táirgí a thagann faoi réim na gcatagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I arna dtáirgeadh go háitiúil sna hOileáin Chanáracha. Ní mór do na díolúintí sin a bheith ina gcuid de straitéis forbartha eacnamaíoch agus shóisialta na nOileán Canárach ná ní mór iad a bheith ina gcuidiú le gníomhaíochtaí áitiúla a chur chun cinn.
2. Maidir leis na táirgí atá laistigh de na catagóirí a liostaítear in Iarscríbhinn I, ní bheidh difríochtaí ann ar mó iad ná 15 % de thoradh na ndíolúintí iomlána ná na laghduithe dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme.
Áiritheoidh an Spáinn nach mbeidh na díolúintí ná na laghduithe a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na táirgí níos mó ná an céatadán lena bhfuil dianghá chun gníomhaíochtaí áitiúla a choinneáil ar bun, a chur chun cinn agus a fhorbairt. Ní bheidh an difreálach cánach údaraithe níos mó ná na costais bhreise chruthaithe.
3. Beidh feidhm ag an mbuntáiste fioscach sin faoi réir teorainn EUR 150 milliún sa bhliain, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
Airteagal 2
Cuirfear na critéir seo a leanas san áireamh agus na táirgí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Chinneadh seo á roghnú:
(a) go bhfuil táirgeadh áitiúil ann agus go mbaineann sciar nach lú ná 5 % den mhargadh áitiúil leis;
(b) go bhfuil allmhairiú nach beag earraí ann (lena n‑áirítear earraí ó mhórthír na Spáinne agus ó Bhallstáit eile) a d'fhéadfadh leanúnachas an táirgthe áitiúil a chur i mbaol, agus go mbaineann sciar 10 % ar a laghad den mhargadh áitiúil leis;
(c) go bhfuil costais bhreise ann a mhéadaíonn ar chostais an táirgthe áitiúil i gcomparáid le táirgí a tháirgtear in áiteanna eile, agus iomaíochas na dtáirgí a tháirgtear go háitiúil á chur i mbaol dá réir.
Is féidir maolú ar thairseacha an sciar den mhargadh dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) in imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n‑áirítear na himthosca seo a leanas:
(i) táirgeadh dlúthshaothair;
(ii) táirgeadh a bheadh straitéiseach maidir le forbairt áitiúil i gcúinsí eile;
(iii) táirgeadh faoi réir luaineacht thréimhsiúil;
(iv) táirgeadh lonnaithe in áiteanna lena mbaineann míbhuntáiste ar leith;
(v) táirgeadh táirgí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta atá ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna sláinte.
Airteagal 3
Faoin 1 Eanáir 2021, cuirfidh údaráis na Spáinne liosta tosaigh na dtáirgí a gcuirfear díolúintí nó laghduithe i bhfeidhm maidir leo in iúl don Choimisiún. Tiocfaidh na táirgí sin faoi réim chatagóirí na dtáirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. Féadfaidh údaráis na Spáinne leasuithe a dhéanamh ar liosta na dtáirgí, ar choinníoll go bhfaighidh an Coimisiún fógra faoin bhfaisnéis ábhartha ar fad.
Airteagal 4
Faoin 30 Meán Fómhair 2025 ar a dhéanaí, cuirfidh an Spáinn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin lena chur ar a chumas a mheas an bhfuil na coinníollacha lena dtugtar údar maith leis an údarú a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh seo fós á gcomhlíonadh. Beidh an fhaisnéis atá ag teastáil in Iarscríbhinn II sa tuarascáil.
Airteagal 5
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2021.
Airteagal 6
Is ar Ríocht na Spáinne atá an Cinneadh seo dírithe.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán