AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,9.10.2024
COM(2024) 444 final
2024/0244(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Airí OACPS-AE maidir le treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh chun idirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an seasamh atá le glacadh ag an Aontas i gComhairle Airí OACPS-AE maidir le treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh chun an t‑idirphlé comhpháirtíochta dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS), den pháirt eile (‘Comhaontú Shamó’), a chur chun feidhme.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin
Is é is aidhm do Comhaontú Shamó comhpháirtíocht pholaitiúil neartaithe a bhunú idir na Páirtithe chun torthaí comhthairbheacha a ghiniúint maidir le leasanna frithpháirteacha forluiteacha i gcomhréir lena luachanna comhroinnte. Síníodh an Comhaontú i Samó an 15 Samhain 2023, agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ó bhí an 1 Eanáir 2024 ann, i gcomhréir le hAirteagal 98(4) den Chomhaontú. Tiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm tar éis na Páirtithe a nósanna imeachta inmheánacha féin a chur i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 98(2).
Tá an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit uile ina bpáirtithe sa Chomhaontú.
2.2.Comhairle Airí OACPS-AE
Is comhlacht ar leibhéal aireachta í Comhairle Airí OACPS-AE, a bunaíodh le hAirteagal 88 de Chomhaontú Shamó. Is é a bheidh i gComhairle Airí OACPS-AE, ar thaobh amháin, ionadaí ó gach Comhalta de OACPS ar leibhéal aireachta agus, ar an taobh eile, ionadaithe ón Aontas Eorpach agus a Bhallstáit ar leibhéal aireachta. Beidh sí faoi chomhchathaoirleacht an Chathaoirligh arna ainmniú ag Comhaltaí OACPS, ar thaobh amháin, agus an Chathaoirligh arna ainmniú ag an bPáirtí AE, ar an taobh eile.
Is iad feidhmeanna Chomhairle Airí OACPS-AE, i measc nithe eile, treoirlínte beartais a ghlacadh agus cinntí a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do ghnéithe sonracha is gá chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chur chun feidhme.
Glacfaidh Comhairle Airí OACPS-AE cinntí a bheidh ina gceangal ar na Páirtithe uile, mura sonraítear a mhalairt, nó déanfaidh sí moltaí maidir le haon cheann dá feidhmeanna a liostaítear in Airteagal 88(4) den Chomhaontú. Ní bheidh a cuid imeachtaí bailí ach amháin má bhíonn na hionadaithe ón Aontas Eorpach i láthair, chomh maith le leath ar a laghad de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí a dhéanann ionadaíocht do rialtais Chomhaltaí OACPS. Aon chomhalta de Chomhairle Airí OACPS-AE nach féidir leis a bheith i láthair, féadfar ionadaí eile a chur ina ionad. Feidhmeoidh an t‑ionadaí cearta uile an chomhalta sin.
Féadfaidh Comhairle Airí OACPS-AE cinntí nó moltaí a dhéanamh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, mar a fhoráiltear in Airteagal 88(6).
2.3.Gníomh beartaithe Chomhairle Airí OACPS-AE
Le hAirteagal 3 de Chomhaontú Shamó iarrtar ar na Páirtithe idirphlé rialta, cothrom, uileghabhálach agus substainteach comhpháirtíochta a dhéanamh maidir le réimsí uile an Chomhaontaithe, as a dtiocfaidh gealltanais agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí ar an dá thaobh, chun an Comhaontú a chur chun feidhme go héifeachtach. Is é is aidhm don idirphlé seo faisnéis a mhalartú, an chomhthuiscint a chothú agus bunú tosaíochtaí comhaontaithe agus clár oibre comhroinnte a éascú ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal idirnáisiúnta, chun rannchuidiú le comhar agus comhordú méadaithe maidir le saincheisteanna leasa choitinn agus maidir le dúshláin nua i suíomhanna idirnáisiúnta. Déanfar an t‑idirphlé comhpháirtíochta ar an leibhéal intíre, réigiúnach nó iltíre is iomchuí, agus lántairbhe á baint as na cainéil uile is féidir, lena n‑áirítear iad sin i suíomhanna réigiúnacha agus idirnáisiúnta.
Glacfaidh Comhairle Airí OACPS-AE treoirlínte maidir le cur chun feidhme an idirphlé comhpháirtíochta dá bhforáiltear faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Shamó (‘an gníomh atá beartaithe’), treoirlínte a mbeidh sé d’aidhm acu treoraíocht oibríochtúil ghinearálta a sholáthar, ach san am céanna, an tsolúbthacht a choimeád a bhfuil gá léi chun go mbeifear in ann cur chuige saincheaptha a chleachtadh i leith na gcomhthéacsanna éagsúla agus na leibhéal éagsúil idirphlé.
