|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2237 |
10.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2237 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 11 Aibreán 2024
maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn V – an Chúirt Iniúchóirí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (1), |
|
— |
ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh Saothair don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9-0252/2023) (2), |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí don údarás um urscaoileadh maidir le hiniúchtaí inmheánacha a rinneadh in 2022, |
|
— |
ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí (3), |
|
— |
ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (4) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (5), agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0074/2024), |
|
1. |
ag tabhairt urscaoileadh d’Ard-Rúnaí na Cúirte Iniúchóirí i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Cúirte Iniúchóirí don bhliain airgeadais 2022; |
|
2. |
ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L). |
An tUachtarán
Roberta METSOLA
An tArdrúnaí
Alessandro CHIOCCHETTI
(2) IO C, C/2023/2, 12.10.2023.
(3) IO C, C/2023/103, 4.10.2023.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2237/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)