European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/2441

10.12.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/2441 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Samhain 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar an sásra fionraíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát (‘an ceanglas víosa’) agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá (‘an díolúine víosa’).

(2)

Baineann an tAontas agus tríú tíortha araon tairbhí suntasacha as an taisteal gan víosa. Tríd an gcaidreamh eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha le tríú tíortha, cruthaítear rathúnas agus cuirtear chun cinn go hidirnáisiúnta cineál oscailte agus saor an Aontais mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Tá comhbheartas víosaí an Aontais, i ndáil leis sin, ina bhunchloch dá rannpháirtíocht le tríú tíortha. Ag an am céanna, mar gheall ar an gcomhthéacs geopholaitiúil atá ag teacht chun cinn, tá dúshláin nua ann a bhaineann le taisteal gan víosa. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua sin agus ar raon níos leithne rioscaí a bhaineann leis an imirce neamhrialta, an beartas poiblí agus an tslándáil a eascraíonn as na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 (‘tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa’), ba cheart an sásra chun an díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa (an ‘sásra fionraíochta’) a neartú agus a dhéanamh níos éifeachtúla.

(3)

Ba cheart úsáid an tsásra fionraíochta a éascú, go háirithe, trí na forais fhéideartha a leathnú chun é a thionscnamh, trí na tairseacha agus na nósanna imeachta ábhartha a oiriúnú, agus trí oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe an Choimisiúin a neartú.

(4)

Tá roinnt comhaontuithe tugtha i gcrích ag an Aontas maidir leis an tarscaoileadh ar víosa gearrfhanachta le tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa agus d’fhéadfadh sé níos mó comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích sa todhchaí. I gcás ina ndéantar an sásra fionraíochta a thionscnamh maidir le tríú tír a bhfuil comhaontú den sórt sin tugtha i gcrích ag an Aontas léi, ba cheart é a chur i bhfeidhm gan dochar do na forálacha ábhartha i ndáil le forais le haghaidh fionraí agus do na nósanna imeachta a leagtar amach sa chomhaontú lena mbaineann. Dá réir sin, chun go ngabhfaidh éifeacht le fionraíocht na díolúine víosa faoi dhlí an Aontais i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ní mor cur i bhfeidhm an chomhaontaithe ábhartha a chur ar fionraí go comhthreomhar trí bhíthin cinneadh ón gComhairle.

(5)

Mar gheall ar an ngá atá le freagairt láithreach agus iomchuí ar bhagairtí hibrideacha a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ba cheart é a bheith indéanta an sásra fionraíochta a thionscnamh i gcás ina bhfuil rioscaí nó bagairtí do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach Ballstát a eascraíonn as bagairtí hibrideacha amhail cásanna ionstraimiú státurraithe na n-imirceach, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), arb é is aidhm dóibh an tsochaí agus na príomhinstitiúidí a dhíchobhsú nó an bonn a bhaint díobh.

(6)

Tá sé fíor-riachtanach a bheith in ann iontaoibh iomlán a bheith agat as na doiciméid taistil, aitheantais agus pórúcháin arna n-eisiúint ag tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Tá sé fíor-riachtanach freisin nach féidir doiciméid den sórt sin a fhalsú ná a ghóchumadh go héasca. Ós rud é go bhféadfadh rioscaí do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát nó bagairtí orthu a bheith mar thoradh ar easnaimh de chineál sistéamach i ndlí slándála doiciméad nó i nósanna imeachta slándála doiciméad tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, ba cheart é a bheith indéanta an sásra fionraíochta a thionscnamh ar an bhforas sin.

(7)

Le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a oibríonn tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, is féidir le náisiúnaigh tríú tír taisteal taistil gan víosa chuig an Aontas, ar náisiúnaigh tríú tír iad a bheadh faoi réir an cheanglais víosa murach sin. Faoi scéim saoránachta d’infheisteoirí, deonaítear saoránacht do dhuine i gcomaoin íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhshocraithe gan aon fhíornasc a bheith ag an duine sin leis an tríú tír lena mbaineann. Cé go n-urramaíonn an tAontas ceart na dtíortha ceannasacha cinneadh a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta eadóirseachta féin, ba cheart cosc a chur ar thríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa úsáid a bhaint as rochtain gan víosa ar an Aontas mar uirlis chun infheistíocht aonair a ghiaráil i gcomaoin na saoránachta. Ina theannta sin, tá roinnt rioscaí tromchúiseacha slándála do shaoránaigh an Aontais ag baint le heaspa seiceálacha cuimsitheacha slándála, nósanna imeachta grinnfhiosrúcháin agus díchill chuí ag na tríú tíortha sin maidir le scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí, amhail na rioscaí sin a eascraíonn as sciúradh airgid agus éilliú. Chun cosc a chur ar rochtain gan víosa ar an Aontas a bheith á úsáid chuige sin, ba cheart é a bheith indéanta an díolúine víosa a chur ar fionraí do thríú tír a roghnaíonn scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a oibriú, faoina ndeonaítear saoránacht do dhuine gan aon fhíornasc a bheith ag an duine sin leis an tríú tír sin.

(8)

Beartas víosaí tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa nach bhfuil ailínithe le beartas víosa an Aontais a mhéid a bhaineann le liosta na dtríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, d’fhéadfadh imirce neamhrialta chuig an Aontas a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina bhfuil an tríú tír lena mbaineann i ngaireacht gheografach don Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta an sásra fionraíochta a thionscnamh i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid, tar éis dó measúnú a dhéanamh, go bhféadfadh méadú substaintiúil teacht ar líon na náisiúnach de thríú tír eile a thagann go dlíthiúil i gcríoch an tríú tír sin agus ansin a thagann isteach go neamhrialta i gcríoch na mBallstát mar thoradh ar neamhailíniú bheartas víosa tríú tír den sórt sin.

(9)

Le Rialachán (AE) 2018/1806 cinntear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa nó díolmhaithe ón gceanglas sin. Léirítear cuid de na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine víosa a dheonú sna forais le haghaidh fionraí i bhforálacha eile den Rialachán sin, rud a áirithíonn nasc idir na critéir maidir le díolúine ó víosa a dheonú agus na forais le haghaidh fionraí. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh freisin leis an sásra fionraíochta mar a athbhreithnítear leis an Rialachán seo maidir leis an bhféidearthacht an díolúine víosa a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil meath ar chaidreamh seachtrach an Aontais le tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa de dheasca sáruithe tromchúiseacha ar na prionsabail a leagtar amach i gCairt na Náisiún Aontaithe, sáruithe tromchúiseacha ar shaoirsí bunúsacha nó ar na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó as an dlí daonnúil idirnáisiúnta, sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chaighdeáin dlí idirnáisiúnta, neamhchomhlíonadh cinntí agus rialuithe cúirte idirnáisiúnta nó gníomhartha naimhdeacha arna ndéanamh i gcoinne an Aontais nó na mBallstát arb é is aidhm dóibh an tsochaí nó na hinstitiúidí atá ríthábhachtach do bheartas poiblí agus do shlándáil inmheánach an Aontais nó na mBallstát a dhíchobhsú nó an bonn a bhaint díobh. D’fhéadfadh gníomhartha naimhdeacha den sórt sin a bheith mar thoradh ar chur isteach eachtrach ar phróisis pholaitiúla, ar chomhéigean eacnamaíoch, ar chibearoibríochtaí, ar spiaireacht eacnamaíoch nó ar shabaitéireacht ar bhonneagar criticiúil. Thairis sin, ós rud é go ndéanfar difear do chaidreamh seachtrach an Aontais ina iomláine, ba cheart é a bheith de shaincheart eisiach ag an gCoimisiún an sásra fionraíochta a thionscnamh, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ar an bhforas go bhfuil meath tagtha ar chaidreamh seachtrach an Aontais le tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa. Ina theannta sin, i gcás ina ndéanann an Coimisiún breithniú i dtaobh an díolúine víosa a chur ar fionraí ar an bhforas sin, ba cheart a chur san áireamh ina mheasúnú an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bhfionraí ar náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann.

(10)

Sna comhaontuithe maidir le tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta arna dtabhairt i gcrích le tríú tíortha atá díolmhaithe ó cheanglas víosa d’fhéadfaí a áireamh forais le haghaidh fionraí atá éagsúil ó na cinn a leagtar amach sa sásra fionraíochta. Dá réir sin, ba cheart é a bheith indéanta freisin an sásra fionraíochta a thionscnamh ar bhonn na bhforas sin. Mar sin féin, ba cheart úsáid na bhforas le haghaidh fionraí a leagtar amach i gcomhaontuithe maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a theorannú do raon feidhme chur i bhfeidhm na gcomhaontaithe sin.

(11)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, ar na tairseacha chun an sásra fionraíochta a thionscnamh i gcás méadú substaintiúil ar an líon náisiúnach de thríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa ar diúltaíodh dul isteach dóibh i gcríoch an Bhallstáit nó a fuarthas amach go bhfuil siad ag fanacht ar chríoch an Bhallstáit gan ceart chuige sin a bheith acu, i líon na n-iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sin a bhfuil an ráta aitheantais íseal ina leith nó i líon na gcionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le náisiúnaigh den tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa sin. Go háirithe, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a mheasúnú, sna cásanna ar thug na Ballstáit fógra ina leith nó ar bhonn a anailíse féin, cé acu atá nó nach bhfuil imthosca sonracha ann a thabharfadh údar le tairseacha níos ísle nó níos airde a chur i bhfeidhm ná na cinn a shonraítear sna forálacha ábhartha de Rialachán (AE) 2018/1806. Ina mheasúnú, ba cheart don Choimisiún a chur san áireamh, inter alia, líon na dtrasnuithe neamhúdaraithe ar theorainneacha seachtracha na mBallstát, líon na n-iarratas gan bhunús ar thearmann nó líon na gcionta coiriúla a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa i gcomhréir le líon agus méid na mBallstát a ndéantar difear dóibh agus tionchar na n-uimhreacha sin ar staid fhoriomlán na himirce, feidhmiú na gcóras tearmainn nó slándáil inmheánach na mBallstát a ndéantar difear dóibh. Ba cheart don Choimisiún gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an tríú tír lena mbaineann chun an cás a leigheas a chur san áireamh freisin. Ba cheart don Choimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar an ngá atá le fionraí na díolúine víosa, a chomhréirí a bheadh sé agus na hiarmhairtí a bheadh aige sula nglacfaidh sé an gníomh dlí ábhartha.

(12)

Chun fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le himthosca a d’fhéadfadh a bheith ina bhforas le haghaidh fionraí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann tréimhsí tagartha níos faide ná 2 mhí a chur san áireamh chun athruithe tobanna ar an staid ábhartha a shainaithint ach, ní hamháin sin, treochtaí níos fadtéarmaí, suas le 12 mhí, a shainaithint, a d’fhéadfadh údar a thabhairt le tionscnamh an tsásra fionraíochta.

(13)

Aon uair a mheasann sé go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an fhaireacháin chórasaigh a rinne sé ar an díolúine víosa i ndáil leis na tríú tíortha uile atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, ar bhonn, inter alia, sonraí ó chórais faisnéise an Aontais, amhail an Córas Dul Isteach/Imeachta, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), agus ó chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Le tuarascálacha den sórt sin, ba cheart díriú ar na tríú tíortha sin atá díolmhaithe ó cheanglas víosa nach gcomhlíonann a thuilleadh, de réir anailís an Choimisiúin, na critéir maidir le díolúine víosa a dheonú faoi Rialachán (AE) 2018/1806 atá ábhartha maidir leis na forais le haghaidh fionraí, nó ar na tríú tíortha sin atá díolmhaithe ó cheanglas víosa a bhfuil fadhbanna sonracha ag baint leo a bhféadfadh tionscnamh an tsásra fionraíochta a bheith mar thoradh orthu mura dtabharfaí aghaidh orthu. Go háirithe, is iomchuí go mbreithneodh an Coimisiún ar thuairisciú a dhéanamh ar thríú thíortha a liostaítear as an nua in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 gan bheith ag gabháil d’idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis an Aontas, i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis agus, go háirithe, sna chéad bhlianta tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh dlí lena bhforáiltear don díolúine víosa do thríú tír den sórt sin.

(14)

I gcás ina dtionscnaítear an sásra fionraíochta ar na forais nár chomhlíon tríú tír atá díolmhaithe ón gceanglas víosa, ar tríú tír í a bhfuil idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí tugtha i gcrích go rathúil léi, na ceanglais shonracha maidir le caidreamh seachtrach nó na cearta bunúsacha a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine víosa a dheonú dá náisiúnaigh nó ar na forais go bhfuil meath tagtha ar chaidreamh seachtrach an Aontais leis an tríú tír sin atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, ba cheart don Choimisiún tús áite a thabhairt do chur chuige spriocdhírithe. Faoi chur chuige spriocdhírithe den sórt sin, ba cheart don Choimisiún, thar aon ní eile, an fhionraí a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhfuil poist freagrachta acu, amhail comhaltaí thoscaireachtaí oifigiúla an tríú tír sin, comhaltaí de rialtais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta an tríú tír sin, comhaltaí parlaimintí an tríú tír sin nó oifigigh ardchéime phoiblí nó mhíleata an tríú tír sin, ar an gcaoi sin íoslaghdaítear na hiarmhairtí díobhálacha don phobal i gcoitinne sa tríú tír sin. Ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar thionscnamh na sásra fionraíochta agus féachaint an bhfuil an toradh a bhí beartaithe leis bainte amach agus ba cheart dó tuairisciú go tráthrialta ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

(15)

I gcás ina ndearnadh cinneadh an díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach ar na forais nár chomhlíon tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, ar tríú tír í a bhfuil idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí tugtha i gcrích go rathúil léi, na ceanglais shonracha maidir le caidreamh seachtrach nó cearta bunúsacha a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine víosa a dheonú di nó ar na forais go bhfuil meath tagtha ar chaidreamh seachtrach an Aontais le tríú tír atá díolmhaithe ó cheanglas víosa, agus go ndírítear leis an gcinneadh sin ar chatagóirí náisiúnach den tríú tír sin i bpoist freagrachta, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh gan foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ón gceanglas víosa sealadach ar feadh fad iomlán na fionraí sealadaí.

(16)

I gcás ina ndéanann an Coimisiún breithniú i dtaobh díolúine víosa a chur ar fionraí ar bhonn a anailíse féin nó tar éis dó fógra a fháil ó Bhallstát, ba cheart dó tionchar na fionraí ar an tsochaí shibhialta sa tríú tír lena mbaineann a chur san áireamh sa mheasúnú a dhéanfaidh sé, go háirithe i gcás ina bhfuil meath tagtha ar staid chearta an duine sa tríú tír sin.

(17)

I gcás ina ndearnadh cinneadh an díolúine víosa do thríú tír a chur ar fionraí go sealadach, ba cheart tréimhse ama leordhóthanach a bheith ann d’idirphlé feabhsaithe idir an Coimisiún agus an tríú tír lena mbaineann, arb é is aidhm dó na himthosca ba chúis leis an bhfionraí a leigheas. Chun na críche sin, ba cheart 12 mhí a bheith i gceist le fad na fionraí sealadaí arna glacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus ba cheart an deis a bheith ann síneadh 24 mhí eile a chur leis an bhfionraí sin trí bhíthin gníomh tarmligthe. Agus gníomh tarmligthe den sórt sin á ghlacadh aige, tá sé tábhachtach go dtabharfadh an Coimisiún míniú mionsonraithe ar thoradh an idirphlé fheabhsaithe leis an tríú tír lena mbaineann, na bearta arna nglacadh ag an tríú tír sin agus ag na Ballstáit lena mbaineann agus na cúiseanna lena mheas nár leigheasadh na himthosca ba chúis leis an bhfionraí shealadach. I gcás nach dtiocfar ar réiteach roimh dheireadh thréimhse chur i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe agus go dtíolacann an Coimisiún togra reachtach chun an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, ba cheart don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena gcuirtear síneadh leis an bhfionraí shealadach go dtí go dtiocfaidh an togra reachtach a glacadh i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, an síneadh sin a bheith níos faide ná 24 mhí.

(18)

I gcás ina nglactar gníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an díolúine víosa ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh tríú tír, ar náisiúnaigh iad a díolmhaíodh ón gceanglas víosa mar thoradh ar thabhairt i gcrích rathúil an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, ar na forais nár chomhlíon an tríú tír sin na ceanglais shonracha maidir le caidreamh seachtrach nó cearta bunúsacha a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díoluine víosa a dheonú dá náisiúnaigh nó ar na forais go bhfuil meath tagtha ar chaidreamh seachtrach an Aontais le tríú tír, agus go bhfuil na himthosca sin fós ann, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann a chinneadh nach bhfuil feidhm ag an ngníomh tarmligthe lena leathnaítear an fhionraí ach amháin maidir le catagóirí áirithe de náisiúnaigh tríú tír, agus imthosca sonracha an cháis agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh. I gcás nach dtiocfar ar réiteach roimh dheireadh thréimhse chur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe sin, ba cheart don Choimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar an gcás agus ba cheart dó a bheith in ann cinneadh a dhéanamh síneadh breise a chur leis an bhfionraí trí bhíthin gníomh tarmligthe eile a bhfuil feidhm aige maidir le catagóirí ainmnithe de náisiúnaigh tríú tír.

(19)

I gcás ina bhfuil bonn cirt leis mar gheall ar phráinn an ábhair, mar shampla chun cosc a chur ar mhórphlódú isteach náisiúnach tríú tír a thagann isteach go neamhrialta ar chríoch na mBallstát nó ar dhamáiste tromchúiseach do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát, ba cheart do chathaoireach an choiste arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2018/1806 chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún, breithniú a dhéanamh ar an tréimhse ama a ghiorrú chun cruinniú den choiste a chomóradh agus ar úsáid a bhaint as an nós imeachta i scríbhinn dá bhforáiltear le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), ós rud é, leis sin, go mbeadh sé indéanta don choiste sin a thuairim a thabhairt níos tapúla ná mar a bheadh murach sin.

(20)

Ba cheart deireadh a chur le fionraí shealadach na díolúine víosa i gcás ina ndéantar na himthosca ba chúis leis a leigheas roimh dheireadh na tréimhse fionraíochta. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh roimh dheireadh na tréimhse fionraíochta i gcás ina bhfuil an tréimhse sin leagtha amach i ngníomh cur chun feidhme nó i ngníomh tarmligthe a ghlacadh roimh dheireadh na tréimhse fionraíochta i gcás ina bhfuil an tréimshe sin leagtha amach i ngníomh tarmligthe.

(21)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (7); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(22)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag Poblacht na hÍoslainne agus ag Ríocht na hIorua maidir le comhlachas Ríocht na hIorua le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (8), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9).

(23)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (10), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11).

(24)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (12), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13).

(25)

Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

‘Airteagal 8

1.   De mhaolú ar Airteagal 4, féadfar an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach, bunaithe ar shonraí ábhartha agus oibiachtúla, i gcomhréir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagail 8a go 8f (an “sásra fionraíochta”).

Féadfar an sásra fionraíochta a thionscnamh trí fhógra ó Bhallstát chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 8b nó ar bhonn anailís an Choimisiúin féin i gcomhréir le hAirteagal 8c.

2.   I gcás ina bhfuil comhaontú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta tugtha i gcrích idir an tAontas agus tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, beidh feidhm ag Airteagail 8a, 8e agus 8f den Rialachán seo gan dochar do na forálacha ábhartha maidir leis na forais le haghaidh fionraí agus na nósanna imeachta a leagtar amach sa chomhaontú sin.’

;

(2)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 8a

1.   Féadfar an sásra fionraíochta a thionscnamh ar bhonn aon cheann de na forais seo a leanas:

(a)

méadú suntasach ar an líon náisiúnach tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II ar diúltaíodh dul isteach dóibh i gcríoch Ballstáit nó a fuarthas amach go bhfuil siad ag fanacht ar chríoch Ballstáit gan ceart chuige sin a bheith acu;

(b)

méadú suntasach ar an líon iarratas ar thearmann ó náisiúnaigh den tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar tír í ar ina leith atá an ráta aitheantais íseal;

(c)

laghdú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach le tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, nó cásanna eile neamh-chomhoibrithe maidir le hathligean isteach;

(d)

riosca suntasach nó garbhaol do bheartas poiblí nó do shlándáil inmheánach na mBallstát a bhaineann le tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, go háirithe i gcás ina n-eascraíonn riosca suntasach nó garbhaol as aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

méadú suntasach ar chionta coiriúla tromchúiseacha, a bhaineann le náisiúnaigh den tríú tír sin, arna bhfíorú le faisnéis oibiachtúil, nithiúil agus ábhartha agus le sonraí arna soláthar ag údaráis inniúla;

(ii)

bagairtí hibrideacha;

(iii)

easnaimh shistéamacha sa dlí maidir le slándáil doiciméad nó i nósanna imeachta maidir le slándáil doiciméad;

(e)

scéim saoránachta d’infheisteoirí á hoibriú ag tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, faoina ndeonaítear saoránacht do dhuine, i gcomaoin íocaíochtaí nó infheistíochtaí réamhshocraithe, gan aon fhíornasc leis an tríú tír sin;

(f)

neamhailíniú an bheartais víosa tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II le beartas víosa an Aontais a d’fhéadfadh, go háirithe mar gheall ar an tríú tír sin a bheith i ngaireacht gheografach don Aontas, go dtiocfadh méadú substaintiúil ar líon na náisiúnach ó thríú tíortha eile, a thagann go neamhrialta i gcríoch na mBallstát tar éis dóibh fanacht ar chríoch an tríú tír sin, nó tar éis dóibh idirthuras trí chríoch an tríú tír sin;

(g)

i ndáil le tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II mar thoradh ar thabhairt i gcrích rathúil an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis an Aontas, neamhchomhlíonadh na gceanglas sonrach ag tríú tír den sórt sin, bunaithe ar Airteagal 1, agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosaí a dheonú dá náisiúnaigh;

(h)

meath ar chaidreamh seachtrach an Aontais le tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II arb iad na nithe seo a leanas is cúis leis:

(i)

sáruithe tromchúiseacha ag an tríú tír sin ar na prionsabail a leagtar amach i gCairt na Náisiún Aontaithe;

(ii)

sáruithe tromchúiseacha ag an tríú tír sin ar shaoirsí bunúsacha nó ar na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó as an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(iii)

sáruithe tromchúiseacha ag an tríú tír sin ar an dlí idirnáisiúnta agus ar chaighdeáin dlí idirnáisiúnta;

(iv)

neamhchomhlíonadh cinntí agus rialuithe cúirte idirnáisiúnta ag an tríú tír sin; nó

(v)

gníomhartha naimhdeacha atá á ndéanamh ag an tríú tír sin i gcoinne an Aontais nó na mBallstát agus é mar aidhm acu an tsochaí nó institiúidí atá ríthábhachtach do bheartas poiblí agus slándáil inmheánach an Aontais nó na mBallstát a dhíchobhsú nó an bonn a bhaint díobh sin;

(i)

aon fhoras eile le haghaidh fionraí a leagtar amach i gcomhaontú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta idir an tAontas agus tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, atá teoranta do raon feidhme chur i bhfeidhm an chomhaontaithe lena mbaineann.

2.   Chun críocha mhír 1, pointí (a), (b) agus (d)(i), agus mhír 4 den Airteagal seo, tuigfear go gciallaíonn méadú substaintiúil méadú a sháraíonn tairseach 30 %, mura gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a scrúdaithe de bhun Airteagal 8b(5) nó ar bhonn a anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8c(2), go bhfuil tairseach éagsúil infheidhme sa chás áirithe sin. Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt maidir le haon chonclúid den sórt sin.

Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaoi ar cuireadh an tairseach a leagtar amach sa chéad fhomhír chun feidhme agus cuirfidh sé torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Díreofar sa mheasúnú, go háirithe, ar cé acu atá nó nach bhfuil an tairseach ábhartha chun críocha an tsásra fionraíochta.

3.   Chun críocha mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo, tuigfear go gciallaíonn ráta aitheantais íseal ráta aitheantais maidir le hiarratais ar thearmann atá níos lú ná 20 %, mura gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a scrúdaithe de bhun Airteagal 8b(5) nó ar bhonn a anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8c(2), go bhfuil ráta aitheantais éagsúil infheidhme sa chás áirithe sin. Tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt maidir le haon chonclúid den sórt sin.

4.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), tuigfear go gciallaíonn laghdú ar an gcomhar maidir le hathligean isteach le tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II méadú substaintiúil, arna fhíorú le sonraí leordhóthanacha, ar ráta diúltaithe na n-iarratas ar athligean isteach a chuir Ballstát faoi bhráid an tríú tír sin dá náisiúnaigh féin, nó, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh i gcomhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas nó an Ballstát sin agus an tríú tír sin, do náisiúnaigh tríú tír a rinne idirthuras tríd an tríú tír sin.