Leis an ngníomh atá beartaithe, cuirtear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ón idirphlé polaitiúil faoi Airteagal 8 den Chomhaontú Comhpháirtíochta OACPS-AE a bhí ann roimhe seo, ina ndírítear aird ar an ngá atá leis an méid seo a leanas: i) cláir oibre chothroma a shainiú don idirphlé comhpháirtíochta, agus iad comhaontaithe go comhpháirteach; ii) cur chuige solúbtha saincheaptha a áirithiú maidir le rialtacht an idirphlé agus na míreanna ar an gclár oibre; iii) rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na hearnála príobháidí a neartú nuair is féidir; iv) feabhas a chur ar na sineirgí idir an t‑idirphlé beartais agus an t‑idirphlé polaitiúil, agus idir an t‑idirphlé ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus domhanda; v) an obair leantach chomhpháirteach a neartú.
An gníomh atá beartaithe, beidh sé ina cheangal ar na páirtithe tar éis a ghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 88(5) den Chomhaontú, lena bhforáiltear an méid seo a leanas: ‘Glacfaidh Comhairle Airí OACPS-AE cinntí atá ceangailteach ar na Páirtithe go léir mura sonraítear a mhalairt, nó déanfaidh sí moltaí maidir le haon cheann dá feidhmeanna a liostaítear i mír 4 de chomhthoil na bPáirtithe’.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Molann an Coimisiún go n‑aontódh an tAontas le glacadh an ghnímh atá beartaithe. Leagtar amach dréachtghníomh Chomhairle Airí OACPS-AE san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra seo.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle Airí OACPS-AE a bunaíodh le hAirteagal 88 de Chomhaontú Shamó.
An gníomh a iarrtar ar Chomhairle Airí OACPS-AE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 88(5) de Chomhaontú Shamó. Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta le haghaidh an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhaidhm agus príomhinneachar an ghnímh atá beartaithe le comhlachas le tríú tíortha, go háirithe le cur chun feidhme aidhmeanna agus chuspóirí Chomhaontú Shamó a chur chun cinn. Na bearta a bhfuil a nglacadh beartaithe, baineann siad leis na réimsí uile a chumhdaítear le Comhaontú Shamó agus is é is aidhm dóibh an comhlachas idir na Páirtithe a chur chun feidhme agus a dhoimhniú a thuilleadh. Mar sin, an réimse faoina dtagann an cinneadh, ní mór é a chinneadh i bhfianaise chineál cothrománach an Chomhaontaithe Comhlachais ina iomláine agus i bhfianaise bunús dlí substainteach comhfhreagrach lena gcumhdaítear na gnéithe uile de chur chun feidhme Chomhaontú Shamó.
Dá bhrí sin, is ionann an bunús dlí substainteach agus bunús dlí Chomhaontú Shamó féin, i.e. Airteagal 217 CFAE.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 217 CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
2024/0244 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Airí OACPS-AE maidir le treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh chun idirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), síníodh é an 15 Samhain 2023, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2023/2861 ón gComhairle, agus tháinig sé i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2024.
(2)De bhun Airteagal 88(4) den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle Airí OACPS-AE treoirlínte beartais a ghlacadh agus cinntí a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do ghnéithe sonracha is gá chun forálacha an Chomhaontaithe a chur chun feidhme.
(3)Tá Comhairle Airí OACPS-AE le treoirlínte comhpháirteacha a ghlacadh chun idirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú.
(4)An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Airí OACPS-AE, is iomchuí é a bhunú, ós rud é go mbeidh na treoirlínte comhpháirteacha maidir le hidirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 den Chomhaontú ina gceangal ar an Aontas.
(5)Is é is aidhm don ghníomh atá beartaithe treoraíocht oibríochtúil ghinearálta a sholáthar chun Airteagal 3 a chur i bhfeidhm, cé go gcoimeádfar an tsolúbthacht a bhfuil gá léi chun go mbeifear in ann cur chuige saincheaptha a chleachtadh i leith na gcomhthéacsanna éagsúla agus na leibhéal éagsúil idirphlé,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal Aonair
1.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Airí OACPS-AE, beidh sé bunaithe ar dhréacht‑treoirlínte maidir le hidirphlé comhpháirtíochta a dhéanamh faoi Airteagal 3 atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
2.Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Airí OACPS-AE mioncheartúcháin theicniúla ar na dréacht‑treoirlínte comhpháirteacha a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán