|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3099 |
16.12.2024 |
TREOIR (AE) 2024/3099 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Samhain 2024
lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar amach rialacha maidir leis an gcóras le haghaidh cigireachtaí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt, lena ndéantar cigireacht ar longa incháilithe a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais chun a sheiceáil an gcomhlíonann inniúlacht an chriú ar bord agus bail na loinge agus a trealaimh ceanglais na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta maidir le sábháilteacht anama ar muir, maidir le cosaint na muirthimpeallachta agus maidir le dálaí maireachtála agus oibre ar longa faoi gach bratach. |
|
(2) |
Tá Treoir 2009/16/CE bunaithe ar an gcomhaontú deonach atá ann cheana faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt a síníodh an 26 Eanáir 1982 (‘Meabhrán Comhthuisceana Pháras’) agus ar choincheap an ualaigh chomhroinnte cigireachta, coincheap an spriocdhírithe rioscabhunaithe ar longa ar a ndéanfar cigireachtaí, coincheap na gcigireachtaí comhchuibhithe agus coincheap chomhroinnt thorthaí na gcigireachtaí. |
|
(3) |
Ó tháinig Treoir 2009/16/CE i bhfeidhm, tá athruithe tagtha ar an timpeallacht rialála idirnáisiúnta, go háirithe i Meabhrán Comhthuisceana Pháras agus san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), agus tharla forbairtí teicneolaíochta. Ba cheart na hathruithe sin chomh maith leis an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Threoir 2009/16/CE a chur san áireamh. |
|
(4) |
Tá roinnt coinbhinsiún idirnáisiúnta daingnithe ag na Ballstáit agus tagtha i bhfeidhm ó bhí 2011 ann. Is iad sin an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long a glacadh an 13 Feabhra 2004 (‘Coinbhinsiún BWM’) agus Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Nairobi maidir le Raiceanna a Bhaint a glacadh an 18 Bealtaine 2007 (‘Coinbhinsiún Nairobi’). Dá bhrí sin, ba cheart na coinbhinsiúin idirnáisiúnta sin a áireamh ar liosta na gCoinbhinsiún a chumhdaítear le Treoir 2009/16/CE, ionas gur féidir iad a fhorfheidhmiú mar chuid den chóras um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt. |
|
(5) |
Chun córas um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt atá cothrom le dáta agus comhchuibhithe a éascú, is gá bealach níos tapúla a bheith ann chun liosta na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta arna bhforfheidhmiú le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt a thabhairt cothrom le dáta gan gá le Treoir 2009/16/CE ina hiomláine a leasú. Dá bhrí sin, maidir le Coinbhinsiún idirnáisiúnta, a luaithe a bhainfear amach leibhéal comhaontaithe daingniúcháin ina leith agus a thiocfaidh sé i bhfeidhm dá thairbhe sin, agus tar éis do Stáit is sínitheoirí le Meabhrán Comhthuisceana Pháras é a ghlacadh mar ionstraim ábhartha, ba cheart don Choimisiún liosta na gCoinbhinsiún dá dtagraítear i dTreoir 2009/16/CE a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(6) |
Tiocfaidh Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Hong Cong maidir le hAthchúrsáil Long ar Bhealach Sábháilte agus Neamhdhíobhálach don Chomhshaol, a glacadh an 15 Bealtaine 2009, (‘Coinbhinsiún Hong Cong’) i bhfeidhm an 26 Meitheamh 2025. Le Treoir 2009/16/CE, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le forfheidhmiú an Choinbhinsiúin sin. |
|
(7) |
Le comhaontuithe agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta iascach, amhail Comhaontú Cape Town 2012 maidir le Cur Chun Feidhme Fhorálacha Phrótacal 1993 a bhaineann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Torremolinos um Shábháilteacht Soithí Iascaireachta, 1977 (‘Comhaontú Cape Town’), Coinbhinsiún 188 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, 2007, agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta 1995 (STCW-F), is féidir feabhas a chur ar shábháilteacht soithí iascaireachta agus ar dhálaí oibre agus maireachtála na n-iascairí ar bord agus cothroime iomaíochta idirnáisiúnta níos cothroime a chruthú san earnáil sin. |
|
(8) |
Mar gheall ar a méid bheag, oibríonn formhór na soithí iascaireachta san Aontas in uiscí teorann agus ní dócha go ndéanfar cigireacht orthu i gcalafoirt eachtracha. Ciallaíonn sé sin, go ginearálta, gur dócha gurb iad soithí iascaireachta 24 mhéadar ar fad nó níos faide, agus fad á bhreithniú mar a shainmhínítear é i gComhaontú Cape Town, arb iad freisin na soithí iascaireachta is minice a chuirtear faoi réir coinbhinsiúin idirnáisiúnta, agus iadsan amháin a oibreodh in uiscí idirnáisiúnta agus a thabharfadh cuairt ar chalafoirt seachas na calafoirt sin sa tír ina bhfuil siad cláraithe agus, dá bhrí sin, atá le bheith faoi réir rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt. Ós rud é go bhfuil formhór na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme maidir le soithí iascaireachta móra difriúil leis na cinn atá á bhforfheidhmiú faoi láthair trí rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt agus chun éifeachtaí iarmhartacha neamh-inmhianaithe ar an gcóras um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt atá ann faoi láthair a sheachaint, ba cheart córas comhthreomhar ar leithligh um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt maidir le soithí iascaireachta a bhunú. |
|
(9) |
Mar gheall ar na patrúin iascaireachta, áfach, ní ar gach Ballstát a thugann soithí iascaireachta móra den sórt sin cuairt. Dá bhrí sin, maidir leis na Ballstáit sin ar mian leo cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh, ba cheart córas deonach a bhunú, ar córas é atá comhthreomhar leis an gcóras um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt atá ann faoi láthair agus ar leithligh uaidh, chun solúbthacht a sholáthar sa dóigh a bhforbraítear caighdeáin um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit, na Stáit is sínitheoirí le Meabhrán Comhthuisceana Pháras agus an Coimisiún córas den sórt sin um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt ar shoithí iascaireachta atá 24 mhéadar ar fad nó níos faide a fhorbairt go nádúrtha gan soithí den sórt sin a ionchorprú i Meabhrán Comhthuisceana Pháras reatha chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt ar fud chalafoirt an Aontais a fhaigheann soithí den sórt sin agus chun feabhas a chur ar shábháilteacht sa tionscal iascaireachta, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht na n-iascairí ar bord. Chuige sin, ba cheart modúl ar leithligh don bhunachar sonraí cigireachta atá ann cheana a fhorbairt. Le córas deonach den sórt sin, d’fhéadfaí cabhrú leis na Ballstáit i gcomhthéacs nós imeachta daingniúcháin Chomhaontú Cape Town, agus ullmhú dá theacht i bhfeidhm, mar a údaraítear le Cinneadh 2014/195/AE ón gComhairle (4), chun na caighdeáin is airde is féidir a bhunú maidir le sábháilteacht soithí móra iascaireachta. |
|
(10) |
Leis an sásra um chion cothrom, foráiltear do leithdháileadh an ualaigh cigireachta i measc na Stát is sínitheoirí le Meabhrán Comhthuisceana Pháras. Cionroinntear líon áirithe cigireachtaí ar gach Stát is sínitheoir. Leis an líon sin, léirítear a ghealltanas cigireachta nó a ‘chion cothrom’, atá le déanamh gach bliain. Déantar incháilitheacht soithigh le haghaidh cigireachta a chinneadh go príomha de réir na tréimhse ama atá caite ó rinneadh an chigireacht dheireanach, in éineacht leis an bpróifíl riosca loinge, lena mbunaítear na heatraimh idir cigireachtaí, chomh maith le raon feidhme na gcigireachtaí. Féadfar cigireacht a dhéanamh ar longa faoi Thosaíocht II agus ní mór cigireacht a dhéanamh ar longa faoi Thosaíocht I. |
|
(11) |
Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit gan líon áirithe cigireachtaí de chineál ‘Tosaíocht’ a dhéanamh, rud nach ndéanfadh difear do chomhlíonadh a ngealltanais cigireachta. I gcás roinnt Ballstát, is féidir le líon na long faoi Thosaíocht a thugann cuairt go hiarbhír ar a gcalafoirt le linn bliain ar leith a bheith níos mó ná an gealltanas cigireachta cionroinnte nó níos lú ná an gealltanas sin. Modh eile a bhí mar mhalairt ar an sásra um chion cothrom lenar ligeadh do na Ballstáit (ró-ualaithe nó tearc-ualaithe) sin comhlíonadh a bhaint amach, rinneadh amach gur modh dolúbtha a bhí sa mhodh sin, agus is gá, dá bhrí sin, na forálacha lena mbaineann a ailíniú le forálacha Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. |
|
(12) |
Tá cead ag na Ballstáit freisin cigireachtaí ar longa a chur siar faoi imthosca áirithe, ar choinníoll go ndéanfar cigireacht ar an long sa chéad chalafort cuarda eile nó laistigh de 15 lá. Ba cheart an fhéidearthacht sin a oiriúnú ionas gur féidir leis na Ballstáit uile leas a bhaint aisti. Ceanglaítear ar chatagóirí áirithe long a mheastar go bhfuil riosca níos airde ag baint leo, agus atá incháilithe, dá bhrí sin, i leith cigireacht mhéadaithe, fógra a thabhairt faoina n-am teachta measta chuig calafort 72 uair an chloig sula dtiocfaidh siad. Tar éis roinnt blianta, áfach, thángthas ar an gconclúid go raibh an oibleagáid sin róthrom ar oibreoirí agus nach raibh aon luach breise ag baint léi mar go bhfuil teacht níos éasca ar an bhfaisnéis faoin am teachta measta cheana féin ag na húdaráis náisiúnta i mbunachar sonraí THETIS. Ar an mbonn sin, chuir Meabhrán Comhthuisceana Pháras deireadh leis an oibleagáid fógra réamhtheachta a thabhairt agus ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/16/CE a ailíniú dá réir sin. |
|
(13) |
Faoi ghnáth-imthosca, is roghnach agus ní éigeantach a bhíonn cigireachtaí ar longa faoi Thosaíocht II. Mar sin féin, maidir leis na Ballstáit sin nach bhfaigheann go leor cuairteanna ó longa atá incháilithe le haghaidh cigireachta chun a ngealltanas bliantúil a chomhlíonadh, ní mór dóibh cigireacht a dhéanamh ar longa faoi Thosaíocht II chun a ngealltanas cigireachta bliantúil a bhaint amach. Ós rud é, i gcás na mBallstát sin, go ndéantar cigireachtaí éigeantacha de facto de na cigireachtaí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le níos mó solúbthachta le haghaidh cigireachtaí ar longa faoi Thosaíocht II, go sonrach do Bhallstáit den sórt sin. Dá bhrí sin, ba cheart do Bhallstáit den sórt sin a bheith in ann na cigireachtaí sin a chur siar ar choinníoll go dtugann siad údar maith le cur siar den sórt sin. |
|
(14) |
Mura ndéantar cigireacht mar gheall ar imthosca urghnácha gan choinne a fhágann nach féidir cigireacht a dhéanamh, amhail tubaiste nádúrtha, paindéim, éigeandáil sláinte poiblí nó ionsaí sceimhlitheoireachta, níor cheart é sin a áireamh mar chigireacht a cailleadh. Ba cheart údar cuí a thabhairt leis na himthosca sin agus iad a thuairisciú don Choimisiún. |
|
(15) |
Le 10 mbliana anuas agus in ainneoin méaduithe ar líon na soithí a thugann cuairt ar chalafoirt de chuid an Aontais, lena n-áirítear iompar loingseoireachta gearrthurais earraí idir príomhchalafoirt sna Ballstáit agus calafoirt atá lonnaithe san Eoraip gheografach nó i dtíortha nach bhfuil san Eoraip ar an Meánmhuir agus ar an Muir Dhubh, tá feabhas tagtha ar phróifíl sábháilteachta na long a thugann cuairt ar chalafoirt de chuid an Aontais. Tá cigireachtaí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt á n-úsáid níos mó agus níos mó chun dlíthe maidir leis an gcomhshaol a fhorfheidhmiú, amhail dlíthe i ndáil le hastaíochtaí sulfair nó i ndáil le longa a athchúrsáil go sábháilte agus ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Aontas, i gcomhréir lena ghealltanais a bhaineann leis an muirthimpeallacht a chosaint, leanúint dá cheannaireacht a fheidhmiú in earnáil a rialaítear ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon. Mar sin féin, bhí tosaíochtaí difriúla ag baint leis an bpróifíl riosca loinge a ceapadh roimh 2009 agus níor cuireadh in oiriúint go hiomlán fós í chun an iarracht chigireachta a dhíriú ar na longa is lú feidhmíocht ó thaobh an chomhshaoil de. Dá bhrí sin, ba cheart an phróifíl riosca loinge a thabhairt cothrom le dáta chun saincheisteanna comhshaoil a léiriú trí thuilleadh tábhachta a thabhairt d’fheidhmíocht chomhshaoil na long. |
|
(16) |
Tar éis do IMO an t-athbhreithniú ar a tháscaire déine carbóin a thabhairt i gcrích, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht an táscaire déine carbóin sin mar pharaiméadar comhshaoil a úsáidtear chun an phróifíl riosca atá ag long a chinneadh faoi Threoir 2009/16/CE agus breithniú a dhéanamh an ndéanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh, de réir mar is iomchuí. |
|
(17) |
Glacadh modheolaíocht nua faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras in 2019, lenar bunaíodh liostaí ardfheidhmíochta, meánfheidhmíochta agus ísealfheidhmíochta, mar mhalairt ar liostaí na Stát brataí dar dath bán, liath agus dubh. Agus na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha á nglacadh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an modheolaíocht sin, ar modheolaíocht í lena mbunaítear catagóiriú na Stát brataí. Le cur chun feidhme na modheolaíochta sin faoin Treoir seo, ba cheart cothroime a áirithiú, go háirithe maidir leis an gcaoi a gcaitear le Stáit bhrataí a bhfuil cabhlaigh bheaga acu. |
|
(18) |
Ós rud é go dteastaíonn am ó oifigigh um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt chun cigireachtaí a ullmhú agus a dhéanamh, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil dóthain ama ar fáil. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcás cigireachtaí méadaithe, agus, chomh maith leis sin, i gcás cigireachtaí ar longa paisinéirí róró atá i seirbhís rialta, i gcás inar féidir oibriú an tsoithigh a mheas. |
|
(19) |