5.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), féadfar na nithe seo a leanas a mheas mar chásanna eile neamh-chomhoibrithe maidir le hathligean isteach:

(a)

iarratais ar athligean isteach a dhiúltú nó gan iad a phróiseáil go tráthúil, lena n-áirítear gan cúnamh a thabhairt maidir le sainaithint náisiúnach tríú tír a ndearna Ballstát iarratais ar athligean isteach ina leith nó bacainní praiticiúla leanúnacha a chruthú ar bhealach eile maidir le forfheidhmiú fillteacha;

(b)

gan doiciméid taistil a eisiúint go tráthúil chun náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i gcomhaontú um athligean isteach le tríú tír a líostaítear in Iarscríbhinn II nó gan glacadh le doiciméid taistil Eorpacha arna n-eisiúint tar éis dhul in éag na sprioc-amanna a leagtar amach i gcomhaontú um athligean isteach den sórt sin;

(c)

comhaontú um athligean isteach a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II a fhoirceannadh nó a chur ar fionraí.

Airteagal 8b

1.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún i gcás, thar thréimhse idir 2 agus 12 mhí, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin nó leis an 2 mhí dheireanacha roimh dháta chur i bhfeidhm na díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír a liostaítear in Iarscríbhinn II, gur ann„ do cheann amháin nó níos mó de na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointí (a), (b), (c), agus (d)(i), maidir leis an mBallstát sin.

2.   Féadfaidh Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún gur ann d’imthosca amháin nó níos mó arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointí (d)(ii) agus(iii), (e), (f), agus (i).

3.   Maidir le fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, tabharfar na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. I gcás inarb infheidhme, cuimseofar le fógraí den sórt sin sonraí ábhartha agus staidreamh ábhartha, mar aon le míniú mionsonraithe ar na réamhbhearta atá glactha ag an mBallstát lena mbaineann d’fhonn na himthosca is cúis leis an bhfógra a leigheas. Féadfaidh an Ballstát a shonrú ina fhógra na catagóirí náisiúnach den tríú tír lena mbaineann atá le cumhdach le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 8e(1), lena leagtar amach na cúiseanna mionsonraithe atá leis sin.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas láithreach maidir le haon fhógra a fhaightear de bhun mhír 1 nó 2.

5.   Scrúdóidh an Coimisiún aon fhógra arna thabhairt de bhun mhíreanna 1 nó 2 den Airteagal seo gan mhoill, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)

cé acu an ann d’aon cheann de na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (a), (b), (c), (d), (e), (f) nó (i);

(b)

líon na mBallstát a ndéanann aon cheann de na himthosca sin difear dóibh;

(c)

tionchar foriomlán na n-imthosca sin ar staid na himirce san Aontas mar is léir ó na sonraí a chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin nó atá ar fáil dó;

(d)

tuarascálacha arna n-ullmhú ag an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach, arna mbunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna mbunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), nó ag aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha eile de chuid an Aontais nó de chuid eagraíocht idirnáisiúnta, má éilítear amhlaidh sna himthosca sa chás sonrach;

(e)

aon fhaisnéis arna soláthar ag Ballstát san fhógra uaidh maidir le bearta féideartha faoi Airteagal 8e(1);

(f)

ceist fhoriomlán an bheartais phoiblí agus na slándála inmheánaí, i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann.

6.   Mar chuid dá scrúdú de bhun mhír 5, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá, ar an gcomhréireacht agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí.

7.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le torthaí a scrúdaithe de bhun mhír 5.

Airteagal 8c

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán, ar bhonn tráthrialta, cé acu an ann do na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1).

Go háirithe, déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar cé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais shonracha fós á gcomhlíonadh ag na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II, mar thoradh ar thabhairt i gcrích rathúil an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis an Aontas, ar ceanglais iad atá bunaithe ar Airteagal 1, agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosaí a dheonú dá náisiúnaigh.

2.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, i gcás, tar éis dó anailís a dhéanamh ar na sonraí ábhartha, na tuarascálacha ábhartha agus an staidreamh ábhartha, lena n-áirítear sonraí, tuarascálacha agus staidreamh ó aon institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht ábhartha de chuid an Aontais, ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa aige gur ann d’aon cheann de na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1). Ansin déanfaidh an Coimisiún na bearta is gá i gcomhréir le hAirteagail 8e agus 8f.

Airteagal 8d

1.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an bhfaireachán a dhéantar de bhun Airteagal 8c(1) i ndáil leis na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II mar thoradh ar thabhairt i gcrích rathúil an idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis an Aontas. Déanfar an tuairisciú sin uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad agus go ceann tréimhse 7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh dlí lena ndíolmhaítear náisiúnaigh na dtríú tíortha lena mbaineann ó na ceanglais víosa. Tar éis na tréimhse sin, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an bhfaireachán aon uair a mheasann sé go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle. Díreofar tuarascálacha den sórt sin ar na tríú tíortha a mheasann an Coimisiún, ar bhonn faisnéis nithiúil iontaofa, nach gcomhlíonann ceanglais shonracha áirithe a thuilleadh, atá bunaithe ar Airteagal 1, agus a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht díolúine ón gceanglas víosaí a dheonú dá náisiúnaigh.

2.   Sa bhreis ar na hoibleagáidí tuairiscithe dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo, aon uair a mheasann sé go bhfuil gá leis, nó arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an bhfaireachán arna dhéanamh de bhun Airteagal 8c(1) i ndáil le tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 8e

1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh tríú tír ar fionraí ar feadh tréimhse 12 mhí sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás inar chinn sé, ar bhonn a scrúdaithe de bhun Airteagal 8b(5) nó ar bhonn a anailíse dá dtagraítear in Airteagal 8c(2), go bhfuil gá le gníomhaíocht den sórt sin; nó

(b)

i gcás inar thug tromlach simplí de na Ballstáit fógra don Choimisiún gur ann do na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí dá dtagraítear in Airteagal 8a(1), pointe (a), (b), (c), (d), (e), (f) nó (i).

