2.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 64/6


CLÁR NA nÁBHAR

1.

Nós Imeachta 9

2.

Cúlra agus tuairisc ar na bearta atá faoi réir imscrúdú 10

2.1.

Creat ginearálta 10

2.1.1.

Na Coinbhinsiúin tosaigh 10

2.1.2.

Fadú na gCoinbhinsiún tosaigh 12

2.1.3.

Príobháidiú Toremar agus tabhairt i gcrích an chonartha nua seirbhíse 13

2.2.

Bearta i raon feidhme Chinntí 2011 agus 2012 13

2.3.

Tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá faoi réir an Chinnidh seo 13

2.3.1.

Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil 13

2.3.1.1.

Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí 13

2.3.1.2.

Buiséad agus fad 14

2.3.2.

Príobháidiú Toremar 16

2.3.2.1.

An nós imeachta díolacháin agus dámhachtain deiridh 17

2.3.2.2.

An conradh díolacháin 17

2.3.2.3.

Imeachtaí ar an leibhéal náisiúnta 18

2.3.3.

An conradh nua seirbhíse idir Réigiún na Tuscáine agus Moby/Toremar 19

2.3.3.1.

An tairbhí 19

2.3.3.2.

Na bealaí 19

2.3.3.3.

Marthanacht 19

2.3.3.4.

Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí 19

2.3.3.5.

Na forálacha cúitimh agus an dámhachtain deiridh 20

2.3.4.

An tosaíocht feistithe 20

2.3.5.

Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 21

2.4.

Nós imeachta maidir le sárú Uimh. 2007/4609 21

3.

Forais le tionscnamh an nós imeachta agus le síneadh a chur leis 23

3.1.

Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil 23

3.1.1.

Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann 23

3.1.2.

Comhoiriúnacht 23

3.2.

Príobháidiú Toremar 24

3.3.

An conradh nua seirbhíse idir Réigiún na Tuscáine agus Moby/Toremar 24

3.3.1.

Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann 24

3.3.2.

Comhoiriúnacht 25

3.4.

An tosaíocht feistithe 25

3.5.

Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 25

4.

Barúlacha ón Iodáil 25

4.1.

Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch 25

4.2.

Maidir le príobháidiú Toremar 26

4.2.1.

Maidir le praghas díola Toremar 26

4.2.2.

Maidir leis an nós imeachta a bheith de chineál trédhearcach neamh-idirdhealaitheach 26

4.3.

Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark 26

4.4.

Maidir leis an ráta toraidh 9,95 % a úsáideadh le haghaidh 2010 agus maidir leis an bpréimh riosca 6,5 % a leagtar síos i dTreoir CIPE ó 2010 27

4.5.

Maidir leis an tosaíocht feistithe 27

4.6.

Maidir leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 28

4.7.

Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le Cinneadh SGEI 2011 28

4.8.

Maidir le comhlíontacht an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le Creat SGEI 2011 29

5.

Barúlacha ó Moby/Toremar 29

5.1.

Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch 29

5.2.

Maidir le príobháidiú Toremar 29

5.2.1.

Maidir leis an bpraghas a íocadh as scaireanna Toremar 29

5.2.2.

Maidir leis an nós imeachta a bheith de chineál trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus maidir le cuachadh shócmhainní Toremar le conradh nua seirbhíse poiblí 29

5.3.

Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark 30

5.4.

Maidir le fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil 30

6.

Measúnú 31

6.1.

Cabhair a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE 31

6.1.1.

Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil 31

6.1.1.1.

Acmhainní Stáit 31

6.1.1.2.

Roghnaíocht 31

6.1.1.3.

Buntáiste eacnamaíoch 31

6.1.1.4.

Éifeacht ar iomaíocht agus ar thrádáil 33

6.1.1.5.

Conclúid 33

6.1.1.6.

Cabhair nua nó cabhair atá ann faoi láthair 33

6.1.2.

Dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Toremar do Moby/Toremar 34

6.1.2.1.

Altmark 1 34

6.1.2.2.

Altmark 2 40

6.1.2.3.

Altmark 3 40

6.1.2.4.

Altmark 4 43

6.1.2.5.

Conclúid 48

6.1.3.

Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 48

6.1.3.1.

Úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí chun loing a uasghrádú chun críoch leachtachta 48

6.1.3.2.

Díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe; 49

6.1.3.3.

An fhéidearthacht a bhaineann le hacmhainní FAS a úsáid chun freastal ar riachtanais leachtachta 49

6.1.4.

An chonclúid maidir le cabhair a bheith ann 50

6.2.

Dlíthiúlacht na cabhrach 50

6.3.

Comhoiriúnacht cabhrach 50

6.3.1.

Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil 50

6.3.1.1.

Rialacha is infheidhme 50

6.3.1.2.

Fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106 CFAE 52

6.3.1.3.

Gá le haghaidh gníomhartha iontaoibhe ina sonraítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na modhanna chun cúiteamh a ríomh 54

6.3.1.4.

Fad na tréimhse fadaithe 55

6.3.1.5.

Comhlíontacht le Treoir 2006/111/CE 55

6.3.1.6.

Méid an chúitimh 55

6.3.1.7.

An tosaíocht feistithe 57

6.3.1.8.

Conclúid 58

6.3.2.

An chonclúid ar chomhoiriúnacht cabhrach 58

7.

Conclúid 58

CINNEADH (AE) 2022/348 ÓN GCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2021

maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil agus ag Réigiún na Tuscáine le haghaidh Toremar agus le haghaidh a fhaighteora Moby

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 4271)

(Is é an leagan Iodáilise an t-aon leagan barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 108(2), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 62(1)(a) de,

Tar éis a iarraidh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a chur isteach de bhun na forála nó na bhforálacha atá luaite thuas (1) agus ag féachaint dá gcuid barúlacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

(1)

An 23 Márta 2009, 9 Nollaig 2009, 21 Nollaig 2009, 6 Eanáir 2010, 27 Meán Fómhair 2010 agus 12 Deireadh Fómhair 2010 fuair an Coimisiún sé ghearán maidir le bearta tacaíochta éagsúla arna nglacadh ag an Iodáil i bhfabhar na gcuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia (2). Bhain na gearáin leis an gcúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do na cuideachtaí sin tar éis do na conarthaí seirbhíse poiblí tosaigh a tugadh i gcrích leis an Iodáil don tréimhse idir mí Eanáir 1989 agus mí na Nollag 2008 dul in éag (“na Coinbhinsiúin tosaigh”), bearta tacaíochta breise arna leagan síos ag roinnt gníomhartha reachtacha a glacadh i gcomhthéacs phróiseas príobháidithe na gcuideachtaí, mar aon le saincheisteanna áirithe a bhaineann go háirithe le nós imeachta príobháidithe Tirrenia di Navigazione S.p.A. (“Tirrenia”) agus Siremar - Sicilia Regionale Marittima S.p.A. (“Siremar”).

(2)

Thug an Iodáil fógra don Choimisiún an 1 Nollaig 2010 faoin gcúiteamh a d’íoc an Iodáil in 2009 agus 2010 le Toscana Regionale Marittima S.p.A. (“Toremar”).

(3)

Chuir an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil i leith bearta éagsúla arna nglacadh ag an Iodáil i bhfabhar na gcuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia ar bun an 5 Deireadh Fómhair 2011 (“Cinneadh 2011”). Bhain an t-imscrúdú inter alia leis na gcúiteamh a deonaíodh do Toremar — chun roinnt bealaí muirí a oibriú ón 1 Eanáir 2009 agus le roinnt bearta eile a deonaíodh don chuideachta sin (féach aithris (33)).

(4)

Foilsíodh Cinneadh 2011 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú (3).

(5)

I litir dar dáta an 28 Meán Fómhair 2011 thug an Iodáil fógra don Choimisiún go raibh sé beartaithe cuideachtaí réigiúnacha in iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, a phríobháidiú. Chuir an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig an Iodáil an 26 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an nós imeachta príobháidithe. An 30 Samhain 2011 chuir an Iodáil freagra isteach ar iarraidh an Choimisiúin ar fhaisnéis an 26 Deireadh Fómhair 2011.

(6)

Chuir an Iodáil barúlacha isteach an 15 Samhain 2011 maidir leis na bearta arna gcumhdach ag Cinneadh 2011.

(7)

Ar facs a seoladh an 28 Feabhra 2012 chuir an chuideachta Toscana di Navigazione S.r.L. gearán isteach inar líomhnaíodh Státchabhair neamhdhleathach mar thoradh ar phríobháidiú Toremar agus ar an gcúiteamh a íocadh le Moby S.p.A. (“Moby”), ceannaitheoir roghnaithe Toremar. Go sonrach, líomhnaíonn an gearánach: (i) go bhfuil an nós imeachta ceannaigh tar éis buntáiste a thabhairt do Moby, (ii) go bhfuil monaplacht ar bhealaí Piombino – Oileán Elba mar thoradh ar an gcónascadh idir Toremar agus Moby, agus (iii) nach bhfuil an cúiteamh a deonaíodh do Moby chun an tseirbhís phoiblí a oibriú ar feadh thréimhse 12 bhliain an chonartha nua seirbhíse poiblí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach a mhéid a sholáthraíonn an gearánach féin seirbhísí comhchosúla ar théarmaí tráchtála cheana.

(8)

I litir dar dáta an 19 Iúil 2012 sholáthair an Iodáil faisnéis bhreise maidir le príobháidiú na gcuideachtaí réigiúnacha in iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar.

(9)

Chuir an Coimisiún síneadh leis an nós imeachta imscrúdaithe an 7 Samhain 2012inter alia i leith bearta breise tacaíochta áirithe arna ndeonú ag Réigiún na Tuscáine do Toremar i leith an chúitimh phoiblí a deonaíodh do Toremar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí. Ghlac an Coimisiún leagan leasaithe den Chinneadh sin an 19 Nollaig 2012 (“Cinneadh 2012”).

(10)

Foilsíodh Cinneadh 2012 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’iarr an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt faoi na bearta faoi imscrúdú (4).

(11)

Chuir an Iodáil a cuid barúlacha isteach an 11 Nollaig 2012 agus fuair an Coimisiún barúlacha ó Toremar agus óna cheannaitheoir Moby an 22 Aibreán 2013.

(12)

Le cinneadh uaidh an 22 Eanáir 2014 (“Cinneadh 2014”) (5) chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a mhéid a bhaineann le bearta éagsúla arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar. Rinne an Chúirt Ghinearálta an t-achomharc a thaisc Saremar agus an Réigiún i gcoinne an chinnidh sin a dhíbhe in 2017 (6).

(13)

D’iarr an Coimisiún faisnéis bhreise ón Iodáil an 25 Eanáir 2018, 29 Márta 2018, 31 Lúnasa 2018, 12 Feabhra 2019, 5, 14 agus 17 Feabhra 2020, agus 12 Deireadh Fómhair 2020. Sholáthair an Iodáil an fhaisnéis sin an 26 Aibreán 2018, 31 Bealtaine 2018, 2 Samhain 2018, 11 Nollaig 2018, 8 Aibreán 2019, 16 agus 28 Deireadh Fómhair 2019, 7, 16 agus 23 Feabhra 2020, 21 Aibreán 2020, 9 Samhain 2020 agus 1 agus 10 Nollaig 2020.

(14)

Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le cabhair fhéideartha do Toremar mar a shonraítear i roinn 2.3. Tá imscrúdú ar leithligh faoi na cásanna SA.32014, SA.32015 agus SA.32016 á dhéanamh ar gach beart eile atá fágtha faoi réir Chinntí 2011 agus 2012 agus dá réir sin ní chumhdaítear leis an gCinneadh seo iad. Is le cuideachtaí eile de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia go háirithe a bhaineann na bearta sin atá fágtha.

2.   CÚLRA AGUS TUAIRISC AR NA BEARTA ATÁ FAOI RÉIR IMSCRÚDÚ

2.1.   Creat ginearálta

2.1.1.   Na Coinbhinsiúin tosaigh

(15)

Ba leis an Iodáil, tríd an gcuideachta Fintecna (7), an Grúpa Tirrenia go traidisiúnta agus sé chuideachta a bhí i gceist leis an chéad lá riamh, is iad sin Tirrenia, Adriatica, Caremar, Saremar, Siremar agus Toremar. Sholáthair na cuideachtaí sin seirbhísí iompair muirí faoi chonarthaí seirbhíse poiblí ar leithligh a tugadh i gcrích in 1991 leis an Iodáil, agus a bhí i bhfeidhm ar feadh scór bliain idir mí Eanáir 1989 agus mí na Nollag 2008 (“na Coinbhinsiúin tosaigh”). Bhí 100 % de scairchaipiteal Tirrenia ag Fintecna, agus ba le Terrinia ar a sheal na cuideachtaí réigiúnacha Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar ina n-iomláine. Rinneadh Adriatica, a bhíodh ag feidhmiú roinnt bealaí idir an Iodáil agus an Albáin/an Chróit/an Ghréig/Montainéagró, a chónascadh le Tirrenia in 2004.

(16)

Ba é cuspóir na gCoinbhinsiún tosaigh sin rialtacht agus iontaofacht na seirbhísí iompair muirí a ráthú, a gceanglaíonn an chuid is mó díobh mórthír na hIodáile leis an tSicil, an tSairdín agus le roinnt oileáin bheaga de chuid na hIodáile. Chuige sin, dheonaigh an Iodáil tacaíocht airgeadais i bhfoirm fóirdheontas a íocadh go díreach le gach ceann de na cuideachtaí i nGrúpa Tirrenia.

(17)

Bhíodh sraith bealaí cabatáiste (8) muirí á n-oibriú go traidisiúnta ag Toremar idir Réigiún na Tuscáine agus na hoileáin bheaga máguaird. Tugtar tuairisc in aithris (38) ar na bealaí beachta lena mbaineann.

(18)

Chinn an Coimisiún an 6 Lúnasa 1999 tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) i leith cabhair arna híoc ar bhonn na gCoinbhinsiún tosaigh leis na sé chuideachta a bhí mar chuid de Ghrúpa Tirrenia an tráth sin.

(19)

Le linn chéim an imscrúdaithe, d’iarr an Iodáil go roinnfí cás Ghrúpa Tirrenia ionas go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt do theacht ar chinneadh críochnaitheach maidir le Tirrenia. Rinneadh an iarraidh sin de bharr an phlean a bhí ag an Iodáil an Grúpa a phríobháidiú, ag tosú le Tirrenia, agus mar gheall ar an rún a bhí aici luas a chur faoin bpróiseas i ndáil leis an gcuideachta sin.

(20)

Chinn an Coimisiún go bhféadfadh sé aontú d’iarraidh na hIodáile, agus le Cinneadh 2001/851/CE ón gCoimisiún (9) chuir sé clabhsúr leis an nós imeachta a tionscnaíodh i leith na cabhrach arna deonú do Tirrenia (“Cinneadh 2001”). Dearbhaíodh go raibh an chabhair comhoiriúnach faoi réir gealltanas áirithe a thug an Iodáil.

(21)

Le Cinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún (10) (“Cinneadh 2004”), dhearbhaigh an Coimisiún go raibh cuid den chúiteamh a deonaíodh do chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, go raibh cuid de comhoiriúnach ar choinníoll go dtabharfaí urraim do ghnóthais áirithe de chuid na hIodáile, agus nach raibh cuid de comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Bhí an Cinneadh bunaithe ar shonraí cuntasaíochta ó na blianta 1992 go 2001 agus áiríodh leis coinníollacha áirithe arbh é ab aidhm dóibh comhoiriúnacht an chúitimh a áirithiú ar feadh achar iomlán na gCoinbhinsiún tosaigh.

(22)

Le breithiúnas an 4 Márta 2009 sna cásanna T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 (11) (“Cinneadh 2009”) chuir an Chúirt Ghinearálta Cinneadh 2004 ar neamhní.

(23)

Trí Chinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún (12), thug an Coimisiún an t-imscrúdú ar chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia seachas Tirrenia i gcrích, lena n-áirítear Toremar, don tréimhse 1992-2008 (“cinneadh Ghrúpa Tirrenia 2020”). Bhain an Coimisiún de thátal as gur cabhair a bhí ann faoi láthair an chabhair a ceadaíodh chun seirbhísí iompair cabatáiste muirí, fad agus a bhí an chabhair a deonaíodh chun seirbhísí iompair muirí idirnáisiúnta a sholáthar comhoiriúnach le Creat 2011 um sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”) (“Creat SGEI 2011”) (13).

(24)

Trí Chinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún (14), chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir leis na bearta a deonaíodh do Tirrenia agus dá fhaighteoir CIN, don tréimhse 2009-2020.

2.1.2.   Fadú na gCoinbhinsiún tosaigh

(25)

Leagadh síos le hAirteagal 26 de Dhlí Foraithne Uimh. 207 an 30 Nollaig 2008, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 14 an 27 Feabhra 2009, fadú de 1 bhliain amháin ar na Coinbhinsiúin tosaigh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Toremar) a bhí le dul in éag an 31 Nollaig 2008 go dtí an 31 Nollaig 2009.

(26)

Leagadh síos le hAirteagal 19-ter de Dhlí Foraithne Uimh. 135 an 25 Meán Fómhair 2009, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 166 an 20 Samhain 2009 (“Dlí 2009”), i bhfianaise phríobháidiú chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia, go ndéanfaí scairsheilbhe na gcuideachtaí réigiúnacha (seachas Siremar) a aistriú ón máthairchuideachta Tirrenia gan aon chomaoin a dhéanamh mar a leanas:

(a)

D’aistreofaí Caremar ar dtús chuig Réigiún Campania. Ina dhiaidh sin, dhéanfadh an réigiún sin cuid gnó Caremar ag oibriú naisc iompair le hoileánra Pontina a aistriú chuig Réigiún Lazio ar bhonn neamhspleách faoin ainm Laziomar (15);

(b)

D’aistreofaí Saremar chuig Réigiún na Sairdíne; agus

(c)

D’aistreofaí Toremar chuig Réigiún na Tuscáine.

(27)

Sonraíodh le Dlí 2009 freisin go gcomhaontófaí Coinbhinsiúin nua idir an Iodáil agus Tirrenia agus Siremar faoin 31 Nollaig 2009. Mar an gcéanna, dhéanfaí na seirbhísí réigiúnacha a chumhdach i gConarthaí Seirbhíse Poiblí a bheadh le comhaontú idir údaráis réigiúnacha na Sairdíne agus na Tuscáine agus Saremar agus Toremar faoi seach faoin 31 Nollaig 2009 agus idir na Réigiúin Campania agus Lazio agus Caremar agus Laziomar faoi seach faoin 28 Feabhra 2010. Dhéanfaí na dréacht-Choinbhinsiúin/dréacht-Chonarthaí Seirbhíse Poiblí nua a chur chun tairisceana leis na cuideachtaí iad féin agus a shíniú leis na ceannaitheoirí ar thabhairt i gcrích phríobháidiú gach ceann de na cuideachtaí sin. (16)

(28)

Chuige sin, fadaíodh le Dlí 2009 na Coinbhinsiúin tosaigh a thuilleadh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Toremar) ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2010.

(29)

Socraíodh freisin le Dlí 2009 uasteorainneacha bliantúla i gcomhair cúitimh chun na seirbhísí a oibriú ó 2010 (faoi fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh agus faoi na Coinbhinsiúin nua agus na Conarthaí nua Seirbhíse Poiblí), ag méid iomlán EUR 184 942 251, mar a leanas:

Cuideachta

Uasmhéid an chúitimh bhliantúil

Tirrenia

EUR 72 685 642

Siremar

EUR 55 694 895

Saremar

EUR 13 686 441

Toremar

EUR 13 005 441

Caremar

EUR 29 869 832  (17)

Tábla 1 – Uasteorainneacha cúitimh ó 2010

(30)

Ar deireadh, leagadh síos le hAirteagal 1 de Dhlí Uimh. 163 an 1 Deireadh Fómhair 2010, lenar tiontaíodh Dlí Foraithne Uimh. 125 an 5 Lúnasa 2010 (“Dlí 2010”), fadú breise na gCoinbhinsiún tosaigh (lena n-áirítear an ceann is infheidhme maidir le Toremar) ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí an tráth a mbeadh próisis phríobháidithe Tirrenia agus Siremar tugtha i gcrích, rud a tharla an 19 Iúil 2012 agus an 31 Iúil 2012 faoi seach.

2.1.3.   Príobháidiú Toremar agus tabhairt i gcrích an chonartha nua seirbhíse

(31)

Cuireadh tús le nós imeachta tairisceana i mí Eanáir 2010 (féach roinn 2.3.2) chun ceannaitheoir a aimsiú le haghaidh Toremar a bhí cuachta leis an gconradh nua seirbhíse poiblí faoina soláthrófaí seirbhísí muirí thar thréimhse 12 bhliain ar chúiteamh seirbhíse poiblí.

(32)

D’éirigh leis an tairiscint a rinne Moby sa nós imeachta tairisceana agus is é a bhí ina úinéir nua ar Toremar. Síníodh an conradh díolacháin idir Réigiún na Tuscáine agus Moby an 2 Eanáir 2012. An lá céanna sin shínigh na páirtithe (lena n-áirítear Toremar) an conradh nua seirbhíse chun seirbhísí muirí a sholáthar. Ar an mbonn sin aistríodh úinéireacht ar scaireanna uile Toremar ó Réigiún na Tuscáine chuig Moby an 2 Eanáir 2012.

2.2.   Bearta i raon feidhme Chinntí 2011 agus 2012

(33)

Bhí na bearta seo a leanas faoi réir measúnúcháin sa nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a cuireadh ar bun le Cinntí 2011 agus 2012:

(a)

Cúiteamh chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (“SGEI”) a sholáthar faoi fhadú na gCoinbhinsiún tosaigh (beart 1);

(b)

Fadú neamhdhleathach an chúnaimh tarrthála ag Tirrenia agus Siremar (beart 2);

(c)

Príobháidiú chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia (18) (beart 3);

(d)

Cúiteamh a íocadh chun SGEI a oibriú faoi na Coinbhinsiúin thodhchaí/Conarthaí Seirbhíse Poiblí todhchaí (beart 4);

(e)

An tosaíocht feistithe (beart 5);

(f)

Na bearta arna leagan síos le Dlí 2010 lenar tiontaíodh Dlí Foraithne Uimh. 125/2010 (beart 6);

(g)

Bearta breise arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (beart 7);

(34)

Le Cinneadh 2014 uaidh chuir an Coimisiún clabhsúr leis an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a mhéid a bhaineann le bearta arna nglacadh ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar dá dtagraítear thuas mar Bheart 7 cé is moite de bheart amháin (19).

2.3.   Tuairisc mhionsonraithe ar na bearta atá faoi réir an Chinnidh seo

(35)

Ní phléann an Cinneadh seo ach le bearta 1, 3, 4, 5 agus 6 mar a liostaítear in aithris (33) iad a mhéid a bhaineann siad le Toremar agus Moby. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar na bearta sin sna ranna seo a leanas.

2.3.1.   Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil

2.3.1.1.   Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(36)

Foráladh le hAirteagal 1 den Choinbhinsiún tosaigh le Toremar pleananna 5 bliana inar sonraíodh cé na calafoirt a rabhthas le freastal orthu, cén cineál soithí a bhí le húsáid, a mhinice ab éigean an tseirbhís a sholáthar agus na táillí a bhí le híoc.

(37)

Formheasadh an chéad phlean 5 bliana (1990-1994) le haghaidh Toremar le Foraithne ón Aire an 29 Bealtaine 1990, agus bhí feidhm chúlghabhálach leis ón 1 Eanáir 1990 amach. D’fhág an dara plean, lenar cumhdaíodh an tréimhse 1995-1999 agus a formheasadh le Foraithne ón Aire an 14 Bealtaine 1996, go raibh na bealaí agus na minicíochtaí gan athrú. Maidir leis na tréimhsí 2000-2004 agus 2005-2008, tarraingíodh suas plean ach níor fhormheas na haireachtaí inniúla go foirmiúil riamh é. Ina ionad sin, tá cinntí ad hoc arna ndéanamh ag an rialtas d’fhonn na seirbhísí a thabhairt i gcomhréir níos fearr le riachtanais na bpobal áitiúil, ach gan athruithe substainteacha a dhéanamh ar an gcóras seirbhíse poiblí.

(38)

Bunaithe ar an gCoinbhinsiún tosaigh, mar a fadaíodh le gníomhartha dlíthiúla ina dhiaidh sin é a luaitear thuas in aithrisí (25) go (30), bhí na bealaí seo a leanas á n-oibriú ag Toremar i gcaitheamh na bliana:

—

Ar bhealach Livorno — Gorgona — Capraia sholáthair Toremar seirbhísí paisinéirí agus measctha (paisinéirí agus feithiclí), le seirbhís faoi dhó sa tseachtain chuig oileán Gorgona agus seirbhís laethúil chuig oileán Capraia. Bhíodh oibreoir eile, Piccola Società Cooperativa Marittima Ligure Tirrena A.R.L., ag oibriú soitheach ardluais do phaisinéirí amháin ar an mbealach freisin i mí Iúil agus mí Lúnasa. D’éirigh an chuideachta sin as a bheith ag oibriú an bhealaigh in 2010, áfach.

—

Ar bhealach Piombino — Portoferraio (oileán Elba) sholáthair Toremar seirbhísí laethúla measctha. Tá Moby tar éis a bheith i mbun iomaíochta ar an mbealach sin freisin agus dhá sheirbhís mheasctha á n-oibriú go minic aige ó cheann ceann na bliana, mar aon le dhá oibreoir nua a tháinig isteach sa mhargadh, is iad sin Blu Navy a chuir tús le seoltaí in 2010 (ó mhí Aibreáin go mí Dheireadh Fómhair) agus Elba Ferries nár oibrigh ach le linn shéasúr an tsamhraidh.

—

Ar bhealach Piombino — Cavo — Portoferraio (oileán Elba) bhain Toremar úsáid as soitheach mear duillárthaigh chun an t-aon seirbhís amháin do phaisinéirí a sholáthar.

—

Ar bhealach Piombino — Rio Marina — Porto Azzurro — Pianosa (oileán Elba) ba é Toremar an t-aon oibreoir amháin a bhí ag soláthar seirbhísí laethúla measctha chuig calafort Rio Marina agus seirbhís sheachtainiúil chuig calafort Pianosa.

—

Ar bhealach Porto S. Stefano — Oileán Giglio sholáthair Torema seirbhísí laethúla measctha i gcaitheamh na bliana. Bhí an t-oibreoir Maregiglio i láthair ar an mbealach freisin agus seirbhísí measctha á soláthar aige le linn na tréimhse ó mhí Aibreáin go mí na Samhna, ina raibh an meánlíon seoltaí idir dhá cheann agus ceithre cinn in aghaidh an lae le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna, agus idir sé cinn agus ocht gcinn idir mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair.

2.3.1.2.   Buiséad agus fad

(39)

Léirítear i dTábla 2 thíos an méid bliantúil cúitimh arna íoc ag an Iodáil le Toremar don tréimhse 2009-2011.

(40)

Ina theannta sin, chuir Réigiún na Tuscáine buiséad bliantúil breise EUR 3 000 000 i dtaisce lena íoc le Toremar i ndiaidh thuairisciú na n-ioncam iarbhír agus na gcostas arna dtabhú le linn na tréimhse 2010-2011. Sna blianta sin, mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais, tháinig laghdú suntasach ar an líon paisinéirí ach méadú an tráth céanna ar chostais bhreosla. Dar le Réigiún na Tuscáine, níor leordhóthanach mar sin an cúiteamh a íocadh ón mbuiséad lárnach Stáit chun iomlán an chostais seirbhíse poiblí a chumhdach.

Bliain

Cúiteamh

Cúlchiste

Iomlán

2009

13 572 035

 

13 572 035

2010

13 005 441

3 000 000

16 005 441

2011

13 005 441

3 000 000

16 005 441

Tábla 2 – Cúiteamh arna dheonú don tréimhse 2009-2011 (EUR)

(41)

Foráiltear leis an gCoinbhinsiún tosaigh go n-íocfar an cúiteamh bliantúil seirbhíse poiblí mar a leanas: déantar réamhíocaíocht tosaigh i mí an Mhárta gach bliain atá coibhéiseach le 70 % den chúiteamh a íocadh an bhliain roimhe sin. Déantar an dara híocaíocht i mí an Mheithimh atá coibhéiseach le 20 % den chúiteamh. Is é an difríocht idir na méideanna a íocadh agus an gannchion idir costais oibriúcháin agus ioncam le linn na bliana reatha é an t-iarmhéid, a íoctar faoin 30 Samhain. Má tharlaíonn sé go bhfuair Toremar suim a bhí níos mó ná glanchostas na seirbhísí a soláthraíodh (ioncam lúide caillteanais), foráiltear leis an gCoinbhinsiún tosaigh go gceanglaítear ar Toremar an difríocht a aisíoc (20).

—

Cúiteamh a deonaíodh in 2009

(42)

Sonraítear i bhForaithne Uimh. 501 ón Uachtarán an 1 Meitheamh 1979 (“Foraithne Uimh. 501/79”) na gnéithe éagsúla (ioncaim agus costais) a chuirtear san áireamh nuair a bhíonn an fóirdheontas a íoctar le hoibreoirí seirbhíse poiblí muirí á ríomh. Thairis sin, bhí foráil i nDlí Uimh. 856 an 5 Nollaig 1986 (“Dlí Uimh. 856/86”) le haghaidh athruithe áirithe ar an gcóras maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí muirí san Iodáil. Maidir leis na naisc le hoileáin bheaga agus le mór-oileáin, leasaíodh le hAirteagal 11 de sin na critéir chun cúiteamh na seirbhíse poiblí a ríomh. Go deimhin, b’éigean an fóirdheontas a ríomh bunaithe ar an difríocht idir ioncaim agus costais na seirbhíse arna gcinneadh le tagairt do mheán-pharaiméadair agus do pharaiméadair oibiachtúla, agus chaithfí toradh réasúnach ar chaipiteal infheistithe a áireamh leo. Leagtar síos freisin le hAirteagal 11 go gcaithfí an liosta de na bealaí a fuair fóirdheontas, an mhinicíocht agus na cineálacha long a bhí le húsáid a áireamh sna conarthaí seirbhíse poiblí. Bhí na fóirdheontais le formheas ag na hAirí freagracha. Léiríodh sna Coinbhinsiúin tosaigh na prionsabail a leagadh síos i bhForaithne Uimh. 501/79 ón Uachtarán agus i nDlí Uimh. 856/86.

(43)

Go deimhin, in 2009, ríomhadh an cúiteamh chun SGEI a chomhlíonadh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagadh síos leis an gCoinbhinsiún tosaigh a bhí i bhfeidhm ó 1991 agus a fadaíodh tar éis a dháta éaga tosaigh an 31 Nollaig 2008. Go háirithe, chomhfhreagair an cúiteamh do ghlanchaillteanas carntha maidir leis na seirbhísí a oibríodh faoi chóras na seirbhíse poiblí, ar cuireadh méid athraitheach leis a chomhfhreagair don toradh ar chaipiteal infheistithe.

(44)

Ba iad seo a leanas na gnéithe éagsúla costais a tugadh san áireamh chun an cúiteamh arna shainiú ag na húdaráis phoiblí a ríomh: costais éadála, fógraíochta agus chóiríochta, costais luchtaithe, díluchtaithe agus ionramhála, costais phearsanra riaracháin cois cladaigh, costais chothabhála long, costais riaracháin, costais árachais, costais chíosa agus léasaithe, costais bhreosla, cánacha agus costais dímheasa.

—

Cúiteamh a deonaíodh in 2010, 2011 agus 2012

(45)

Ó 2010, cinneadh an cúiteamh chun SGEI a oibriú trí mhodheolaíocht nua a chur i bhfeidhm a leagadh síos i dTreoir CIPE (21) an 9 Samhain 2007 dar teideal “Critéir maidir leis an sainmhíniú ar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus na dinimicí maidir le táillí in earnáil an chabatáiste mhuirí um leas poiblí” (“Treoir CIPE”) (22). De réir an réamhrá, eisíodh an Treoir CIPE i bhfianaise phríobháidiú na gcuideachtaí poiblí a oibríonn seirbhísí muirí faoi chóras seirbhíse poiblí (23). Cuireadh forálacha Threoir CIPE i bhfeidhm i leith na seirbhísí arna soláthar ag cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia ó 2010, fiú sular tháinig na Coinbhinsiúin nua agus na Conarthaí nua Seirbhíse Poiblí faoi seach i bhfeidhm i ndiaidh na bpríobháidithe faoi seach.

(46)

Leis an modh a leagtar síos i dTreoir CIPE tugtar caoi do na cuideachtaí a oibríonn an tseirbhís phoiblí mhuirí toradh iomchuí a dhéanamh. Déantar ráta an toraidh ar chaipiteal a ríomh ar bhonn meánchostas ualaithe an chaipitil (“WACC”).

(47)

Déantar an toradh riachtanach ar chothromas (24) a ríomh ag úsáid na Samhla Praghsála i leith Sócmhainní Caipitiúla (“CAPM”). Ar bhonn CAPM, díorthaítear costas an chothromais mar fheidhm de (i) an ráta saor ó riosca, (ii) an Beta (meastachán de phróifíl riosca na cuideachta i gcoibhneas leis an margadh cothromais) agus (iii) préimh an riosca chothromais a sannadh don mhargadh cothromais.

(48)

Go háirithe, dhéanfaí costas an chothromais a ríomh trí phréimh a chur i bhfeidhm as riosca breise a iompar ar an ráta toraidh ar ghníomhaíochtaí saor ó riosca. Ríomhtar an phréimh sin mar phréimh riosca an mhargaidh arna iolrú faoina Beta, lena dtomhaistear an méid riosca a bhaineann le gníomhaíocht shonrach i gcoibhneas leis an margadh.

(49)

Foráiltear le Treoir CIPE go gcomhfhreagraíonn an ráta toraidh ar ghníomhaíochtaí saor ó riosca don mheántoradh comhlán ar bhannaí tagarmhairc 10 mbliana thar an 12 mhí roimhe sin, dá bhfuil sonraí ar fáil ina leith.

(50)

Leagtar préimh riosca margaidh 4 % síos i dTreoir CIPE. I gcás seirbhíse a oibrítear ar bhonn neamheisiach, áfach, déantar 2,5 % breise a chur leis an bpréimh riosca margaidh a thugtar de luach saothair don oibreoir as an riosca níos mó a bhíonn á iompar aige, glactar leis.

(51)

Sa chleachtas, áfach, ní féidir leis an méid cúitimh a íoctar le Toremar mar a leagtar síos le Dlí 2009 a bheith níos mó ná an uasteorainn EUR 13 005 441 in aghaidh na bliana (féach aithris (29)). Cé go gcuirtear uasteorainn le Dlí 2009 ar an gcúiteamh bliantúil a íoctar le gach cuideachta Tirrenia as oibriú na seirbhísí muirí atá faoi réir an chórais seirbhíse poiblí, áirítear freisin i dTreoir CIPE bearta coimirce áirithe a chuireann ar chumas na n-oibreoirí sin a gcostais oibriúcháin a chumhdach go leordhóthanach.

(52)

Go háirithe, de réir Threoir CIPE, ní mór raon feidhme na seirbhísí, na huastáillí a leagtar amach leis an gconradh nua seirbhíse poiblí agus an cúiteamh arna dheonú iarbhír a shainiú chun go ndeonófar don soláthraí seirbhíse cumhdach ar na costais inghlactha ina n-iomláine. Is í an fhoirmle seo a leanas is infheidhme:

VA(RSP) + VA(AI(X)) = VA(CA)

i gcás inarb amhlaidh:

—

gurb ionann VA(RSP) agus luach lascainithe an chúitimh chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chur i gcrích;

—

gurb ionann VA(AI(X)) agus luach lascainithe ioncaim eile (fáltais ó tháillí agus fáltais eile);

—

gurb ionann (VA(CA)) agus luach lascainithe na gcostas oibriúcháin, aisíocaíocht fiachais agus an toradh ar chaipiteal.

(53)

I gcás nach seastar leis an gcothromóid thuas, d’fhéadfaí raon feidhme na ngníomhaíochtaí fóirdheonaithe a laghdú, nó mar mhalairt air sin dhéanfaí athbhreithniú ar an eagraíocht seirbhíse (e.g. an cineál long) nó mhodhnófaí na srianta táillí.

(54)

Thairis sin, déantar coigeartú gach bliain ar an uasteorainn táille is infheidhme maidir le gach seirbhís, glan ar chánacha agus ar dhleachtanna calafoirt, ar bhonn foirmle phraghasteorann mar a leanas:

ΔΤ = ΔΡ – Χ

i gcás inarb amhlaidh:

—

ΔΤ gurb ionann é agus an t-athrú céatadáin san uasteorainn táillí;

—

ΔΡ gurb ionann é agus an ráta boilscithe don bhliain tagartha;

—

Χ gurb ionann é agus fíor-ráta coigeartaithe bliantúil na huasteorann táillí, a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí, a fhanann gan athrú fad is a mhaireann an conradh.

(55)

Sonraítear freisin le Treoir CIPE go bhféadfar an uasteorainn táillí a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar éagsúlachtaí i gcostais bhreosla, agus gnáthphraghsanna atá ar fáil go poiblí á n-úsáid mar thagairt.

2.3.2.   Príobháidiú Toremar

(56)

An 13 Eanáir 2010 d’fhoilsigh Réigiún na Tuscáine ina Iris Oifigiúil (25) agus in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile (26) an glao ar thairiscintí le haghaidh Toremar a dhíol agus cúiteamh seirbhíse poiblí a dhámhachtain as oibleagáidí seirbhíse poiblí a dhéanamh ar na bealaí muirí a shainaithnítear thuas faoi aithris (38). Foilsíodh an fógra sin thairis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (27) an 14 Eanáir 2010 agus i roinnt nuachtáin náisiúnta (28).

(57)

Roghnaigh an Iodáil an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1) den Chód Conarthaí Poiblí – Foraithne Reachtach Uimh. 163/2006 (il Codice dei Contratti pubblici), atá cosúil le hAirteagal 21 de Threoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) ina luaitear “[go mb]eidh conarthaí arb é is cuspóir dóibh seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn II B [amhail seirbhísí iompair ar uisce] faoi réir Airteagal 23 [sonraíochtaí teicniúla] agus Airteagal 35(4) [fógraí] agus faoina réir sin amháin”. Ba é an critéar dámhachtana a roghnaíodh ná an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch.

2.3.2.1.   An nós imeachta díolacháin agus dámhachtain deiridh

(58)

Tar éis fhoilsiú an ghlao ar thairiscintí, ar dháta éaga an sprioc-ama, léirigh 11 pháirtí spéis i rannpháirtíocht a ghlacadh, is iad sin: Moby, Toscana di Navigazione S.r.l., Pigreco S.r.l., Sinven S.r.l., Vector S.r.l., Forship S.r.l., Medmar Navi S.p.a., Grandi Navi Veloci S.p.a., Buquebus Italia S.r.l., Loss Cipreses S.p.a. agus Blu Navy/Transeuropa Ferries.

(59)

Deimhníodh leis an doiciméadacht a chuir gach ceann den 11 chuideachta isteach gur chomhlíon siad na ceanglais a leagadh amach san fhógra tairisceana agus iarradh orthu uile mar sin tairiscint a chur isteach.

(60)

Is éard a bhí sa chuireadh chun tairisceana an dréachtchonradh nua 12 bhliain a bhí le síniú idir an tairgeoir a n-éireodh leis agus Réigiún na Tuscáine, agus faisnéis níos mionsonraithe maidir leis an nós imeachta tairisceana. Go háirithe, deimhníodh sa chuireadh go roghnófaí an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch le haghaidh an chonartha seirbhíse agus go mbeadh 20 pointe scórála ag dul don phraghas, 70 pointe don cháilíocht agus 10 bpointe do sheirbhísí breise. A mhéid a bhaineann leis an bpraghas ar dhíolachán ghnó Toremar, luadh sa chuireadh méid seasta EUR 10 258 397, a ríomhadh ar bhonn staidéir neamhspleách a rinne measúnú ar luach iomlán shócmhainní Toremar (féach aithrisí (65) go (73)). Ní raibh an praghas sin inchaibidle ná faoi réir thairiscint airgeadais na dtairgeoirí

(61)

Dá bhrí sin, iarradh ar na tairgeoirí ionchasacha uile an méid seasta thuas ar dhíolachán Toremar a chur san áireamh ina dtairiscint airgeadais, agus roghnódh Réigiún na Tuscáine an tairiscint ba mhó buntáiste eacnamaíoch don tairiscint ar an iomlán bunaithe ar an bpraghas agus ar chritéir eile, critéir cháilíochta go príomha, a bhaineann leis an tseirbhís mar a leagtar amach sa chuireadh (féach aithris (60)).

(62)

Tugadh rochtain don 11 thairgeoir freisin ar sheomraí fíorúla sonraí ina raibh na nithe seo a leanas:

(1)

Gach faisnéis dhlíthiúil, theicniúil, airgeadais agus thráchtála maidir le Toremar;

(2)

Faisnéis maidir leis an gcabhlach, na sócmhainní doláimhsithe agus maoin dhochorraithe na cuideachta;

(3)

Gach faisnéis maidir le conarthaí soláthair seirbhísí agus ceannaigh earraí;

(4)

Na nósanna imeachta scórála agus an sceideal tairisceana teicniúil;

(5)

Gach faisnéis eile a bhí riachtanach chun go bhféadfadh ceannaitheoirí ionchasacha luacháil cheart a dhéanamh ar chuspóir an díolacháin.

(63)

Chuir dhá chuideachta tairiscint isteach, is iad sin Moby agus Toscana di Navigazione, ar oibreoirí loingseoireachta seanbhunaithe iad araon san Iodáil. Níor chuir na naoi gcuideachta eile tairiscint isteach roimh dháta éaga an sprioc-ama.

(64)

Tar éis meastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí, eisiadh Toscana di Navigazione ón nós imeachta toisc go raibh an tairiscint eacnamaíoch a chuir sé isteach ar neamhréir leis an tairiscint theicniúil agus le ceanglais acmhainneachta airgeadais na doiciméadachta tairisceana. Dámhadh an tairiscint do Moby dá réir sin a mhéid a bhaineann le príobháidiú ghnó Toremar agus le hoibriú na seirbhísí muirí araon (féach roinn 2.3.3).

2.3.2.2.   An conradh díolacháin

(65)

I bhfianaise an chineáil tairisceana a bhí ann, ba é rogha Réigiún na Tuscáine é méid seasta a shainiú don phraghas ar scairchaipiteal Toremar d’fhonn an tairiscint iomaíoch is fearr a shainaithint.

(66)

Síníodh an conradh díolacháin an 2 Eanáir 2012 agus sainítear ann aistriú scaireanna Toremar chuig Moby ar an bpraghas seasta EUR 10 258 397. Íoctar an méid sin i ndeich dtráthchuid bhliantúla ag tosú ó dheireadh na chéad bhliana den chonradh, i.e. 2 Eanáir 2013.

(67)

Rinneadh an praghas seasta EUR 10 258 397 ar 100 % de scaireanna Toremar a chinneadh ar bhonn meastóireacht saineolaithe neamhspleácha arna coimisiúnú ag Réigiún na Tuscáine agus arna hullmhú ag Fidi Toscana S.p.A. (“tuarascáil Fidi”).

(68)

Tagraíonn an méid don luach a bhí ar shócmhainní inláimhsithe, ar fhoirgnimh, ar shoithí agus ar shócmhainní seasta agus airgeadais inláimhsithe eile agus ar fháltais eile na cuideachta amhail an 30 Meitheamh 2010. Eisiadh na sócmhainní doláimhsithe (e.g. lamháltais, údaruithe, ceadúnais, trádmharcanna etc.) ón meastóireacht agus fágadh faoi rogha na dtairgeoirí iad. Cuireadh an méid faoi réir leasuithe ina dhiaidh sin a díorthaíodh ón difríocht idir glanluach na scaireanna de réir na leabhar an 30 Meitheamh 2010 agus margadhluach na scaireanna (30).

(69)

Áirítear sa mhéid thuasluaite sin creidmheas EUR 9 772 572 a éilíodh ó Tirrenia (“an creidmheas”).

(70)

Faoi Airteagal 1(5) agus (6) den chonradh díolacháin, i dtaca leis an gcéad tráthchuid, dearbhaíonn Moby go bhfuil réamhíocaíocht EUR 485 825 arna déanamh aige le Réigiún na Tuscáine, méid arb ionann é agus an difríocht idir an praghas díola agus an creidmheas.

(71)

Faoi Airteagal 1(3) den chonradh díolacháin, tá íoc an phraghais shocraithe — seachas an méid a dhéantar mar réamhíocaíocht — faoi réir an choinníll go n-íocfar ina iomláine an méid EUR 9 772 572 atá dlite ag Tirrenia do Toremar (31). Faoi Airteagal 4(3) den chonradh díolacháin, i gcás nach ngnóthaítear an méid creidmheasa, leanann Moby de bheith faoi cheangal an creidmheas (nó aon chreidmheas iarmharach) a aistriú chuig Réigiún na Tuscáine tráth ar bith go dtí go rachaidh an conradh seirbhíse in éag (32).

(72)

De réir Airteagal 4 den chonradh díolacháin, tá Moby faoi cheangal fógra a thabhairt do Réigiún na Tuscáine faoi aon díolachán de scaireanna Toremar le tríú páirtithe ach a bheith fós freagrach i gcomhpháirt le ceannaitheoir nua Toremar i ndáil le hoibleagáidí an chonartha seirbhíse.

(73)

Ar deireadh, de réir Airteagal 5 den chonradh díolacháin, thug Banca Populare di Milano ráthaíocht i bhfabhar Réigiún na Tuscáine a chumhdaíonn praghas iomlán díola scaireanna Toremar (lena n-áirítear oibleagáid an cheannaitheora méid aon chreidmheasa nár gnóthaíodh ó Tirrenia go fóill a aistriú).

2.3.2.3.   Imeachtaí ar an leibhéal náisiúnta

(74)

Bhí toradh an nós imeachta tairisceana inar dámhadh gnó Toremar agus an conradh seirbhíse poiblí do Moby faoi réir roinnt imeachtaí os comhair cúirteanna náisiúnta.

(75)

Rinne Toscana di Navigazione S.r.l., arb é an tairgeoir eisiata agus an gearánach sna himeachtaí sin é, agóid i gcoinne dhlíthiúlacht a eisiata ón nós imeachta tairisceana os comhair na gcúirteanna náisiúnta. Ar dtús, thionscain an gearánach iarratas ar fhaoiseamh eatramhach os comhair Chúirt Réigiúnach Riaracháin na Tuscáine. Dhiúltaigh an Chúirt sin don iarratas le hOrdú Uimh. 774 an 14 Iúil 2011. Sheas an Chomhairle Stáit leis an rialú sin ar a achomharc le hOrdú Uimh. 3666 uaithi an 31 Lúnasa 2011, inar cuireadh i dtábhacht go háirithe go raibh an tairiscint eacnamaíoch a chuir an chuideachta i láthair neamhiomlán, a mhéid a bhaineann leis na seirbhísí breise a bhí le déanamh agus toisc gan an tairiscint a bheith socraithe ar bhonn bliantúil agus, dá bhrí sin, nárbh fhéidir an sásra athmheastóireachta lena bhforáiltear sa doiciméadacht tairisceana a chur i bhfeidhm.

(76)

Rinne Toscana di Navigazione S.r.l. achomharc in aghaidh thoradh an nós imeachta tairisceana ina dhiaidh sin os comhair Chúirt Réigiúnach Riaracháin na Tuscáine a dhiúltaigh don achomharc le hOrdú Uimh. 414 an 1 Márta 2012, á dheimhniú go raibh tairiscint na cuideachta ar neamhréir le ceanglais an údaráis chonarthaigh.

(77)

Rinne Toscana di Navigazione S.r.l. achomharc in aghaidh an bhreithiúnais sin os comhair na Comhairle Stáit a chinn le hOrdú Uimh. 83/2015 i bhfabhar na cuideachta agus a d’iarr ar Réigiún na Tuscáine féachaint an athuair ar a nós imeachta tairisceana agus athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais. Tar éis do Réigiún na Tuscáine iniúchadh a dhéanamh, glacadh Foraithne Uimh. 1312 an 30 Márta 2015 inar seasadh le cinneadh Réigiún na Tuscáine an chuideachta a eisiamh ón nós imeachta tairisceana ós rud é nár cruthaíodh comhlíontacht le ceanglais acmhainneachta teicniúla, eacnamaíche agus airgeadais le haghaidh rannpháirtíochta sa tairiscint.

(78)

Rinne Toscana di Navigazione S.r.l. achomharc in aghaidh Fhoraithne Uimh. 1312 an 30 Márta 2015 os comhair Chúirt Réigiúnach Riaracháin na Tuscáine a dhiúltaigh don achomharc le hOrdú Uimh. 1446 an 26 Deireadh Fómhair 2015. Sheas an Chomhairle Stáit leis an ordú sin ar deireadh le hOrdú Uimh. 3347/2016.

2.3.3.   An conradh nua seirbhíse idir Réigiún na Tuscáine agus Moby/Toremar

2.3.3.1.   An tairbhí

(79)

Mar a luadh in aithris (63), chuir Moby agus Toscana di Navigazione tairiscint isteach ar an gconradh nua seirbhíse poiblí. Tar éis eisiamh Toscana di Navigazione, shínigh Moby/Toremar (33) an conradh nua seirbhíse poiblí le Réigiún na Tuscáine an 2 Eanáir 2012 le haghaidh bealaí muirí a oibriú.

(80)

De réir Airteagal 1(2) den chonradh nua seirbhíse poiblí, is trí Toremar go heisiach a dhéanfaidh Moby na seirbhísí a shonraítear sa chonradh.

2.3.3.2.   Na bealaí

(81)

Soláthraíonn Moby/Toremar seirbhísí do phaisinéirí agus seirbhísí measctha (paisinéirí agus cairr) faoin gcóras seirbhíse poiblí ar na bealaí cabatáiste muirí mar a leanas:

Livorno – Gorgona – Capraia (Líne A1)

Piombino – Portoferraio (oileán Elba) (Líne A2)

Piombino – Cavo – Portoferraio (oileán Elba) (Mearlíne A2)

Piombino – Rio Marina – Porto Azzurro – Pianosa (oileán Elba) (Líne A3)

Porto S. Stefano – Oileán Giglio (Líne A4)

Porto S. Stefano – Giannutri (Líne A5)

Tábla 3 – An líonra bealaí á oibriú ag Moby/Toremar faoin gconradh nua seirbhíse

2.3.3.3.   Marthanacht

(82)

Maireann an conradh nua seirbhíse poiblí idir Réigiún na Tuscáine agus Moby/Toremar 12 bhliain (2012-2024).

2.3.3.4.   Na hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(83)

Baineann na ceanglais a leagtar síos sa chonradh le Moby/Toremar, i measc nithe eile, leis na calafoirt a bhfreastalaítear orthu, le cineál agus toilleadh na soithí arna sannadh do na bealaí muirí atá á n-oibriú, le minicíocht na seirbhíse agus leis na huastáillí.

2.3.3.5.   Na forálacha cúitimh agus an dámhachtain deiridh

(84)

Sa nós imeachta tairisceana, cuireadh uasteorainn EUR 14 550 400 ar mhéid an chúitimh bhliantúil faoin gconradh nua as oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh ar na bealaí muirí a shainaithnítear faoi aithris (81) (arb é an méid iomlán thar thréimhse 12 bhliain an chonartha é EUR 174 604 810). Cinneadh an luach sin trí shuim na nithe seo a leanas a ríomh: EUR 13 005 441 mar a socraíodh le Dlí 2009 (féach aithris (29)) móide méadú EUR 1 544 959, mar atá beartaithe le hAirteagal 19-ter, mír 16(d), de Dhlí 2009 de bharr na n-infheistíochtaí suntasacha is gá don oibreoir a dhéanamh thar thréimhse iomlán an chonartha.

(85)

Cinneadh méid an chúitimh ar bhonn na modheolaíochta a leagtar síos le Treoir CIPE (féach aithrisí (45) go (55)). Léirítear sa chonradh nua seirbhíse na bearta coimirce a leagtar síos le Treoir CIPE.

(86)

De bhun Airteagal 4(2) den chonradh seirbhíse, measadh gurb é EUR 13 333 318 an méid cúitimh bhliantúil atá le híoc le Moby/Toremar. Mar sin féin, de réir Airteagal 4(3) den chonradh seirbhíse, déantar an cúiteamh iarbhír a íoctar le Moby/Toremar a chinneadh mar thoradh na seirbhíse a dhéantar iarbhír (i.e. praghas in aghaidh an mhíle le haghaidh gach bealaigh), agus na rioscaí a bhaineann léi (idir thráchtála agus tionsclaíocha) á gcur san áireamh mar a leagtar síos sa chonradh (e.g. laghdú ar chúiteamh i gcás nach gcuirfidh an chuideachta na soithí ag seoladh, pionóis i gcás seirbhísí a bheith dícheangailte, etc.).

(87)

Déantar foráil sa chonradh seirbhíse maidir le híoc cúitimh nach mó ná an méid is gá chun na glanchostais arna dtabhú as comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach (cothromaíocht eacnamaíoch-airgeadais). I gcás imeachtaí ón gcothromaíocht chonarthach sin, déantar foráil in Airteagal 26 den chonradh seirbhíse le sásra athchothromúcháin a dhéanfaidh meastóireacht ar na paraiméadair uile atá nasctha le híoc an chúitimh. Má tharlaíonn sé, mar sin, mar thoradh ar athrú ábhartha (34) ar na paraiméadair eacnamaíocha a bhfuil sé bunaithe orthu, nach mbeidh méid an chúitimh leordhóthanach chun na costais uile a thabhaítear as soláthar na seirbhíse a chumhdach, ceadaítear sa chonradh seirbhíse leasú ar phríomhpharaiméadair an chúitimh, is iad sin: (i) an córas taraife; (ii) leibhéal na seirbhísí poiblí á dtairiscint; (iii) leibhéal na huasteorann praghais bhliantúil; agus (iv) na deontais chaipitiúla le haghaidh infheistíochtaí.

(88)

Faoi Airteagal 4(4), (5) agus (6) den chonradh seirbhíse, déanfar laghdú 80 % ar an gcúiteamh a íocfar leis an oibreoir i gcás briseadh seirbhísí de dhroim fostaithe a bheith ag dul ar stailc agus laghdú 30 % i gcas teagmhas nach bhfuil coinne leo, ach íocfaidh an t-oibreoir pionóis i gcás ina dteipfidh air na seirbhísí a dhéanamh.

(89)

De bhun Airteagal 24 den chonradh seirbhíse, ceanglaítear ar an oibreoir córas faireacháin theicniúil, eacnamaíoch agus bhainistíochta a chur chun feidhme, ar dá réir a dhéantar na cuntais bhliantúla bhrabúis agus chaillteanais a bhaineann leis an tseirbhís arna soláthar ar bhonn an chonartha seirbhíse a chur chuig na húdaráis réigiúnacha lena bhfíorú.

2.3.4.   An tosaíocht feistithe

(90)

Chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise a gcuid oibleagáidí seirbhíse poiblí, leagadh síos in Airteagal 19-ter, mír 21, de Dhlí 2009 go ndéanfadh cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, an feistiú a leithdháileadh cheana agus an tosaíocht maidir le leithdháileadh sliotán nua a choimeád i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos ag na hÚdaráis Mhuirí mar a bhunaítear le Dlí Uimh. 84 an 28 Eanáir 1994 agus le Cód Muirí na hIodáile.

2.3.5.   Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010

(91)

Leagadh síos i nDlí 2010 an fhéidearthacht go mbainfeadh gnóthais iar-Ghrúpa Tirrenia úsáid, ar bhonn sealadach, as na hacmhainní airgeadais a gealladh (35) cheana d’uasghrádú agus nuachóiriú an chabhlaigh chun riachtanais phráinneacha leachtachta a chumhdach. Ceanglaíodh ar na gnóthais úd de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia a bhain úsáid as an bhféidearthacht sin, áfach, na cistí tiomnaithe sin a athshlánú sa chaoi is go mbeidís fós in ann na huasghráduithe ba ghá a dhéanamh ar a longa. Bhí gá leis na huasghráduithe sin chun caighdeáin nua idirnáisiúnta sábháilteachta a chomhlíonadh i ndiaidh Chomhaontú Stócólm 1996 (36).

(92)

Go háirithe, cuireadh EUR 23 750 000 ar leataobh chun na huasghráduithe do Ghrúpa Tirrenia ina iomláine a íoc, á tharraingt as dhá shaoráid (37). Leithdháileadh EUR 1 617 300 den mhéid sin ar Toremar, a d’úsáid é chun uasghrádú a dhéanamh ar a chabhlach (féach aithris (138)).

(93)

Ina theannta sin, leagadh síos na nithe seo a leanas le hAirteagal 1 de Dhlí 2010:

(a)

Fadaítear na Coinbhinsiúin tosaigh ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí deireadh phróiseas príobháidithe Tirrenia agus Siremar (féach freisin aithris (30));

(b)

Leasaítear Airteagal 19-ter de Dhlí Foraithne Uimh. 135/2009, a tiontaíodh le modhnuithe i nDlí 2009, trí mhír 24a a thabhairt isteach. De réir na míre sin, tairbhíonn gach gníomh oifigiúil agus oibríocht oifigiúil i gcur chun feidhme fhorálacha mhíreanna 1-15 de Dhlí 2009 de dhíolúintí fioscacha. Baineann na míreanna sin le léirscaoileadh na hearnála cabatáiste muirí trí phríobháidiú Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear a réamhbheart, i.e. aistriú na gcuideachtaí réigiúnacha chuig na réigiúin faoi seach;

(c)

Chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a ráthú agus chun tacú le próiseas príobháidithe chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, féadfaidh na réigiúin atá i gceist acmhainní Fondo Aree Sottoutilizzate (“FAS”) (38) a úsáid de bhun Threoir CIPE (39).

2.4.   Nós imeachta maidir le sárú Uimh. 2007/4609

(94)

I ndiaidh malartuithe roimhe seo idir seirbhísí an Choimisiúin agus an Iodáil, rinne Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar faisnéis a iarraidh ar an Iodáil an 19 Nollaig 2008. I measc nithe eile, bhain an iarraidh le forléargas ar na bealaí seirbhíse poiblí a bhí ann an tráth sin agus ar na cúraimí seirbhíse poiblí a bheartaigh an Iodáil faoi na Coinbhinsiúin nua a bhí beartaithe. Thairis sin, iarradh ar an Iodáil tuilleadh mionsonraí a sholáthar maidir leis na pleananna um phríobháidiú Ghrúpa Tirrenia.

(95)

I litir uaithi an 28 Aibreán 2009, thug an Iodáil freagra mionsonraithe ar iarraidh an Choimisiúin an 19 Nollaig 2008. Luaigh an Iodáil na nithe seo a leanas sa litir sin, i measc nithe eile:

(1)

b’éigean síneadh a chur leis na Coinbhinsiúin tosaigh go dtí an 31 Nollaig 2009 sa chaoi is go mbainfí amach léirscaoileadh na hearnála cabatáiste muirí san Iodáil trí phríobháidiú Ghrúpa Tirrenia;

(2)

b’éigean cúiteamh seirbhíse poiblí a dheonú do Ghrúpa Tirrenia sa chaoi is go n-áiritheofaí leanúnachas críche leis na hoileáin trí bhíthin naisc mhuirí nach raibh á soláthar go sásúil ag oibreoirí príobháideacha ar an margadh;

(3)

tugadh próiseas críochnúil cuíchóirithe ar na bealaí i gcrích an 10 Márta 2009. Cuireadh na gnéithe ábhartha sóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha san áireamh sa phróiseas sin, mar aon leis an ngá atá ann naisc fíor-riachtanacha le haghaidh leanúnachas críche a choimirciú agus áiríodh leis comhairliúchán leis na sé Réigiún lena mbaineann. Is é a bheadh mar thoradh ar an gcuíchóiriú sin laghdú ar ghlanchostas na seirbhíse poiblí de thuairim agus EUR 66 mhilliún agus iomarcaíocht thart ar 600 ball den chriú thar Ghrúpa Tirrenia ina iomláine. Mheabhraigh an Iodáil gur chomhlánaigh cuíchóiriú 2009 iarrachtaí roimhe sin (in 2004, 2006 agus 2008) na seirbhísí a bhí á n-oibriú ag Grúpa Tirrenia a laghdú;

(4)

ba iad na cuspóirí (i) na naisc a raibh gá leo chun leanúnachas críche a áirithiú idir na hoileáin agus an mhórthír agus idir na hoileáin féin a choinneáil ar bun, agus an ceart chun sláinte, staidéir agus gluaiseachta a choimeád, (ii) naisc a chuíchóiriú i gcás oibreoirí príobháideacha a bhí ag soláthar na naisc chéanna thar an tréimhse chéanna ama, agus ráthaíochtaí comhchosúla cáilíochta agus leanúnachais acu, agus (iii) naisc shamhraidh agus mhearluais nach n-iompraíonn ach daoine a chuíchóiriú;

(5)

thug an Iodáil forléargas sa litir ar na bealaí a bhí á n-oibriú ag cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia i gcaitheamh 2008 agus ar an líon laghdaithe bealaí a d’oibreodh cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia in 2009. De réir na hIodáile, ba iad na bealaí sa chás deireanach sin ba bhonn leis na Coinbhinsiúin nua a bhí le tabhairt i gcrích le húinéirí nua chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia.

(96)

Chuir Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar litir chuig an Iodáil an 21 Nollaig 2009 inar tugadh dá n-aire dóibh inter alia, i bhfianaise an ollchóirithe radacaigh a rinneadh ar earnáil an chabatáiste mhuirí san Iodáil, agus mar gheall ar an tionchar mór sóisialta a d’imreodh an príobháidiú, dá mba rud é go ndéanfaí na tairiscintí ar bhonn conradh simplí seirbhíse poiblí, gurbh inghlactha cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil na conarthaí sin acu a chur chun tairisceana — i bprionsabal agus mar eisceacht — chun comhlíontacht a áirithiú le critéar an neamh-idirdhealaithe idir longúinéirí Comhphobail mar a leagtar síos i Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle (40) (“an Rialachán Cabatáiste Muirí”).

(97)

An 29 Eanáir 2010 (41) sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil maidir leis an Rialachán Cabatáiste Muirí a bheith á chur chun feidhme go mícheart. Mheabhraigh an Coimisiún sa litir sin go gceanglaítear leis an Rialachán go ndéanfaidh Ballstát conarthaí seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích nó oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur, tráth ar bith a dhéanann sé amhlaidh, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach i leith longúinéirí uile an Chomhphobail. Foráiltear in Airteagal 4(3) den Rialachán sin go bhféadfaidh conarthaí seirbhíse poiblí atá ann faoi láthair fanacht i bhfeidhm suas go dtí dáta éaga an chonartha ábhartha. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur lean cuideachtaí Ghrúpa Tirrenia de bheith ag oibriú seirbhísí iompair mhuirí tar éis do na conarthaí seirbhíse poiblí faoi seach a bheith dulta in éag (na Coinbhinsiúin tosaigh). Bhí na Coinbhinsiúin sin, go háirithe, le dul in éag ag deireadh 2008 ach d’fhadaigh an Iodáil arís agus arís eile iad. Dá bhrí sin, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil a cuid barúlacha a thíolacadh.

(98)

An 29 Eanáir 2010 thug Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin atá freagrach as fuinneamh agus iompar freagra freisin ar litir de chuid na hIodáile an 22 Eanáir 2010. Chuir an tArd-Stiúrthóir i dtábhacht nár bhain a fhreagra ach le comhlíontacht leis an Rialachán Cabatáiste Muirí agus ní le saincheisteanna Státchabhrach. Ina fhianaise sin, shonraigh an tArd-Stiúrthóir gur leormhaith na réasúnuithe a soláthraíodh maidir le bealaí áirithe chun an t-amhras a cuireadh in iúl roimhe sin a bhaint. Mheabhraigh an tArd-Stiúrthóir nach bhféadann conarthaí seirbhíse poiblí ach bealaí dá bhfuil teip mhargaidh ann a chumhdach.

(99)

Thug an Iodáil freagra an 29 Márta 2010 ar litir fógra fhoirmiúil an Choimisiúin an 29 Eanáir 2010. I measc nithe eile, shoiléirigh an Iodáil ina freagra go nglacfadh 11 pháirtí leasmhara páirt sna chéad chéimeanna eile den nós imeachta tairisceana le haghaidh Toremar.

(100)

Chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún le linn cruinniú ad hoc an 10 Meán Fómhair 2010 gur cuireadh moill ar an nós imeachta iomaíoch don chonradh le haghaidh Toremar i measc conarthaí eile. Ina dhiaidh sin, le Dlí Uimh. 163 an 1 Deireadh Fómhair 2010 fadaíodh na Coinbhinsiúin tosaigh a thuilleadh go dtí deireadh phróisis phríobháidithe Tirrenia agus Siremar (féach freisin aithris (30)).

(101)

I bhfianaise na bhforbairtí sin, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chomhlántach an 24 Samhain 2010. Luaigh an Coimisiún an méid seo a leanas sa litir sin:

(a)

cuireadh síneadh le Coinbhinsiún tosaigh Toremar, i measc cinn eile, go huathoibríoch agus gan aon nós imeachta iomaíoch;

(b)

cé gur leanadh de chur i bhfeidhm na gconarthaí seirbhíse poiblí atá i gceist, níor tugadh i gcrích aon nós imeachta iomaíoch, i gcás Toremar ná i gcásanna eile;

(c)

d’fhorchoimeád sé an ceart chun tuairim réasúnaithe a thabhairt más gá (agus aon bharúil a thabharfadh an Iodáil á cur san áireamh).

(102)

I litir uaithi an 15 Iúil 2016, chuir an Iodáil in iúl don Choimisiún gur tugadh i gcrích príobháidiú chuideachtaí uile iar-Ghrúpa Tirrenia. Chinn an Coimisiún an 8 Nollaig 2016 clabhsúr a chur leis an nós imeachta maidir le sárú.

3.   FORAIS LE TIONSCNAMH AN NÓS IMEACHTA AGUS LE SÍNEADH A CHUR LEIS

3.1.   Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil

3.1.1.   Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann

(103)

I gCinneadh 2011 uaidh, thug an Coimisiún an réamhthuairim nach raibh an sainmhíniú ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí soiléir go leordhóthanach agus dá réir sin nach raibh an Coimisiún in ann teacht ar chonclúid chinnte maidir le cibé acu a bhí nó nach raibh earráidí follasacha ann. Go háirithe, ní raibh tuairim iomlán ag an gCoimisiún ag an tráth sin maidir leis na hoibleagáidí iarbhír a forchuireadh ar Toremar as oibriú na mbealaí i gceist i gcomparáid leis na seirbhísí a bhí á soláthar ag iomaitheoirí ar chuid de na bealaí sin.