Mar gheall ar raon feidhme na gcigireachtaí méadaithe, ba cheart iad a bheith déanta ag beirt chigirí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt ar a laghad. I gcás nach féidir an méid sin a dhéanamh ar chúiseanna oibiachtúla, amhail sainiúlachtaí an chalafoirt (foireann theoranta, fadhbanna inrochtaineachta), toisc go raibh an fógra teachta róghearr nó toisc go dtagann an chigireacht mhéadaithe chun bheith riachtanach mar gheall ar thosca gan choinne nó tosca forcheannasacha, ba cheart na cúiseanna sin a thaifeadadh go cuí. |
|
(20) |
Tá an digitiú ina ghné thábhachtach den dul chun cinn teicneolaíoch i réimse an bhailithe sonraí agus na cumarsáide sonraí, d’fhonn cabhrú le costais a laghdú agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní daonna. Tá méadú ag teacht ar líon na long a bhfuil deimhnithe leictreonacha ar bord faoi láthair agus meastar go dtiocfaidh méadú eile ar an líon sin. Dá bhrí sin, ba cheart éifeachtacht an rialaithe arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt a fheabhsú trí thuilleadh úsáide a bhaint as deimhnithe leictreonacha, ionas gur féidir cigireachtaí a dhírítear ar longa agus atá níos ullmhaithe a dhéanamh. |
|
(21) |
Tá méadú ag teacht ar chastacht an rialaithe arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt de réir mar a chuirtear ceanglais chigireachta nua leis, faoi dhlí an Aontais nó le IMO mar léiriú ar an dlúthnasc idir cúinsí sláinte, sábháilteachta, slándála agus sóisialta. Is gá, dá bhrí sin, uas-sciliú agus athoiliúint na n-oifigeach um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt a áirithiú agus an oiliúint a chuirtear orthu a fhorbairt go leanúnach. Leis sin, beidh údaráis inniúla Stáit an chalafoirt in ann fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta is infheidhme maidir le sábháilteacht agus slándáil mhuirí, maidir le cosaint na muirthimpeallachta agus maidir le dálaí maireachtála agus oibre ar bord, i ndáil leis na longa a thugann cuairt ar a gcalafoirt. Agus gníomhaíochtaí faireacháin den sórt sin á ndéanamh aige, níl Stát an chalafoirt le cur isteach ar inniúlachtaí an Stáit brataí, mar a leagtar amach i dTreoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). |
|
(22) |
Tá sé de cheangal ar chórais riaracháin Stáit bhrataí na mBallstát, i gcomhréir le Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), córas bainistithe cáilíochta a bheith acu chun cabhrú leis na Ballstáit a bhfeidhmíocht mar Stáit bhrataí a fheabhsú a thuilleadh agus chun cothrom iomaíochta idir córais riaracháin a áirithiú. Le ceanglas comhchosúil maidir le córais riaracháin um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a dheimhniú gur iomchuí eagrú na gcóras riaracháin sin, mar aon lena mbeartais, a bpróisis, a n-acmhainní agus a ndoiciméadacht, chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain ama ag na Ballstáit an ceanglas sin a chur chun feidhme, ba cheart deimhniú an chórais bainistithe cáilíochta sin a ailíniú leis an ngnátheatramh iniúchóireachta don chóras atá ann cheana faoi Threoir 2009/21/CE. |
|
(23) |
Chun gur féidir cur i bhfeidhm Threoir 2009/16/CE a thabhairt cothrom le dáta ionas go bhfuil na Ballstáit in ann a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh i gcomhréir leis an treoir sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le liosta na gCoinbhinsiúin a thabhairt cothrom le dáta faoi raon feidhme Threoir 2009/16/CE agus i dtaca le leasú a dhéanamh ar liosta na nósanna imeachta agus na dtreoirlínte a bhaineann le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt arna ghlacadh faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(24) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme fhorálacha Threoir 2009/16/CE a mhéid a bhaineann le liosta na gCoinbhinsiún faoina raon feidhme, leis na coinníollacha i ndáil le hIarscríbhinn VII a chur i bhfeidhm i dtaca le cigireachtaí méadaithe, le sraith aonfhoirmeach na dtreoirlínte agus nósanna imeachta sábháilteachta agus slándála, agus leis na ceanglais le haghaidh deimhnithe leictreonacha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). |
|
(25) |
I bhfianaise thimthriall faireacháin iomlán chuairteanna na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) ar Bhallstáit chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir 2009/16/CE, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na Treorach sin don chéad uair tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis dháta trasuite na Treorach leasaithí seo agus tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis sin. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú don mheastóireacht sin. Ba cheart meastóireachtaí ina dhiaidh sin a dhéanamh gach 5 bliana. |
|
(26) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar chineál idirnáisiúnta an iompair mhuirí, agus, de bharr éifeachtaí gréasáin na mBallstát agus iad ag gníomhú le chéile, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(27) |
Chun nach gcuirfí ualach díréireach riaracháin ar Bhallstáit thalamhiata, ba cheart a cheadú do Bhallstáit den sórt sin, trí riail de minimis, maolú a dhéanamh ar an oibleagáid atá an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme, fad agus a chomhlíonann siad critéir áirithe. |
|
(28) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2009/16/CE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2009/16/CE
Leasaítear Treoir 2009/16/CE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 2, an chéad mhír, mar a leanas:
|
|
(2) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: ‘2a. Ní chuirfear san áireamh, agus gealltanais cigireachtaí bliantúla na bpáirtithe i Meabhrán Comhthuisceana Pháras á ríomh, cigireachtaí a dhéanann Ballstát ar longa atá thar líon atá 20 % níos mó ná líon ghealltanas cigireachta bliantúla an Bhallstáit sin’ |
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6: ‘Airteagal 6 Socruithe mionsonraithe maidir leis an ngealltanas cigireachta a chomhlíonadh 1. Measfar, mar sin féin, maidir le Ballstát a mhainníonn na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 5(2), pointe (a), a dhéanamh, gur chomhlíon sé an ceanglas sin mura bhfuil an líon cigireachtaí a chaill sé thar 10 % de líon iomlán na long faoi Thosaíocht I a thug cuairt ar a chalafoirt agus ar a ancaireachtaí, gan beann ar a bpróifíl riosca. 2. D’ainneoin chéatadán na gcigireachtaí a cailleadh dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit tús áite do chigireacht a dhéanamh ar longa arb annamh, de réir na faisnéise a sholáthraítear sa bhunachar sonraí cigireachta, a gcuairt ar chalafoirt laistigh den Aontas. 3. D’ainneoin chéatadán na gcigireachtaí a cailleadh dá dtagraítear i mír 1, i gcás longa faoi Thosaíocht I a thugann cuairt ar ancaireachtaí, tabharfaidh na Ballstáit tús áite do chigireacht a dhéanamh ar longa a bhfuil próifíl ardriosca acu arb annamh, de réir na faisnéise a sholáthraítear sa bhunachar sonraí cigireachta, a gcuairt ar chalafoirt laistigh den Aontas.’ |