2.   Agus cinneadh á dhéanamh aige dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

oibreoidh sé i ndlúthchomhar leis an tríú tír lena mbaineann chun teacht ar réitigh fhadtéarmacha mhalartacha maidir leis na himthosca ábhartha arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1);

(b)

cuirfidh sé san áireamh an comhthéacs polaitiúil, na hábhair eacnamaíocha atá i gceist agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí do chaidreamh seachtrach foriomlán an Aontais agus na mBallstát leis an tríú tír lena mbaineann; agus

(c)

cuirfidh an Coimisiún san áireamh iarmhairtí a bhaineann leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí ar an tsochaí shibhialta sa tríú tír lena mbaineann, go háirithe i gcás ina bhfuil staid chearta an duine sa tríú tír sin imithe in olcas.

3.   Beidh feidhm ag an bhfionraíocht dá bhforáiltear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo maidir le catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann, trí thagairt do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise. Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige maidir leis na catagóirí a bhfuil feidhm ag an bhfionraíocht leo, déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, catagóirí atá leathan go leor chun go mbeidh siad ina gcabhair éifeachtúil chun na himthosca ba chúis leis an bhfionraíocht a leigheas, agus prionsabal na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú aige i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Le gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh den bhun mhír 1 den Airteagal seo, socrófar an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht le fionraí na díolúine ón gceanglas víosa.

4.   Cuirfidh an Coimisiún dréacht de ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 11(1):

(a)

laistigh de mhí amháin:

(i)

tar éis dó fógra a fháil ó Bhallstát de bhun Airteagal 8b(1);

(ii)

tar éis Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoina anailís dá dtagraítear in Airteagal 8c(2); nó

(iii)

tar éis dó fógra a fháil ó thromlach simplí na mBallstát ina luaitear gur ann do na himthosca arb é atá iontu na forais a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (a), (b), (c), (d),(e), (f) nó (i);

(b)

laistigh de dhá mhí ó fhógra a fháil ó Bhallstát de bhun Airteagal 8b(2).

Déanfar gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

5.   De mhaolú ar mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo, ar Airteagal 8b agus ar Airteagal 8c(2), i gcás ina bhfuil údar cuí leis nuair is gá sin mar gheall ar phráinn an ábhair, déanfaidh an Coimisiún, i gcás ina bhfuil faisnéis nithiúil iontaofa aige gur ann d’aon cheann de na himthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1) agus ina gcinneann sé go bhfuil gá le gníomhaíocht ghasta, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach do gach catagóir náisiúnach den tríú tír lena mbaineann nó do chatagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann ar feadh tréimhse 12 mhí. Socrófar le gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin an dáta ar a ngabhfaidh éifeacht le fionraí na díolúine ón gceanglas víosa.

Déanfar gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2). Breithneoidh cathaoirleach an choiste dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) giorrú a dhéanamh ar an am chun cruinniú den choiste a chomóradh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 agus úsáid a bhaint as an nós imeachta i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 3(5) den Rialachán sin.

6.   Gan dochar d’Airteagal 6, le linn na tréimhse fionraíochta, éileofar go mbeidh víosaí ina seilbh ag na catagóirí náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1 nó 5 den Airteagal seo agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát.

7.   I gcás ina bhfuil gníomh cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún faoi mhír 1 nó 5 den Airteagal seo ar na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (g), a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh ceanglas sonrach maidir le caidreamh seachtrach nó cearta bunúsacha, nó ar an bhforas a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (h) lena gcuirtear an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí go sealadach do náisiúnaigh tríú tír a bhfuil pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta ina seilbh acu, ní dhéanfaidh na Ballstáit foráil d’eisceachtaí nua ón gceanglas víosa de bhun Airteagal 6(1), pointe (a). Na Ballstáit a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha acu leis an tríú tír lena mbaineann, déanfaidh siad na bearta is gá chun nach gcuirfear eisceachtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 6(1), pointe (a) i bhfeidhm.

8.   Gan dochar do mhír 7, den Airteagal seo, Ballstát a dhéanann, de bhun Airteagal 6, bearta lena bhforáiltear d’eisceachtaí nua ón gceanglas víosa do chatagóir náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1 nó 5 den Airteagal seo, cuirfidh sé na bearta sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12.

9.   Le linn na tréimhse fionraíochta, bunóidh an Coimisiún idirphlé feabhsaithe leis an tríú tír lena mbaineann, d’fhonn na himthosca atá i gceist a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún dul chun cinn agus toradh an idirphlé agus éifeachtacht na fionraí in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

10.   I gcás ina ndéantar na himthosca ba chúis leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí go sealadach a leigheas roimh dheireadh thréimhse chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 1 nó 2 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun deireadh a chur leis an bhfionraíocht shealadach i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 8f

1.   I gcás inar ann fós do na himthosca arb é atá iontu na forais ábhartha le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a maidir le náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 8e(1) nó (5), glacfaidh an Coimisiún, ar a dhéanaí dhá mhí roimh dhul in éag na tréimhse fionraíochta 12 mhí dá bhforáiltear leis an ngníomh cur chun feidhme, gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn II a leasú chun cur i bhfeidhm na hIarscríbhinne sin a chur ar fionraí go sealadach go ceann tréimhse 24 mhí maidir le náisiúnaigh uile an tríú tír sin.

2.   De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8e(1) nó (5) lena gcumhdaítear náisiúnaigh an tríú tír lena mbaineann a ghlacadh ar an bhforas a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (g), a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh ceanglas sonrach maidir le caidreamh seachtrach nó cearta bunúsacha, nó ar an bhforas a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (h), féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cur i bhfeidhm Iarscríbhinn II a chur ar fionraí go sealadach ar feadh tréimhse 24 mhí i gcás catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír sin, arna n-ainmniú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 8e(3)

3.   Déanfar an leasú dá dtagraítear i mír 1 trí fhonóta a chur le hais ainm an tríú tír lena mbaineann, lena léirítear go bhfuil an díolúine ón gceanglas víosa ar fionraí i ndáil leis an tríú tír sin agus ina sonraítear tréimhse na fionraíochta, agus, i gcás inarb infheidhme, na catagóirí ainmnithe náisiúnach den tríú tír a bhfuil feidhm aici ina leith. Beidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe ó dheireadh thréimhse chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8e(1) nó (5).

Beidh feidhm ag Airteagal 8e(7) mutatis mutandis.

4.   Gan dochar d’Airteagal 6 agus don dara fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, cuirfear de cheangal, le linn na tréimhse fionraíochta, ar náisiúnaigh an tríú tír a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo víosaí a bheith ina seilbh acu, le linn na tréimhse fiontraíochta, agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát.

5.   Gan dochar d’Airteagal 8e(7), Ballstát a dhéanann n bearta, de bhun Airteagal 6, lena bhforáiltear d’eisceachtaí nua ón gceanglas víosa do chatagóir náisiúnach den tríú tír a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, cuirfidh sé na bearta sin in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12.

6.   Roimh dheireadh thréimhse chur chun feidhme an ghnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm sealadach na díolúine ón gceanglas víosa, maidir leis an idirphlé idir an Coimisiún agus an tríú tír lena mbaineann agus maidir leis na bearta a rinneadh chun na himthosca ba chúis le fionraí shealadach na díolúine víosa a leigheas.

Féadfaidh togra reachtaíochta chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’fhonn an tagairt don tríú tír lena mbaineann a aistriú ó Iarscríbhinn II go dtí Iarscríbhinn I. Sa chás sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn II a leasú chun síneadh a chur le tréimhse fionraíochta na díolúine ón gceanglas víosa arna socrú trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo go dtí go dtagann an leasú lena n-aistrítear an tagairt don tríú tír lena mbaineann chuig Iarscríbhinn I i bhfeidhm. Ní rachaidh an síneadh thar thréimhse 24 mhí. Déanfar an fonóta a ghabhann leis an tagairt a leasú dá réir sin.

I gcás, ar fhorais cineál leanúnach na n-imthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagl 8a(1), pointe (g), a mhéid a bhaineann le neamhchomhlíonadh ceanglas sonrach maidir le caidreamh seachtrach nó cearta bunúsacha nó ar fhorais na n-imthosca arb é atá iontu na forais le haghaidh fionraí le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (h), glacadh gníomh tarmligthe de bhun mhír 1 den Airteagal seo a bhí feidhm aige de bhun mhír 2 den Airteagal seo maidir le náisiúnaigh tríú tír a bhfuil pasanna taidhleoireachta, pasanna seirbhíse/oifigiúla nó pasanna speisialta ina seilbh acu, féadfaidh an Coimisiún a léiriú sa tuarascáil a bhaineann leis an ngníomh tarmligthe sin gur gá gníomh tarmligthe eile a ghlacadh chun síneadh breise 24 mhí a chur leis an tréimhse fionraíochta. Sa chás sin, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír den mhír seo mutatis mutandis.

7.   I gcás ina ndéantar na himthosca ba chúis leis an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí go sealadach a leigheas roimh dheireadh thréimhse chur chun feidhme an ghnímh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír1 nó 5 den Airteagal seo, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10 chun Iarscríbhinn II a leasú chun deireadh a chur leis an bhfionraíocht shealadach.

(*1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1896/oj)."

(*2)  Rialachán (AE) 2021/2303 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (IO L 468, 30.12.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2303/oj)."

(*3)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/794/oj).’;"

(3)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8f a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 28 Márta 2017. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7, pointe (f) agus in Airteagal 8f a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:

‘8.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 8f i bhfeidhm ach amháin mura bhfuil aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go bhfuil Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 26 Samhain 2025.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BJERRE


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2025 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2025.

(2)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1359 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena dtugtar aghaidh ar chásanna géarchéime agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1147 (IO L, 2024/1359, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1359/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/2226/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1240/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(7)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20). ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).

(8)   IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.

(9)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).

(10)   IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(11)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).

(12)   IO L 160, 18.6.2011, lch. 21. ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/2441/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)