(104)

Thug an Coimisiún an réamhthuairim gur urramaíodh an dara coinníoll de bhreithiúnas Altmark (42) toisc gur suíodh roimh ré na paraiméadair a bhí mar bhonn le ríomh an chúitimh agus gur urramaíodh na ceanglais trédhearcachta. Go háirithe, thug an Coimisiún dá aire go dtugtar tuairisc ar na paraiméadair sin sa Choinbhinsiún tosaigh (le haghaidh cúiteamh a bhaineann leis an mbliain 2009) agus i dTreoir CIPE (le haghaidh cúiteamh ó 2010 ar aghaidh).

(105)

Mheas an Coimisiún, áfach, gur chosúil nár urramaíodh an tríú coinníoll de bhreithiúnas Altmark agus go mb’fhéidir gur tugadh róchúiteamh do na hoibreoirí i leith fheidhmiú na gcúraimí seirbhíse poiblí. Go háirithe, chuir an Coimisiún in iúl go raibh amhras air maidir le cibé acu a léiríonn nó nach léiríonn an phréimh riosca 6,5 %, a bhfuil feidhm aici ó 2010 ar aghaidh, leibhéal iomchuí riosca ó tharla gur chosúil prima facie nár ghlac Toremar chuige féin na rioscaí a iompraítear de ghnáth in oibriú na seirbhísí sin.

(106)

Thug an Coimisiún an réamhthuairim freisin nár urramaíodh an ceathrú coinníoll de bhreithiúnas Altmark a mhéid nár cuireadh fadú an Choinbhinsiúin tosaigh amach chun tairisceana. Thug an Coimisiún dá aire thairis sin nach bhfuair sé aon fhianaise a thacódh leis an argóint gur sholáthraigh Toremar i ndáiríre na seirbhísí lena mbaineann ar an gcostas ba lú don phobal.

(107)

Tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid i gCinneadh 2011 dá bhrí sin gur Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí sa chúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh le Toremar le linn 2009-2011. Ina theannta sin, ba é tuairim an Choimisiúin gur cheart a mheas gur cabhair nua an chabhair sin.

3.1.2.   Comhoiriúnacht

(108)

I gCinneadh 2011 uaidh, thug an Coimisiún an réamhthuairim nach dtagann an cúiteamh seirbhíse poiblí le haghaidh na mblianta 2009-2011 faoi raon feidhme Chinneadh 2005 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (43) ná faoi raon feidhme Chreat 2005 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (44). Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú ar an mbeart sin go díreach faoi Airteagal 106(2) CFAE agus shuigh sé go raibh amhras air maidir le cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha comhoiriúnachta is infheidhme.

(109)

I gCinneadh 2012, thug an Coimisiún dá aire gur tháinig pacáiste nua seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012, arb é a bhí ann Cinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (45) agus Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (46). Thug an Coimisiún an réamhthuairim, áfach, nach bhféadfaí a mheas go raibh an cúiteamh seirbhíse poiblí faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná díolmhaithe ón gceanglas fógra faoi Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(110)

Rinneadh foráil le Dlí 2010 maidir le fadú an Choinbhinsiúin tosaigh ón 30 Meán Fómhair 2010 go dtí deireadh an phróisis príobháidithe. Dá thoradh sin, d’fhéadfaí an cúiteamh arna fháil ag an gcuideachta ón 1 Deireadh Fómhair 2010 go dtí a príobháidiú a mheasúnú ar bhonn Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bhfuil feidhm leis freisin, de réir mhír 69 de, maidir le cabhair arna deonú roimh an 31 Eanáir 2012 (féach aithris (283) agus aithris (284)).

3.2.   Príobháidiú Toremar

(111)

Tráth a glacadh Cinneadh 2012, bhí amhras ar an gCoimisiún go raibh an nós imeachta tairisceana chun Toremar a dhíol trédhearcach agus neamhchoinníollach go leordhóthanach chun a áirithiú gur tharla an díol ar phraghas an mhargaidh.

(112)

Mheas an Coimisiún i gCinneadh 2012 go mb’fhéidir go raibh an líon tairgeoirí srianta ag coinníollacha áirithe a forchuireadh sa phríobháidiú nó gur imir na coinníollacha sin tionchar ar an bpraghas díola. D’athluaigh an Coimisiún a chleachtas bunaithe maidir le sócmhainní gnóthas faoi úinéireacht Stáit a bheith á ndíol ag an Stát (nó a ndíol a bheith inchurtha i leith an Stáit sa chás seo): is comhartha ar Státchabhair a bheith ann cúinsí neamheacnamaíocha a bheith á meas nach measfadh díoltóir príobháideach, amhail cúiseanna beartais phoiblí, ceanglais fostaíochta nó forbairt réigiúnach, más amhlaidh go bhforchuirtear leo oibleagáidí dochraideacha ar an gceannaitheoir ionchasach agus más dóigh dá bhrí sin go laghdófar an praghas díola.

(113)

Ar an dóigh chéanna, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil an tráth sin, mheas an Coimisiún gur chuir na ceanglais theicniúla agus airgeadais mar a thugtar orthu agus mar a fhorchuirtear i dtairiscint Toremar míshocracht éifeachtach sa tairiscint trí thairgeoirí ionchasacha a shrianadh do chuideachtaí muirí a bhí ann faoi láthair, ó tharla sa chás seo gur cuireadh an chuideachta féin a raibh an conradh seirbhíse poiblí aici ar díol (47).

(114)

Ar na cúiseanna thuas, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid nach raibh nós imeachta príobháidithe Toremar trédhearcach ná neamhchoinníollach go leordhóthanach chun a áirithiú as féin gur tharla an díolachán ar phraghas an mhargaidh. Dá bhrí sin, níor fhéad an Coimisiún é a eisiamh ag an tráth sin gur tugadh buntáiste eacnamaíoch don cheannaitheoir.

(115)

Mheas an Coimisiún freisin, ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil nuair a bhí Cinneadh 2012 á eisiúint aige, gur neamh-chomhoiriúnach a bheadh aon chabhair a thiocfadh aníos i gcaitheamh an phróisis phríobháidithe.

3.3.   An conradh nua seirbhíse idir Réigiún na Tuscáine agus Moby/Toremar

3.3.1.   Altmark a urramú agus cabhair a bheith ann

(116)

Thug an Coimisiún an réamhthuairim i gCinneadh 2011 agus i gCinneadh 2012 nár chomhlíon an cúiteamh a íocadh le Toremar (agus lena fhaighteoir, Moby) na critéir a leagadh síos i mbreithiúnas Altmark agus gur cabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE a bhí ann dá bhrí sin. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sin i bhfianaise an mhéid seo a leanas: (i) bhí iomaitheoirí ar dhealraitheach go raibh seirbhísí comhchosúla á dtairiscint acu i láthair ar bhealaí áirithe a bhí á n-oibriú ag Toremar agus níor cuireadh faisnéis leordhóthanach isteach a chuirfeadh ar a chumas don Choimisiún teacht ar chonclúid maidir le cé acu a bhí nó nach raibh an SGEI ina léiriú ar fhíor-riachtanas seirbhíse poiblí nárbh fhéidir le fórsaí margaidh iad féin a chomhlíonadh; (ii) ba chosúil go raibh mar thoradh ar ríomh an chúitimh de bhun Threoir CIPE gur tugadh róchúiteamh don oibreoir as an tseirbhís phoiblí a sholáthar ar na cúiseanna céanna a luaitear i gCinneadh 2011; agus (iii) níor urramaíodh de réir cosúlachta an ceathrú coinníoll de bhreithiúnas Altmark i bhfianaise gur cuireadh an tseirbhís phoiblí chun tairisceana ar an gcoinníoll go bhfaigheadh an tairgeoir a n-éireodh leis cuideachta Toremar ina hiomláine. Ghlac an Coimisiún an seasamh roimh ré go mbeadh costas níos ísle don phobal ann dá mbeadh an conradh seirbhíse poiblí curtha chun tairisceana gan an ceanglas ceannaigh.

3.3.2.   Comhoiriúnacht

(117)

I dtaca le comhoiriúnacht an chúitimh do Toremar, thug an Coimisiún dá aire, ar bhonn na faisnéise a sholáthair an Iodáil, nárbh infheidhme Cinneadh SGEI 2011 maidir leis gconradh seirbhíse seo mar gheall ar an tréimhse fhada iontaoibhe (12 bhliain) a bhí ann. Níor fhéad an Coimisiún teacht ar chonclúid ag an tráth sin ar aon chaoi maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh SGEI 2011 toisc nach raibh an conradh sínithe soláthraithe go fóill. Ní bhfuair an Coimisiún aon fhaisnéis (e.g. an líon paisinéirí a iompraíodh sa 2 bhliain airgeadais roimh an gcur ar iontaoibh) chun scrúdú a dhéanamh ar choinníollacha eile comhoiriúnachta Chinneadh SGEI 2011. Rinne an Coimisiún measúnú ina dhiaidh sin ar an gcabhair bunaithe ar Chreat SGEI 2011 ach shuigh sé go raibh amhras air maidir le cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh coinníollacha comhoiriúnachta an Chreata agus d’iarr ar an Iodáil go léireofaí gurb amhlaidh gur comhlíonadh.

3.4.   An tosaíocht feistithe

(118)

I gCinneadh 2011, thug an Coimisiún an réamhthuairim gurb amhlaidh, a mhéid nach bhfaightear luach saothair i leith na tosaíochta feistithe, is buntáiste rialála an beart nach mbaineann aon aistriú ar acmhainní Stáit leis agus nach féidir leis dá bhrí sin cáiliú mar státchabhair. Ina mhalairt de chás, má thugtar luach saothair i leith na tosaíochta feistithe, mheas an Coimisiún, a mhéid a sholáthraíonn Toremar fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus nach ndeonaítear an tosaíocht sin ach i ndáil le bealaí a chumhdaítear leis an tseirbhís sin lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, nach mbeadh buntáiste breise eacnamaíoch mar thoradh ar an méid sin ós rud é go mbeadh sé ina dhlúthchuid de sholáthar na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Mar sin féin, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil agus ar thríú páirtithe tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir leis an mbeart sin.

(119)

Ós rud é gur léirigh sé go raibh sé in amhras faoi dhlisteanacht mhisean na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní fhéadfadh an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt dá mba chabhair é.

3.5.   Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010

(120)

I gCinneadh 2011, thug an Coimisiún an réamhthuairim gur státchabhair i bhfabhar chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, a bhí sna bearta uile a leagtar síos le Dlí 2010. Áirítear orthu sin: (1) an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint, chun críoch leachtachta, as na cistí atá curtha in áirithe chun na longa a uasghrádú; (2) na díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe; agus (3) an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as acmhainní saora cois loinge. D’iarr an Coimisiún ar an Iodáil a shoiléiriú cé acu a bhí nó nach raibh gá le gach ceann de na bearta sin chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar agus, más amhlaidh gur gá, cén chaoi.

(121)

Thug an Coimisiún an réamhthuairim freisin gur dhócha gur chabhair oibriúcháin a bhí sna bearta sin lena laghdaítear na costais a bheadh le seasamh murach sin ag Toremar féin, agus ag na cuideachtaí féin eile de chuid iar-Ghrúpa Tirrenia, agus gur cheart a mheas dá bhrí sin go bhfuil na bearta sin neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

4.   BARÚLACHA ÓN IODÁIL

4.1.   Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch

(122)

Sholáthair an Iodáil liosta de na bealaí atá á n-oibriú ag Toremar agus atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí (mar aon le doiciméadacht dhlíthiúil chomhfhreagrach mar thacaíocht), lena n-áirítear tráthchláir agus minicíocht de réir séasúir, an timpeallacht iomaíoch agus na cúiseanna atá leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin.

(123)

A mhéid a bhaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith ann i ndáiríre, tugann an Iodáil dá haire gur leagadh síos na hoibleagáidí seirbhíse poiblí thuas chun leanúnachas críche agus an nasc idir an mhórthír agus na hoileáin a choinneáil ar bun. Cuireann an tseirbhís le forbairt eacnamaíoch na n-oileán agus le héascú an iompair idirmhódúil freisin, agus ráthaíonn sí an tráth céanna riachtanais soghluaisteachta fhíor-riachtanacha phobail na n-oileán agus áirithíonn sí go n-urramaítear an ceart chun leanúnachas críche, rud a ráthaítear go bunreachtúil.

(124)

A mhéid a bhaineann leis an timpeallacht iomaíoch, chuir an Iodáil faisnéis isteach a léiríonn gurb é Toremar an t-aon oibreoir amháin a bhíonn i mbun seoltóireachta ar an gcuid is mó de na bealaí i gcaitheamh na bliana. Cé go raibh roinnt iomaíochta ann thar na blianta, go háirithe ar bhealach Piombino — Portoferraio (Líne A2) agus Moby rannpháirteach ann, is é tuairim na hIodáile nach féidir an tseirbhís a sholáthraíonn Toremar a ionadú agus nárbh fhéidir le fórsaí margaidh ina n-aonar ráthú an leanúnachais chríche a bhaint amach.

4.2.   Maidir le príobháidiú Toremar

4.2.1.   Maidir le praghas díola Toremar

(125)

De réir na hIodáile, is é a bhí i bpríobháidiú Toremar ná aistriú scairchaipiteal iomlán na cuideachta trí bhíthin nós imeachta tairisceana poiblí arna thionscnamh ag Réigiún na Tuscáine. Is é a bhí i gceist go comhuaineach leis an nós imeachta sin freisin seirbhísí poiblí muirí in oileánra na Tuscáine a chur ar iontaoibh na cuideachta ar feadh tréimhse 12 bhliain chun leanúnachas críche a choinneáil ar bun.

(126)

Choimisiúnaigh Réigiún na Tuscáine meastóireacht neamhspleách le saineolaithe (féach aithris (67) agus aithris (68)) chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna dlíthiúla agus eacnamaíocha maidir le díolachán Toremar. De réir na hIodáile, leagtar amach go soiléir gonta sa mheastóireacht sin (“tuarascáil Fidi”) na nósanna imeachta a leanadh chun margadhluach scairchaipiteal Toremar a chinneadh.

4.2.2.   Maidir leis an nós imeachta a bheith de chineál trédhearcach neamh-idirdhealaitheach

(127)

Cuireann an Iodáil i dtábhacht go ndearnadh na nósanna imeachta i gcomhréir le prionsabail dhlíthiúla na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe. Ba é a cosaint gur tugadh do gach ceann den 11 pháirtí a léirigh spéis an fhaisnéis ábhartha ba ghá chun a dtairiscint a chur isteach trí bhíthin rochtana ar sheomra sonraí, áit ar soláthraíodh an doiciméadacht uile. Luann an Iodáil thairis sin nach raibh aon rialú aici an tráth sin den nós imeachta ar na tairgeoirí ionchasacha toisc nach raibh na freagraí ar an nglao ar léiriú spéise ceangailteach. Tugadh an ceart do na hiomaitheoirí freisin ceisteanna a chur isteach agus freagraí a fháil ón údarás conarthach.

(128)

Maidir le hamhras an Choimisiúin i dtaobh na gceanglas teicniúil agus airgeadais a forchuireadh ar thairgeoirí chun a bheith rannpháirteach sa tairiscint, is é argóint na hIodáile nach bhfuil ceanglais den sórt sin idirdhealaitheach ach bunaithe ar an riachtanas oibreoir a roghnú a bhfuil ar a chumas aige fios gnó sonrach a sholáthar i bhfianaise fhorbairt chainníochtúil agus cháilíochtúil na seirbhísí poiblí is gá. Is mó a bhaineann sin le hábhar i gcomhthéacs tairisceana amhail an ceann faoi shaincheist sna himeachtaí seo, cás inar comhcheanglaíodh díol Toremar le tabhairt i gcrích chonradh nua seirbhíse poiblí (48). De réir na hIodáile, ní théann soláthar ceanglas teicniúil agus airgeadais salach ar an tairiscint a bheith a oscailte agus is féidir do thairgeoirí ionchasacha, óir is iarmhairt dhíreach riachtanach é ar an struchtúr áirithe tairisceana sin.

(129)

A mhéid a bhaineann go sonrach leis na sócmhainní a aistríodh agus leis an oibleagáid chun leibhéil fostaíochta a choimeád, cuireann an Iodáil i dtábhacht nach raibh aon oibleagáid maidir le leibhéil fostaíochta san áireamh i ndíol Toremar.

4.3.   Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark

(130)

Áitíonn an Iodáil go gcomhlíontar na ceithre chritéar Altmark don tréimhse 2009-2011 agus don tréimhse 2012-2024 araon ar na cúiseanna seo a leanas:

—

Rinneadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chur in iontaoibh Toremar go héifeachtach. Leagtar amach go soiléir i bhfadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus sa chonradh nua seirbhíse poiblí na hoibleagáidí atá ann maidir leis na bealaí a bhfuiltear le freastal orthu, an sceideal ama, na minicíochtaí seoltóireachta, cáilíocht na soithí atá le húsáid agus cáilíocht na seirbhíse i gcoitinne, na hoibleagáidí taraife i ndáil leis na calafoirt a bhfreastalaítear orthu agus na hoibleagáidí maidir le cearta paisinéirí i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Measann an Iodáil dá bhrí sin go sainítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go soiléir agus go gcomhlíontar an chéad chritéar Altmark;

—

Ba ar bhealach oibiachtúil trédhearcach a réamhshainíodh na paraiméadair a úsáideadh chun an cúiteamh a ríomh. Tugtar míniú mionsonraithe orthu sin i dTreoir CIPE a bhfuil feidhm léi maidir leis an gcúiteamh a deonaíodh ó 2010 ar aghaidh agus cuireadh i bhfeidhm freisin iad maidir leis an gconradh nua seirbhíse poiblí (agus maidir le hiarscríbhinní a ghabhann leis). Measann an Iodáil dá bhrí sin gur bunaíodh na paraiméadair sin roimh ré ar bhealach oibiachtúil agus trédhearcach agus go n-urramaítear an dara critéar Altmark;

—

Maidir leis an tríú critéar Altmark, níl an cúiteamh i bhfadú an Choinbhinsiúin tosaigh ná sa chonradh nua seirbhíse poiblí níos mó ná an méid is gá chun na costais a eascraíonn as comhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach. Tagann sin chun cinn go soiléir i ráitis ioncaim na cuideachta, ina léirítear caillteanas EUR 372 008 don tréimhse 3 bliana 2009-2011 agus caillteanas EUR 353 960 don tréimhse 5 bliana 2012-2016. Ina theannta sin, mar gheall ar an sásra athchothromúcháin a thugtar isteach le hAirteagal 26 den chonradh nua seirbhíse poiblí rinneadh bearta chun a áirithiú go gceartófaí aon imeacht ón gcothromaíocht a bheadh ann agus go seachnófaí róchúiteamh dá réir;

—

Measann an Iodáil go gcomhlíontar an ceathrú critéar Altmark freisin. Bhí Réigiún na Tuscáine ag déanamh faireacháin ar éifeachtúlacht na cuideachta le linn na tréimhse 2 bhliain 2010-2011, ach le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an gconradh nua seirbhíse poiblí ba trí bhíthin nós imeachta tairisceana i gcomhréir le rialacha an Aontais a roghnaíodh an chuideachta a bheadh i bhfeighil ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí.

4.4.   Maidir leis an ráta toraidh 9,95 % a úsáideadh le haghaidh 2010 agus maidir leis an bpréimh riosca 6,5 % a leagtar síos i dTreoir CIPE ó 2010

(131)

Luaitear i gCinneadh 2011 gur 9,95 % roimh cháin an ráta toraidh ar chaipiteal infheistithe a socraíodh le haghaidh 2010. Iarradh ar an Iodáil údar a thabhairt dó sin i bhfianaise go bhforáiltear i dTreoir CIPE go n-úsáidfí préimh riosca 6,5 % chun an toradh ar chaipiteal a chinneadh ag úsáid foirmle mheánchostas ualaithe an chaipitil (féach aithris (46)).

(132)

Áitíonn an Iodáil go mbaineann an tagairt don ráta 9,95 % leis na dréacht-Choinbhinsiúin nua/na dréacht-Chonarthaí nua Seirbhíse Poiblí a chuirfí chun tairisceana leis na cuideachtaí iad féin agus a shíneofaí leis na ceannaitheoirí ar thabhairt i gcrích phríobháidiú gach ceann de chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia (féach aithris (27)).

(133)

Cuireann an Iodáil i dtábhacht freisin gur chinn sí go deimhin ríomh an chúitimh a shimpliú trí ráta comhréidh toraidh ar chaipiteal a chur i bhfeidhm toisc go gcuirtear uasteorainn le Dlí 2009 (49) leis an méid cúitimh sa tairiscint (i.e. an bonn leis an gcuireadh chun tairisceana). Go háirithe, don tréimhse a chumhdaíonn fadú an Choinbhinsiúin tosaigh (i.e. 2010-2011), ríomhadh ráta comhréidh an toraidh ar chaipiteal ag 6,9 % de facto. Ó 2012, faoin gconradh nua seirbhíse poiblí le Moby/Toremar, cuireadh ráta comhréidh toraidh ar chaipiteal 6,5 % i bhfeidhm. Tá an Iodáil tar éis a áitiú go mbíonn na torthaí sin ar chaipiteal ag ráta comhréidh fós i gcomhréir leis na rioscaí atá ann agus go bhfuil siad faoi bhun an 9,95 % a cuireadh in iúl don Choimisiún ar dtús ar aon chaoi.

(134)

Míníonn an Iodáil freisin go mb’fhéidir go mbeadh toradh ar chaipiteal níos mó ná 6,5 % mar thoradh ar chur i bhfeidhm na modheolaíochta iomláine mar a leagtar síos i dTreoir CIPE í. Ar an gcúis sin, measann an Iodáil go bhfuil a cur chuige simplithe coimeádach agus nach gceadaítear leis i bprionsabal cúiteamh níos airde ná an tsuim a suíodh faoi Threoir CIPE a bheith ann le haghaidh Moby/Toremar.

4.5.   Maidir leis an tosaíocht feistithe

(135)

Tagraíonn an Iodáil d’Airteagal 19-ter, mír 21, de Dhlí 2009 lena dtugtar teideal do Toremar an feistiú a leithdháileadh air cheana agus tosaíocht i leithdháileadh sliotán nua a choimeád i gcomhréir leis an dlí náisiúnta (féach aithris (90) thuas).

(136)

Áitíonn an Iodáil nár ligeadh aon acmhainn Stáit thar ceal agus an tosaíocht feistithe á leithdháileadh. De réir na hIodáile, íocann na hoibreoirí farantóireachta uile táillí tráthrialta leis na húdaráis ábhartha chalafoirt as feistiú. Maíonn an Iodáil freisin nach bhfuil an tosaíocht feistithe sin infheidhme ach amháin maidir leis na bealaí seirbhíse poiblí agus nár íoc Toremar, ná Moby/Toremar ina dhiaidh sin, aon táille bhreise as an tosaíocht feistithe sin agus nach n-íocann go fóill, óir thabharfadh calafoirt an chéad rogha de shliotáin feistithe dóibh fiú in éagmais tosaíochta foirmiúla feistithe mar gheall ar a misean seirbhíse poiblí.

(137)

Measann an Iodáil nach dtabharfadh an tosaíocht feistithe buntáiste fónta do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar agus a fhaighteoir Moby. Áitíonn siad go háirithe nach gcuirtear an tosaíocht feistithe i bhfeidhm sa chleachtas ach amháin i gcás imthosca an-teoranta. Áirithítear lena mhéad atá an chuid is mó de na calafoirt agus le sceidealú teachtaí agus imeachtaí roimh ré nach bhforluíonn oibreoirí éagsúla a chéile ó thaobh na húsáide a bhaineann siad as feistithe sonracha nuair a bhíonn gnáthdhálaí ann - mura dtarlaíonn moill nó dálaí adhaimsire. Ina theannta sin, ós rud é go mbíonn Toremar agus Moby ag oibriú a gcuid seirbhísí ar feadh na bliana (contrártha d’oibreoirí nach mbíonn ag oibriú ach san ardséasúr, mar shampla) ba dhual do chalafoirt an chéad rogha de shliotáin feistithe a thabhairt dóibh fiú in éagmais tosaíochta foirmiúla feistithe. Ar na cúiseanna sin, measann an Iodáil nach féidir gur thug an tosaíocht feistithe aon bhuntáiste fónta do Toremar agus Moby.

4.6.   Maidir leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010

(138)

A mhéid a bhaineann leis na bearta a leagtar síos le Dlí 2010 (féach aithris (91) agus aithris (92) thuas), áitíonn an Iodáil gur leithdháileadh ar Toremar acmhainní airgeadais a gealladh cheana le Dlí Uimh. 102/2009 chun na críche tosaigh agus gur bhain Toremar úsáid éifeachtach as na hacmhainní sin. Go háirithe, d’úsáid Toremar EUR 1 617 300 chun a chabhlach a uasghrádú chun caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta a urramú (i.e. EUR 808 650 le haghaidh uasghrádú an tsoithigh Aethalia agus EUR 808 650 le haghaidh uasghrádú an tsoithigh Liburna). Áitítear freisin nár úsáideadh na cistí sin chun críoch leachtachta.

(139)

I ndáil leis na díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe, áitíonn an Iodáil, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide, nár cuireadh an beart i bhfeidhm toisc gur aistríodh Caremar, Saremar agus Toremar chuig na réigiúin saor in aisce. Dá bhrí sin, in éagmais aon luach saothair, níl feidhm ag Airteagal 86(1)(a) den Dlí Chomhdhlúite Cánach Ioncaim maidir le gnóthachain chaipitiúla i gcás aistrithe sócmhainní in aghaidh íocaíochta. I dtaca le cáin bhreisluacha, tugann an Iodáil dá haire go raibh aistrithe Caremar, Saremar agus Toremar ina n-idirbhearta atá díolmhaithe ó cháin bhreisluacha faoi Airteagal 10(1)(4) d’Fhoraithne Uimh. 633 ón Uachtarán an 26 Deireadh Fómhair 1972. I dtaca le cánacha indíreacha seachas cáin bhreisluacha, cuireann an Iodáil i dtábhacht gur ceapadh an díolúine dá bhforáiltear i nDlí 2010 d’fhonn riarachán a shimpliú. Ón bpeirspictíocht chánachais, is féidir éifeacht na díolúine a mheas a bheith diomaibhseach agus ar bheagán tionchair i ndáil le cánacha a muirearaítear ar rátaí comhréidhe. Ar bhealach níos sonraí, baineann sé leis an dleacht chlárúcháin (EUR 168 in aghaidh an doiciméid), le táillí clárúcháin chlár talún agus morgáiste (EUR 168 an ceann) agus leis an dleacht stampála (EUR 14,62 le haghaidh ceithre thaobh).

(140)

Maidir leis na hacmhainní saora cois loinge, áitíonn an Iodáil nach bhfuair Toremar aon sochar uathu. Ina theannta sin, shoiléirigh siad nár úsáideadh acmhainní saora cois loinge chun cúiteamh breise a thabhairt do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar. Ina ionad sin, cuireadh na hacmhainní sin ar fáil chun na leithreasuithe buiséid a cuireadh ar bun chun na cúitimh seirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia a fhorlíonadh, i gcás nár leordhóthanach na leithreasuithe buiséid sin. Tugann an Iodáil dá haire gur chuir Airteagal 1, mír 5-ter de Dhlí Foraithne Uimh. 125/2010 ar a gcumas do na réigiúin na hacmhainní saora cois loinge a úsáid chun (cuid den) chúiteamh seirbhíse poiblí tráthrialta a chistiú agus leanúnachas na seirbhísí poiblí muirí a áirithiú dá réir sin. Thairis sin, soiléiríonn an Iodáil, faoi Airteagal 26 de Dhlí Foraithne Uimh. 185/2008, gur cuireadh EUR 65 milliún ar leataobh don grúpa Tirrenia le haghaidh gach ceann de na 3 bliana 2009, 2010 agus 2011 agus gur tarraingíodh EUR 195 milliún as acmhainní saora cois loinge dá réir. Aistríodh na cistí sin ina dhiaidh sin chuig cuntas na hAireachta Iompair a cuireadh ar leataobh chun an cúiteamh seirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia (Tirrenia, Siremar, Caremar, Toremar agus Saremar). Dá bhrí sin, ní bhainfeadh an beart sin ach le leithdháileadh acmhainní i mbuiséad na hIodáile chun na cúitimh seirbhíse poiblí a íoc.

4.7.   Maidir le comhlíontacht fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le Cinneadh SGEI 2011

(141)

Fiú má mheasann an Iodáil nach Státchabhair atá sa chúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh le Toremar faoin gconradh nua seirbhíse poiblí, tá sí tar éis a áitiú freisin cén fáth a gcomhlíonfadh an beart sin Cinneadh SGEI 2011 dá mba chabhair a bheadh ann.

(142)

Ina freagra, soláthraíonn an Iodáil an meánmhéid tráchta in aghaidh na bliana don tréimhse 2010-2016, bunaithe ar na bealaí ina n-iomláine. Ar an mbonn sin, chuir an Iodáil trácht paisinéirí i láthair chun a léiriú nár sáraíodh an tairseach 300 000 paisinéir mar a leagtar síos in Airteagal 2(1)(d) de Chinneadh SGEI 2011 ar aon cheann de na bealaí a bhí á n-oibriú ag Toremar go dtí deireadh 2011 agus ag Moby/Toremar ó 2012.

4.8.   Maidir le comhlíontacht an Choinbhinsiúin tosaigh agus an chonartha nua seirbhíse poiblí le Creat SGEI 2011

(143)

Áitíonn an Iodáil thairis sin nár tharla aon róchúiteamh i bhfabhar Moby/Toremar agus gur comhlíonadh coinníollacha Chreat SGEI 2011.

(144)

Chun údar a thabhairt dá bhfuil thuas, sholáthair an Iodáil faisnéis a léiríonn méideanna an toraidh ar chaipiteal infheistithe le haghaidh 2010-2017 agus an mhodheolaíocht a úsáideadh chun a fhíorú nach bhfuil aon róchúiteamh ann leis na seirbhísí arna soláthar ag Toremar agus Moby/Toremar, na costais agus ioncaim in aghaidh an bhealaigh le haghaidh 2010-2017 agus tréimhse dímheasa an chabhlaigh le haghaidh 2009-2017 (50).

(145)

Ina theannta sin, áitíonn an Iodáil nach bhfuil aon ghníomhaíocht thráchtála arna déanamh ag Toremar (agus Moby/Torema) sa tréimhse ó 2009 go dtí an t-am i láthair.

5.   BARÚLACHA Ó MOBY/TOREMAR

5.1.   Maidir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus an timpeallacht iomaíoch

(146)

Áitíonn Moby/Toremar go sainítear go coincréiteach sa chonradh nua seirbhíse poiblí agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis cé na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann leis na bealaí muirí atá i gceist. Baineann na hoibleagáidí sin, i measc nithe eile, le cáilíocht agus saintréithe na seirbhíse (na haistir atá le déanamh, tráthchláir, dálaí seirbhíse) agus leis na taraifí is infheidhme.

(147)

Mar fhreagra ar líomhain an ghearánaigh go bhfuil monaplacht á cruthú ar bhealaí Piombino – oileán Elba tar éis an chónasctha idir Toremar agus Moby, tagraíonn Moby/Toremar don údarú arna thabhairt don chónascadh sin ag Údarás Iomaíochta Náisiúnta na hIodáile trí bhíthin Chinneadh Uimh. 22622 an 19 Iúil 2011, faoi réir comhlíontacht le coinníollacha áirithe arb é is aidhm bheacht dóibh a áirithiú go mbíonn iomaíocht ar an mbealach sin ann.

(148)

Thairis sin, áitíonn Moby/Toremar nárbh fhéidir freastal ar na bealaí i gceist gan tacaíocht phoiblí agus nárbh fhéidir leis an margadh féin seirbhísí a sholáthar a chomhlíonfadh na híoscheanglais atá i gceist leis an gconradh poiblí.

5.2.   Maidir le príobháidiú Toremar

5.2.1.   Maidir leis an bpraghas a íocadh as scaireanna Toremar

(149)

Áitíonn Moby/Toremar nach bhfuil aon chomhchuid Státchabhrach i gceist le príobháidiú Toremar ós rud é gur dheimhnigh meastóir neamhspleách an praghas a comhaontaíodh.

5.2.2.   Maidir leis an nós imeachta a bheith de chineál trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus maidir le cuachadh shócmhainní Toremar le conradh nua seirbhíse poiblí

(150)

Ina fhreagra ar an seasamh a ghlac an Coimisiún roimh ré i gCinneadh 2012 go mb’fhéidir gur chuir ceanglais theicniúla agus airgeadais na tairisceana teorainn ar an líon tairgeoirí a mbeadh spéis acu tairiscint a chur isteach, áitíonn Moby/Toremar go raibh gá go deimhin leis na ceanglais sin i bhfianaise struchtúr áirithe a bheith ag Toremar a d’eascair as é a bheith ina chuid de Ghrúpa Tirrenia.