|
(5) |
in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil agus mhíreanna 1 agus 2: ‘Airteagal 7 Socruithe mionsonraithe le haghaidh gealltanas cigireachta cothrom ar fud an Aontais 1. Maidir le Ballstát ina dtéann an líon iomlán cuairteanna ó longa faoi Thosaíocht I thar an sciar cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), measfar go bhfuil a ghealltanas cigireachta bliantúil comhlíonta aige má chomhfhreagraíonn an líon cigireachtaí a rinne an Ballstát sin, ar a laghad, dá sciar cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), agus nach gcailleann an Ballstát sin níos mó ná 40 % den líon iomlán de longa faoi Thosaíocht I a thugann cuairt ar a chuid calafort nó ancaireachtaí. 2. Ballstát ina bhfuil an líon iomlán cuairteanna ó longa faoi Thosaíocht I agus Tosaíocht II níos lú ná 150 % den sciar cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2), pointe (b), measfar mar sin féin go bhfuil a ghealltanas cigireachta bliantúil comhlíonta aige má dhéanann an Ballstát sin cigireachtaí ar dhá thrian de na longa faoi Thosaíocht I agus faoi Thosaíocht II de líon iomlán na long faoi Thosaíocht I agus faoi Thosaíocht II a thugann cuairt ar a chuid calafort agus ancaireachtaí.’ |
|
(6) |
leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
|
|
(7) |
scriostar Airteagal 9; |
|
(8) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Cinnfear an phróifíl riosca atá ag long trí na paraiméadair riosca chineálacha, stairiúla agus chomhshaoil seo a leanas a chur le chéile:
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos an mhodheolaíocht maidir le measúnú a dhéanamh ar pharaiméadair riosca chineálacha a bhaineann, go háirithe, le critéir a bhaineann leis an Stát brataí agus le critéir a bhaineann le feidhmíocht na gcuideachtaí arna nglacadh faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras in 2019 lenar bunaíodh liostaí ardfheidhmíochta, meánfheidhmíochta agus ísealfheidhmíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).’ |
|
(9) |
leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(10) |
leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:
|
|
(11) |
leasaítear Airteagal 14a mar a leanas:
|
|
(12) |
leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
|
|
(13) |
in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre: ‘Ar chríochnú cigireachta, tarraingeoidh an cigire suas tuarascáil chigireachta i gcomhréir le hIarscríbhinn IX. Tabharfar cóip den tuarascáil chigireachta do mháistir na loinge.’ ; |
|
(14) |
in Airteagal 19(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: ‘4. Má léirítear leis an gcigireacht nach bhfuil an long feistithe le taifeadán sonraí turais atá ag feidhmiú, agus más rud é go bhfuil úsáid taifeadáin den sórt sin éigeantach i gcomhréir le Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear an long faoi choinneáil. (*2) Treoir 2002/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthaí de chuid an Chomhphobail agus lena n-aisghairtear Treoir 93/75/CEE ón gComhairle (IO L 208, 5.8.2002, lch. 10).’;" |
|
(15) |
in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: ‘1. Beidh ceart achomhairc ag úinéir nó oibreoir loinge, nó ag ionadaí an úinéara nó an oibreora sa Bhallstát, in aghaidh aon choinneáil nó aon dhiúltú rochtana ó thaobh an údaráis inniúil. Ní bheidh achomharc ina shiocair le coinneáil nó diúltú rochtana a chur ar fionraí.’ |
|
(16) |
leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
|
|
(17) |
in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: ‘7. I gcomhar leis na Ballstáit agus leis na Stáit is sínitheoirí le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, agus bunaithe ar an saineolas agus ar an taithí a fuarthas ar leibhéal na mBallstát san Aontas agus faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, forbróidh an Coimisiún clár oiliúna gairmiúil chun tacú leis an oiliúint agus an measúnú a dhéanfaidh na Ballstáit ar inniúlachtaí na gcigirí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt chun beartas oiliúna Mheabhrán Comhthuisceana Pháras a chomhlánú, d’fhonn cleachtais a bhaineann le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt a chomhchuibhiú. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn leanúnach, i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na Stáit is sínitheoirí le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, riachtanais oiliúna nua a shainaithint agus freagairt orthu, trí ionchur a sholáthar chun curaclaim, siollabais agus ábhar an chláir oiliúna do chigirí a leasú, go háirithe maidir le dúshláin nua sábháilteachta muirí a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil, sóisialta agus saothair agus teicneolaíochtaí nua, chomh maith le hionchur a sholáthar i ndáil leis na hoibleagáidí breise a eascraíonn as na hionstraimí ábhartha.’ |
|
(18) |
in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun a áirithiú, i dtaca le píolótaí dá gcuid a bhíonn i mbun longa a chur i mbeart nó a bhaint as beart, nó a bhíonn ar fostú ar longa atá ar a mbealach go calafort nó faoi bhealach laistigh de Bhallstát, go gcuirfidh na píolótaí sin údarás inniúil an Stáit calafoirt nó an Stáit cósta ar an eolas láithreach, de réir mar is iomchuí, aon uair a gheobhaidh siad amach, agus iad i mbun a ngnáthdhualgas, go bhfuil aimhrialtachtaí dealraitheacha ann a d’fhéadfadh an tsábháilteacht, lena n-áirítear seoladh sábháilte na loinge, nó sábháilteacht na maraithe ar bord, a chur i mbaol nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don mhuirthimpeallacht. 2. Má fhaigheann údarás calafoirt nó comhlachtaí calafoirt amach, agus é i mbun a ghnáthdhualgas, go bhfuil aimhrialtachtaí dealraitheacha ag baint le long atá ina chalafort a d’fhéadfadh an tsábháilteacht, lena n-áirítear seoladh sábháilte na loinge nó sábháilteacht na maraithe ar bord, a chur i mbaol nó a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt don mhuirthimpeallacht, cuirfidh an t-údarás nó an comhlacht sin údarás inniúil an Stáit calafoirt ar an eolas láithreach.’ |
|
(19) |
in Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Maidir le faisnéis faoi am teachta iarbhír agus am imeachta iarbhír aon loinge a thugann cuairt ar chalafoirt nó ar ancaireachtaí, maille le haitheantóir de chuid an chalafoirt nó na hancaireachta lena mbaineann, déanfaidh na Ballstáit na bearta iomchuí chun a áirithiú go n-aistreofar an fhaisnéis sin laistigh de 3 uair an chloig ón am teachta agus am imeachta, faoi seach, chuig an mbunachar sonraí cigireachta trí bhíthin chóras an Aontais um malartú faisnéise muirí, “SafeSeaNet”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (s), de Threoir 2002/59/CE. A luaithe agus a bheidh faisnéis den sórt sin aistrithe acu chuig an mbunachar sonraí cigireachta trí bhíthin SafeSeaNet, bíonn na Ballstáit díolmhaithe ó shonraí a sholáthar i gcomhréir le pointe 1.2 agus pointe 2(a) agus (b) d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Treoir seo. 3. Áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na cigireachtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Treoir seo, go n-aistreofar an fhaisnéis sin chuig an mbunachar sonraí cigireachta chomh luath agus a chríochnófar an tuarascáil chigireachta nó a chuirfear deireadh leis an ordú coinneála. Laistigh de 72 uair an chloig, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis a aistrítear chuig an mbunachar sonraí cigireachta a bhailíochtú chun críocha a foilsithe. Déanfar an tuarascáil chigireachta a bhailíochtú, sula n-aistreofar chuig an mbunachar sonraí í, más indéanta ag cigire um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt nó fostaí cuí-údaraithe eile de chuid an údaráis inniúil nach raibh mar chuid den fhoireann a rinne an chigireacht an tuarascáil chigireachta a bhailíochtú.’ |
|
(20) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 24a Deimhnithe leictreonacha Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla d’uirlis bhailíochtaithe le haghaidh deimhnithe reachtúla leictreonacha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).’ |
|
(21) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25: ‘Airteagal 25 Malartú faisnéise agus comhoibriú Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfaidh a chuid údarás calafoirt nó a chuid comhlachtaí calafoirt, agus aon údarás nó comhlacht ábhartha eile dá chuid, na cineálacha faisnéise seo a leanas atá ina seilbh a sholáthar don údarás inniúil:
(*3) Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).’;" |
|
(22) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30: ‘Airteagal 30 Faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíonadh ag na Ballstáit agus ar a bhfeidhmíocht Chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo chun feidhme go héifeachtach agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú ginearálta chóras an Aontais i dtaca leis an rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002, baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá agus tabharfaidh sé cuairteanna ar na Ballstáit. Déanfaidh gach Ballstát córas bainistithe cáilíochta a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a chothabháil lena gcumhdaítear codanna oibríochtúla ghníomhaíochtaí a gcórais riaracháin a bhaineann le Stát an chalafoirt a bhfuil baint aige go díreach le cigireachtaí. Déanfar an córas bainistithe cáilíochta sin a dheimhniú i gcomhréir leis na caighdeáin cháilíochta idirnáisiúnta is infheidhme faoin 6 Iúil 2032.’ |
|
(23) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 30a: ‘Airteagal 30a Gníomhartha tarmligthe Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 30b, chun Airteagal 2, pointe (1), a leasú maidir le liosta na gCoinbhinsiún a leagtar amach ann, a luaithe a ghlacfar Coinbhinsiúin den sórt sin mar ionstraim ábhartha faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, agus chun Iarscríbhinn VI a leasú chun liosta na nósanna imeachta, na dtreoirlínte, na dtreoracha agus na gciorclán, a bhaineann le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt, arna ghlacadh faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras agus a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta nó chun gnéithe nua a chur leis.’ |
|
(24) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: ‘Airteagal 31a Leasuithe ar na Coinbhinsiúin Beidh feidhm ag na leasuithe ar na Coinbhinsiúin gan dochar don nós imeachta seiceála comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002.’ |
|
(25) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33: ‘Airteagal 33 Gníomhartha cur chun feidhme Agus na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagail 10(3), 14(4), 15(4), 18a(7), 23(5), 24a(1) agus Airteagal 27, an dara mír, á nglacadh acu i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 31(2), glacfaidh an Coimisiún cúram ar leith chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna gníomhartha sin an saineolas agus an taithí a fuarthas leis an gcóras cigireachta san Aontas agus go gcuirfidh na gníomhartha sin le saineolas Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.’ |
|
(26) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35: ‘Airteagal 35 Tuarascáil cur chun feidhme Faoin 6 Iúil 2032 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus comhlíonadh na Treorach seo. Ar bhonn na tuarascála sin, cinnfidh an Coimisiún an gá togra reachtach a thíolacadh chun an Treoir seo a leasú nó le haghaidh tuilleadh gníomhartha dlí sa réimse sin. Tar éis do IMO an t-athbhreithniú ar a tháscaire déine carbóin a thabhairt i gcrích, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oiriúnacht an táscaire déine carbóin sin mar pharaiméadar comhshaoil a úsáidtear chun an phróifíl riosca atá ag long a chinneadh faoin Treoir seo. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, breithneoidh an Coimisiún an ndéanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh, de réir mar is iomchuí.’ |
|
(27) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I; |
|
(28) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn II; |
|
(29) |
scriostar Iarscríbhinn III; |
|
(30) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn IV; |
|
(31) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn VI; |
|
(32) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn VIII; |
|
(33) |
cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn XII. |
Airteagal 2
Trasuí
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 6 Iúil 2027. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh an tagairt ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
3. De mhaolú ar mhír 1, Ballstáit nach bhfuil calafoirt farraige acu agus atá in ann a léiriú gur longa a chumhdaítear leis an Treoir seo iad níos lú ná 5 % den líon iomlán soithí aonair a thugann cuairt ar bhonn bliantúil ag a gcalafoirt abhann le linn na 3 bliana roimhe sin, féadfaidh siad maolú a dhéanamh ar an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí agus a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 27 Samhain 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C, C/2023/876, 8.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/876/oj.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 18 Samhain 2024.
(3) Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).
(4) Cinneadh 2014/195/AE ón gComhairle an 17 Feabhra 2014 lena n-údaraítear do na Ballstáit Comhaontú Cape Town 2012 maidir le Cur Chun Feidhme Fhorálacha Phrótacal Torremolinos 1993 a bhaineann le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta Torremolinos um Shábháilteacht Soithí Iascaireachta, 1977, a shíniú, a dhaingniú nó aontú dó (IO L 106, 9.4.2014, lch. 4).
