28.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 149/250


P9_TA(2022)0369

Forálacha sonracha a leagan síos do chláir um chomhar 2014-2020, tar éis gur cuireadh isteach ar chur chun feidhme cláir ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha sonracha do chláir um chomhar 2014-2020 a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis gur cuireadh isteach ar chur chun feidhme an chláir (COM(2022)0362 – C9-0289/2022 – 2022/0227(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 149/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0362),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0289/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 21 Meán Fómhair 2022 go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2022)0227

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 20 Deireadh Fómhair 2022 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha sonracha do chláir um chomhar 2014-2020 a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis gur cuireadh isteach ar chur chun feidhme cláir

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/2192)