(151)

De réir Moby/Toremar, ní raibh na saoráidí uile ag Toremar as féin chun na seirbhísí muirí ba ghá a áirithiú agus bhíodh sé i gcónaí ag úsáid seirbhísí Ghrúpa Tirrenia san am a chuaigh thart, go háirithe seirbhísí de chineál tráchtála (e.g. comhordú ghníomhaíochtaí na n-oifigí ticéad calafoirt, ionaid ghlaonna agus seirbhísí cumarsáide), seirbhísí teicniúla (e.g. bainistíocht ar chórais faisnéise) agus seirbhísí áirithe níos speisialaithe (e.g. bainistíocht soláthair).

(152)

Áitíonn Moby/Toremar dá bhrí sin nárbh fhéidir a mheas go raibh an tairiscint mar a ceapadh í idirdhealaitheach agus go raibh iarraidh Réigiún na Tuscáine go mbeadh ceannaitheoir Toremar gníomhach cheana in earnáil an iompair mhuirí do phaisinéirí arna spreagadh ag breithnithe beartais thionsclaíoch chun an leanúnachas seirbhíse a áirithiú.

(153)

Dá ndéanfaí an conradh poiblí a dhámhachtain gan Toremar a dhíol, is é a áitíonn Moby/Toremar nach mbeadh aon chúis thairis sin ag Toremar leanúint de bheith ag feidhmiú agus nach mbeadh sé furasta é a athdhíol ar an margadh i bhfianaise a shainiúla atá a chabhlach. Thairis sin, de réir na bpáirtithe, is dócha go mbeadh ar Réigiún na Tuscáine méid cúitimh níos airde a íoc as an tseirbhís ós rud é nár mhór don oibreoir na soithí agus an pearsanra ba ghá a fháil. Thairis sin arís, bheadh ar Réigiún na Tuscáine costais díchoimisiúnaithe chabhlach Toremar agus costais bainistíochta agus leachtaithe na cuideachta a íoc. Dá bhrí sin, íoslaghdaítear ar na costais idirghabhála Stáit trí shócmhainní Toremar a chuachadh le conradh nua seirbhíse poiblí.

(154)

Ar deireadh, tagraíonn Moby/Toremar, ina fhreagra ar líomhain an ghearánaigh gur thug an nós imeachta tairisceana buntáiste do Moby, do na himeachtaí ar an leibhéal náisiúnta (féach roinn 2.3.2.3) inar seasadh le toradh an nós imeachta tairisceana maidir le príobháidiú Toremar agus dámhachtain an chonartha seirbhíse.

5.3.   Maidir le comhlíontacht an chonartha nua seirbhíse poiblí le coinníollacha Altmark

(155)

Áitíonn Moby/Toremar go gcomhlíonann an conradh nua seirbhíse poiblí critéir Altmark uile.

(156)

De réir na bpáirtithe, sainítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí go soiléir agus bunaítear paraiméadair an chúitimh roimh ré ar bhealach oibiachtúil trédhearcach. Thairis sin, de bhua an tsásra lena ndámhtar an tseirbhís (ceant lascaine) agus de bhua an chórais faireacháin a bunaíodh, ar dá réir a fhaigheann Toremar cúiteamh as na gníomhaíochtaí arna ndéanamh aige iarbhír agus astu sin amháin, níl an cúiteamh níos mó ná an méid is gá chun na costais a eascraíonn as comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach.

(157)

Ar deireadh, áitíonn Moby/Toremar go ndearnadh roghnú na cuideachta atá i bhfeighil ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí trí bhíthin nós imeachta tairisceana i gcomhréir le dlí an Aontais.

5.4.   Maidir le fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil

(158)

Tagraíonn Moby/Toremar do Chinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún (“Cinneadh 2004”), lenar dhearbhaigh an Coimisiún go raibh cuid den chúiteamh a dheonaigh an Iodáil do chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia, seachas Tirrenia féin, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, go raibh cuid de comhoiriúnach ar choinníoll go dtabharfaí urraim do ghnóthais áirithe de chuid na hIodáile, agus nach raibh cuid de comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

(159)

Áitíonn siad ar bhonn an chinnidh sin de chuid an Choimisiúin gur deimhníodh go raibh an Coinbhinsiún tosaigh comhoiriúnach go dtí dáta a éaga ag deireadh 2008 agus nach raibh i gceist lena fhadú thar na blianta 2009 go 2011 ach leanúint shimplí de bheart comhoiriúnach agus, dá réir sin, gur beart cabhrach atá ann faoi láthair é. Níl aon athrú substaintiúil i gceist leis an bhfadú sin agus bhí gá leis chun nós imeachta príobháidithe chuideachtaí Ghrúpa Tirrenia a eagrú.

(160)

Áitíonn Moby/Toremar thairis sin, fiú dá measfadh an Coimisiún go raibh Toremar tar éis Státchabhair a fháil roimhe sin trí fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh, go mbréagnófar sin de dhroim gur díoladh Toremar le Moby faoi nós imeachta soláthair phoiblí, is é sin ar dhálaí margaidh, ar phraghas a raibh measúnú ar an ngné chabhrach sin, i measc nithe eile, san áireamh ann. Dá thoradh sin agus ar bhonn cásdlí socraithe (51), ní bhaineann fadú an Choinbhinsiúin tosaigh le hábhar Státchabhrach.

6.   MEASÚNÚ

6.1.   Cabhair a bheith ann de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE

(161)

De réir Airteagal 107(1) CFAE “aon chabhair arna deonú ag Ballstát nó arna deonú trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit”.

(162)

Is carnach iad na critéir a leagtar síos le hAirteagal 107(1) CFAE. Dá bhrí sin, ní mór gach ceann de na coinníollacha thuasluaite a chomhlíonadh chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil na bearta ar tugadh fógra ina leith ina Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Is é sin, ba cheart don tacaíocht airgeadais:

(a)

a bheith á deonú ag Ballstát nó trí bhíthin acmhainní Stáit,

(b)

a bheith i bhfabhar gnóthais áirithe nó táirgeadh earraí áirithe,

(c)

iomaíocht a shaobhadh nó an baol ar shaobhadh ar iomaíocht a bhreith, agus

(d)

dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

(163)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an tosaíocht feistithe, nach bhfuil feidhm léi ach maidir le bealaí seirbhíse poiblí amháin, nasctha go dlúth le SGEI a bheith á fheidhmiú ag Toremar agus ag a fhaighteoir Moby. Dá bhrí sin, déanfar measúnú ar an mbeart sin go comhpháirteach leis an gcúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do na cuideachtaí sin (féach roinn 6.1.1 agus roinn 6.1.2).

(164)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire gur cheart an conradh nua seirbhíse poiblí idir an Iodáil agus Moby/Toremar a mheasúnú go comhpháirteach le príobháidiú Toremar. Is iomchuí measúnú comhpháirteach den sórt sin toisc gur eagraigh an Iodáil, go bunúsach, an conradh nua seirbhíse poiblí inarbh éigean don tairgeoir ar éirigh leis scairchaipiteal Toremar ina iomláine a fháil chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí sin a chomhlíonadh.

6.1.1.   Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil

6.1.1.1.   Acmhainní Stáit

(165)

Chuir an Iodáil oibriú bealaí muirí mar a mionsonraíodh sa Choinbhinsiún tosaigh, mar a fadaíodh, ar iontaoibh Toremar. Tugadh an Coinbhinsiún tosaigh i gcrích leis an Stát agus íocann an Stát an cúiteamh seirbhíse poiblí atá ina thoradh air le Toremar as a bhuiséad féin. Dá bhrí sin, tá an cúiteamh seirbhíse poiblí le Toremar inchurtha i leith an Stáit agus tugtar é trí bhíthin acmhainní Stáit.

(166)

Tugann an Coimisiún dá aire, de réir na hIodáile, go n-íocann na hoibreoirí farantóireachta uile táillí tráthrialta leis na húdaráis ábhartha chalafoirt as feistiú ach nár íoc Toremar aon táille bhreise as an tosaíocht feistithe. Measann an Coimisiún mar sin féin gur fhéad an Iodáil a roghnú, i bprionsabal, táille bhreise a ghearradh ar an tosaíocht feistithe sin agus gur lig sí ioncaim Stáit thar ceal nuair nach ndearna sí amhlaidh. Thairis sin, ós rud é go dtugtar an tosaíocht feistithe le dlí (féach aithris (90)) tá sí inchurtha i leith an Stáit.

6.1.1.2.   Roghnaíocht

(167)

Ní mór do bheart a bheith roghnaíoch chun go gcáileofar mar Státchabhair é. Ní dhéantar an cúiteamh seirbhíse poiblí as soláthar na seirbhísí muirí i gceist a dheonú ach do Toremar, mar sin tá sé roghnaíoch. Ós rud é nár tugadh an tosaíocht feistithe ach do chuideachtaí iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, tá sí sin roghnaíoch freisin.

6.1.1.3.   Buntáiste eacnamaíoch

(168)

Meabhraíonn an Coimisiún go bhféadfaí, faoi choinníollacha áirithe a shainítear go docht, nach buntáiste eacnamaíoch atá i gcúitimh seirbhíse poiblí a dheonaítear do chuideachta.

(169)

Go háirithe, chinn an Chúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas Altmark (52), i gcás ina gcaithfear beart Stáit a mheas a bheith ina chúiteamh as na seirbhísí arna soláthar ag na gnóthais faighteora chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, sa chaoi is nach dtairbheoidh na gnóthais sin de bhuntáiste airgeadais iarbhír agus nach mbeidh de thoradh an bhirt go mbeidh seasamh iomaíoch níos fabhraí acu ná mar atá ag na gnóthais atá i mbun iomaíochta leo, nach dtagann beart den sórt sin faoi raon feidhme Airteagal 107(1) CFAE.

(170)

Shoiléirigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin, áfach, nár mhór na ceithre chritéar charnacha (“critéir Altmark”), a dtugtar achoimre orthu thíos, a chomhlíonadh chun go bhféadfadh cúiteamh seirbhíse poiblí den sórt sin imeacht ó bheith cáilithe mar Státchabhair i gcás ar leith:

—

ní mór oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheith le comhlíonadh ag an ngnóthas faighteora iarbhír agus ní mór na hoibleagáidí sin a bheith sainithe go soiléir (“ Altmark 1”);

—

ní mór na paraiméadair ar ar a mbonn a ríomhtar an cúiteamh a bhunú roimh ré ar bhealach oibiachtúil trédhearcach (“ Altmark 2”);

—

ní fhéadfaidh an cúiteamh a bheith níos mó ná an méid is gá chun na costais uile nó cuid de na costais arna dtabhú i gcomhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, agus na fáltais ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí sin á gcur san áireamh (“ Altmark 3”);

—

más rud é, maidir leis an ngnóthas atá le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, i gcás sonrach, nach roghnaítear é de bhun nós imeachta soláthair phoiblí trína bhféadfaí an tairgeoir atá in ann na seirbhísí sin a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, ní mór an leibhéal cúitimh is gá a chinneadh ar bhonn anailíse ar na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna iompair leordhóthanacha dó ionas go bhfuil sé in ann na ceanglais seirbhíse poiblí is gá a chomhlíonadh, le linn dó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus na hioncaim ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí á gcur san áireamh (“ Altmark 4”).

(171)

Shonraigh an Coimisiún cén chaoi a gcuireann sé critéir Altmark i bhfeidhm ina Theachtaireacht maidir le cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (“Teachtaireacht SGEI”) (53).

(172)

Ós rud é nach mór critéir Altmark a chomhlíonadh go carnach, mura dtabharfaí urraim d’aon cheann de na critéir sin thiocfadh an Coimisiún ar an gconclúid go soláthraíonn an beart faoi mheasúnú buntáiste eacnamaíoch don tairbhí. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar dtús ar urraim do Altmark 4.

(173)

Foráiltear le Altmark 4 go gcaithfear an méid is lú is gá a bheith sa chúiteamh chun nach gcáileofar mar Státchabhair é. Meastar an critéar sin a bheith comhlíonta má roghnaíodh faighteoir an chúitimh de bhun nós imeachta tairisceana, trína bhféadtar an tairgeoir atá in ann na seirbhísí a sholáthar ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, nó dá uireasa sin, má ríomhadh an cúiteamh trí thagairt a dhéanamh do na costais atá ag gnóthas éifeachtúil.

(174)

Níor roghnaíodh Toremar de bhun nós imeachta tairisceana poiblí i gcás aon cheann d’fhaduithe an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse 1 Eanáir 2009 go dtí 1 Eanáir 2012. Ní dhearna an Iodáil ach an córas a bhí i bhfeidhm cheana a fhadú agus, dá réir sin, teideal a thabhairt don oibreoir réamhbhunaithe leanúint de bheith ag fáil cúitimh as na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.

(175)

Thairis sin, níor thug an Iodáil aon léiriú don Choimisiún go ndearnadh leibhéal an chúitimh a chinneadh ar bhonn anailíse ar na costais a thabhódh gnóthas tipiciúil, atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna iompair leordhóthanacha dó ionas go bhfuil sé in ann na ceanglais seirbhíse poiblí is gá a chomhlíonadh, le linn dó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus na hioncaim ábhartha agus brabús réasúnach as comhlíonadh na n-oibleagáidí á gcur san áireamh. Níl argóint na hIodáile go raibh Réigiún na Tuscáine ag déanamh faireacháin ar éifeachtúlacht Toremar le linn na tréimhse 2010-2011 leordhóthanach chun an critéar sin a chomhlíonadh toisc nach léiríonn sé cé acu a bhí nó nach raibh na costais a thabhaigh Toremar iarbhír le linn dó a chuid oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh i gcomhréir leo siúd atá ag gnóthas tipiciúil atá dea-riartha agus a soláthraítear modhanna iompair leordhóthanacha dó.

(176)

Tagann an Coimisiún ar an gconclúid dá bhrí sin nár comhlíonadh Altmark 4 sa chás seo.

(177)

Ós rud é nach dtugtar urraim go carnach do na cheithre choinníoll Altmark sa chás seo, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur thug an cúiteamh as bealaí muirí a oibriú faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh buntáiste eacnamaíoch do Toremar.

(178)

I dtaca leis an tosaíocht feistithe, meabhraíonn an Coimisiún ar dtús gur mheas údarás iomaíochta na hIodáile, AGCM, faoi dhó cheana ar a laghad go bhfuil luach eacnamaíoch ag an mbeart (54). Mar sin féin, ní íocann Toremar aon táille as an tosaíocht feistithe (féach aithris (136)). Thairis sin, tugann an Coimisiún faoi deara go bhféadfadh an tosaíocht feistithe, go teoiriciúil ar a laghad, costais an oibreora a laghdú (e.g. toisc go bhféadfadh an tosaíocht feistithe laghdú ar agaí feithimh i gcalafoirt agus ar chostais bhreosla dá thoradh sin) nó a chuid ioncaim a mhéadú (e.g. toisc go bhféadfadh éileamh ó phaisinéirí a bheith níos mó ag amanna áirithe seachas a chéile). Go deimhin, a mhéid a thugann an tosaíocht feistithe caoi do long teacht níos tapúla chun cé, d’fhéadfaí gurb é an t-oibreoir farantóireachta a thairbhíonn den bheart sin a roghnódh úsáideoirí na seirbhíse farantóireachta. Fiú mura mbeadh na héifeachtaí sin ann ach in imthosca teoranta nó mura mbeidís ach réasúnta beag, d’fhéadfadh an tosaíocht feistithe a bheith ina buntáiste eacnamaíoch do Toremar mar sin féin.

6.1.1.4.   Éifeacht ar iomaíocht agus ar thrádáil

(179)

I gcás ina dtugann Ballstát cabhair do ghnóthas a láidríonn a sheasamh i gcomparáid le gnóthais eile atá i mbun iomaíochta i dtrádáil laistigh den Aontas, ní mór a mheas go bhfuil difear á dhéanamh do na gnóthais sa chás deireanach sin (55). Is leordhóthanach go dtéann faighteoir na cabhrach sin i mbun iomaíochta le gnóthais eile ar mhargaí atá oscailte don iomaíocht (56).

(180)

Sa chás seo, oibríonn an tairbhí in iomaíocht le gnóthais eile a sholáthraíonn seirbhísí iompair mhuirí san Aontas, go háirithe ó tháinig Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle (57) agus an Rialachán Cabatáiste Muirí i bhfeidhm, lena léirscaoiltear margadh an iompair mhuirí idirnáisiúnta agus an chabatáiste mhuirí faoi seach. Cé gurbh é Toremar an t-aon oibreoir amháin ar bhealaí áirithe an tráth sin, ní chiallaíonn sin nárbh fhéidir go mbeadh spéis ag oibreoirí (idirnáisiúnta) eile seirbhísí iompair mhuirí comhchosúla a thairiscint. Dá bhrí sin, is dóigh don chúiteamh as bealaí muirí a oibriú faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh difear a dhéanamh do thrádáil an Aontais agus saobhadh ar iomaíocht a bhreith laistigh den mhargadh inmheánach. Ar na cúiseanna céanna, seastar leis an gconclúid sin maidir leis an tosaíocht feistithe.

6.1.1.5.   Conclúid

(181)

Ó tharla go gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, tagann an Coimisiún ar an gconclúid gur Státchabhair do Toremar atá sa chúiteamh seirbhíse poiblí arna íoc ar bhonn fhaduithe comhleanúnacha an Choinbhinsiúin tosaigh agus sa tosaíocht feistithe do na bealaí seirbhíse poiblí araon.

6.1.1.6.   Cabhair nua nó cabhair atá ann faoi láthair

(182)

Tugann an Coimisiún dá aire ar dtús nach ndéanfar measúnú sa Chinneadh seo ar an gcúiteamh a íocadh le Toremar as oibleagáidí seirbhíse poiblí muirí a oibriú go dtí deireadh 2008. Is ábhar do chinneadh ar leithligh de chuid an Choimisiúin (58) é an measúnú ar an gcúiteamh sin agus cé acu is féidir, nó nach féidir, é a aicmiú mar chabhair atá ann faoi láthair ar bhonn Airteagal 4(3) den Rialachán Cabatáiste Muirí .

(183)

De réir Airteagal 1(c) de Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (59), ciallaíonn cabhair nua “gach cabhair, is é sin le rá, scéimeanna cabhrach agus cabhair aonair, nach cabhair í atá ann faoi láthair, lena n-áirítear athruithe ar chabhair atá ann faoi láthair”. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 108(3) CFAE nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún in am trátha maidir le pleananna chun cabhair atá ann faoi láthair a dheonú nó a athrú agus nach bhféadfar iad a chur chun feidhme go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach ann de bharr an nós imeachta (60). I gcomhréir le seasamh na gCúirteanna Eorpacha (61), measann an Coimisiún gur leordhóthanach an rud é fad scéim cabhrach a raibh dáta soiléir éaga aici (i.e. 31 Nollaig 2008) a leasú (i.e. a fhadú) chun go mbeidh sí ina cabhair nua, gan beann ar cé acu a athraíodh, nó nár athraíodh, tréithe eile an bhirt.

(184)

Ar na cúiseanna thuas, measann an Coimisiún gur cheart an cúiteamh seirbhíse poiblí a íocadh ar bhonn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh a mheas mar chabhair nua gan beann ar aicmiú an chúitimh a dámhadh do Toremar suas go dtí deireadh 2008 mar chabhair a bhí ann cheana (62). Seasann an chonclúid sin maidir leis an tosaíocht feistithe freisin.

6.1.2.   Dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Toremar do Moby/Toremar

(185)

Chun teacht ar chonclúid maidir le cé acu atá nó nach bhfuil dámhachtain an chonartha nua seirbhíse poiblí arna chuachadh le gnó Toremar ina buntáiste do Moby/Toremar, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar urramú chritéir Altmark (féach aithris (170)).

6.1.2.1.   Altmark 1

(186)

Meabhraíonn an Coimisiún nach bhfuil aon sainmhíniú comhionann beacht ann ar sheirbhís a d’fhéadfadh a bheith ina seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta faoi dhlí an Aontais, de réir bhrí an chéad choinníll Altmark nó de réir bhrí Airteagal 106(2) CFAE (63). Is mar a leanas an fhoclaíocht i mír 46 de Theachtaireacht SGEI:

“In éagmais rialacha sonracha de chuid an Aontais a shainíonn raon feidhme maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a bheith ann, tá lamháil leathan discréide ag Ballstáit chun seirbhís ar leith a shainiú mar seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus cúiteamh a dheonú don soláthraí seirbhíse. Tá inniúlacht an Choimisiúin chuige sin teoranta do sheiceáil cibé a rinne, nó nach ndearna, Ballstát earráid fhollasach le linn an tseirbhís a shainiú mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus measúnú a dhéanamh ar aon státchabhrach atá mar chuid den chúiteamh sin. I gcás ina bhfuil rialacha sonracha de chuid an Aontais ann tá discréid faoi cheangal eile ag na rialacha sin, gan dochar do dhualgas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar cibé ar sainíodh, nó nár sainíodh, seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gceart chun críche rialaithe Státchabhraigh.”

(187)

Tá údaráis náisiúnta i dteideal dá bhrí sin a bheith den tuairim go bhfuil seirbhísí áirithe ar mhaithe le leas ginearálta agus nach mór iad a fheidhmiú trí bhíthin oibleagáidí seirbhíse poiblí le háirithiú go gcosnaítear an leas poiblí nuair nach ráthaíonn fórsaí margaidh go bhforáiltear iad ag an leibhéal nó leis na coinníollacha is gá.

(188)

I réimse an chabatáiste, leagadh rialacha sonracha a rialaíonn oibleagáidí seirbhíse poiblí síos sa Rialachán Cabatáiste Muirí agus, chun scrúdú a dhéanamh ar Státchabhair fhéideartha chuig gnóthais atá páirteach san iompar muirí, sna treoirlínte ón gComhphobail maidir le Státchabhair d’iompar muirí (“na Treoirlínte Muirí”) (64).

(189)

Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 4(1) den Rialachán Cabatáiste Muirí:

“Féadfaidh Ballstát conarthaí seirbhíse a thabhairt i gcrích le hoibleagáidí seirbhíse poiblí mar chuid díobh, nó oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar chuideachtaí loingseoireachta atá rannpháirteach i seirbhísí rialta chuig, ó agus idir oileáin agus na hoibleagáidí sin mar choinníoll chun seirbhísí cabatáiste a sholáthar. I gcás ina dtugann Ballstát conradh seirbhíse poiblí i gcrích nó ina bhforchuireann sé oibleagáidí seirbhíse poiblí, déanfaidh sé amhlaidh ar bhonn neamh-idirdhealaitheach i leith longúinéirí uile an Chomhphobail.”.

(190)

Leagtar amach in Airteagal 2(3) den Rialachán Cabatáiste Muirí go bhféadfar an méid seo a leanas a chumhdach i gconradh seirbhíse poiblí: seirbhísí iompair a shásaíonn caighdeáin sheasta maidir le leanúnachas, rialtacht, toilleadh agus cáilíocht, seirbhísí iompair breise, seirbhísí iompair ar rátaí sonraithe agus seirbhísí atá faoi réir coinníollacha sonracha, go háirithe i ndáil le catagóirí áirithe paisinéirí nó bealaí áirithe agus leasuithe ar sheirbhísí chun freastal ar riachtanais iarbhír.

(191)

I gcomhréir le Roinn 9 de na Treoirlínte Muirí, “féadfar oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur nó conarthaí seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích le haghaidh na seirbhísí a shonraítear in Airteagal 4 de Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92”, i.e. seirbhísí sceidealaithe chuig, ó agus idir oileáin.

(192)

Tá sé mar thoradh ar chásdlí seanbhunaithe nach féidir oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ach amháin má tá údar leo de bharr an gá atá ann le seirbhísí iompair muirí rialta a áirithiú nach féidir iad a áirithiú trí fhórsaí margaidh amháin (65). Deimhnítear sa Teachtaireacht maidir le léirmhíniú ar an Rialachán Cabatáiste Muirí (66) gur “faoi na Ballstáit (lena n-áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla i gcás inarb iomchuí) agus ní na longúinéirí, atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na bealaí a n-éilítear oibleagáidí seirbhíse poiblí ina leith. Go háirithe, féadfar oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheartú le haghaidh seirbhísí cabatáiste oileáin tráthrialta (sceidealaithe) i gcás ina mhainníonn an margadh seirbhísí leordhóthanacha a sholáthar”. Thairis sin, sainítear in Airteagal 2(4) den Rialachán Cabatáiste Muirí oibleagáidí seirbhíse poiblí mar oibleagáidí nach “nglacfadh an longúinéir atá i gceist air féin dá mbeadh sé ag féachaint dá leas tráchtála féin, nó nach nglacfadh sé air féin an oiread céanna ná faoi na coinníollacha céanna”.

(193)

I gcomhréir leis an gcásdlí (67), chun scrúdú a dhéanamh ar cibé a chomhlíontar, nó nach gcomhlíontar, an chéad chritéar Altmark, déanfaidh an Coimisiún measúnú a bhfuil trí chéim ann chun a fhíorú an bhfuil, nó nach bhfuil, fíor-riachtanas poiblí ann (céim a haon agus céim a dó) agus an bhfuil nó nach bhfuil gá leis agus an bhfuil nó nach bhfuil sé comhréireach (céim a trí). Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an méid seo a leanas:

(1)

An raibh, nó nach raibh, éileamh ó úsáideoirí ann;

(2)

An raibh, nó nach raibh, na hoibreoirí margaigh in ann an t-éileamh sin a shásamh in éagmais oibleagáid a fhorchuireann na húdaráis phoiblí (teip mhargaidh a bheith ann);

(3)

An raibh, nó nach raibh, comhairle maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí neamhleor chun an easpa sin a leigheas (an cur chuige lena mbaineann an dochar is lú).

(1)   Éileamh ó úsáideoirí

(194)

Sa chás seo, cuireadh ar Toremar seirbhísí measctha (seirbhísí paisinéirí agus feithiclí) a sholáthar ar na línte iomadúla a léirítear i dtábla 3. Baineann na hoibleagáidí seirbhíse poiblí de chuid Toremar leis na calafoirt a bhfreastalaítear orthu, le cineál agus toilleadh na soithí arna sannadh do na naisc muirí atá á n-oibriú faoin gcóras seirbhíse poiblí, le minicíocht na seirbhíse agus leis na huastáillí atá le gearradh.

(195)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (123), fhorchuir an Iodáil na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa Choinbhinsiún nua chun na nithe seo a leanas a dhéanamh go príomha (i) le leanúnachas críche idir an mhórthír agus na hoileáin a áirithiú agus (ii) rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann, trí sheirbhísí iompair muirí tráthrialta agus iontaofa. Measann an Coimisiún gur cuspóirí leas an phobail iad sin.

(196)

Go stairiúil, níor baineadh na cuspóirí a bheartaíonn an Iodáil amach trí idirghníomhaíocht idir na fórsaí margaidh amháin. Go deimhin, ba iad oibleagáidí seirbhíse poiblí a forchuireadh chuige sin ar chuideachtaí a bhí mar chuid de Tirrenia Group roimhe seo agus atá cumhdaithe sna Coinbhinsiúin tosaigh a d’áirithigh leordhóthanacht na seirbhísí sin go traidisiúnta. Go sonrach, tugann an Coimisiún dá aire gur feidhmíodh na bealaí atá i gceist, gan athrú den chuid is mó, le blianta fada, i.e. ó theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin tosaigh ar a laghad. Mheas an Iodáil, agus go háirithe na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann, go raibh (agus go leanann siad le bheith) riachtanach chun freastal ar éileamh na n-úsáideoirí.

(197)

D’fhonn an fíoréileamh ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí a thaispeáint, chuir an Iodáil staidreamh comhiomlánaithe ina léirítear gur iompair Toremar 1 462 570 paisinéir agus 317 488 bhfeithicil ar na cúig bhealach seirbhíse poiblí ar an iomlán in 2010. Bhí na méideanna sin beagán níos ísle in 2011 (i.e. 1 437 613 phaisinéir agus 294 433 fheithicil). Léiríonn sé sin go raibh éileamh suntasach comhiomlán ann le haghaidh seirbhísí iompair muirí ar na bealaí lena mbaineann sa 2 bhliain sula ndeachaigh Moby/Toremar faoina oibleagáidí seirbhíse poiblí (féach aithris (297) chun staidrimh de réir bealaí a fháil le haghaidh na blianta idir 2009 agus 2011).

(198)

D’fhonn a thaispeáint a thuilleadh gur fhan éileamh ó úsáideoirí nuair a thosaigh Moby/Toremar ag feidhmiú ar bhonn an chonartha seirbhíse poiblí nua ar gach ceann de na sé bhealach, sholáthair an Iodáil staidrimh chomhiomlánaithe go dtí deireadh 2018 (féach táblaí 4 agus 5). Deimhníonn sé sin gur fhan éileamh ó úsáideoirí a bheith ann, le hathruithe beaga le héileamh níos airde nó níos ísle, seachas i gcás 2012 ina raibh méadú níos mó, mar thoradh den chuid is mó ar athnuachan struchtúrach an líonra díolachán, a raibh tionchar dearfach aige sin ar an méadú i dtrácht le linn ardséasúir na bliana sin. In aon chás, níor soláthraíodh aon eolas san anailís ar staidrimh de réir bealaí le haghaidh gach bliain go dtí deireadh 2018 go n-imeodh an t-éileamh ó úsáideoirí le haghaidh bealaí sonracha.

Bliain

Líne A1

Líne A2

Mearlíne A2

Líne A3

Líne A4

Líne A5

Líon iomlán paisinéirí

2012

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2013

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2014

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2015

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2016

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2017

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

2018

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

Tábla 4 – Staidreamh ar phaisinéirí le haghaidh na mblianta 2012-2018

Bliain

Líne A1

Líne A2

Mearlíne A2

Líne A3

Líne A4

Líne A5

Méid foriomlán na bhfeithiclí

2012

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2013

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2014

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2015

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2016

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2017

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

2018

[…]

[…]

 

[…]

[…]

 

[…]

Tábla 5 – Staidreamh ar fheithiclí le haghaidh na mblianta 2012-2018  (68)

(199)

Measann an Coimisiún go dtaispeántar go soiléir leis an staidreamh thuas go bhfuil fíoréileamh ann le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus measctha ar gach ceann de na sé bhealach seirbhíse poiblí atá i gceist. Féadfar an chonclúid a dhéanamh dá bhrí sin go bhfreastalaíonn na seirbhísí sin ar fíor-riachtanais atá ag an bpobal agus go sásaíonn siad fíoréileamh ó úsáideoirí.

(2)   Teip mhargaidh a bheith ann

(200)

De réir mhír 48 de Theachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ní bheadh sé oiriúnach oibleagáidí seirbhíse poiblí a cheangal le gníomhaíocht a chuireann gnóthais a fheidhmíonn faoi ghnáthdhálaí margaidh ar fáil cheana féin nó arbh fhéidir le gnóthais a chur ar fáil ar bhealach sásúil agus faoi choinníollacha, amhail praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnacha agus rochtain ar an tseirbhís, comhsheasmhach le leas an phobail, mar a shainíonn an Stát (69)”. Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh le meas an mbeadh soláthar na seirbhíse neamhleor dá bhfágfaí a soláthar faoi fhórsaí an mhargaidh amháin i bhfianaise na gceanglas seirbhíse poiblí a fhorchuireann an Ballstát de bhua an chonartha seirbhíse phoiblí nua. Chuige sin, luaitear i mír 48 de Theachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta go bhfuil “measúnú an Choimisiúin chuige sin teoranta do sheiceáil cibé a rinne, nó nach ndearna, Ballstát earráid fhollasach”.

(201)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir oibreoirí eile, in oirchill shíniú an chonartha seirbhíse phoiblí nua le Moby/Toremar, seirbhísí farantóireachta ar fáil ar roinnt bealaí faoi réir conartha seirbhíse phoiblí nua cé nár chuir siad na seirbhísí sin ar fáil ar feadh na bliana ar fad agus leis an minicíocht chéanna. Ar bhonn an staid iomaíoch in oirchill an dáta a chuirfear cúraimí ar iontaoibh ar an 2 Eanáir 2012 (mar a thugtar tuairisc air in aithris (38)), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu is comhionann nó nach comhionann na bealaí a chuir oibreoirí eile ar fáil i gcomparáid leo siúd a raibh ar Moby/Toremar a sholáthar faoin gconradh seirbhíse poiblí nua agus déanfaidh sé an measúnú sin i ndáil le gach ceann de na bealaí lena mbaineann.

(202)

Tugtar tuairisc sa tábla thíos ar an staid iomaíoch ar na bealaí a fheidhmíonn Moby/Toremar:

Bealach

Moby/Toremar (seolta in aghaidh an lae ó cheann ceann na bliana)

Iomaitheoirí (seoltaí in aghaidh an lae)

Livorno – Gorgona – Capraia (Líne A1)

Seirbhís mheasctha (paisinéirí agus feithiclí)

Dada

Piombino – Portoferraio (oileán Elba) (Líne A2)

Seirbhís mheasctha agus an meánlíon seoltaí seo a leanas:

—

Idir Eanáir agus Aibreán ocht seoladh

—

Idir Aibreán agus Meán Fómhair 15 sheoladh

—

Idir Meán Fómhair agus Nollaig ocht seoladh

Moby (seirbhís mheasctha ó cheann ceann na bliana) agus an meánlíon seoltaí seo a leanas:

—

Idir Eanáir agus Márta sé sheoladh

—

In Aibreán ocht seoladh, i mBealtaine 12 sheoladh agus i Meán Fómhair 10 seoladh

—

Idir Meitheamh agus Lúnasa 12 sheoladh

—

I nDeireadh Fómhair ocht seoladh

—

I Samhain agus Nollaig sé sheoladh

Blu Navy (seirbhís mheasctha)

—

In 2012 (i gcaitheamh na bliana) le meánlíon seoltaí de chúig sheoladh

—

Ó 2013, idir Márta agus Deireadh Fómhair amháin, le meánlíon seoltaí de chúig sheoladh

Elba Ferries (seirbhís mheasctha idir Meitheamh agus Meán Fómhair) le meánlíon seoltaí de chúig nó sé sheoladh

Piombino – Cavo – Portoferraio (oileán Elba) (Mearlíne A2)

Mearsheirbhís do phaisinéirí

Dada

Piombino – Rio Marina – Pianosa (oileán Elba) (Líne A3)

Seirbhís mheasctha

Dada

Porto S. Stefano – Oileán Giglio (Líne A4)

Seirbhís mheasctha agus an meánlíon seoltaí seo a leanas:

—

Idir Eanáir agus Márta idir trí agus ceithre sheoladh

—

Idir Aibreán agus Meán Fómhair idir ceithre agus cúig sheoladh

—

Idir Meán Fómhair agus Nollaig ceithre sheoladh

Maregiglio (seirbhís mheasctha ó cheann ceann na bliana) agus an meánlíon seoltaí seo a leanas:

—

Idir Eanáir agus Márta idir 0,5 agus 1 sheoladh

—

In Aibreán agus Bealtaine dhá sheoladh

—

I Meitheamh agus Iúil idir cúig agus sé sheoladh

—

I Lúnasa agus Meán Fómhair idir trí agus ceithre sheoladh

—

I nDeireadh Fómhair idir seoladh amháin agus dhá sheoladh

—

I Samhain agus Nollaig seoladh amháin

Porto S. Stefano – Giannutri (Líne A5)

Seirbhís do phaisinéirí a chuireann Maregiglio ar fáil ar fhochonradh le Moby/Toremar (70)

Dada

Tábla 6 – Staid iomaíoch ar na bealaí a fheidhmíonn Moby/Toremar

(203)

Measann an Coimisiún, mar a léirítear go soiléir i dtábla 6, nach féidir na seirbhísí a chuireann Moby/Toremar ar fáil a ionadú le seirbhísí a chuireann iomaitheoirí eile ar fáil, mar nach sásaíonn na hiomaitheoirí eile na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí nua, nó nach sásaíonn siad na hoibleagáidí sin ach i bpáirt, go háirithe i dtéarmaí leanúnachas an tseirbhís a fheidhmíonn Toremar ó cheann ceann na bliana. Mar sin féin, maidir le trí as na sé bhealach, níl aon oibreoir ann seachas Moby/Toremar a chuireann an tseirbhís sin ar fáil (Mearlíne A2, Líne A3 agus A5). Mar thoradh air sin, tá údar leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh le Moby/Toremar chun na trí bhealach sin a fheidhmiú mar gheall ar an bhfíoréileamh atá ann ón bpobal le leanúnachas críche a áirithiú, nuair nach féidir leis an margadh amháin an t-éileamh sin a shásamh.

(204)

Maidir leis na bealaí ar a bhfuil oibreoirí eile a chuireann seirbhísí ar fáil (Línte A2 agus A4), measann an Coimisiún go bhfuil difríochtaí móra ann maidir le minicíocht na seirbhísí a chuirtear ar fáil. Seolann Moby/Toremar na bealaí sin go leanúnach ó cheann ceann na bliana, ach ní chuireann na hoibreoirí eile a luaitear sa tábla thuas (i.e. Blu Navy, Elba Ferries agus Maregiglio) an tseirbhís sin ar fáil ó thús deireadh na bliana (i gcás Blu Nave agus Elba Ferries) nó ní chuireann siad an tseirbhís ar fáil ag an minicíocht chéanna i gcomparáid le Moby/Toremar. Mar shampla, thosaigh Blu Navy ag seoladh in 2010 idir Aibreán agus Samhain. Ansin in 2012, sheol sé ó cheann ceann na bliana le meánlíon de chúig sheoladh agus in 2013 d’fhill sé ar an sceideal bunaidh a bhí aige gan seoladh ach idir Márta agus Deireadh Fómhair amháin. Seolann Maregiglio Líne A4 ó cheann ceann na bliana, mar sin féin le líon laghdaithe seoltaí i gcomparáid le Moby/Toremar. Go háirithe, le linn na tréimhse ó Eanáir go Feabhra agus Samhain go Nollaig, ní sheolann Maregiglio gach lá, agus bíonn meánlíon seolta idir 20 agus 30 ann. Mar thoradh air sin, murach seirbhís ó Moby/Toremar ar na bealaí áirithe sin, chuirfeadh an gá atá le nascacht tráthrialta agus mhinic ann idir na hoileáin sin agus an mhórthír i gcontúirt go hábhartha, mar ní bheadh Blu Navy agus Elba Ferries in ann an tseirbhís a sholáthar faoi na coinníollacha céanna mar a sholáthraigh Moby/Toremar le linn na tréimhse conartha iomláine.

(205)

Go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tseirbhís a fheidhmíonn Moby (mar iomaitheoir de chuid Moby/Toremar) ar Líne A2, tugann an Coimisiún dá aire go seolann Moby go tráthrialta ó cheann ceann na bliana agus go tráthrialta ar bhonn laethúil (e.g. ó chúig sheoladh le linn an gheimhridh chuig 17 seoladh le linn an tsamhraidh), agus seirbhís atá an-chosúil leis an tseirbhís a chuireann Moby/Toremar á feidhmiú acu.

(206)

Mar sin féin, chuir an Iodáil faisnéis ar fáil ina léirítear go raibh gá le Moby/Toremar leanúint den sheirbhís phoiblí agus gur fhreagair sé ar fhíor-riachtanas seirbhíse a bhí ann ón bpobal agus nach mbeadh Moby in ann an nascacht mhuirí a shásamh air féin.

(1)

Ar an gcéad dul síos, leasaíodh amlíne Moby/Toremar i gcomhthéacs an chonartha seirbhíse phoiblí nua chun iompar idirmhódúil a áirithiú, go háirithe comhtháthú seirbhísí muirí le seirbhísí iarnróid a chuirtear ar fáil ag na stáisiúin iarnróid ag Piombino agus Campiglia Marittima.

(2)

Ar an dara dul síos, thaispeáin an Iodáil go mbeadh oibreoir a gcuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí air in ann leanúnachas seirbhís mhuirí éifeachtach a áirithiú i gcaitheamh an gheimhridh agus an t-am feithimh ag an duga a laghdú go suntasach, agus ar son leas an phobail i gcoitinne, le 1 uair an chloig amháin go leith (e.g. ó thrí huaire in Piombino in éagmais Toremar go huair go leith an chloig i gcás ina bhfuil Toremar agus Moby ann);

(3)

Ar an tríú dul síos, ar bhonn an chonartha seirbhíse phoiblí cuireann Moby/Toremar seoladh breise laethúil ar fáil ó cheann go ceann na bliana um thráthnóna laistigh den tréimhse idir 30 nóiméad i ndiaidh a sheolta deiridh (tráth a cuireadh na oibleagáidí ar a n-iontaoibh) agus 00.30 am (féach aithris (258)). Ar an gcaoi sin, riarann Moby/Toremar an seoladh deiridh go laethúil ar Líne A2 (22.00 pm nó 22.30 pm ag brath ar an lá agus an mhí). Léirítear sna hamchláir a ndearnadh measúnú orthu freisin go riarann Moby/Toremar an chéad sheoladh ó Portoferraio chuig an mórthír. Dá bhrí sin, nascann soithigh de chuid Moby/Toremar ag an gcalafort ar an oileán istoíche, agus baineann costais níos airde leis sin, ionas go mbeidh siad in ann an chéad nascadh a chur ar fáil ar maidin le haghaidh áitritheoirí a bhíonn ag comaitéireacht don oideachas nó don obair agus d’fhonn naisc i gcás éigeandálaí leighis a áirithiú;

(4)

Ar an gceathrú dul síos, maíodh nach mbeadh Moby leo féin i staid chun freastal ar an líon ard paisinéirí a dteastaíonn iompar idir Piombino agus Portoferraio agus vice versa uathu. Cé gur léir go n-iompraítear líon paisinéirí i bhfad níos airde le linn na míonna samhraidh, cuirtear in iúl sna figiúirí a breathnaíodh le linn na chéad 3 mhí in 2012 (i.e. le linn an tséasúir chiúin) go raibh líon seasmhach paisinéirí ar bord an dá shoitheach (Moby/Toremar nó Moby) ar theastaigh uathu comaitéireacht a dhéanamh sa dá shlí don obair, don staidéar nó ar son cúiseanna pearsanta.

(207)

I bhfianaise an méid atá thuas, cinneann an Coimisiún go raibh na fórsaí margaidh amháin neamhleor chun freastal ar riachtanais seirbhíse an phobail tráth a cuireadh na hoibleagáidí ar iontaoibh. Go deimhin, ar roinnt bealaí ba é Moby/Toremar an t-aon oibreoir agus ar bhealaí eile ní raibh na seirbhísí a chuir na hiomaitheoirí in oileánra na Tuscáine comhionann i dtéarmaí leanúnachais, minicíochta, toillte agus cáilíochta agus dá bhrí sin níos shásaigh siad na riachtanais seirbhíse an phobail a leagtar síos sa chonradh seirbhíse nua le Moby/Toremar.

(3)   An cur chuige lena mbaineann an dochar is lú

(208)

Tugann an Coimisiún dá aire gur roghnaigh an Iodáil conradh seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích le hoibreoir amháin (Moby/Toremar) seachas oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar na hoibreoirí uile a bhfuil suim acu freastal ar na bealaí atá i gceist. Bunaithe ar an bhfaisnéis a chur an Iodáil ar fáil, glacann an Coimisiún nach mbeifí in ann freastal ar éileamh na n-úsáideoirí trí oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur (féach aithris (196)). Go háirithe, ar roinnt bealaí is é Moby/Toremar an t-aon oibreoir agus i gcásanna nach amhlaidh sin, ní chomhlíonann an tseirbhís a chuireann na hoibreoirí eile ar fáil (gach ceann de) na ceanglais a bhaineann le minicíocht, leanúnachas agus cáilíocht. Thairis sin, ní ghintear brabús ag riar an chuid is mó de na bealaí, go háirithe le linn an tséasúir chiúin, agus ní riarfaí iad ar chor ar bith murach cúiteamh seirbhíse poiblí. Anuas air sin, tugann an Coimisiún aird ar argóint na hIodáile agus na dtairbhithe go raibh gá le conradh seirbhíse poiblí i bhfianaise phríobháidiú Toremar. Go sonrach, áitíonn an Iodáil gur ceadaíodh don mhéid seo a leanas trí Toremar a chur ar tairiscint le chéile le conradh seirbhíse poiblí nua (i) leanúnachas na seirbhíse muirí poiblí a áirithiú agus (ii) an luach a uasmhéadú don Stát. Is ar na cúiseanna sin a d’aontaigh an Coimisiún (féach aithris (96)) go gcuirfeadh an Iodáil a gnó Toremar ar tairiscint le chéile le conradh seirbhíse poiblí nua. Ar an mbealach sin, ghlac an Coimisiún, agus athdhearbhaíonn sé sa Chinneadh seo, nach bhféadfadh an Iodáil brath ar oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil feidhm leo maidir le gach oibreoir ach go gcuirfeadh sí conradh seirbhíse poiblí i gcrích le Moby/Toremar amháin.

Conclúid

(209)

Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, measann an Coimisiún nach ndearna an Iodáil earráid fhollasach nuair a bhí na seirbhísí a cuireadh ar iontaoibh Moby/Toremar á sainiú aici mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Dá bhrí sin, faightear réidh leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i gCinneadh 2012.

(210)

Chun cinneadh a dhéanamh ar comhlíonadh, nó nár comhlíonadh, Altmark 1, ní mór don Choimisiún a sheiceáil fós ar cuireadh oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhí sainithe go soiléir ar Moby/Toremar. Chuige sin, tugann an Coimisiún dá aire go dtugtar tuairisc shoiléir ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sa chonradh seirbhíse poiblí nua agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis (a bhfuil sonraíochtaí long le haghaidh gach bealaigh mar chuid de mar shampla). Ar an mbealach céanna, is iad Dlí 2009 agus Treoir CIPE a shonraíonn na rialacha a rialaíonn cúiteamh sa chonradh seirbhíse poiblí nua. Baineann fad soiléir (12 bhliain) leis an gconradh seirbhíse poiblí nua freisin, aithnítear Moby/Toremar mar an bpríomhoibreoir seirbhíse poiblí ann agus tá socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisghabháil le fáil ann (féach aithris (228)). Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar an chéad chritéar de chuid Altmark.

Tosaíocht feistithe

(211)

Sonraítear go soiléir in Airteagal 19-ter, mír 21 de Dhlí 2009 gur gá tosaíocht feistithe chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise oibleagáidí seirbhíse poiblí na gcuideachtaí den iar-ghrúpa Tirrenia Group, lena n-áirítear Moby/Toremar. Go deimhin, mura raibh aon tosaíocht feistithe ann le haghaidh cuideachtaí a gcuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí de chúram orthu, d’fhéadfadh go mbeadh orthu (uaireanta) fanacht lena seal sula bhféadfaidís nascadh agus moill a chur leis an seoladh dá bharr, rud a chuirfeadh an cuspóir atá leis na hoibleagáidí, is é sin nascacht iontaofa agus áisiúil a áirithiú le haghaidh na saoránach, ar neamhní. Gan amhras, tá gá le hamchlár tráthrialta chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta dhaonra na n-oileán agus chun cur le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann. Thairis sin, ós rud é go bhfuil oibleagáidí sceidealaithe sonracha sa chonradh seirbhíse poiblí nua maidir le himeacht bhealaí seirbhíse poiblí, cuidíonn an tosaíocht feistithe le háirithiú go leithdháileann calafoirt na beartanna feistithe agus na hamanna feistithe ar bhealach a chuireann ar chumas an oibreora seirbhíse phoiblí a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh. Aistríodh an tosaíocht feistithe sin chuig Moby/Toremar nuair a fuarthas Toremar. In aghaidh an chúlra sin, measann an Coimisiún go bhfuil údar leis an mbeart sin le cur ar Moby/Toremar a oibleagáidí seirbhíse poiblí a fheidhmiú ar fhíorsheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI) iad (féach aithris (209)). Thairis sin, dheimhnigh an Iodáil nach bhfuil an tosaíocht feistithe infheidhme ach maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear faoin gcóras seirbhíse poiblí amháin. Dá bhrí sin, comhlíonann an tosaíocht feistithe an chéad choinníoll de bhreithiúnas Altmark.

6.1.2.2.   Altmark 2

(212)

Meabhraíonn an Coimisiún gur thug sé an réamhthuairim i gCinneadh 2012 (féach mír 205 de) go n-urramaítear an dara critéar de chuid bhreithiúnas Altmark.

(213)

In aghaidh an chúlra sin, tugann an Coimisiún dá aire gur suíodh na paraiméadair a bhí mar bhonn le ríomh an chúitimh roimh ré agus go n-urramaítear na ceanglais trédhearcachta i gcomhréir leis an dara critéar de chuid Altmark.

(214)

Go sonrach, mínítear na paraiméadair ar an mbonn a ríomhtar an cúiteamh ina mionsonraí i dTreoir CIPE agus cuireadh iad i bhfeidhm sa chonradh seirbhíse poiblí nua (agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis). Sonraítear an modh a úsáidtear chun an cúiteamh a ríomh, lena n-áirítear mar shampla na gnéithe costais a chuirtear san áireamh i dTreoir CIPE. Ós rud é nach mbaineann cúiteamh airgeadais le tosaíocht feistithe le haghaidh Moby/Toremar, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an beart sin le Altmark 2.

(215)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar an dara coinníoll de chuid bhreithiúnas Altmark.

6.1.2.3.   Altmark 3

(216)

De réir an tríú coinníoll de chuid Altmark, ní bhféadfaidh an cúiteamh a fhaightear chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur i gcrích a bheith níos airde ná an tsuim is gá chun gach costas nó páirt de na costais a thabhaítear agus na hoibleagáidí seirbhíse poiblí á gcur i gcrích, ag cur na hadmhálacha ábhartha agus brabús réasúnach chun na hoibleagáidí sin a chur i gcrích san áireamh.

(217)

Mar sin féin, ní fhoráiltear sainmhíniú beacht maidir le brabús réasúnach le rialú Altmark. De réir na Teachtaireachta maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ba cheart glacadh leis go gciallaíonn brabús réasúnach an ráta toraidh ar chaipiteal a theastódh ó ghnáthchuideachta a bhfuil cinneadh á dhéanamh aige ar cheart nó nár cheart an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur ar fáil feadh na tréimhse iomláine a mbeadh na hoibleagáidí sin faoina chúram, ag cur an leibhéal riosca san áireamh. Bíonn an leibhéal riosca ag brath ar an earnáil lena mbaineann, an cineál seirbhíse agus saintréithe an tsásra cúitimh.

(218)

I gCinneadh 2012, chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir le comhréireacht an cúiteamh a íocadh leis na cuideachtaí a bhí san iar-ghrúpa Tirrenia Group, lena n-áirítear Moby/Toremar ó 2012. Go háirithe, thug an Coimisiún an réamhthuairim nár léiríodh leibhéal iomchuí riosca sa phréimh riosca seasta de 6,5 % mar prima facie nár dealraimh gur ghlac Moby/Toremar chuige féin na rioscaí a ghlacann oibreoir chuige féin de ghnáth in oibriú na seirbhísí sin. Go sonrach, áirítear sna gnéithe costais chun críoch an cúiteamh a ríomh na costais uile a bhaineann leis an tseirbhís a sholáthar agus na hathruithe i gcostais, e.g. costais breosla. Mar thoradh air sin, mheas an Coimisiún ag an gcéim sin go bhféadfadh go ndearnadh róchúiteamh ar Moby/Toremar.

(219)

Tugann an Coimisiún dá aire gur cosúil go laghdaíonn gnéithe áirithe den mhodh cúitimh mar a leagtar síos sa chonradh seirbhíse nua an riosca tráchtála a thabhaigh Moby/Toremar. Go háirithe, athraítear na huastáillí is féidir le Moby/Toremar a ghearradh go bliantúil chun boilsciú a chur san áireamh agus chun athruithe sa phraghasinnéacs tomhaltóirí a léiriú iontu. Thairis sin, tá clásail áirithe (féach aithris (87)) mar chuid den chonradh seirbhíse poiblí nua a bhfuil sé mar aidhm acu cothromaíocht eacnamaíoch-airgeadais na seirbhíse poiblí a choinneáil ar bun. Go háirithe, i gcás nach mbeadh an cúiteamh seirbhíse poiblí leordhóthanach chun costas na seirbhísí a chuireann an conradh seirbhíse poiblí nua de chúram, ceadaítear leis na clásail sin athbhreithniú a dhéanamh ar na míreanna seo (i) an córas taraife, (ii) leibhéal na seirbhísí poiblí atá á thairiscint, agus (iv) na deontais chaipitiúla le haghaidh infheistíochtaí.

(220)

De réir Airteagal 26 den chonradh, i gcás ina bhfuil neamhréir idir a chothromaíocht eacnamaíoch agus airgeadais, féadfaidh Moby/Toremar athchrothromú a iarraidh trí thogra a chur faoi bhráid Réigiún na Tuscáine. Cuirtear an togra sin faoi bhráid an Choiste Theicniúil atá freagrach as an gconradh a bhainistiú ansin. Chuir an Iodáil faisnéis ar fáil don Choimisiún (féach tábla 7) ina léirítear athchothromú ranníocaíochtaí, mar gheall ar chostais CBL níos airde a íoc Moby/Toremar agus méaduithe sa phraghas ar bhreosla, i gcaitheamh na tréimhse 2012-2018.

EUR

Cúiteamh poiblí faoin gconradh

Rannchuidiú a athchrothromú

Iomlán

2012

13 291 109

2 033 145

15 324 254

2013

13 234 326

-

13 234 326

2014

13 287 102

1 150 000

14 437 102

2015

13 366 507

677 052

14 043 559

2016

13 212 118

-

13 212 118

2017

13 523 598

-

13 523 598

2018

13 706 440

-

13 706 440

Tábla 7 – Ranníocaíochtaí a athchothromú

(221)

Mar a léirítear sa tábla thuas agus a mhínigh an Iodáil go mionsonraithe, d’fhonn cothromaíocht eacnamaíoch an chonartha a choinneáil ar bun, coigeartaíodh an cúiteamh le haghaidh 2012, ach ó 2013 go dtí deireadh an chonartha, rinneadh gníomhaíocht ar an gcóras taraife, agus athraíodh praghsáil na táille. Rinneadh an cúiteamh a athrú arís in 2014 agus 2015 agus bhí ranníocaíocht athchothromaithe bhreise mar thoradh air sin mar gheall ar an gcóras taraife neamhleor a bhí ann in 2013 agus 2014 faoi seach, cé nach raibh aon ghá le leasú idir 2016 agus 2018.

(222)

Cé gur cosúil go laghdaíonn na cosaintí sin an riosca tráchtála a thabhaigh Moby/Toremar, measann an Coimisiún go bhfanann an chuideachta le bheith nochta don riosca nach mbeadh an cúiteamh leordhóthanach chun na costais a bhaineann le reáchtáil na seirbhíse a chumhdach. D’fhéadfadh nach nglacfaí leis an togra athchothromaithe, mar rialóidh Réigiún na Tuscáine ar a thuillteanais agus glacfaidh sé cinneadh tar éis tuairim a fháil ón gCoiste Teicniúil laistigh de 90 lá ón dáta ar chuir Moby/Toremar a iarraidh isteach. Go dtí go nglacfar cinneadh, ní mór do Moby/Toremar leanúint den tseirbhís phoiblí a fheidhmiú gan aon athrú uirthi. Go deimhin, i gcás amháin, diúltaíodh d’iarraidh athchothromaithe den sórt sin mar gheall nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 26 den chonradh seirbhíse poiblí (71).

(223)

Anuas air sin, tugann an Coimisiún dá aire nach bhfuil gach ceann de na catagóirí costais faoi réir ranníocaíochta athchothromaithe. Go háirithe, de réir Airteagal 26 den chonradh seirbhíse poiblí, ba cheart do Moby/Toremar na costais a bhaineann le neamhéifeachtúlachtaí bainistíochta, na costais iasachtaithe agus na méaduithe i gcostais an aonaid foirne chun riachtanais dlíthiúla lucht saothair a chomhlíonadh, a íoc. Dá bhrí sin, fanann Moby/Toremar le bheith spreagtha chun a sheirbhísí a fheidhmiú go héifeachtúil agus ar an gcostas is lú don phobal.

(224)

Mar a luaitear thuas in aithrisí (46) go (50), foráiltear i dTreoir CIPE go n-úsáidfí préimh riosca de 6,5 % chun an toradh ar chaipiteal a ríomh ag úsáid foirmle WACC. Mar sin féin, cuireadh 6,5 % i bhfeidhm sa chleachtas mar ráta comhréidh toraidh ar chaipiteal (féach aithris (133) chomh maith).

(225)

Mar a thaispeántar i dtábla 8, léirítear sna figiúirí don tréimhse 2012-2018 go raibh cúiteamh iarbhír na seirbhíse poiblí neamhleor chun glanchostas na seirbhíse a chumhdach lena n-áirítear toradh 6,5 % ar chaipiteal. I gcomhréir le mír 47 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, déanann an Coimisiún measúnú ar cibé acu a raibh nó nach raibh róchúiteamh ann le linn thréimhse iomlán an chonartha. Don tréimhse 2012-2018, fuair Moby/Toremar beagán níos mó ná EUR 4 mhilliún, níos lú ná an tsuim incháilithe. Go bunúsach, chumhdaigh an cúiteamh a íocadh le Moby/Toremar le linn na tréimhse sin glanchostas na seirbhíse poiblí ach ba bheag (i.e. beagán níos mó ná EUR 30 000 ar an iomlán) an toradh a fuarthas ar chaipiteal sa chleachtas. Deimhníonn na figiúirí sin nach gcosnaíonn na forálacha athchothromaithe in Airteagal 26 Moby/Toremar ar na rioscaí uile a bhaineann leis an tseirbhís phoiblí a fheidhmiú.

Image 1

Tábla 8 – Glanchostas an tseirbhís phoiblí a fheidhmíonn Toremar don tréimhse 2012-2018

(226)

Le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil (féach aithris (133)), shoiléirigh an Iodáil gur glacadh le cinneadh an ríomh a shimpliú trí 6,5 % a chur i bhfeidhm mar ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal mar gheall gur chuir Dlí 2009 uasteorainn le méid tairisceana an chúitimh. Measann an Iodáil go bhfuil a cur chuige simplithe coimeádach (féach aithris (134)) agus nach ligeann sé do chúiteamh níos airde le haghaidh Moby/Toremar ná an tsuim a suíodh faoi Threoir CIPE.

(227)

In aghaidh an chúlra sin, rinne an Coimisiún comparáid idir an toradh ar chaipiteal de 6,5 % arna chur i bhfeidhm ar Moby/Toremar agus an meánthoradh caipiteal a ghin grúpa tagarmhairc in 2011 (an bhliain sular cuireadh oibleagáidí ar iontaoibh Moby/Toremar). Is éard atá sa ghrúpa tagarmhairc oibreoirí farantóireachta roghnaithe a sholáthraigh naisc muirí san Iodáil nó idir an Iodáil agus Ballstáit eile (72). Léirítear san anailís go raibh an toradh ar chaipiteal a ghin Moby/Toremar beagán faoin meántoradh a ghin an grúpa tagarmhairc. Taispeántar sa chomparáid sin nach raibh toradh 6,5 % ar chaipiteal míréasúnach an bhliain sin sular cuireadh oibleagáidí ar iontaoibh Moby/Toremar.

(228)

Tugann an Coimisiún dá aire freisin, ar chaoi dhearfach, go n-éilítear ar Moby/Toremar faoin gconradh seirbhíse poiblí nua a chuntais bainistíochta (agus iad foroinnte de réir bealaí agus deimhnithe ag iniúchóir neamhspleách) a sheoladh chuig Réigiún na Tuscáine gach bliain chun chur ar chumas an pháirtí dheiridh seiceáil le fáil amach an raibh aon róchúiteamh i gceist. Soláthraítear leis sin cosaint bhreise le háirithiú nach féidir le Toremar tairbhiú d’aon róchúiteamh. Anuas air sin, ós rud é nár fheidhmigh Toremar ach gníomhaíochtaí tráchtála amháin, eisítear trasfhóirdheontasú in aon chás. Chur an Iodáil na cuntais bainistíochta sin don tréimhse 2012-2018 isteach freisin, ag cur ar chumas an Choimisiúin na ríomhanna i dtábla 8 a dhéanamh dá bhrí sin.

(229)

I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún nach sáraíonn an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh ar Toremar an tsuim is gá chun na costais a tabhaíodh i bhfeidhmiú a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chumhdach, ag cur na hadmhálacha ábhartha agus brabús réasúnach san áireamh. Go sonach, measann an Coimisiún nach mór measúnú a dhéanamh ar an bpréimh de 6,5 % a leagtar síos le Treoir CIPE in éineacht leis an huasmhéid cúitimh a leagtar síos i nDlí 2009. Agus aird á tabhairt air sin, bhí an toradh ar chaipiteal a bhféadfadh Toremar a bheith ag súil leis ó pheirspictíocht ex ante i gcomhréir leis na riosca a ghlac sé agus na seirbhísí poiblí á bhfeidhmiú aige faoin gconradh seirbhíse poiblí. Dá bhrí sin, faightear réidh leis an amhras a bhí ag an gCoimisiún i ndáil leis an tríú coinníoll de bhreithiúnas Altmark.

(230)

Maidir leis an tosaíocht feistithe agus aon róchúiteamh féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air, tugann an Coimisiún an méid seo a leanas faoi deara. Áitíonn an Iodáil go mbeadh aon bhuntáiste airgeadais féideartha ón tosaíocht feistithe teoranta (féach aithris (137)). Mar thoradh air sin, bheadh an riosca a bhaineann le róchúiteamh ag eascairt as an mbeart sin teoranta freisin. Anuas air sin, a mhéid a laghdódh an beart sin costais oibriúcháin nó a mhéadódh sé ioncaim an oibreora seirbhíse poiblí, léireofaí na héifeachtaí sin ina n-iomána i gcuntais inmheánacha an oibreora. Deimhníodh san anailís thuas a rinne an Coimisiún (féach aithris (228)) nach bhfuair Moby/Toremar aon róchúiteamh sa tréimhse 2012-2018. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an tosaíocht feistithe an tríú critéar de chuid Altmark freisin.

6.1.2.4.   Altmark 4

(231)

Comhlíontar an ceathrú critéar Altmark má roghnaíodh faighteoir an chúitimh chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a fheidhmiú tar éis nós imeachta tairisceana, ina cheadaítear don tairgeoir atá in ann seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur ar fáil ar an gcostas is lú don phobal a roghnú, nó dá uireasa sin, gur ríomhadh an cúiteamh trí thagairt a dhéanamh do na costais atá ag gnóthas éifeachtúil.

(232)

De réir mhír 63 den Teachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, is é an bealach is simplí d’údaráis phoiblí an ceathrú critéar de chuid Altmark a chomhlíonadh, nós imeachta tairisceana poiblí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a reáchtáil i gcomhréir le Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (73) agus Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (74).

(233)

Maidir leis an gcás idir lámha, feiceann an Coimisiún gur seoladh an nós imeachta tairisceana sular tháinig Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (75) (a bhfuil feidhm aici maidir le conarthaí poiblí a dhámhtar chun seirbhísí iompair muirí a fheidhmiú) agus Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (76) i bhfeidhm. Ag an tráth sin, bhí feidhm ag Treoir 2004/17/CE agus Treoir 2004/18/CE. Mar sin féin, níl feidhm ag Treoir 2004/17/CE maidir le seirbhísí iompair muirí, amhail siúd a sholáthraíonn Moby/Toremar. Go deimhin, cuirtear in iúl go soiléir in Airteagal 5 de Threoir 2004/17/CE nach dtiteann ach seirbhísí iompair d’iarnród, córais uathoibrithe, trambhealach, bus tralaí, bus agus cábla faoina raon feidhme.

(234)

Titeann conarthaí poiblí a dhámhann na húdaráis chonarthacha i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí seirbhísí ar son iompar muirí, cósta nó abhann faoi raon feidhme Threoir 2004/18/CE ar bhonn mír 20 di. Mar sin féin, liostaítear seirbhísí iompair uisce in Iarscríbhinn II B a ghabhann leis an Treoir sin lena dtugtar le fios (77) nach bhfuil siad faoi réir ach Airteagal 23 agus Airteagal 35(4) di amháin. Ciallaíonn sé sin, faoi Threoir 2004/18/CE, nach bhfuil conradh poiblí le haghaidh seirbhísí iompair muirí faoi réir ach na hoibleagáidí a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla (Airteagal 23) agus leis an oibleagáid conradh dámhachtana conartha a fhoilsiú amháin (tar éis ar dámhadh an conradh agus, dá bhrí sin, ag deireadh, ní ag tús, an phróisis dámhachtana: Airteagal 35(4)). Níl feidhm ag aon cheann de na rialacha eile a shocraítear le Treoir 2004/18/CE — lena n-áirítear na forálacha maidir le hábhar na bhfógraí atá le foilsiú (Airteagal 36(1)) agus na forálacha maidir le critéir roghnúcháin (Airteagail 45 go 52) — maidir le conarthaí poiblí le haghaidh seirbhísí iompair muirí.

(235)

Thairis sin, in aon chás níl feidhm ag Treoir 2004/18/CE maidir le lamháltais seirbhíse maidir a shainmhínítear in Airteagal 1(4) di (78). Tugann an Coimisiún dá aire go bhfanann lamháltais seirbhíse (agus conarthaí poiblí) a mbaineann leas áirithe trasteorann leo le bheith faoi réir phrionsabail ghinearálta an Chonartha, is iad sin trédhearcacht, neamh-idirdhealú agus cóir chomhionann.

(236)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, measann an Coimisiún nach bhféadfaidh go mbeidh feidhm ag Treoir 2004/18/CE ach i gcás conartha phoiblí ach nach bhfuil feidhm léi a mhéid a bhaineann le lamháltas seirbhíse. Anuas air sin, ós rud é go mbaineann an cás atá idir lámha le seirbhísí iompair uisce atá faoi réir conartha seirbhíse phoiblí, ní bheadh feidhm ach le roinnt de cheanglais na Treorach sin, mar a luadh cheana. In aghaidh an chúlra sin, measann an Coimisiún nach féidir leis brath go hiomlán le comhlíontacht Threoracha um Sholáthar Poiblí chun comhlíontacht an cheathrú chritéir de chuid Altmark a léiriú. Ar an gcúis sin, déanann an Coimisiún measúnú thíos ar cibé acu an raibh, nó nach raibh, an nós imeachta a d’úsáid an Iodáil iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus gan choinníoll. Chun an measúnú sin a dhéanamh, bíonn an Coimisiún ag brath ar an treoraíocht ábhartha a leagtar amach ina Theachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach (79) (go háirithe míreanna 89 et seq. di) agus Teachtaireacht seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (go háirithe míreanna 63 et seq. di).

Cineál iomaíoch agus trédhearcach na tairisceana

(237)

Sonraítear i Mír 90 den Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach nach mór do nós imeachta tairisceana a bheith iomaíoch (80) chun ligean do gach tairgeoir a bhfuil suim aige ann agus atá cáilithe a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Thairis sin, de réir mhír 91 den Teachtaireacht sin, ní mór don nós imeachta a bheith trédhearcach chun ligean do gach tairgeoir a bhfuil suim aige ann a bheith ar an eolas go cothrom agus go cuí ag gach céim den nós imeachta tairisceana. Cuirtear i dtábhacht sa mhír sin freisin gur gnéithe ríthábhachtacha iad inrochtaineacht na faisnéise, am leordhóthanach le haghaidh tairgeoirí a bhfuil suim acu, agus soiléireacht na gcritéar roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh nós imeachta roghnúcháin atá trédhearcach agus léirítear inti nach mór poiblíocht leordhóthanach a thabhairt don tairiscint, ionas go bhféadfadh gach tairgeoir féideartha é a thabhairt faoi deara.

(238)

Maidir leis an gcás atá i gceist anseo, foilsíodh an glao ar léiriú spéise in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, san Iris Oifigiúil náisiúnta agus réigiúnach agus i nuachtáin náisiúnta (féach aithris (56)). Iarradh sa ghlao sin ar aon duine a bhféadfadh “leanúnachas na seirbhíse iompair muirí a ráthú” a spéis a chur in iúl agus níor forchuireadh aon choinníoll breise air. Tugadh méid leordhóthanach ama do thairgeoirí féideartha a spéis a chur in iúl rud a ligeadh dóibh le bheith rannpháirteach a thuilleadh sa phróiseas. Measann an Coimisiún dá bhrí sin gur fógraíodh rún Réigiún na Tuscáine le Toremar a dhíol agus an conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain go forleathan ar bhealach a tháinig chomh fada le gach tairgeoir féideartha.

(239)

Thairis sin, ní mór na doiciméid agus an fhaisnéis uile a theastaíonn le bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana a chur ar fáil do na tairgeoirí d’fhonn cur ar a gcumas measúnú cearta dhéanamh ar an gcuideachta a bhí ar díol. Cuireadh faisnéis den sórt sin ar fáil do thairgeoirí féideartha ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus bhí an rochtain chéanna ag gach rannpháirtí a raibh suim aige sa phróiseas ar fhaisnéis ábhartha.

(240)

Ar an gcéad dul síos, luadh sa ghlao ar léirithe spéise nach mór do thairgeoirí a bheith in ann “leanúnachas na seirbhíse iompair muirí a ráthú”. Ba é sin an t-aon chritéar roghnúcháin a chuir an Iodáil i bhfeidhm chun cinneadh a dhéanamh ar cheart, nó nár cheart, ligean do pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana. Cé nár sonraíodh sa ghlao an bealach ar féidir le tairgeoirí a chruthú go gcomhlíonann siad an ceanglas sin, i bhfírinne chiallaigh sé sin go bhféadfaí aon mhodh cruthúnais iomchuí a úsáid (81). Mar gheall nár eisíodh aon cheann de na 11 pháirtí a léirigh spéis le bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana, measann an Coimisiún go raibh an critéar roghnúcháin sin soiléir do gach tairgeoir a raibh spéis aige sa phróiseas agus go raibh údar cuí leis i bhfianaise an chuspóir a beartaíodh le baint amach.

(241)

Ar an dara dul síos, rinneadh soiléir do pháirtithe leasmhara i nDlí 2009 go tabharfar coinbhinsiún nua/conradh seirbhíse poiblí nua i gcrích nuair a chríochnaítear an nós imeachta tairisceana agus gur socraíodh an t-uasmhéid bliantúil don chúiteamh seirbhíse poiblí ag EUR 13 005 441 mhilliún in aghaidh na bliana. Anuas air sin, sonraíodh sa ghlao ar léirithe spéise gurb é an cuspóir a bhí leis Toremar a dhíol ar phraghas seasta EUR 10 258 397. Thairis sin, mar a dheimhnigh an Iodáil, cuireadh an fhaisnéis ábhartha uile a mhéid a bhaineann le raon feidhme an díola, lena n-áirítear an conradh seirbhíse poiblí a bheidh le tabhairt i gcrích idir an ceannaitheoir agus an Iodáil, ar fáil do na 11 pháirtí a léirigh spéis le bheith rannpháirteach sa phróiseas tairisceana. Cheadaigh sé sin do na páirtithe sin cinneadh a dhéanamh an gcuirfidís tairiscint isteach nó nár gcuirfidís tairiscint isteach agus dá gcuirfidís an méid tairisceana a chuirfidís isteach. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún go raibh sé sách soiléir ón nglao ar léirithe spéise go raibh gnó Toremar á dhíol le chéile le conradh seirbhíse nua poiblí. Tar éis a spéis a chur in iúl, tugadh rochtain do na páirtithe leasmhara ar an bhfaisnéis ábhartha uile is gá chun cinneadh a dhéanamh faoi thairiscint fhéideartha.

(242)

Ar an tríú dul síos, measann an Coimisiún gur mheall an glao ar léiriú spéise líon suntasach de thairgeoirí féideartha. Ina dhiaidh sin, fuair gach ceann de na 11 chuideachta a chur isteach léiriú spéise faisnéis mhionsonraithe ó Réigiún na Tuscáine faoin bpróiseas. Thairis sin, i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/18/CE, is cosúil nach raibh aon oibleagáid ar an Iodáil a chur ar fáil sa ghlao aon fhaisnéis bhreise faoin gconradh a bhí le dámhachtain ach amháin tagairt bheag do leanúnachas i ndáil leis an tseirbhís phoiblí a sholáthar agus tagairt do na rialacha a rialaíonn an tseirbhís sin (féach aithris (234)).

(243)

Ar an gceathrú dul síos, bhí an t-íosmhéid faisnéise is gá chun léiriú spéise a chur isteach (i.e. leanúnachas na seirbhíse poiblí) le fáil sa ghlao, agus ní bhféadfadh sé a bheith ina chúis d’oibreoirí muirí eile a bhfuil spéis acu sa phróiseas a eisiamh uaidh. Ba é cinneadh na n-údarás pleanála leanúnachas na seirbhíse poiblí agus nascacht oileán oileánra na Tuscáine leis an mórthír a áirithiú. Cuireadh an coinníoll sin in iúl roimh ré, mar a míníodh thuas, do gach tairgeoir féideartha a léirigh spéis le bheith rannpháirteach sa nós imeachta tairisceana. Dá bhrí sin, comhaontaíonn an Coimisiún leis an Iodáil nach raibh aon smacht ar thairgeoirí féideartha ag an gcéim sin (féach aithris (127)), rud a léiríonn nach raibh sé de rún ag na húdaráis phleanála, mar thoradh ar cheanglas sainordaitheach chun leanúint den tseirbhís phoiblí a chur leis an bpróiseas, a bheith fabhrach d’aon tairgeoir féideartha áirithe, i ndámhachtain an chonartha le haghaidh na seirbhíse poiblí agus úinéireacht ghnó Toremar. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur soláthraíodh an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis na critéir roghnúcháin agus forbairt bhreise an nós imeachta sa chuireadh a seoladh chuig gach ceann de na 11 pháirtí a léirigh spéis le bheith rannpháirteach sa nós imeachta (82).

(244)

Ar deiridh, measann an Coimisiún gur cheadaigh an togra a bhí ag Réigiún na Tuscáine ardán digiteach speisialta nó seomra sonraí a bhunú, ina raibh an doiciméadacht riachtanach uile, gach tairgeoir féideartha a bheith ar an eolas go cothrom, go hiomlán agus go cuí, faoin bhfaisnéis ba ghá chun a dtairiscint a réiteach.

(245)

I gCinneadh 2012, chuir an Coimisiún amhras in iúl gurbh ghá ceanglais theicniúla agus airgeadais na tairisceana (féach aithris (113)) a fhorchur ar thairgeoirí, anuas ar na coinníollacha cáilíochta caighdeánacha a fhorchuirtear mar oibleagáidí seirbhíse poiblí in aon chás. Thairis sin, bhí amhras ar an gCoimisiún go nglacfaí le ceanglais den sórt sin i gcás, amhail an cás atá i gceist faoi láthair, ina gcuirtear cuideachta iomlán ar díol.

(246)

Le linn an imscrúdaithe, fuair an Coimisiún faisnéis a mhaolaigh an imní sin. Measann an Coimisiún nár eisíodh aon tairgeoir féideartha ón bpróiseas mar thoradh ar na ceanglais theicniúla agus airgeadais, mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas.

(247)

Ar an gcéad dul síos, áirithíodh na ceanglais theicniúla agus airgeadais sa doiciméadacht tairisceana agus cuireadh iad in iúl do gach tairgeoir féideartha ag céimeanna an-luath sa phróiseas. Go háirithe, áiríodh na ceanglais sin san fhógra conartha a foilsíodh go hidirnáisiúnta ina iarradh ar gach oibreoir a bhfuil spéis aige na ceanglais sin a chomhlíonadh léiriú spéise a chur isteach.

(248)

Ar an dara dul síos, tugann an Coimisiún dá aire gur cuireadh na ceanglais shonracha in iúl mar choinníollacha oibiachtúla chun bheith rannpháirteach sa nós imeachta agus nach critéir dámhachtana a bhí iontu agus nár chuir siad le pointí scórála. Mar thoradh air sin, ní raibh aon discréid ag na húdaráis chonarthacha i ndáil le roghnú na dtairgeoirí chun iad a chur ar aghaidh chuig an chéad chéim eile sa nós imeachta.

(249)

Ar an tríú dul síos, agus an bealach inar reáchtáladh an tairiscint (i.e. díol na cuideachta a chur le tabhairt i gcrích conartha seirbhíse poiblí nua), tá an Coimisiún den tuairim gur cuspóir leas an phobail í cuspóir Réigiún na Tuscáine leanúnachas na seirbhíse poiblí a áirithiú ar na caighdeáin cáilíochta is airde agus is féidir (83), nach mbainfí amach murach na gceanglais sin. Léirítear go sonrach leis an bhfíoras go raibh 11 léiriú spéise a mar thoradh ar fhoilsiú an fhógra conartha agus na ceanglais sin ann nach raibh éifeacht dhíspreagtha ag na ceanglais sin a bheith ann.

(250)

Ar bhonn a bhfuil thuas, measann an Coimisiún go raibh an nós imeachta tairisceana iomaíoch agus trédhearcach nuair a bhreathnaítear air ina iomláine. Go háirithe, fógraíodh rún Réigiún na Tuscáine gnó Toremar a dhífheistiú agus conradh seirbhíse poiblí nua le fad 12 bhliain a thabhairt i gcrích leis an tairgeoir a éiríonn leis, go forleathan ar bhealach a tháinig chomh fada le gach tairgeoir féideartha ar an margadh réigiúnach agus idirnáisiúnta ábhartha. Thairis sin, cuireann an Coimisiún san áireamh go bhféadfadh tairgeoirí féideartha a spéis a chur in iúl go héasca agus nach raibh orthu gealltanas a thabhairt d’aon rud ag an gcéim sin. Ar choinníoll go bhféadfaidís a léiriú gur chomhlíon siad an t-aon chritéar roghnúcháin a bhí ann, is é sin, leanúnachas na seirbhíse a ráthú, tugadh an fhaisnéis uile ba ghá agus am do na páirtithe sin chun cinneadh a dhéanamh an gcuirfidís tairiscint isteach agus dá gcuirfidís tairiscint isteach an méid tairisceana a chuirfidí isteach don tseirbhís. Ar na cúiseanna sin, measann an Coimisiún go bhfaightear réidh leis an amhras a bhí aige nach raibh an nós imeachta tairisceana trédhearcach go leordhóthanach mar gheall ar easnaimh sa ghlao ar léirithe spéise.

Cineál neamh-idirdhealaitheach na tairisceana

(251)

Cuirtear i dtábhacht i Mír 92 den Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach gur coinníollacha fíor-riachtanacha iad láimhseáil neamh-idirdhealaitheach na dtairgeoirí uile ag gach céim den nós imeachta agus roghnú oibiachtúil agus critéir dhámhachtana a shonraítear roimh an bpróiseas chun a áirithiú go bhfuil an idirbheart a eascraíonn as i gcomhréir le dálaí an mhargaidh. Thairis sin, sonraítear sa mhír sin chun go ráthófar cóir chomhionann, gur cheart do na critéir faoina ndéantar an conradh a dhámhachtain a fhágáil gur féidir comparáid agus measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar na tairgeoirí.

(252)

Mar a sonraíodh thuas, (féach aithris (240)), bhí an t-aon choinníoll le fáil sa ghlao ar léirithe spéise, ba é sin, nach mór do thairgeoirí a bheith in ann “leanúnachas na seirbhíse iompair muirí a ráthú”. Bhí gach ceann de na 11 pháirtí a d’fhreagair ar an nglao agus a chuir spéis in iúl ar an eolas faoin oibleagáid sin. Measann an Coimisiún go raibh an coinníoll sin oibiachtúil agus go ndearna é soiléir go leor do gach páirtí a raibh spéis aige sa ghlao ar léirithe spéise.

(253)

Iarradh ar na 11 thairgeoir a raibh spéis acu ansin tairiscint a chur isteach agus tugadh rochtain dóibh ar sheomra sonraí fíorúil ina raibh an fhaisnéis ábhartha uile (féach aithris (62)), rud a cheadaigh dóibh rochtain a fháil ar ghnó Toremar agus an conradh seirbhíse poiblí nua a cuireadh ar díol. Dá réir sin, fuair na tairgeoirí uile an fhaisnéis cheanna agus láimhseáladh iad go cothrom ag gach tráth den phróiseas.

(254)

Dá bhrí sin, faightear réidh leis an imní a bhí ag an gCoimisiún i gCinneadh 2011 go raibh an léiriú spéise neamh-idirdhealaitheach. Cuireadh gach páirtí ar an eolas i gceart agus go cothrom feadh na gcéimeanna éagsúla den nós imeachta tairisceana rud a chuir ar a gcumas tairiscint a dhéanamh agus eolas iomlán acu ar an nós imeachta agus ar na ceanglais. Measann an Coimisiún freisin gur ceadaíodh do chomparáid agus measúnú oibiachtúil ar na tairgeoirí leis na critéir dhámhachtana.

Áirithiú go gcuirtear na seirbhísí ar fáil ar an gcostas is lú don phobal

(255)

Foráiltear i mír 65 de Theachtaireacht seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais, nach n-eisíonn nós imeachta soláthair poiblí ach Státchabhair a bheith ann ach amháin i gcás ina ligeann sé do roghnú an tairgeora is féidir an tseirbhís a sholáthar ag “an costas is lú don phobal”.

(256)

Sa chás sin, cuireadh an conradh seirbhíse poiblí nua in éineacht le gnó Toremar amach ar tairiscint, seachas an conradh seirbhíse poiblí leis féin. Chinn an Iodáil go raibh an praghas a raibh gnó Toremar ar díol seasta (bunaithe ar luacháil a rinne saineolaí neamhspleách) agus nach raibh sé inchaibidle, agus roghnaigh an Iodáil an tairiscint ba bhuntáistí go heacnamaíoch agus 20 pointe scórála ag dul don phraghas, 70 pointe don cháilíocht agus 10 bpointe do sheirbhísí breise (féach aithris (60) agus aithris (61)).

(257)

Maidir leis an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a úsáid, sonraítear i mír 67 de Theachtaireacht seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta go meastar “an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch” le bheith (anuas ar “an praghas is ísle”) le bheith leordhóthanach chun an ceathrú critéar de chuid Altmark criterion a chomhlíonadh “[…] ar choinníoll go bhfuil […] dlúthbhaint idir na critéir dhámhachtana agus ábhar na seirbhíse a sholáthraítear agus go gceadaíonn siad don tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch luach an mhargaidh a mheaitseáil” (84).

(258)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Iodáil béim ar oibreoir a soláthródh an tseirbhís ar ardchaighdeáin cáilíochta a roghnú ag cur ceanglais áirithe san áireamh. Bhí an fhaisnéis uile ba ghá chun na tairiscintí airgeadais agus teicniúla a chomhlánú le fáil sa chuireadh chun tairiscint a chur isteach. Go háirithe a mhéid a bhaineann leis an tairiscint theicniúil (a scóráladh le 80 pointe san iomlán, leis an 20 pointe eile á leithdháileadh don chritéar praghais), seoladh cuireadh chuig gach ceann de na 11 oibreoir muirí a chuir spéis in iúl chun faisnéis a chur isteach maidir le meánaois na soithí a sholáthrófar ar gach líne agus le haghaidh gach bliain den chonradh, toilleadh agus áiseanna struchtúrtha a sholáthrófar le haghaidh paisinéirí atá faoi mhíchumas, chomh maith le faisnéis a bhaineann leis an bhféidearthacht a bheidh ag an oibreoir roghnaithe seoltaí breise a sceidealú ag amanna áirithe (lena n-áirítear seoltaí istoíche) ó cheann go ceann na bliana. Is léir go mbaineann na critéir cáilíochta sin go dlúth le soláthar na seirbhíse muirí agus go gcuireann siad luach breise léi. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur chumasaigh úsáid na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch maidir leis an tseirbhís lena mbaineann in éineacht le díol ghnó Toremar an Iodáil le hiomaíocht éifeachtach a chruthú agus seirbhís a fháil ar an luach is airde agus is féidir agus ar an gcostas is lú don phobal.

(259)

A mhéid a bhaineann go sonrach leis an tseirbhís a chur ar tairiscint in éineacht le díol ghnó Toremar, i gCinneadh 2012, thug an Coimisiún an réamhthuairim go mbeadh costas ní b’ísle don phobal mar thoradh ar chonradh seirbhíse poiblí nua a chur ar tairiscint gan oibleagáid chun soithí Toremar is gá le haghaidh feidhmiú na seirbhíse a shealbhú.

(260)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid thuas cheana féin go raibh an nós imeachta tairisceana trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach go leordhóthanach chun rannpháirtíocht a oiread tairgeoirí féideartha agus arbh fhéidir a chumasú. Go deimhin, i ndiaidh fhoilsiú forleathan an ghlao ar léiriú spéise, d’fhreagair 11 oibreoir muirí le freagra dearfach. Soláthraíodh an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an nós imeachta tairisceana sa chuireadh a seoladh chuig gach ceann de na 11 rannpháirtí. Anuas air sin, bhunaigh Réigiún na Tuscáine ardán digiteach speisialta nó seomra sonraí, ina raibh an doiciméadacht riachtanach uile le ceadú do gach tairgeoir féideartha a bheith ar an eolas go cothrom.

(261)

I ndiaidh an chéim inar léiríodh spéise, cuireadh dhá thairiscint iomaíoch isteach (Moby agus Toscana di Navigazione S.r.l.), agus rinne Réigiún na Tuscáine meastóireacht orthu, ag cur a dtairiscintí teicniúla agus airgeadais san áireamh. Mar a luaitear in aithris (62) agus aithris (64), le linn na céime meastóireachta, bhraith Réigiún na Tuscáine roinnt neamhréireachtaí a bhain le difríochtaí idir na tairiscintí teicniúla agus eacnamaíocha a chuir Toscana di Navigazione S.r.l. isteach agus dá bhrí sin eisíodh an chuideachta ó bheith rannpháirteach i gcéimeanna níos faide sa phróiseas, agus ar an gcaoi sin dámhadh an conradh do Moby sa deireadh.

(262)

Tá dlúthbhaint idir an coinníoll sainordaitheach chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a ráthú agus na sócmhainní a chur ar tairiscint in éineacht le hoibleagáidí seirbhíse poiblí. Go háirithe, trí dhíol Toremar a chur ar tairiscint in éineacht le conradh seirbhíse poiblí nua, bíonn an sealbhóir, Moby, faoi réir an cheanglais chun leanúnachas na seirbhíse a ráthú go huathoibríoch agus dámhtar an tosaíocht feistithe dó. Measann an Coimisiún nach bhfuil praghas níos ísle mar thoradh ar ghnó Toremar a chur ar tairiscint in éineacht le conradh seirbhíse poiblí nua agus dámhachtain na tosaíochta feistithe nuair a chuirtear é sin i gcomparáid leis na sócmhainní agus an conradh a dhíol ar leithligh, ar son na cúiseanna seo a leanas.

(263)

Cruthaíodh gnó Toremar chun an tseirbhís seirbhíse phoiblí a seachadadh agus leanúnachas críche a áirithiú amháin. Go deimhin, úsáideadh go dtí seo, agus úsáidtear faoi láthair, gach soitheach de chuid Toremar ar son na seirbhíse poiblí. Tá an Coimisiún den tuairim nach mbeadh díoltóir príobháideach in ann praghas níos airde a fháil le haghaidh na soithí ar an margadh. Go deimhin, de réir thuarascáil Fidi, as ocht de shoithí Toremar, buiséadaíodh trí cinn díobh ar luach iarmharach, agus rinneadh na cúig cinn eile, a bhí amúchta ina n-iomláine, a bhuiséadú dá ndramhluachanna. Mar sin féin, ní dócha go ndíolfaí na soithí sin chun críoch loingseoireachta, ach amháin dá mbeadh an coinníoll chun leanúint den tseirbhís phoiblí mar chuid den mhargadh, ar phraghas níos airde ná an méid a buiséadaíodh ina leith. Is amhlaidh sin mar nuair nach bhfuil long ag deireadh a shaolré úsáidí, bheadh a luach chun críoch loingseoireachta ní b’airde ná a dhramhluach. Sa chás seo i gcás ina dhíoltar na loing ar leithligh, is dócha go ndíolfaí roinnt long ar a laghad ar a ndramhluach dá ndíolfaí iad ar chor ar bith. Dá bhrí sin, trí na loing a chur ar tairiscint in éineacht leis an gconradh seirbhíse poiblí, leanfaidh gach ceann de na loing le bheith ag feidhmiú agus is féidir iad a dhíol ar phraghas níos airde ná a ndramhluach dá bharr.

(264)

Thairis sin, aontaíonn an Coimisiún leis na barúlacha a thíolaic an tairbhí, maidir leis na costais shubstaintiúla a mbeadh ar a Réigiún na Tuscáine a íoc, dá ndíolfaí Toremar ar leithligh chun aon chríche loingseoireachta gan an tseirbhís phoiblí (i.e. costais leachtaithe, costais a bhaineann leis na soithí is gá a fháil etc.). Anuas air sin, dá ndíolfaí Toremar ar leithligh, measann an Coimisiún nach dócha é go mbeadh na hocht soitheach réidh le haghaidh imlonnaithe ag tairgeoirí féideartha chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa chonradh seirbhíse poiblí a fheidhmiú. Is fíor sin go háirithe ós rud é go bhfuil ceanglais shonracha (e.g. méid) sa chonradh nua maidir leis na soithí atá le húsáid ar na bealaí éagsúla seirbhíse poiblí. Is dócha go n-úsáidfeadh aon oibreoir a raibh na hacmhainní ba ghá aige iad cheana féin ar bhealaí eile agus gur cinnte go mbeadh caillteanas ioncam óna n-úsáid roimhe sin mar thoradh ar a athlonnú i gcomhréir leis an gconradh seirbhíse poiblí nua.

(265)

Measann an Coimisiún dá bhrí sin gur ceadaíodh do phraghas ní b’airde a fháil le haghaidh soithí Toremar trína gcur ar tairiscint in éineacht leis an gconradh seirbhíse poiblí ós rud é go bhfaigheadh sealbhóir na n-árthach cúiteamh seirbhíse poiblí ar feadh tréimhse 12 bhliain mar chúiteamh ar na hárthaigh a fheidhmiú ar na bealaí seirbhíse poiblí. Anuas air sin, chinnfeadh aon díoltóir eacnamaíoch de chuid an mhargaidh le Toremar a dhíol in éineacht le conradh seirbhíse poiblí nua chun an praghas is airde a fháil. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún nár chuir an Iodáil coinníollacha ar dócha go laghdóidís an praghas nó nár n-iarrfadh díoltóir príobháideach.

(266)

Measann an Coimisiún go bhfaightear réidh leis an amhras a bhí aige nach bhféadfadh costas ní b’ísle don phobal a bheith mar thoradh ar an gconradh seirbhíse poiblí a chur ar tairiscint in éineacht le gnó Toremar.

(267)

I bhfianaise a bhfuil thuas, measann an Coimisiún gur chruthaigh úsáid na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch maidir leis an tseirbhís phoiblí nua a chur ar tairiscint in éineacht le gnó Toremar, fíoriomaíocht go dtí deireadh an nós imeachta tairisceana agus cuireadh isteach dá thairiscint iomaíocha agus cheangailteacha. Níor eisíodh Toscana di Navigazione S.r.l. ach le linn an mheastóireacht a rinneadh ina dhiaidh sin ar na tairiscintí agus dá bhrí sin ní athraíonn sé sin cineál an phróisis tairisceana. Mar thoradh air sin, measann an Coimisiún go gcomhlíontar Altmark 4 sa chás sin.

(268)

Ós rud é go gcomhlíontar go carnach na ceithre choinníoll a leag Cúirt an Bhreithiúnais amach i gcás Altmark, measann an Coimisiún nach mbronntar buntáiste eacnamaíoch ar Moby/Toremar le dámhachtain an chonartha seirbhíse phoiblí in éineacht le gnó Toremar agus tosaíocht feistithe dó.

6.1.2.5.   Conclúid

(269)

Ó tharla nach gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, measann an Coimisiún nach Státchabhair é dámhachtain an chonartha seirbhíse phoiblí in éineacht le gnó Toremar agus tosaíocht feistithe do Moby/Toremar, de réir bhrí airteagal 107(1) CFAE.

6.1.3.   Na bearta a leagtar síos le Dlí 2010

(270)

Thug an Coimisiún an réamhthuairim i gCinneadh 2011 gur Státchabhair iad na bearta a leagtar síos le Dlí Foraithne Uimh. 125/2010 arna thiontú le leasuithe i nDlí 2010, i bhfabhar cuideachtaí d’iar-Ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, a fhad is go bhfuil na tairbhithe in ann na bearta sin a úsáid chun riachtanais leachtachta a chumhdach agus dá bhrí sin a staid airgeadais fhoriomlán a fheabhsú.

(271)

Bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas le linn an imscrúdaithe fhoirmiúil, measann an Coimisiún gur cheart measúnú a dhéanamh ar na trí bheart ar leithligh.

6.1.3.1.   Úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí chun loing a uasghrádú chun críoch leachtachta

(272)

Acmhainní stáit: Dhámh an Stát na cistí atá i gceist óna bhuiséad (féach aithris (91)) agus cumasaíodh a n-úsáid chun críoch leachtachta le Dlí 2010. Tá an beart inchurtha i leith an Stáit dá bhrí sin agus tugtar é trí acmhainní Stáit.

(273)

Roghnaíocht: níor deonaíodh an beart sin ach ar chuideachtaí an iar-ghrúpa Tirrenia Group, lena n-áirítear do Toremar, agus is beart roghnach é dá bhrí sin. Le haghaidh iomláine, tugann an Coimisiún dá aire nár deonaíodh an beart sin do Moby.

(274)

Buntáiste eacnamaíoch: tugann an Coimisiún dá aire gur úsáid Toremar EUR 1 617 300 chun a chabhlach a uasghrádú chun caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta a urramú (i.e. EUR 808 650 le haghaidh uasghrádú an tsoithigh Aethalia agus EUR 808 650 le haghaidh uasghrádú an tsoithigh Liburna). De réir na hIodáile, níor úsáideadh na cistí sin riamh chun críoch leachtachta (féach aithris (138)) agus níor aimsigh an Coimisiún aon fhianaise chun tacú lena mhalairt.

(275)

Ós rud é nár úsáid Toremar na cistí sin chun críoch leachtachta chun costais a sheachaint, a mbeadh air amhlaidh a dhéanamh de ghnáth chun an chuideachta a chumhdach trí bhíthin a acmhainní airgeadais, níl an t-amhras a cuireadh in iúl i gCinneadh 2011 bailí a thuilleadh agus measann an Coimisiún nár tugadh aon bhuntáiste eacnamaíoch do Toremar trí úsáid na gcistí sin dá bhrí sin.

(276)

Conclúid: ó tharla nach gcomhlíontar gach ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 107(1) CFAE, measann an Coimisiún nach Státchabhair iad na cistí a deonaíodh do Toremar chun a chabhlach a uasghrádú laistigh de réir bhrí airteagal 107(1) CFAE.

6.1.3.2.   Díolúintí fioscacha a bhaineann leis an bpróiseas príobháidithe;

(277)

Mar a thugtar tuairisc air in aithris (93), de bhun Airteagal 1 de Dhlí 2010, tá díolúine ag roinnt gníomhartha agus oibríochtaí a rinneadh chun grúpa Tirrenia a phríobháidiú agus mar a thugtar tuairisc air in Airteagal 19 –ter, míreanna 1 go 15, de Dhlí Foraithne Uimh. 135/2009, arna thiontú le modhnuithe isteach i nDlí 2009, ó chánacha a bheadh dlite ar na gníomhaithe agus oibríochtaí sin de ghnáth.

(278)

Ar an gcéad dul síos, tugann an Coimisiún dá aire nach mór measúnú a dhéanamh ar dhá shraith aistrithe: (1) aistriú iar-fhochuideachtaí Tirrenia, is iad sin Caremar, Saremar agus Toremar, ó Tirrenia chuig Réigiúin Campania, na Sairdíne agus na Tuscáine faoi seach, agus (2) aistriú iar-ghnó Toremar ó Réigiúin na Tuscáine chuig Moby. Is iad na cánacha a bhfuil díolúine ina leith dleacht chlárúcháin, táillí clárúcháin chlár talún agus morgáiste, dleacht stampála (ar a dtugtar “na cánacha indíreacha” le chéile), CBL agus cáin chorparáide go háirithe. Is iad an díoltóir, an ceannaitheoir, nó an dá pháirtí, a bheadh mar thairbhithe an bhirt chabhrach sin. Ní dhéanfar ach measúnú ar an dara sraith aistrithe sa Chinneadh seo (85).

(279)

Ar dtús, tugann an Coimisiún dá aire nach meastar, faoin Fhoraithne ón Uachtarán Uimh. 633 an 26 Deireadh Fómhair 1972, aistrithe gnóthas leantach nó aonad gnó chuig cuideachta eile a bheith ina soláthar earraí agus tá díolúine ó CBL acu. Dá bhrí sin, ós rud é nach bhfuil idirbhearta amhail díol ghnó Toremar chuig Moby faoi réir CBL, ní bhféadfadh an díolúine cánach buntáiste i ndáil le CBL a bhronnadh ar Toremar. Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire go sonraítear go soiléir i gconradh díolacháin ghnó Toremar go bhfuil ar an gceannaitheoir, i.e. Moby, íoc as na costais uile a bhaineann leis an ndíol (i.e. táillí clárúcháin, costais nótaire, táillí clárúcháin chlár talún etc.), gan aon tagairt do dhíolúine atá ag Moby maidir leis na costais sin. A mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin chorparáide, measann an Coimisiún nach mbeadh feidhm ag cáin den sórt sin ach maidir le toradh an díola. Sa chás sin, áfach, cheannaigh Moby Toremar ó Réigiún na Tuscáine, rud a chiallaíonn gurb caiteachas é an t-idirbheart sin le haghaidh Moby agus mar thoradh air sin, ní bhféadfadh aon cháin chomparáide a bheith dlite. Dá bhrí sin, níl feidhm ag an mbeart sin maidir le Moby. Measann an Coimisiún, i bhfianaise a bhfuil thuas, nár bhain Toremar ná Moby tairbhe as na díolúintí fioscacha sin.

(280)

Ar na cúiseanna sin, ní Státchabhair aon cheann de na díolúintí cánach a luaitear de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

6.1.3.3.   An fhéidearthacht a bhaineann le hacmhainní FAS a úsáid chun freastal ar riachtanais leachtachta

(281)

I gCinntí 2011 agus 2012, luaigh an Coimisiún an fhéidearthacht go mbainfeadh na hiarchuideachtaí den Ghrúpa Tirrenia úsáid as acmhainní FAS d’fhonn riachtanais leachtachta reatha a shásamh. Mar sin féin, i gcaitheamh nós imeachta an imscrúdúcháin fhoirmiúil, shoiléirigh an Iodáil nach raibh na hacmhainní FAS ceaptha dá n-úsáid mar chúiteamh breise le haghaidh Toremar nó Moby (nó d’aon chuideachta den iar-Ghrúpa Tirrenia ná a sealbhóirí faoi seach). Ina ionad sin, cuireadh na hacmhainní sin ar fáil mar fhorlíonadh ar na leithreasuithe buiséid chun na cúitimh sheirbhíse poiblí a íoc le cuideachtaí den iar-Ghrúpa Tirrenia, dá dtarlódh sé nár leordhóthanach na leithreasuithe buiséid sin. Go deimhin, cumasaíodh na réigiúin le hAirteagal 1, mír 5-ter de Dhlí 2010, chun úsáid a bhaint as na hacmhainní FAS le cúiteamh seirbhíse poiblí tráthrialta a chistiú nó cuid de, agus dá réir chun leanúnachas na seirbhísí poiblí muirí a áirithiú. I bhfocail eile, ní bhaineann an beart seo ach amháin le leithdháileadh acmhainní i mbuiséad na hIodáile chun cúiteamh seirbhíse poiblí a íoc.

(282)

I bhfianaise an mhéid thuas, is é cinneadh an Choimisiúin é nach bhfuil na hacmhainní FAS ach ina bhfoinse chistithe chun ligean don Stát na cúitimh sheirbhíse poiblí a íoc (a dheonaítear ar bhonn an Choinbhinsiúin tosaigh fhadaithe) agus nach ionann iad agus beart ar féidir le Toremar tairbhiú de anuas ar na cúitimh sheirbhíse poiblí sin. Dá bhrí sin, ní Státchabhair í úsáid fhéideartha acmhainní FAS de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

6.1.4.   An chonclúid maidir le cabhair a bheith ann

(283)

Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, suíonn an Coimisiún:

—

an cúiteamh le Toremar ar oibriú na mbealaí muirí sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2009 agus an 1 Eanáir 2012, is Státchabhair é sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE;

—

comhlíonann dámhachtain an chonartha seirbhíse phoiblí don tréimhse idir an 2 Eanáir 2012 agus an 31 Nollaig 2023, arna chur ar tairiscint in éineacht le gnó Toremar, agus an tosaíocht feistithe do Moby/Toremar, na ceithre choinníoll de chuid Altmark, agus is amhlaidh dá réir nach Státchabhair í de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE;

—

Níor úsáideadh cistí Toremar le haghaidh uasghrádaithe long chun críoch leachtachta agus dá bhrí sin ní Státchabhair le Toremar iad de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE;

—

Maidir leis na díolúintí fioscacha a bhaineann le próiseas príobháidithe Toremar agus an fhéidearthacht acmhainní FAS a úsáid chun éilimh leachtachta a shásamh, mar a leagtar síos le Dlí 2010, ní Státchabhair le Toremar iad de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

6.2.   Dlíthiúlacht na cabhrach

(284)

Cuireadh an beart cabhrach dá dtagraítear sa Chinneadh seo i bhfeidhm sula bhfuarthas aon fhaomhadh foirmiúil ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, a mhéid nach raibh an beart cabhrach díolmhaithe ó fhógra a thabhairt de réir Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005 nó Cinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, dheonaigh an Iodáil an beart cabhrach sin de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE (86).

6.3.   Comhoiriúnacht cabhrach

(285)

Ní mór measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an bhirt chabhrach a aithnítear thuas i bhfianaise Airteagal 106(2) CFAE.

6.3.1.   Fadú an Choinbhinsiúin tosaigh idir Toremar agus an Iodáil

6.3.1.1.   Rialacha is infheidhme

(286)

Rinneadh an Coinbhinsiún tosaigh a shíneadh i ndiaidh dheireadh 2008 le gníomhartha dlíthiúla ina dhiaidh sin, mar seo a leanas:

(a)

Le Dlí Foraithne Uimh. 207 an 30 Nollaig 2008, arna thiontú sa Dlí Uimh. 14 an 27 Feabhra 2009, leagtar síos fadú na gCoinbhinsiún tosaigh ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 31 Nollaig 2009;

(b)

Le Dlí Foraithne Uimh. 135 an 25 Meán Fómhair 2009, arna thiontú sa Dlí 2009, leagtar síos inter alia fadú na gCoinbhinsiún tosaigh ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meán Fómhair 2010;

(c)

Le Dlí Foraithne Uimh. 125/2010 an 5 Lúnasa 2010, arna thiontú sa Dlí ó 2010, inar foráladh maidir le síneadh breise leis na Coinbhinsiúin tosaigh idir an 1 Deireadh Fómhair 2010 agus deireadh an phróisis phríobháidithe ar Tirrenia agus Siremar.

(287)

In aghaidh an chúlra sin, tugann an Coimisiún dá aire gurbh ann do dheonú an chúitimh seirbhíse poiblí de réir fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh roimh theacht i bhfeidhm Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 agus Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011. Faightear rialacha i bpacáiste maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, áfach, -in Airteagal 10 de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ó 2011 agus i mír 69 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ó 2011-rialacha lena bhforáiltear maidir lena chur i bhfeidhm freisin ar chabhair a deonaíodh sular tháinig pacáiste maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 i bhfeidhm an 31 Eanáir 2012. Go háirithe, foráiltear in Airteagal 10(b) de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 maidir le:

“haon chabhair a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo [i.e., roimh an 31 Eanáir 2012] nach raibh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná nach raibh díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt i gcomhréir le Cinneadh 2005/842/CE ach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo; beidh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt roimh ré.”.

(288)

Maidir le Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, sonraítear i mír 68 agus mír 69 den Chreat sin go gcuirfidh an Coimisiún na prionsabail a leagtar amach sa Chreat i bhfeidhm ar gach tionscadal cabhrach dá dtugtar fógra, gan beann ar tugadh fógra roimh nó ina dhiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chreata sin ar an 31 Eanáir 2012, agus freisin ar gach cabhair neamhdhleathach ar a ndéanann sé cinneadh tar éis an 31 Eanáir 2012, fiú má deonaíodh an chabhair sin roimh an 31 Eanáir 2012. Sa dara cás, ní hinfheidhme iad forálacha mhíreanna 14, 19, 20, 24, 39 agus 60 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(289)

Dá thoradh sin, ciallaítear leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta mar a thuairiscítear thuas gur féidir an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Toremar i rith tréimhse an fhadaithe a mheasúnú de bhun Phacáiste 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Má chomhlíontar na coinníollacha ábhartha i gceachtar de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, ná Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, tá an beart cabhrach sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach go ceann na tréimhse iomláine idir an 1 Eanáir 2009 agus an 1 Eanáir 2012 (87).

(290)

Tugann an Coimisiún dá aire nach infheidhme araon iad Cinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005, a tháinig i bhfeidhm an 19 Nollaig 2005, agus Cinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ach amháin i gcás Státchabhrach i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí ar naisc mhuirí le hoileáin nár sháraigh an meánlíon paisinéirí bliantúil i rith an 2 bhliain airgeadais roimh an gceann inar sannadh an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 300 000 paisinéir. Mar sin féin, sholáthair an Iodáil na meán-sonraí le haghaidh na cúig bealach le chéile, agus ní ar leithligh de réir an bhealaigh, le cur in iúl nár sháraigh an líon paisinéirí ar na bealaí uile sin a d’fheidhmigh Toremar faoin gCoinbhinsiún tosaigh, arna fhadú, an tairseach 300 000 paisinéir ar an meán in aghaidh na bliana, sna blianta 2010 agus 2011. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht an chúitimh seirbhíse poiblí a íocadh le Toremar de réir fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh go dtí an 1 Eanáir 2012, ar bhonn Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005 ná ar bhonn Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011.

(291)

Dá dhroim sin, ba ghnách go dtiocfadh comhoiriúnacht an chúitimh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Toremar amhail 2009 agus go dtí críochnú an phróisis phríobháidithe faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(292)

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Toremar le linn na tréimhse fadaithe le coinníollacha Creat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, cé is moite de na coinníollacha i míreanna 9, 14, 19, 20, 24, 39 agus 60 de.

6.3.1.2.   Fíorsheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106 CFAE

(293)

De réir mhír 12 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, “ní foláir an chabhair a dheonú d’fhíorsheirbhís ar seirbhís atá sainithe i gceart í mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 106(2) den Chonradh”. Soiléirítear i Mír 13 nach féidir le “Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a cheangal le seirbhís a chuireann gnóthais a fheidhmíonn faoi ghnáthdhálaí margaidh ar fáil cheana féin nó arbh fhéidir le gnóthais a chur ar fáil ar bhealach sásúil agus faoi choinníollacha, amhail praghas, saintréithe cáilíochta oibiachtúla, leanúnacha agus rochtain ar an tseirbhís, comhsheasmhach le leas an phobail, mar a shainíonn an Stát. Maidir leis an gceist an bhféadfadh an margadh seirbhís a sholáthar, tá measúnú an Choimisiúin teoranta do sheiceáil a dhéanamh ar cibé acu atá, nó nach bhfuil, sainmhíniú an Stáit curtha ó bhail mar gheall ar earráid fhollasach, ach amháin má sholáthraítear caighdeán níos doichte le forálacha dhlí an Aontais”. Ar deireadh, tagraíonn mír 56 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, do “lamháil leathan discréide an Bhallstáit” maidir le cineál na seirbhísí a bhféadfaí a aicmiú mar sheirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(294)

Ní mór an measúnú ar cibé atá, nó nach bhfuil, seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta fíor, a dhéanamh i bhfianaise Theachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (féach aithris (186) agus aithris (200)), an Rialachán Cabatáiste Muirí (féach aithrisí (188) go (190)) agus an chásdlí (féach aithrisí (192) go (193)). Dá bhrí sin, ní mór don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an méid seo a leanas maidir leis an tréimhse fadaithe:

(a)

An raibh, nó nach raibh, éileamh ó úsáideoirí ann;

(b)

An raibh, nó nach raibh, na hoibreoirí margaigh in ann an t-éileamh sin a shásamh in éagmais oibleagáid a fhorchuireann na húdaráis phoiblí (teip mhargaidh a bheith ann);

(c)

Bhí comhairle maidir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí amháin neamhleor chun an easpa sin a leigheas (an cur chuige lena mbaineann an dochar is lú).

(295)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na bealaí seirbhíse poiblí a d’fheidhmigh Toremar le linn na tréimhse fadaithe mar an gcéanna leis na seirbhís a cuireadh ar iontaoibh Moby/Toremar faoin gconradh seirbhíse poiblí nua, ach amháin, maidir leis na seoltaí, gurbh é cúig an líon bealaí le linn na tréimhse fadaithe (féach aithris (36)), ach gur cuireadh nasc breise amháin leis an gconradh seirbhíse poiblí, is é sin, bealach chuig oileán Giannutri (Líne A5). Anuas air sin, thug an Coimisiún tuairisc agus rinne sé measúnú cheana féin ar an staid iomaíoch ar na bealaí sin le linn na tréimhse sínithe. In aghaidh an chúlra sin, beidh an measúnú seo a leanas ag brath ar, agus tagróidh sé do, chodanna den mheasúnú a rinneadh le haghaidh an conradh seirbhíse poiblí a luaitear thuas (féach roinn 6.1.2.1).

(296)

In aghaidh an chúlra sin, meabhraíonn an Coimisiún ar dtús (féach aithris (123)) gur fhorchuir an Iodáil na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a leagtar síos sa Choinbhinsiún tosaigh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh go príomha (i) leis an leanúnachas críche idir an mhórthír agus na hoileáin a áirithiú agus (ii) le rannchuidiú le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann, trí mheán seirbhísí iompair mhuirí tráthrialta agus iontaofa. Mheas an Coimisiún cheana féin (féach aithris (195)) gur cuspóirí leas an phobail iad sin.

(297)

D’fhonn an fíoréileamh ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí muirí lena mbaineann a thaispeáint, chuir an Iodáil (féach táblaí 9 agus 10) staidreamh mionsonraithe ina léirítear gur iompair Toremar, sa in 2009, le linn na chéad bhliana den síneadh, 1 622 876 phaisinéir agus 347 935 fheithicil ar na cúig bhealach seirbhíse poiblí measctha ar an iomlán le linn na tréimhsí ama faoi seach a chumhdaítear leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. Bhí na figiúirí sin ní b’ísle in 2010 (1 462 570 paisinéir agus 317 488 feithicil) agus in 2011 (1 437 613 phaisinéir agus 294 433 fheithicil).

Bliain

Líne A1

Líne A2

Mearlíne A2

Líne A3

Líne A4

Líon iomlán paisinéirí

2009

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

1 622 876

2010

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

1 462 570

2011

[…]

[…]

[…]

[…]

[…]

1 437 613

Tábla 9 – Staidreamh ar phaisinéirí le haghaidh na blianta 2009-2011

Bliain

Líne A1

Líne A2

Mearlíne A2

Líne A3

Líne A4

Líon iomlán paisinéirí

2009

[…]

[…]

 

[…]

[…]

347 935

2010

[…]

[…]

 

[…]

[…]

317 488

2011

[…]

[…]

 

[…]

[…]

294 433

Tábla 10 – Staidreamh ar fheithiclí le haghaidh na blianta 2009-2011

(298)

Ar an iomlán, léirítear sna figiúirí go raibh éileamh ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí farantóireachta suntasach agus sách seasta, agus nár soláthraíonn aon eolas san anailís le haghaidh na blianta 2009-2011 go n-imeodh an t-éileamh sin. Thaispeáin an Coimisiún cheana féin go raibh éileamh suntasach ann ó úsáideoirí le haghaidh na seirbhísí muirí le haghaidh na tréimhse 2012 ar aghaidh (féach aithris (198)).

(299)

Féadfar an chonclúid a dhéanamh dá bhrí sin go bhfreastalaíonn na seirbhísí sin ar fhíoréileamh ó úsáideoirí agus gur shásaigh siad fíor-riachtanais a bhí ag an bpobal.

(300)

Mar a mhínítear faoi aithris (200), ní mór don Choimisiún scrúdú a dhéanamh le meas an mbeadh soláthar na seirbhíse neamhleor dá d’fhágfaí a sholáthar faoi fhórsaí an mhargaidh amháin i bhfianaise na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchuireann an Ballstát de bhua sínithe leis an gCoinbhinsiún tosaigh. Chuige sin, luaitear i mír 48 de Theachtaireacht maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta go bhfuil “measúnú an Choimisiúin chuige sin teoranta do sheiceáil cibé a rinne, nó nach ndearna, Ballstát earráid fhollasach”.

(301)

Tugann an Coimisiún dá aire, maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 1 Eanáir 2012, ar roinnt de na bealaí a d’oibrigh Toremar faoin síneadh leis an gCoinbhinsiún tosaigh, gur chuir oibreoirí farantóireachta eile seirbhísí ar fáil ach nár cuireadh iad na seirbhísí sin ar fáil ó cheann go ceann na bliana ná leis an minicíocht chéanna. Rinne an Coimisiún measúnú cheana in aithrisí (201) go (207) ar gach ceann de na bealaí a chuir oibreoirí eile ar fáil i gcomparáid leo siúd a raibh ar Moby/Toremar a sholáthar faoin gconradh seirbhíse poiblí nua agus déanfaidh sé an measúnú sin i ndáil le gach ceann de na bealaí lena mbaineann. Meabhraíonn an Coimisiún go raibh an measúnú sin bunaithe ar an gcás iomaíoch ar na bealaí sin idir an 1 Eanáir 2009 agus an 1 Eanáir 2012. Ós rud é go bhfuil na seirbhísí a bhfuil ar Moby/Toremar a fheidhmiú beagnach comhionann leis na seirbhísí a raibh ar Toremar a fheidhmiú le linn na tréimhse fadaithe, i dtéarmaí na bealaí a chuirtear ar fáil, na minicíochtaí agus na ceanglais theicniúla, tá an chonclúid a rinne an Coimisiún (féach aithris (207)) go raibh na fórsaí margaidh neamhleor chun freastal ar riachtanais seirbhísí an phobail bailí fós maidir le Toremar le linn na tréimhse fadaithe iomláine. Go deimhin, ar roinnt bealaí ba é Toremar an t-aon oibreoir agus ar bhealaí eile ní raibh na seirbhísí a chuir na hiomaitheoirí eile ar fáil comhionann i dtéarmaí leanúnachais, minicíochta, toillte agus cáilíochta agus dá bhrí sin níos shásaigh siad na riachtanais seirbhíse an phobail a forchuireadh ar Toremar de bhun an Choinbhinsiúin tosaigh (arna fhadú) ina n-iomláine.

(302)

Ar deireadh, i bhfianaise an phríobháidithe bheartaithe agus chun leanúnachas na seirbhísí poiblí a bhí á bhfeidhmiú faoin gCoinbhinsiún tosaigh, chinn an Iodáil síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún sin gan é a athrú agus faoi réir an athraithe ar mhodheolaíocht cúitimh is infheidhme ó 2010 ar aghaidh). Glacann an Coimisiún leis nach mbeifí in ann freastal ar an éileamh sin ó úsáideoirí (mar a thuairiscítear air in aithrisí (297) go (299)) trí oibleagáidí seirbhíse poiblí a bheadh infheidhme maidir leis na hoibreoirí uile a chuireann na bealaí ar fáil a fhorchur. Go háirithe, ar roinnt bealaí ba é Toremar an t-aon oibreoir (féach aithris (202)) agus i gcásanna nach raibh sé ar an aon oibreoir, níor chomhlíon an tseirbhís a chuireann na hoibreoirí eile ar fáil (gach ceann de) na ceanglais a bhaineann le minicíocht, leanúnachas agus cáilíocht. Thairis sin, ní ghintear brabús ag riar an chuid is mó, (nó aon cheann fiú) de na bealaí, go háirithe le linn an tséasúir chiúin, agus ní dócha go riarfaí iad ar chor ar bith murach cúiteamh seirbhíse poiblí. Anuas air sin, glacann an Coimisiún leis, i bhfianaise an phróisis chun Toremar a phríobháidiú, ba é síneadh a chur leis an gconradh seirbhíse poiblí a bhí ann cheana an t-aon bhealach le leanúnachas na seirbhísí poiblí a ráthú go dtí go gcuirfear an príobháidiú sin i gcrích.

(303)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach ndearna an Iodáil earráid fhollasach nuair a bhí na seirbhísí a cuireadh ar iontaoibh Toremar á sainiú aici mar sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Dá réir sin, faightear réidh leis an amhras a chuir an Coimisiún in iúl i gCinntí 2011 agus 2012.

6.3.1.3.   Gá le haghaidh gníomhartha iontaoibhe ina sonraítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí agus na modhanna chun cúiteamh a ríomh

(304)

Mar a léiríodh i roinn 2.3 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Airteagal 106 CFAE ciallaíonn an choincheap de sheirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta go cuireadh oibriú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar iontaoibh an ghnóthais lena mbaineann trí bhíthin gníomh oifigiúil amháin nó níos mó ná gníomh oifigiúil amháin.

(305)

Ní mór do na gníomhartha sin an méid seo a leanas a shonrú ach go háirithe:

—

Cineál beacht na hoibleagáide seirbhíse poiblí agus an fad a bhaineann léi

—

An gnóthas agus na críocha lena mbaineann;

—

Nádúr na gceart eisiach;

—

Na paraiméadair chun an chúiteamh a ríomh, a rialú agus a athbhreithniú;

—

Na socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a aisíoc.

(306)

Ina Chinntí ó 2011 agus 2012, chuir an Coimisiún imní in Iúil gur foráladh maidir le sainmhíniú chuimsitheach ar nádúr oibleagáidí seirbhíse poiblí Toremar le linn na tréimhse fadaithe sa ghníomh iontaoibhe. Thairis sin, leag an Coimisiún béim ar an bhfíric nár glacadh le haon phlean 5 bliana le haghaidh na tréimhsí 2000–2004 ná 2005–2008 mar a leagadh síos leis an gCoinbhinsiún tosaigh. Dá ainneoin sin, mheabhraigh an Coimisiún freisin go bhféadfaí gnéithe difriúla den chur ar iontaoibh a chur i roinnt gníomhartha gan amhras a thabhairt ar chuibhiúlacht an tsainithe ar na hoibleagáidí. Le linn na tréimhse sínithe, bhí an Coinbhinsiún tosaigh (arna leasú agus arna shíneadh le himeacht ama), na pleananna 5 bliana a chumhdaigh na tréimhsí 1990–1994 agus 1995–1999, agus sraith de chinntí ad hoc a rinne an Iodáil, Treoir CIPE agus Dlí 2009, mar chuid de ghníomh iontaoibhe Toremar.

(307)

In aghaidh an chúlra sin, tugann an Coimisiún dá aire i dtosach gur fhan an Coinbhinsiún tosaigh (arna leasú le himeacht ama), atá i gcroílár ghníomh iontaoibhe Toremar, infheidhme ina iomláine ar bhonn shraith Dhlíthe Foraithne (féach aithris (286)) go dtí gur cuireadh an príobháidiú i gcrích. Sonraítear sna gníomhartha dlí sin gur cuireadh oibleagáidí seirbhíse poiblí ar iontaoibh Toremar go dtí go gcuirfear a phríobháidiú i gcrích.

(308)

De réir an Choinbhinsiúin tosaigh, sonraítear sna pleananna 5 bliana na bealaí agus na calafoirt atá le seirbheáil, an cineál agus toilleadh na soithí atá le húsáid le haghaidh na naisc mhuirí atá i gceist, minicíocht na seirbhíse agus na táillí atá le híoc, lena n-áirítear táillí fóirdheonaithe, go háirithe le haghaidh cónaitheoirí na réigiún oileánach. Cé nár glacadh na pleananna le haghaidh na tréimhsí 2000-2004 agus 2005-2008 go foirmiúil, leanadh den phlean don tréimhse 1995-1999 (ar thacaigh Foraithne Aireachta an 14 Bealtaine 1996 leis) le bheith infheidhme gan aon athrú a mhéid a bhaineann le raon feidhme na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí. Dá bhrí sin, lean forálacha an phlean sin le bheith infheidhme ina n-iomláine le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2009 go dtí an 2 Eanáir 2012. Roimh 2009, leasaíodh an scéim táille bhunaidh dá bhforáiltear sa Choinbhinsiún tosaigh le roinnt gníomhartha ina dhiaidh sin. Mar sin féin, i gcaitheamh na tréimhse sínithe iomláine, níor eisíodh aon Fhoraithne Idir-Aireachta chun na táillí atá le gearradh ag cuideachtaí an iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar, a leasú a thuilleadh. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gur sainíodh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a raibh ar Toremar a chomhlíonadh le linn na tréimhse fadaithe sainithe ar bhealach a bhí soiléir go leor.

(309)

Thug an Coimisiún dá aire cheana féin in aithris 239 agus aithris 240 de Chinneadh 2011 gur suíodh roimh ré na paraiméadair ba ghá chun an méid cúitimh a ríomh agus go dtugtar tuairisc shoiléir orthu. Go háirithe, maidir leis an mbliain 2009, tá liosta praghais uileghabhálach agus beacht de na gnéithe costais atá le cur san áireamh chomh maith leis an modheolaíocht chun an toradh ar chaipiteal a infheistíonn an t-oibreoir a ríomh, le fáil sa Choinbhinsiún tosaigh (féach aithris (42) agus aithris (44)). Maidir leis na blianta 2010 agus 2011, leagtar an mhodheolaíocht ábhartha amach i dTreoir CIPE (féach aithrisí (41) go (55)). Go sonrach, sonraítear i dTreoir CIPE sonraí na ngnéithe costais a cuireadh san áireamh agus an toradh ar chaipiteal a infheistíodh. Ar deireadh, áirithítear le Dlí 2009 uasmhéid chúitimh de EUR 13 005 441 a bhfuil feidhm leis ó 2010 ar aghaidh. Thairis sin, leagadh síos sa Choinbhinsiún tosaigh go n-íocfar an cúiteamh ina thráthchodanna agus áirithíodh leis go mbeadh an cúiteamh bunaithe ar chostais agus ioncaim iarbhír a taibhíodh chun an tseirbhís phoiblí a sheachadadh. Sa bhealach sin, d’fhéadfaí róchúiteamh a aithint agus a sheachaint go héasca. I gcás inarb infheidhme, d’fhéadfadh an Stát an róchúiteamh sin a fháil ar ais ó Toremar.

(310)

Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún, maidir leis an tréimhse fadaithe den Choinbhinsiún tosaigh, gur leagadh síos sainmhíniú soiléir ar na hoibleagáidí seirbhíse poiblí, an fad, an gnóthas agus tasc agus na críocha lena mbaineann, na paraiméadair chun an cúiteamh a ríomh, a rialú agus a athbhreithniú agus na socruithe chun aon róchúiteamh a sheachaint agus a íoc ar ais, sna gníomhartha iontaoibhe, mar a éilítear faoi Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011.

6.3.1.4.   Fad na tréimhse fadaithe

(311)

Mar a léirítear i mír 17 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, “ba cheart údar cuí, le tagairt do chritéir amhail an gá le sócmhainní seasta neamh-inaistrithe a amúchadh, a bheith le fad na tréimhse iontaoibhe. I bprionsabal, níor cheart do fhad na tréimhse fadaithe a bheith níos faide ná an tréimhse a theastaíonn le haghaidh dímheasa ar na sócmhainní is suntasaí chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar.”.

(312)

Chuir an Iodáil in iúl gur socraíodh an síneadh agus an tréimhse a theastaíonn le haghaidh dímheasa na sócmhainní a úsáidtear chun an tseirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar mar thagairt dó. Go háirithe, is é beagán níos mó ná 22 bhliain fad iomlán an Choinbhinsiúin tosaigh arna fhadú. Is iad soithí na sócmhainní is suntasaí a theastaíonn chun an tseirbhís phoiblí a sholáthar. De ghnáth baineann tréimhse dímheasa fada le soithí a úsáidtear le haghaidh seirbhísí farantóireachta agus d’fhéadfadh an tréimhse a bheith ní b’fhaide ná 25 bliana.

(313)

Chuir an Iodáil luach dímheasa shoithí Toremar don tréimhse 2009-2011 ar fáil don Choimisiún. Tugann an Coimisiún dá aire, gur, tráth fadaithe an Choinbhinsiúin tosaigh, dímheasadh cúig as ocht soitheach ina n-iomláine cheana féin, ach nár dímheasadh na trí shoitheach eile, agus bhain meánaois de 21,5 bliain d’aois leo.

(314)

Mar sin féin, bhí tréimhse dímheasa don chuid is mó de na soithí a úsáideann Toremar thart le linn shíneadh an Choinbhinsiúin tosaigh, tugann an Coimisiún dá aire go raibh gá leis an tréimhse 3 bliana chun leanúnachas na seirbhíse poiblí a áirithiú go dtí go gcuirfear críoch leis an bpróiseas príobháidithe. Agus meánaois na soithí eile nach bhfuil a luach dímheasta go hiomlán go fóill agus meánfhad dímheasta na soithí a úsáidtear le haghaidh seirbhísí farantóireachta á gcur san áireamh anuas air sin, measann an Coimisiún go bhfuil údar leordhóthanach le fad an ghnímh iontaoibhe agus go gcomhlíontar mír 17 de Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

6.3.1.5.   Comhlíontacht le Treoir 2006/111/CE

(315)

De réir mhír 18 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011, “ní mheasfar cabhair a bheith chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) den Chonradh ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an gnóthas, i gcás inarb infheidhme, Treoir 2006/111/CE” ón gCoimisiún maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir Ballstáit agus gnóthais phoiblí chomh maith le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (88).

(316)

Thairis sin, éilítear an méid seo a leanas i mír 44 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011: “I gcás ina dtugann gnóthas faoi ghníomhaíochtaí atá laistigh agus lasmuigh de raon feidhme seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ní mór go léirítear ar leithligh sna cuntais inmheánacha na costais agus na hioncaim a bhaineann le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus siúd a bhaineann leis na seirbhísí eile i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i mír 31.”.

(317)

Dheimhnigh an Iodáil nár thug Toremar faoi ghníomhaíochtaí ach chun seirbhísí poiblí a sholáthar faoin gCoinbhinsiún tosaigh amháin.

(318)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfuil feidhm ag mír 18 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

6.3.1.6.   Méid an chúitimh

(319)

Luaitear i mír 21 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta “[…] níor cheart don mhéid cúitimh a bheith níos airde ná an méid is gá chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a sheachadadh, lena n-áirítear brabús réasúnach”.

(320)

Sa chás idir lámha, ós rud é gurb ionann cuid den chúiteamh agus cabhair mhídhleathach a deonaíodh sular tháinig sí i bhfeidhm, foráiltear go sonrach i mír 69 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta maidir le modheolaíocht an ghlanchostais sheachanta nach gá a úsáid chun críoch an mheasúnaithe Státchabhrach. Seachas sin, féadfar modhanna malartacha a úsáid chun an glanchostas is gá chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a sheachadadh a ríomh, cuir i gcás an mhodheolaíocht bunaithe ar leithdháileadh costais. Faoin dara modheolaíocht sin, ríomhfadh an glanchostas mar an difear idir na costais agus na hioncaim atá ag soláthraí ainmnithe chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, mar a shonraítear agus a mheastar sa ghníomh iontaoibhe. Leagtar amach go mionsonrach i míreanna 28 go 38 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta an chaoi ar cheart an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm.

(321)

Ina Chinneadh ó 2011 agus 2012, ní raibh an Coimisiún in an a mheas an raibh an méid cúitimh ó 2009 ar aghaidh comhréireach, agus tá amhras aige fós maidir le cáiliú roinnt de na seirbhísí poiblí a cuireadh ar iontaoibh Toremar mar fíor seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta. Tugadh aghaidh ar an amhras sin i roinn 6.3.1.2 agus measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil an cúiteamh a deonaíodh do Toremar le haghaidh 2009 a bheith comhréireach agus comhoiriúnach le hAirteagal 106 CFAE. Sholáthair an Iodáil an ríomh don mhéid cúitimh le haghaidh 2009 (i.e. EUR 13 572 035) a cinneadh ar bhonn an mhodheolaíocht a leagtar síos sa Choinbhinsiún tosaigh agus chomhfhreagair sé do ghlanchaillteanas carntha maidir leis na seirbhísí a oibríodh faoi chóras na seirbhíse poiblí, ar cuireadh méid athraitheach leis a chomhfhreagair don toradh ar chaipiteal infheistithe (i.e. EUR 301 000).

(322)

Chuir an Coimisiún amhras in iúl maidir leis an bpréimh riosca de 6,5 % freisin, ar cuireadh é i bhfeidhm ó 2010 ar aghaidh. Go háirithe, cheistigh an Coimisiún cé acu atá an phréimh sin ina léiriú ar leibhéal iomchuí riosca nó nach bhfuil ag cur san áireamh nár dhealraigh sé prima facie gur ghlac Toremar chuige féin na rioscaí a ghlacann oibreoir chuige féin de ghnáth in oibriú na seirbhísí sin.

(323)

Chuirfeadh préimh riosca de 6,5 % i bhfeidhm chun an toradh ar chaipiteal a ríomh ag úsáid foirmle WACC. Mar sin féin, mar a míníodh cheana in aithris (133)), shoiléirigh an Iodáil gur cinneadh an ríomh a shimpliú trí 6,9 % a chur i bhfeidhm mar ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal le haghaidh na blianta 2010 agus 2011 mar gheall gur chuir Dlí 2009 uasteorainn le méid tairisceana an chúitimh.

(324)

Sa chomhthéacs sin, ar bhonn na cuntais de réir bealaigh a chuir an Iodáil isteach agus mar a chomhiomlánaítear i dtábla 11, bhí an Coimisiún in ann a fhíorú, maidir le 2010 agus 2011 le chéile, go raibh an cúiteamh seirbhíse poiblí EUR 2 200 ní b’ísle ná glanchostas na seirbhíse lena n-áirítear an ráta comhréidh toraidh de 6,9 % ar chaipiteal:

Cúraimí seirbhíse poiblí Toremar

2010

2011

Comhiomlán

Ioncaim iomlána

EUR 21 241 542

EUR 20 097 049

EUR 41 338 591

- Costais iomlána

EUR 35 410 421

EUR 35 218 639

EUR 70 629 060

- Amúchtaí

EUR 1 064 158

EUR 985 207

EUR 2 049 365

= Glanchostas na seirbhíse poiblí

EUR 15 233 037

EUR 16 106 797

EUR 31 339 834

+ Toradh ar chaipiteal (6,9 %)

EUR 359 417

EUR 313 826

EUR 673 243

= Incháilithe le haghaidh cúitimh

EUR 15 592 454

EUR 16 420 623

EUR 32 013 077

+ An cúiteamh iarbhír

EUR 16 005 441

EUR 16 005 441

EUR 32 010 882

= Róchúiteamh/tearc-chúiteamh

EUR 412 987

EUR 415 182

EUR 2 195

Tábla 11 – Glanchostas na seirbhíse poiblí a fheidhmíonn Toremar don tréimhse 2010-2011

(325)

Éilítear i Mír 49 de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar Bhallstáit le háirithiú nach bhfaigheann gnóthais róchúiteamh (mar a shainítear i mír 47 den Chreat sin) mar thoradh ar an gcúiteamh a dheonaítear chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a fheidhmiú. I measc nithe eile, ní mór do Bhallstáit cruthúnas a sholáthar ar iarraidh ón gCoimisiún. Thairis sin, ní mór dóibh seiceálacha tráthrialta a dhéanamh, nó a áirithiú go ndéantar seiceálacha den sórt sin, ag deireadh na tréimhse iontaoibhe agus, in aon chás, ar eatraimh nach mó ná 3 bliana.

(326)

Rinne an Coimisiún measúnú cheana féin faoi Altmark 3, agus fuarthas go raibh an ráta comhréidh toraidh de 6,5 % ar chaipiteal a bhféadfadh Moby/Toremar a bheith ag súil leis ó pheirspictíocht ex ante i gcomhréir leis na riosca a ghlac sé agus na seirbhísí poiblí á bhfeidhmiú aige faoin gconradh seirbhíse poiblí (féach aithrisí (224) go (229)). Anuas air sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún gur úsáid an Iodáil ráta comhréidh i ndáil le toradh ar chaipiteal (a bhí socraithe ag 6,9 % le haghaidh na blianta 2010-2011) chun críoch an ríomh a shimpliú. Go deimhin, ina Chinneadh ó 2011, ghlac an Coimisiún gur socraíodh an ráta i ndáil le toradh ar chaipiteal le haghaidh 2010 9,95 % roimh cháin, ach mhínigh an Iodáil gurbh luach measta é sin chun críoch na nósanna imeachta tairisceana oscailte a bhí ar na bacáin i ndiaidh príobháidithe iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar (féach aithris (132)).

(327)

Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirtear san áireamh i dTreoir CIPE na luachanna margaidh áirithe is infheidhme in earnáil an chabatáiste mhuirí. Leagtar amach leis na costais incháilithe chun críoch oibleagáidí seirbhíse poiblí, chomh maith leis na prionsabail ríofa a bhaineann leis an ráta toraidh ar chaipiteal ar bhonn na faisnéise, coinníollacha agus rioscaí ábhartha don earnáil áirithe sin.

(328)

Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire maidir leis na blianta 2010 agus 2011, d’úsáid Réigiún na Tuscáine a chúlchistí féin chun an costas breise seirbhíse poiblí nach rabhthas in ann a chumhdach le buiséad an Stáit, mar thoradh ar laghdú sa líon paisinéirí mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais agus méadú sna costais bhreosla sa tréimhse sin (féach aithris (40)), a chumhdach. Dá bhrí sin, bhí Toremar neamhchosanta ar an riosca tráchtála a bhaineann le caillteanas substaintiúil ioncaim gan a bheith cinnte go gcumhdódh Réigiún na Tuscáine an caillteanas sin. Go deimhin, níor scaoileadh Réigiún na Tuscáine na cúlchistí ach tar éis a fhíorú go mionsonraithe na costais agus na hioncaim iarbhír a taibhíodh don tréimhse 2010-2011. Ina bhfianaise sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil toradh 6,9 % ar chaipiteal i gcomhréir leis na rioscaí a bhí i gceist.

(329)

Anuas air sin, mar a míníodh cheana in aithris (227) i gcomhthéacs measúnú a dhéanamh ar an gconradh seirbhíse poiblí nua faoi Altmark 3, rinne am Coimisiún amach go raibh an meántoradh ar chaipiteal a ghin grúpa tagarmhairc d’oibreoirí farantóireachta a sholáthraigh naisc san Iodáil nó idir an Iodáil agus Ballstáit eile in 2011 (agus in 2010) ní b’airde ná 6,5 % agus i gcásanna áirithe bhí sé ní b’airde ná 8 %. Dá bhrí sin, meastar go bhfuil toradh 6,9 % ar chaipiteal i gcomhréir leis na toraidh ar chaipiteal a breathnaíodh don ghrúpa tagarmhairc.

(330)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go bhfanann toradh ar chaipiteal ar chaipiteal ag 6,9 % le bheith ar leibhéal réasúnach.

(331)

Ar deireadh, chuir an Iodáil an fhianaise is gá ar fáil ina léirítear go ndearnadh na seiceálacha tráthrialta uile le háirithiú nár sháraigh an méid cúitimh glanchostas na seirbhíse. Anuas air sin, meabhraíonn an Coimisiún go n-íoctar an cúiteamh i dtráthchodanna (féach aithris (41)) agus go ndéantar an íocaíocht deiridh ar bhonn na gcostais agus na n-ioncam iarbhír don bhliain sin. Áirithíonn sé sin nach sáraíonn an méid cúitimh glanchostais na seirbhíse.

(332)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún nach raibh aon róchúiteamh mar thoradh ar an méid cúitimh a deonaíodh do Toremar le linn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh agus go gcomhlíontar na ceanglais infheidhme de roinn 2.8 den Chreat maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

6.3.1.7.   An tosaíocht feistithe

(333)

Sonraítear in Airteagal 19-ter, mír 21 de Dhlí 2009 gur gá tosaíocht feistithe chun leanúnachas críche leis na hoileáin a ráthú agus i bhfianaise oibleagáidí seirbhíse poiblí na gcuideachtaí den iar-ghrúpa Tirrenia, lena n-áirítear Toremar. Go deimhin, mura raibh aon tosaíocht feistithe ann le haghaidh cuideachtaí a gcuirtear oibleagáidí seirbhíse poiblí de chúram orthu, d’fhéadfadh go mbeadh orthu fanacht lena seal sula bhféadfaidís nascadh agus moill a chur leis an seoladh dá bharr, rud a chuirfeadh an chuspóir atá leis na hoibleagáidí, is é sin nascacht iontaofa agus áisiúil a áirithiú le haghaidh na tomhaltóirí, ar neamhní. Gan amhras, tá gá le hamchlár tráthrialta chun freastal ar riachtanais soghluaisteachta dhaonra na n-oileán agus chun cur le forbairt eacnamaíoch na n-oileán lena mbaineann. Thairis sin, ós rud é go bhfuil na bealaí seirbhíse poiblí socruithe ag an gCoinbhinsiún, is gá an tosaíocht feistithe le háirithiú go leithdháileann calafoirt na beartanna feistithe agus na hamanna feistithe ar bhealach a chuireann ar chumas an oibreora seirbhíse phoiblí a oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh.

(334)

In aghaidh an chúlra sin, measann an Coimisiún go raibh údar leis an mbeart sin le cur ar Toremar a oibleagáidí seirbhíse poiblí a fheidhmiú ar fhíorsheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (SGEI) iad (féach roinn 6.3.1.2). Thairis sin, dheimhnigh an Iodáil nach bhfuil an tosaíocht feistithe infheidhme ach maidir leis na seirbhísí a sholáthraítear faoin gcóras seirbhíse poiblí amháin.

(335)

Rinne an Coimisiún measúnú mionsonraithe cheana féin ar chomhoiriúnacht seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus an cúiteamh lena mbaineann le haghaidh Toremar le linn fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh (féach roinn 6.3.1). Measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhféadfadh a mheasúnú ar an tosaíocht feistithe a bheith teoranta dó a shuí an bhféadfadh, nó nach bhféadfadh, róchúiteamh a bheith mar thoradh ar an mbeart sin.

(336)

Aithníonn an Coimisiún na hargóintí a chuir an Iodáil ar aghaidh go mbeadh aon bhuntáiste airgeadais féideartha ón tosaíocht feistithe teoranta (féach aithris (137)). Mar thoradh air sin, bheadh an riosca a bhaineann le róchúiteamh ag eascairt as an mbeart teoranta freisin. Anuas air sin, a mhéid a laghdódh nó a mhéadódh an beart sin ioncaim an oibreora seirbhíse poiblí, léireofaí na héifeachtaí sin ina n-iomána i gcuntais inmheánacha an oibreora. Dá bhrí sin, tá na seiceálacha róchúitimh a cuireadh i bhfeidhm maidir le Toremar mar a thugtar tuairisc orthu i roinn 6.3.1.6 a bheith oiriúnach chun aon róchúiteamh féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an tosaíocht feistithe a aithint.

(337)

Measann an Coimisiún dá bhrí sin go bhfuil an tosaíocht feistithe, atá nasctha go dlúth leis an tseirbhís phoiblí a fheidhmíonn Toremar, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 106(2) CFAE agus le Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

6.3.1.8.   Conclúid

(338)

Bunaithe ar an measúnú in aithrisí (286) go (337), measann an Coimisiún go gcomhlíonann an cúiteamh a deonaíodh do Toremar chun na seirbhísí muirí a sholáthar faoi réir fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2010 agus an 1 Eanáir 2012 agus an tosaíocht feistithe na coinníollacha infheidhmithe de Chreat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta agus go bhfuil siad comhoiriúnach dá bhrí sin leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 106 CFAE.

6.3.2.   An chonclúid ar chomhoiriúnacht cabhrach

(339)

Ar bhonn an mheasúnaithe thuas, cinneann an Coimisiún go bhfuil an cúiteamh a deonaíodh do Toremar agus an tosaíocht feistithe chun na bealaí muirí a fheidhmiú le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2010 agus an 1 Eanáir 2012 comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 106 CFAE agus Creat 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

7.   CONCLÚID

(340)

Cinneann an Coimisiún gur chuir an Iodáil na bearta cabhrach atá faoi mheasúnú chun feidhme go neamhdhleathach de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. Ar bhonn an mheasúnaithe thuasluaite, chinn an Coimisiún go bhfuil an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Toremar faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 106 CFAE. Thairis sin, ós rud é go bhfuil an tosaíocht feistithe nasctha go dlúth le feidhmiú na seirbhíse lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ag Toremar, tá an beart sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach freisin faoi Airteagal 106 CFAE.

(341)

Thairis sin, cinneann an Coimisiún nach Státchabhair iad na bearta seo a leanas de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE:

(1)

an cúiteamh a deonaíodh do Toremar chun seirbhísí muirí a sholáthar faoin gconradh seirbhíse nua í don tréimhse idir an 2 Eanáir 2012 agus an 31 Nollaig 2023, arna chur ar tairiscint in éineacht le gnó Toremar, agus an tosaíocht feistithe do Moby/Toremar, na ceithre choinníoll de chuid Altmark, mar chomhlíonann sé na ceithre chritéar de chuid Altmark;

(2)

An úsáid a bhain Toremar as cistí chun loing a uasghrádú, mar níor úsáideadh iad chun críoch leachtachta; agus

(3)

Na díolúintí fioscacha a bhaineann le próiseas príobháidithe Toremar agus an fhéidearthacht acmhainní FAS a úsáid chun éilimh leachtachta a shásamh, mar a leagtar síos le Dlí 2010.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An cúiteamh le Toremar agus an tosaíocht feistithe chun na seirbhísí muirí faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2009 agus an 1 Eanáir 2012, is Státchabhair é sin de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE. Chuir an Iodáil an chabhair do Toremar chun feidhme de shárú ar Airteagal 108(3) CFAE. Tá an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

Airteagal 2

Ní Státchabhair í dámhachtain an chonartha seirbhíse phoiblí don tréimhse idir an 2 Eanáir 2012 agus an 31 Nollaig 2023, arna chur ar tairiscint in éineacht le gnó Toremar, agus an tosaíocht feistithe do Moby/Toremar, de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

Airteagal 3

Níor úsáideadh na cistí a fuair Toremar le haghaidh uasghrádaithe long chun críoch leachtachta agus dá bhrí sin ní Státchabhair le Toremar iad de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

Airteagal 4

Maidir leis na díolúintí fioscacha a bhaineann le próiseas príobháidithe Toremar agus an fhéidearthacht acmhainní Fondo Aree Sottoutilizzate a úsáid chun éilimh leachtachta a shásamh, mar a leagtar síos le Dlí 2010, ní Státchabhair le Toremar iad de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE.

Airteagal 5

Tá an Cinneadh seo dírithe ar Phoblacht na hIodáile.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

Margrethe VESTAGER

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO C 28, 1.2.2012, lch. 18 agus IO C 84, 22.3.2013, lch. 58.

(2)  Bhí iar-Ghrúpa Tirrenia comhdhéanta de na cuideachtaí Tirrenia di Navigazione S.p.A., Adriatica S.p.A., Caremar — Campania Regionale Marittima S.p.A., Saremar — Sardegna Regionale Marittima S.p.A., Siremar — Sicilia Regionale Marittima S.p.A., agus Toremar — Toscana Regionale Marittima S.p.A.

(3)  Státchabhair — Poblacht na hIodáile — Státchabhair SA.32014 (2011/C) (ex 2011/NN), SA.32015 (2011/C) (ex 2011/NN), SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) — Státchabhair leis na cuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia - Iarratas chun barúlacha a thabhairt de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 28, 1.2.2012, lch. 18).

(4)  Státchabhair — Poblacht na hIodáile — Státchabhair SA.32014 (2011/C), SA.32015 (2011/C), SA.32016 (2011/C) — Státchabhair leis na cuideachtaí in iar-Ghrúpa Tirrenia agus lena bhfaighteoirí — Iarratas chun barúlacha a thabhairt de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 84, 22.3.2013, lch. 58).

(5)  Cinneadh (AE) 2018/261 ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 maidir leis na bearta SA.32014 (2011/C), SA.32015 (2011/C), SA.32016 (2011/C) arna gcur chun feidhme ag Réigiún na Sairdíne i bhfabhar Saremar (IO L 49, 22.2.2018, lch. 22).

(6)  Féach Breithiúnas an 6 Aibreán 2017 sa Chás T-219/14 Regione autonoma della Sardegna (an Iodáil) v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:266.

(7)  Tá Fintecna (Finanziaria per i Settori Industriale e dei Servizi S.p.A.) faoi úinéireacht iomlán Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile agus tá saineolas speisialta aige maidir le bainistíocht ar phróisis scairsheilbhe agus príobháidithe, chomh maith le bheith ag láimhseáil tionscadal chun cuideachtaí a bhfuil deacrachtaí tionsclaíocha, airgeadais nó eagraíochtúla acu a chuíchóiriú agus a athstruchtúrú.

(8)  Féach Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm maidir le hiompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí) (IO L 364, 12.12.1992) (“an Rialachán maidir le Cabatáiste Muirí”).

(9)  Cinneadh 2001/851/CE ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2001 maidir leis an Státchabhair arna deonú ag an Iodáil don chuideachta loingseoireachta Tirrenia di Navigazione (IO L 318, 4.12.2001, lch. 9).

(10)  Cinneadh 2005/163/CE ón gCoimisiún an 16 Márta 2004 maidir leis an Státchabhair arna híoc ag an Iodáil le cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (IO L 53, 26.2.2005, lch. 29).

(11)  Cásanna Uamtha T-265/04, T-292/04 agus T-504/04 Tirrenia di Navigazione v An Coimisiún, ECLI:EU:T:2009:48.

(12)  Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis an Státchabhair Uimh. C 64/99 (ex NN 68/99) arna cur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia) (IO L 332, 12.10.2020, lch. 1).

(13)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).

(14)  Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (11/C) (ex 11/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus le haghaidh a fhaighteora Compagnia Italiana di Navigazione (IO L 332, 12.10.2020, lch. 45).

(15)  Cuireadh an t-aistriú sin ar bhonn foirmiúil an 1 Meitheamh 2011.

(16)  Airteagal 19-ter, mír 10 de Dhlí 2009.

(17)  As a dtiocfadh EUR 19 839 226 ó Campania agus EUR 10 030 606 ó Lazio.

(18)  Orthu sin tá an íocaíocht iarchurtha a rinne CIN ar chuid de phraghas ceannaigh chun brainse gnó Tirrenia a fháil agus roinnt bearta cúnaimh breise a líomhnaítear i gcomhthéacs phríobháidiú bhrainse gnó Siremar (e.g. frithráthaíocht agus méadú ar chaipiteal ag an Stát do CdI, arb é an t-eintiteas é a fuair brainse gnó Siremar ar dtús).

(19)  Ní dhearnadh measúnú i gCinneadh 2014 ar an tionscadal Bonus Sardo — Vacanza, go háirithe, ar cuid de Bheart 7 é, agus ní dhéanfar measúnú air sa Chinneadh seo ach oiread.

(20)  Tar éis an 25 Samhain 2010, trí chinneadh na Comhdhála Idir-roinne maidir le bunú an fhóirdheontais bhliantúil a bunaíodh faoi Airteagal 11 de Dhlí Uimh. 856/1986 idir an Aireacht Bonneagair agus Iompair, an Aireacht Geilleagair agus Airgeadais, agus an Aireacht um Fhorbairt Eacnamaíoch (an “Chomhdháil Idir-roinne”), déantar aon tsuim ró-chúitimh a asbhaint as réamhíocaíochtaí fóirdheontais sa todhchaí.

(21)  Comitato Interministeriale per la Programmazione Economica.

(22)   Gazzetta Ufficiale della Repubblica Italiana, (“GURI”) Uimh. 50 an 28 Feabhra 2008.

(23)  Amhail de bhun Airteagal 1, litir 999 de Dhlí Uimh. 296 an 27 Nollaig 2006 agus Airteagal 1, litir e) de Dhlí Foraithne Uimh. 430/1997.

(24)  An ráta toraidh inmhianaithe d’infheisteoir cothromais i bhfianaise phróifíl riosca na cuideachta agus na sreabh airgid a bhaineann leis.

(25)   Bolletino Ufficiale della Regione Toscana (BURT) Uimh. 2, 13 Eanáir 2010.

(26)  GURI, Uimh. 4, 13 Eanáir 2010.

(27)  IO Uimh. S/9/010860/2010.

(28)   Corriere della Sera, Il Sole 24Ore, La Repubblica agus La Nazione.

(29)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(30)  I bhfianaise an mhéid ama a theastaigh le haghaidh an nós imeachta, ba é an bonn tuisceana a bhí le tuarascáil Fidi nárbh fhéidir na scaireanna a aistriú iarbhír roimh dheireadh 2010. Dá thoradh sin, ba ghá glanluach na sócmhainní de réir na leabhar mar a socraíodh an 30 Meitheamh 2010 a mhodhnú chun margadhluach na sócmhainní tráth an aistrithe iarbhír a chur san áireamh. Rinne saineolaí meastóireachta neamhspleách eile meastóireacht ar mhargadhluach na sócmhainní. Níor bhain an mheastóireacht sin le ríomh phraghas díolacháin scaireanna Toremar ach le ríomh luach shócmhainní Toremar.

(31)  De réir na hIodáile, foráladh in Airteagal 4 de Dhlí 2009 (féach aithris (26)) go dtabharfaidh Aireacht Airgeadais na hIodáile gealltanas chun a áirithiú go ndéanfar foráil, le linn an phróisis príobháidithe, le haghaidh “gealltanais ar thaobh cheannaitheoir Tirrenia SpA agus Siremar SpA aon fhiach atá ag Toremar SpA orthu a shocrú laistigh de 60 lá ó dháta an aistrithe”. Nuair a chuaigh Tirrenia faoi riarachán speisialta (i ndáil leis sin féach Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 i gcásanna SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus le haghaidh a fhaighteora Compagnia Italiana di Navigazione), chun go seachnófaí drochthionchar an phróisis phríobháidithe ar Toremar chuir Réigiún na Tuscáine an clásal seo san áireamh sa chonradh díolacháin á rá go mbraitheann íoc na coda den phraghas a chomhfhreagraíonn don éileamh ar an éileamh sin a bheith íoctha ag Tirrenia. Cuireadh rannpháirtithe uile an nós imeachta tairisceana ar an eolas faoin gclásal sin.

(32)  Ar bhonn na faisnéise is déanaí arna fáil ag an Iodáil, níor gnóthaíodh an t-éileamh sin go dtí seo. Tá Cúirt Shibhialta na Róimhe tar éis é a chur leis an liosta éileamh neamhurraithe mar chuid den nós imeachta riaracháin urghnách.

(33)  Tá dámhachtain an chonartha le haghaidh seirbhísí cabatáiste muirí a nascann oileánra na Tuscáine arna thabhairt i gcrích idir Réigiún na Tuscáine ar thaobh amháin agus Moby agus Toremar ar an taobh eile. Dá thoradh sin, is don dá chuideachta (mar “Moby/Toremar”) a thagróidh an cinneadh ar fud na ranna a bhaineann leis an gconradh nua seirbhíse poiblí.

(34)  Luaitear in Airteagal 26(2): “Féadann na nithe seo a leanas a bheith ina gcúis le himeacht dheimhneach nó dhiúltach ón gcothromaíocht eacnamaíoch agus airgeadais:

(a)

Neamhéifeachtúlachtaí bainistíochta;

(b)

Cumarsáid earráideach na Cuideachta maidir leis na seirbhísí a tháirgtear iarbhír chun an praghas bliantúil a chinneadh;

(c)

Imthosca margaidh fíor-neamhfhabhracha nach mbraitheann ar an gCuideachta, a bhfuil mar thoradh orthu go dtéann na himthosca oibriúcháin chun donais agus dá bhrí sin go mbíonn costais oibriúcháin níos airde nó ioncam taraife níos ísle ann ar dhóigh is go mbeidh athrú diúltach de bhreis agus 10 % ar bhrabús oibriúcháin;

(d)

Modhnuithe airgeadais;

(e)

Leasuithe ar dhlíthe nó ar rialacháin lena mbunaítear imthosca nua don tseirbhís dá bhforáiltear sa chonradh;

(f)

Infheistíochtaí nua a éilíonn an Réigiún a dhéanamh le hacmhainní poiblí dá bhforáiltear le hAirteagal 20;

(g)

Modhnú an chórais taraife de bhun Airteagal 13;

(h)

Imthosca margaidh fíorfhabhracha a bhfuil mar thoradh orthu go dtagann méadú níos mó ná an 10 % sin ar bhrabús oibriúcháin;

(i)

Méaduithe ar an gcostas aonaid ar phearsanra le haghaidh comhlíontachta le CCNL [an Comhaontú Náisiúnta um Shaothar Comhchoiteann] agus le cumhacht margála na Cuideachta le haghaidh pinsin fhorlíontacha”. (Aistriúchán neamhoifigiúil an Choimisiúin).

(35)  Mar a leagtar síos le hAirteagal 19, mír 13a, de Dhlí Foraithne Uimh. 78/2009, a tiontaíodh i nDlí Uimh. 102/2009 (“Dlí Uimh. 102/2009”), agus le hAirteagal 19-ter, mír 19, de Dhlí 2009.

(36)  Mionsonraíodh na caighdeáin sábháilteachta sin ina dhiaidh sin i dTreoir 98/18/CE ón gComhairle an 17 Márta 1998, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 45 an 4 Feabhra 2000, de Threoir 2003/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Aibreán 2003, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 52 an 8 Márta 2005 agus de Threoir 2003/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna trasuíomh ag Foraithne Reachtach Uimh. 65 an 14 Márta 2005.

(37)  Na cistí uile (i.e. EUR 7 000 000) arna soláthar le hAirteagal 19-ter, mír 19, de Dhlí 2009 agus EUR 16 750 000 as na cistí arna soláthar le Dlí Uimh. 102/2009.

(38)  Is ciste náisiúnta é an Ciste um Limistéir Thearcúsáidte (Fondo Aree Sottoutilizzate) a thacaíonn le cur chun feidhme bheartas Réigiúnach na hIodáile. Tá a chuid acmhainní curtha in áirithe go príomha do réigiúin arna sainaithint amhlaidh ag an Iodáil.

(39)   Gazzetta Ufficiale della Repubblica Italiana, Uimh. 137 an 16 Meitheamh 2009.

(40)  Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí). Tugann an Coimisiún dá aire nach gcuireann an Rialachán Cabatáiste Muirí de cheangal ar Bhallstáit a gcuideachtaí iompair mhuirí a phríobháidiú seachas an margadh sonrach sin a léirscaoileadh agus sin amháin.

(41)  Glacadh an litir fógra fhoirmiúil an 28 Eanáir 2010 ach níor tugadh fógra don Iodáil fúithi go dtí an lá dar gcionn.

(42)  Féach Breithiúnas an 24 Iúil 2003 i gCás C-280/00 Altmark Trans, ECLI:EU:C:2003:415.

(43)  Cinneadh ón gCoimisiún an 28 Samhain 2005 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 86(2) de Chonradh CE maidir le státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 312, 29.11.2005, lch. 67).

(44)  Creat Comhphobail le haghaidh Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 297, 29.11.2005, lch. 4).

(45)  Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) CFAE maidir le státchabhair i bhfoirm cúiteamh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3).

(46)  Teachtaireacht ón gCoimisiún: An Creat Eorpach um Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí.

(47)  Foráiltear sa chuireadh chun tairisceana go dtaispeánfaidh na rannpháirtithe go bhfuil méid nach lú ná 450 000 muirmhíle de sheirbhísí muirí arna dhéanamh acu sa tréimhse idir an 30 Samhain 2006 agus an 30 Samhain 2009 agus méid nach lú ná EUR 150 milliún de láimhdeachas arna thuairisciú acu le haghaidh seirbhísí iompair mhuirí sa 3 bliana airgeadais roimhe sin, as a dtagann EUR 75 mhilliún ar a laghad de bharr seirbhísí iompair mhuirí a oibriú.

(48)  I ndáil leis sin, tagraíonn an Iodáil do litir D(2009) 75213 ón gCoimisiún (Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh agus an Iompair) an 21 Nollaig 2009, (féach aithris (96)).

(49)  De réir na hIodáile, níl méid an chúitimh sa tairiscint ina theorainn eisiach ach le haghaidh measúnú a dhéanamh ar thairiscintí agus ní shocraítear leis an méid sin aon teorainn leis an gcúiteamh iarbhír a íoctar le linn an chonartha.

(50)  Féach tuilleadh anailíse i roinn 6.3.1.

(51)  Tagraíonn na páirtithe do na cásanna seo a leanas chun údar a thabhairt don argóint sin: Cás C-390/98 Banks, ECLI:EU:C:2001:456; Cásanna Uamtha C-74/00P agus C-75/00P Falck, ECLI:EU:C:2002:524; agus Cás C-277/00 An Ghearmáin v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2004:238.

(52)  Féach Breithiúnas an 24 Iúil 2003 i gCás C-280/00 Altmark Trans, ECLI:EU:C:2003:415.

(53)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm rialacha Státchabhrach an Aontais Eorpaigh maidir le cúiteamh a dheonaítear chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (IO C 8, 11.1.2012, lch. 4).

(54)  Cinneadh (AE) 2020/1412 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus le haghaidh a fhaighteora Compagnia Italiana di Navigazione, aithris 265.

(55)  Féach, go háirithe, Cás C-730/79 Philip Morris v an Coimisiún, ECLI:EU:C:1980:209, mír 11; Cás C-53/00 Ferring, ECLI:EU:C:2001:627, mír 21; Cás C-372/97 An Iodáil v an Coimisiún, ECLI:EU:C:2004:234, mír 44.

(56)  Cás T-214/95 Het Vlaamse Gewest v an Coimisiún, ECLI:EU:T:1998:77.

(57)  Rialachán (CEE) Uimh. 4055/86 ón gComhairle an 22 Nollaig 1986 lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha (IO L 378, 31.12.1986, lch. 1).

(58)  Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis an Státchabhair Uimh. C 64/99 (ex NN 68/99) arna cur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia).

(59)  Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).

(60)  Cás C-590/14 P DEI agus an Coimisiún v Alouminion tis Ellados, ECLI:EU:C:2016:797, mír 45.

(61)  Cásanna Uamtha T-127/99, T-129/99 agus T-148/99 Territorio Histórico de Álava - Diputación Foral de Álava agus eile v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2002:59, mír 175.

(62)  Cinneadh (AE) 2020/1411 ón gCoimisiún an 2 Márta 2020 maidir leis an Státchabhair Uimh. C 64/99 (ex NN 68/99) arna cur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh cuideachtaí loingseoireachta Adriatica, Caremar, Siremar, Saremar agus Toremar (Grúpa Tirrenia).

(63)  Cás T 289/03 BUPA agus Eile v an Coimisiún [2008] ECR II 81, mír 96. Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tizzano i gCás C 53/00 Ferring, ECR I 9069 agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Jacobs i gCás C 126/01, GEMO, [2003] ECR I 13769.

(64)  Teachtaireacht C(2004) 43 ón gCoimisiún – Treoirlínte ón gComhphobal maidir le státchabhair d’iompar muirí (IO C 13, 17.1.2004, lch. 3).

(65)  Féach Cás C-205/99 Asociación Profesional de Empresas Navieras de Líneas Regulares (Analir) agus Gnóthais eile agus Administración General del Estado, ECLI:EU:C:2001:107.

(66)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún lena nuashonraítear agus lena cheartaítear an Teachtaireacht maidir leis an léirmhíniú ar Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92 ón gComhairle lena ndéantar prionsabal na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a chur i bhfeidhm ar iompar muirí laistigh de na Ballstáit (cabatáiste muirí), an Bhruiséil, COM(2014) 232 final, 22.4.2014.

(67)  Féach Cás T-454/13 SNCM v an Coimisiún, ECLI:EU:T:2017:134, mír 130 agus mír 134.

(68)  Ní féidir leis na longa a úsáidtear ar Mhearlíne A2 agus Mearlíne A5 feithiclí a iompar.

(69)  Féach Cás C-205/99 Analir agus gnóthais eile, ECLI:EU:C:2001:107, mír 71.

(70)  Rinneadh foráil sa doiciméadacht tairisceana maidir le féidearthachtaí fochonarthacha. Chuir an Iodáil ar fáil don Choimisiún na méideanna sonracha — arb é sin an glanchostas don tseirbhís — a íocann Réigiún na Tuscáine go bliantúil le Moby/Toremar chun seirbhís phoiblí a sholáthar ar an mbealach idir Porto S. Stefano agus Giannutri. Íocann Toremar cnapshuim le Maregiglio ar bhonn fochonartha. Tá an t-idirbheart deireanach sin, a bhfuil conradh príobháideach mar chuid de, lasmuigh de raon feidhme an Chinnidh seo.

(71)  Litir dár dáta an 3 Aibreán 2012, tag. AOOGRT-0096174/O.80.

(72)  Go háirithe, baineann sé le Minoan Lines Shipping, La Méridionale, Moby, Grandi Navi Veloci, Libertylines, Grimaldi Group, Corsica Ferries, SNAV, agus Caronte & Tourist. Níor cuireadh cuideachtaí eile den iar-ghrúpa Tirrenia Group (e.g. Caremar, Laziomar) san áireamh sa ghrúpa tagarmhairc.

(73)  Treoir 2004/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena gcomhordaítear na nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist (IO L 134, 30.4.2004, lch. 1).

(74)  Treoir 2004/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir leis na nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha poiblí, conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí seirbhíse poiblí a chomhordú (IO L 134, 30.4.2004, lch. 114).

(75)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(76)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 ar sholáthar trí aonáin a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(77)  Faoi Airteagal 21 de Threoir 2004/18/CE.

(78)  Is éard atá le léamh in Airteagal 1(4) de Threoir 2004/18/CE: “Is éard is ‘lamháltas seirbhíse’ ann conradh den chineál céanna le conradh seirbhíse poiblí ach gurb é atá sa chomaoin le haghaidh soláthar na seirbhísí ach an ceart leis an tseirbhís a shaothrú amháin nó an ceart sin in éineacht le híocaíocht.”.

(79)  Fógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach dá dtagraítear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1).

(80)  Sa Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach, feiceann an Coimisiún go dtagraíonn Cúirteanna an Aontais do nós imeachta tairisceana “oscailte” go minic i gcomhthéacs Státchabhrach. Ní thagraíonn an focal “oscailte”, áfach, do nós imeachta sonrach faoi na Treoracha um Sholáthar Poiblí. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cosúil go bhfuil an focal “iomaíoch” níos oiriúnaí. Sa Theachtaireacht sin, tugann an Coimisiún dá aire freisin nach bhfuil sé beartaithe atreorú ó na coinníollacha substaintiúla a leagtar amach sa chásdlí.

(81)  Thairis sin, mar a mhínítear thuas (féach aithris (234)) ní raibh feidhme ag Airteagal 36(1) de Threoir 2004/18/CE maidir leis an tairiscint seo. Dá bhrí sin, ní raibh aon oibleagáid ar an Iodáil na critéir roghnúcháin a sholáthar sa ghlao.

(82)  I measc faisnéise eile sa chuireadh bhí faisnéis maidir le creidmheas EUR 9 772 572 a éilíodh ó Tirrenia (féach aithrisí (69) go (71)).

(83)  Cás C-205/99 Asociación Profesional de Empresas Navieras de Líneas Regulares (Analir) agus Gnóthais eile agus Administración General del Estado, ECLI:EU:C:2001:107, mír 37.

(84)  Féach freisin mír 96 den Teachtaireacht ar Choincheap na Cabhrach.

(85)  Rinneadh measúnú ar an gcéad sraith aistrithe i gCinneadh (AE) 2020/1412 an 2 Márta 2020 ón gCoimisiún maidir leis na bearta SA.32014, SA.32015, SA.32016 (2011/C) (ex 2011/NN) arna gcur chun feidhme ag an Iodáil le haghaidh Tirrenia di Navigazione agus a fhaighteoir Compagnia Italiana di Navigazione.

(86)  Níor thug an Iodáil fógra (féach aithris (2)) ach maidir leis an gcúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh faoi fhadú an Choinbhinsiúin tosaigh. Thairis sin, d’áitigh an Iodáil go bhfuil an cúiteamh seirbhíse poiblí a deonaíodh do Toremar de réir an fhadaithe leis an gCoinbhinsiún tosaigh comhoiriúnach agus díolmhaithe ó fhógra a thabhairt de réir Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011. Déanfaidh an Coimisiún measúnú arbh amhlaidh a bhí an scéal i roinn 6.3.1.

(87)  Ar mhaithe le hiomláine, tugann an Coimisiún dá aire, an fhoráil idirthréimhseach a fhaightear in Airteagal 10(a) de Chinneadh 2011 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, ina sloinntear maidir le haon scéim chabhrach a cuireadh i bhfeidhm roimh theacht i bhfeidhm an Chinnidh sin (i.e. roimh an 31 Eanáir 2012), a bhí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus díolmhaithe ón gceanglas fógra a thabhairt i gcomhréir le Cinneadh 2005 maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta, go leanfaidh sí ar aghaidh de bheith comhoiriúnach agus díolmhaithe go ceann tréimhse 2 bhliain eile (i.e. go dtí an 30 Eanáir 2014 agus an dáta sin san áireamh). Ciallaíonn sé sin go measfar an chabhair a deonaíodh faoi scéim den sórt sin le linn na tréimhse idir theacht i bhfeidhm Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2005 ar an 19 Nollaig 2005 agus teacht i bhfeidhm Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 ar an 31 Eanáir 2012 a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ach ón dáta ar deonaíodh í go dtí an 30 Eanáir 2014, agus an dá dáta sin san áireamh, amháin. In aon chás, maidir leis an gcabhair a deonaíodh ón 31 Eanáir 2012 ar aghaidh, níl an fhoráil idirthréimhseach d’Airteagal 10(a) de Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011 infheidhme agus ní mór an measúnú comhoiriúnachta a dhéanamh de bhun Chinneadh maidir le seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta 2011.

(88)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17).