(5) Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe na Stát brataí maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1).
(6) Treoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh (IO L 131, 28.5.2009, lch. 132).
(7) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN I
GNÉITHE DE CHÓRAS AN AONTAIS MAIDIR LE CIGEARACHT ARNA DÉANAMH AG STÁT AN CHALAFOIRT
(dá dtagraítear in Airteagal 5)
Áireofar na gnéithe seo a leanas i gCóras an Aontais maidir le Cigireacht arna déanamh ag Stát an Chalafoirt:
|
I. |
Próifíl riosca loinge Cinnfear an phróifíl riosca atá ag long trí na paraiméadair riosca chineálacha, stairiúla agus chomhshaoil seo a leanas a chur le chéile.
|
|
II. |
Cigireacht a dhéanamh ar longa
|
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN II
DEARADH NA PRÓIFÍLE RIOSCA LOINGE
(dá dtagraítear in Airteagal 10(2))
|
|
Próifíl |
||||||
|
Long Ardriosca (LAR) |
Long Gnáthriosca (LGR)) |
Long Ísealriosca (LÍR) |
|||||
|
Paraiméadair chineálacha |
Critéir |
Pointí ualaithe |
Critéir |
Critéir |
|||
|
1 |
Cineál loinge |
Long paisinéirí, bulc-iompróir, tancaer ola, iompróir gáis, tancaer substaintí leachtacha urchóideacha nó tancaer ceimiceán |
1 |
ní long ardriosca ná long ísealriosca í |
Gach cineál |
||
|
2 |
Aois na loinge |
gach cineál > 12 bhliain |
1 |
Gach aois |
|||
|
3a |
Bratach |
Feidhmíocht íseal |
2 |
Ardfheidhmíocht |
|||
|
3b |
Daingníodh na hionstraimí go léir de chuid IMO/EIS a liostaítear in Airteagal 2 |
— |
— |
Fíor |
|||
|
|
|
||||||
|
4a |
Eagraíocht aitheanta |
Feidhmíocht |
A |
— |
— |
Ard |
|
|
M |
— |
— |
— |
||||
|
Í |
Íseal |
1 |
— |
||||
|
AÍ |
An-íseal |
— |
|||||
|
4b |
Aitheanta ag an Aontas |
— |
— |
Fíor |
|||
|
5 |
Cuideachta |
Feidhmíocht |
A |
— |
— |
Ard |
|
|
M |
— |
— |
— |
||||
|
Í |
Íseal |
2 |
— |
||||
|
AÍ |
An-íseal |
— |
|||||
|
Paraiméadair stairiúla |
|
|
|||||
|
6 |
An líon easnamh a cuireadh ar taifead le linn gach cigireacht ar leith laistigh de 36 mhí roimhe sin |
Easnaimh |
>6 i gceann de na cigireachtaí |
1 |
≤ 5 i ngach cigireacht aonair (agus cigireacht amháin, ar a laghad, arna déanamh sa 36 mhí roimhe sin) |
||
|
7 |
Líon na gcoinneálacha le 36 mhí anuas |
Coinneálacha |
≥ 2 choinneáil |
1 |
Níor cuireadh ceann ar bith faoi choinneáil |
||
|
Paraiméadair chomhshaoil |
|
||||||
|
8 |
Líon na n-easnamh a bhaineann le Marpol 73/78, AFS 2001, Coinbhinsiún BWM, CLC 92, an Coinbhinsiún um Ola Umair, 2001, Coinbhinsiún Nairobi agus Coinbhinsiún Hong Cong a cuireadh ar taifead le linn gach cigireacht le 36 mhí anuas |
Easnaimh |
>2 i gceann de na cigireachtaí |
1 |
|
||
|
Is ionann LAR agus longa a chomhlíonann critéir ar cothrom le 5 phointe ualúcháin, nó níos mó sin, a luach iomlán. Is ionann LÍR agus longa a chomhlíonann critéir uile na bParaiméadar riosca íseal. Is ionann LGR agus longa nach longa LAR ná LÍR iad |
|||||||
’.
IARSCRÍBHINN III
‘IARSCRÍBHINN IV
LIOSTA DE DHEIMHNITHE AGUS DE DHOICIMÉID
(dá dtagraítear in Airteagal 13(1))
Liosta de na deimhnithe agus de na doiciméid ar cheart, a mhéid is infheidhme, iad a sheiceáil ar a laghad le linn na cigireachta (de réir mar is iomchuí):
|
1. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Thonnáiste; |
|
2. |
Na tuarascálacha ar chigireachtaí um rialú arna dhéanamh ag Stát an chalafoirt roimhe seo; |
|
3. |
Deimhniú Sábháilteachta Loinge Paisinéirí (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
4. |
Deimhniú Sábháilteachta um Dhéanmhas Lastloinge (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
5. |
Deimhniú Sábháilteachta um Threalamh Lastloinge (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
6. |
Deimhniú Sábháilteachta um Raidió Lastloinge (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
7. |
Deimhniú Sábháilteachta Lastloinge (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
8. |
Deimhniú Díolúine (SOLAS 1974, rialachán I/12); |
|
9. |
Doiciméad um Fhoirniú Sábháilte Íosta (SOLAS 1974, rialachán V/14.2); |
|
10. |
Deimhniú Ualachlíne Idirnáisiúnta (LL 66, Airteagal 16.1); |
|
11. |
Deimhniú Díolúine Ualachlíne Idirnáisiúnta (LL 66, Airteagal 16.2); |
|
12. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Chosc ar Thruailliú le hOla (MARPOL Iarscríbhinn I, rialachán 7.1); |
|
13. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Chosc ar Thruailliú i dtaca le Substaintí Leachtacha Urchóideacha a Iompar ina mBulc (MARPOL, Iarscríbhinn II, rialachán 9.1); |
|
14. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Chosc ar Thruailliú le Camras (ISPPC) (MARPOL, Iarscríbhinn IV, rialachán 5.1, MEPC.1/Circ.408); |
|
15. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Chosc ar Thruailliú le hOla (IAPPC) (MARPOL, Iarscríbhinn VI, rialachán 6.1); |
|
16. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (MARPOL, Iarscríbhinn VI, rialachán 6); |
|
17. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Bainistiú Uisce Ballasta (IBWMC) (Coinbhinsiún BWMC, Airteagal 9.1(a) agus rialachán E-2); |
|
18. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Chórais Frithsmálaithe (Deimhniú IAFS) (AFS 2001, Iarscríbhinn 4, rialachán 2); |
|
19. |
Dearbhú maidir le AFS (AFS 2001, Iarscríbhinn 4, rialachán 5); |
|
20. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Shlándáil Long(ISSC) nó Deimhniú Eatramhach Idirnáisiúnta um Shlándáil Long (an Cód ISPS, cuid A/19 agus foscríbhinní); |
|
21. |
Deimhnithe le haghaidh máistrí, oifigeach nó rátálacha arna n-eisiúint i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe (Coinbhinsiún STCW, Airteagal VI, rialachán I/2, agus Cód STCW, cuid A-I/2); |
