European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3202

30.12.2024

CINNEADH (AE) 2024/3202 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Nollaig 2024

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), rinneadh é a fhormheas trí bhíthin Chinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 18 Feabhra 2022. An Prótacal a ghabhann leis, lena socraítear na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, rachaidh sé in éag an 21 Aibreán 2025.

(2)

An 13 Meitheamh 2024, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht le Rialtas na Graonlainne (‘an Ghraonlainn’) agus le Rialtas na Danmhairge chun Prótacal nua a thabhairt i gcrích maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

(3)

Tá prótacal nua maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe caibidlithe ag an gCoimisiún, thar ceann an Aontais. Mar thoradh ar an gcaibidlíocht sin, an 20 Meán Fómhair 2024, cuireadh inisealacha leis an bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (‘an Prótacal’).

(4)

Is iad cuspóirí an Phrótacail é a chur ar a gcumas do shoithí de chuid an Aontais iascaireacht a dhéanamh i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus é a chur ar a chumas don Aontas agus don Ghraonlainn comhoibriú go dlúth le chéile chun forbairt beartais iascaigh inbhuanaithe agus saothrú acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta na Graonlainne a chur chun cinn a thuilleadh. Leis an gcomhar sin rannchuideofar le dálaí oibre cuibhiúla a bhunú in earnáil an iascaigh freisin.

(5)

Ba cheart an Prótacal a shíniú.

(6)

I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún síniú an Phrótacail a áirithiú, faoi réir a thabhairt i gcrích.

(7)

I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Graonlainne agus an ghá atá ann an tréimhse ama a chuirfear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart an Prótacal seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

(8)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus thug an Maoirseoir tuairim uaidh an 11 Nollaig 2024,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, síniú, thar ceann an Aontais, an Phrótacail maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile (2025-2030) (‘an Prótacal’), faoi réir an Prótacal sin a thabhairt i gcrích (4).

Airteagal 2

Áiritheoidh an Coimisiún síniú an Phrótacail, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an bPrótacal, ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de, ó dháta a shínithe (5), go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

NAGY B.


(1)   IO L 175, 18.5.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/793/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/2043 ón gComhairle an 18 Samhain 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (IO L 418, 24.11.2021, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/2021/2043/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(4)  Tá téacs an Phrótacail foilsithe in IO L, 2024/3203, 30.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2024/3203/oj.

(5)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta sínithe an Phrótacail a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3202/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)