|
22. |
Cóip den Doiciméad Comhlíontachta nó cóip den Doiciméad Eatramhach Comhlíontachta arna eisiúint i gcomhréir leis an gCód Bainistithe Idirnáisiúnta um Oibriú Sábháilte Long agus um Thruailliú a Chosc (DoC) Cód ISM (SOLAS 1974, rialachán IX/4.2, Cód ISM, míreanna 13 agus 14); |
|
23. |
Deimhniú Bainistithe Sábháilteachta nó Deimhniú Eatramhach Bainistithe Sábháilteachta arna eisiúint i gcomhréir leis an gCód Bainistithe Idirnáisiúnta um Oibriú Sábháilte Long agus um Thruailliú a Chosc (SMC) (SOLAS 1974, rialachán IX/4.3, Cód ISM, míreanna 13 agus 14); |
|
24. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Oiriúnacht le haghaidh Gáis Leachtaithe a Iompar ina mBulc, nó an Deimhniú um Oiriúnacht le haghaidh Gáis Leachtaithe a Iompar ina mBulc, nó cibé acu is iomchuí (Cód IGC, rialachán 1.5.4, nó Cód GC, rialachán 1.6); |
|
25. |
Deimhniú Idirnáisiúnta um Oiriúnacht le haghaidh Ceimiceáin Chontúirteacha a Iompar ina mBulc, nó an Deimhniú um Oiriúnacht le haghaidh Ceimiceáin Chontúirteacha a Iompar ina mBulc, nó cibé acu is iomchuí (Cód IBC, rialachán 1.45.4, agus Cód BCH, rialachán 1.6.3); |
|
26. |
Deimhniú Oiriúnachta INF (Cód Idirnáisiúnta um Iompar Sábháilte Breosla Núicléach Ionradaithe Pacáistithe, Plútóiniam agus Dramhaíolacha Radaighníomhach Ardleibhéil ar Bord Long) (SOLAS 1974, rialachán VII/16, agus Cód INF, rialachán 1.3); |
|
27. |
Deimhniú árachais, nó aon urrús airgeadais eile, i dtaca le dliteanas sibhialta i leith damáiste de dheasca truailliú le hola (CLC 92, Airteagal VII.2); |
|
28. |
Deimhniú árachais, nó aon urrús airgeadais eile, i dtaca le dliteanas sibhialta maidir le damáiste de dheasca truailliú le hola umair (an Coinbhinsiún um Ola Umair, 2001, Airteagal 7.2); |
|
29. |
Deimhniú Árachais nó Slándála Airgeadais eile i leith Dliteanais maidir le Raiceanna a Bhaint (Coinbhinsiún Nairobi, Airteagal 12); |
|
30. |
Deimhniú Sábháilteachta Árthaí Ardluais agus Cead chun Árthaí Ardluais a Oibriú (SOLAS 1974, rialachán X/3.2 agus Cód Sábháilteachta Idirnáisiúnta le haghaidh Árthaí Ardluais 94/00, rialacháin 1.8.1 agus 1.9); |
|
31. |
Doiciméad comhlíontachta i dtaca leis na ceanglais speisialta a leagtar ar longa a iompraíonn earraí contúirteacha (SOLAS 1974, rialachán II-2/19.4); |
|
32. |
Doiciméad údarúcháin maidir le gráin a iompar agus lámhleabhar um luchtú grán (SOLAS 1974, rialachán VI/9; Cód Idirnáisiúnta um Iompar Sábháilte Grán i mBulc, cuid 3); |
|
33. |
Ráiteas Comhlíonta um an Scéim um Bailmheasúnú (CAS), Tuarascáil Deiridh agus Taifead Athbhreithnithe CAS (Marpol 73/78, Iarscríbhinn I, rialacháin 20 agus 21; rún MEPC.94(46), arna leasú le rúin MEPC.99 (48), MEPC.112 (50), MEPC.131(53), MEPC.155(55) agus MEPC.236(65); |
|
34. |
Taifead Achoimre Leanúnach (SOLAS 1974, rialachán XI-1/5); |
|
35. |
Leabhar Taifid Ola, cuid I agus cuid II (Marpol 73/78, Iarscríbhinn I, rialacháin 17 agus 36); |
|
36. |
Leabhar Taifid Lasta (Marpol 73/78, Iarscríbhinn II, rialachán 15); |
|
37. |
Leabhar Taifid Bruscair, cuid I agus cuid II (Marpol 73/78, Iarscríbhinn V, rialachán 10.3); |
|
38. |
Plean Bainistithe Dramhaíola (Marpol 73/78, Iarscríbhinn V, rialachán 10; rún MEPC.220 (63)); |
|
39. |
Logleabhar agus taifeadtaí ar leibhéal agus staid air/as inneall díosail mhuirí (Marpol 73/78, Iarscríbhinn VI, rialachán 13.5.3); |
|
40. |
Logleabhar le haghaidh athrú ola breosla (Marpol 73/78, Iarscríbhinn VI, rialachán 14.6); |
|
41. |
Leabhar Taifid Substaintí ídithe Ózóin (Marpol 73/78, Iarscríbhinn VI, rialachán 12.6); |
|
42. |
Leabhar Taifid Uisce Ballasta (BWRB) (BWMC Airteagal 9.1 (b) agus rialachán B-2); |
|
43. |
Córais fosaithe múchta dóiteáin gáis – Deimhniú Díolúine um spásanna lasta agus aon liosta lastaí (SOLAS 1974, rialachán II-2/10.7.1.4); |
|
44. |
Lastliosta nó plean stuála d’earraí contúirteacha (SOLAS 1974, rialacháin VII/4 agus VII/7-2; Marpol 73/78, Iarscríbhinn III, rialachán 54); |
|
45. |
I gcás tancaeir ola, taifead ón muiraistear ballasta deireanach den chóras faireacháin agus rialaithe le haghaidh scaoileadh amach ola (Marpol 73/78, Iarscríbhinn I, rialachán 31.2); |
|
46. |
Plean comhair um Chuardach agus Tarrtháil le haghaidh longa paisinéirí a bhíonn i mbun trádála ar bhealaí seasta (SOLAS 1974, rialachán V/7.3); |
|
47. |
I gcás longa paisinéirí, Liosta na dteorainneacha oibríochtúla (SOLAS 1974, rialachán V/30.2); |
|
48. |
Cairteacha loingseoireachta agus foilseacháin mhuirí (SOLAS 1974, rialacháin V/19.2.1.4 agus V/27); |
|
49. |
Taifid d’uaireanta sosa agus tábla de na socruithe oibre ar bord loinge (Cód STCW, cuid A-VIII/1.5 agus 1.7, Coinbhinsiún EIS Uimh. 180, Airteagail 5.7 agus 8.1, agus MLC 2006, Caighdeán A.2.3.10 agus A.2.3.12); |
|
50. |
Deimhniú um oibreachas muirí |
|
51. |
Dearbhú comhlíontachta maidir le hoibreachas muirí, codanna I agus II; |
|
52. |
Fianaise ar spásanna innealra neamhfhreastalaithe (UMS) (SOLAS 1974, rialachán II-I/46.3); |
|
53. |
Deimhnithe a cheanglaítear le Treoir 2009/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1); |
|
54. |
Deimhnithe a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2); |
|
55. |
Deimhniú maidir le fardal na n-ábhar guaiseach nó ráiteas maidir le comhlíonadh de réir mar is infheidhme de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3); |
|
56. |
Doiciméad comhlíontachta arna eisiúint faoi Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4). |
(*1) Treoir 2009/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hárachas úinéirí long ar éilimh mhuirí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 128).
(*2) Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le dliteanas iompróirí paisinéirí de mhuir i gcás tionóiscí (IO L 131, 28.5.2009, lch. 24).
(*3) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 agus Treoir 2009/16/CE (IO L 330, 10.12.2013, lch. 1).
(*4) Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).’.’
IARSCRÍBHINN IV
‘IARSCRÍBHINN VI
NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE LONGA A RIALÚ
(dá dtagraítear in Airteagal 15(1))
Na treoracha teicniúla uile agus na ciorcláin uile arna n-eisiúint faoi Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, sa leagan díobh atá cothrom le dáta:
Treoracha teicniúla ón gcoiste um rialú arna dhéanamh ag Stát an Chalafoirt (PSCC)
|
— |
PSCC41-2008-07 Cód Dea-chleachtais |
|
— |
PSCC53-2020-08 Sainmhínithe agus Giorrúcháin |
Meabhrán Ginearálta Comhthuisceana Pháras
|
— |
PSCC54-2021-03 Cineál cigireachta |
|
— |
PSCC56-2023-06 Coinneáil agus Beart a Rinneadh |
|
— |
PSCC56-2023-04 Foirmeacha samplacha |
|
— |
PSCC52-2019-05 Rialú oibríochtúil |
|
— |
PSS43-2010-11 Díolúintí an Stáit brataí |
|
— |
PSCC51-2018-13 Stop a chur le hoibríocht |
|
— |
PSCC49-2016-11 Tástáil lándorchaithe |
|
— |
PSCC53-2020-06 Diúltú Rochtana (Toirmeasc) |
|
— |
PSCC50-2017-12 Bulc-iompróirí/tancaeir ola struchtúir |
|
— |
PSCC43-2010-06 Duga Tirim |
|
— |
PSCC53-2020-11 Cead a thabhairt faoi choinne turas amháin chuig clós deisiúcháin le haghaidh easnaimh “damáiste de thaisme” |
Coinbhinsiún SOLAS
|
— |
PSCC56-2023-05 Cód ISM |
|
— |
PSCC54-2021-02 Cód ISPS |
|
— |
PSCC51-2018-12 ECDIS |
|
— |
PSCC43-2010-32 VDR (Taifeadáin Dátaí Turas) |
|
— |
PSCC43-2010-09 Bileoga Sonraí Sábháilteachta Ábhar |
|
— |
PSCC43-2010-21 GMDSS |
|
— |
PSCC44-2011-16 Crúcaí scaoilte lóid Báid Tarrthála |
|
— |
PSCC45-2012-10 Cobhsaíocht damáiste ar thancaeir |
|
— |
PSCC55-2022-05 Aithint agus rianú fadraoin |
|
— |
PSCC43-2010-28 Tomhais tiúis ESP/CAS |
|
— |
PSCC43-2010-29 Tomhas tiúis |
|
— |
PSCC51-2018-11 Cód Polach |
|
— |
PSCC55-2022-02 Cód IGF |
Coinbhinsiún MARPOL
|
— |
PSCC46-2013-18 MARPOL Iarscríbhinn I OWS |
|
— |
PSCC43-2010-39 MARPOL Iarscríbhinn II Stialladh |
|
— |
PSCC47-2014-08 MARPOL Iarscríbhinn III IMDG |
|
— |
PSCC55-2022-07 MARPOL Iarscríbhinn IV Camras |
|
— |
PSCC52-2019-07 MARPOL Iarscríbhinn V Dramhaíl |
|
— |
PSCC56-2023-07 MARPOL Iarscríbhinn VI Truailliú Aeir |
|
— |
PSCC43-2010-38 Níochán amhola |
|
— |
PSCC44-2011-20 MARPOL Imscrúdú |
An Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte
|
— |
PSCC54-2021-06 an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar Ualachlínte |
Coinbhinsiún AFS
|
— |
PSCC47-2014-13 Córais Frithsmálaithe |
An Coinbhinsiún um Ola Umair
|
— |
PSCC56-2023-02 Coinbhinsiúin a bhaineann le Dliteanas Airgeadais |
Deimhniú Maraithe agus Foirnithe
|
— |
PSCC56-2023-08 Deimhniú Maraithe agus Foirnithe (STCW, MLC agus SOLAS) |
An Coinbhinsiún um Bainistiú Uisce Ballasta
|
— |
PSCC51-2018-09 An Coinbhinsiún um Bainistiú Uisce Ballasta |
Coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair
|
— |
PSCC52-2019-10 An Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006 |
|
— |
PSCC53-2020-14 Uaireanta Oibre nó Scíthe agus oiriúnacht le haghaidh dualgais’. |
IARSCRÍBHINN V
‘IARSCRÍBHINN VIII
FORÁLACHA I dTACA LE ROCHTAIN AR CHALAFOIRT AGUS AR ANCAIREACHTAÍ LAISTIGH DEN AONTAS A DHIÚLTÚ
(dá dtagraítear in Airteagal 16 agus in Airteagal 21(4))
(1)
Má chomhlíontar na coinníollacha a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 16(1), cuirfidh údarás inniúil an chalafoirt sin ina gcuirtear an long faoi choinneáil den tríú huair máistir na loinge ar an eolas i scríbhinn go n-eiseofar ordú um dhiúltú rochtana a thiocfaidh chun bheith infheidhme díreach tar éis imeacht na loinge as an gcalafort. Tiocfaidh an t-ordú um dhiúltú rochtana chun bheith infheidhme díreach tar éis imeacht na loinge as an gcalafort tar éis na heasnaimh as ar tháinig an choinneáil a leigheas.
(2)
Cuirfidh an t-údarás inniúil cóip den ordú um dhiúltú rochtana chuig córas riaracháin an Stáit brataí, chuig an eagraíocht aitheanta lena mbaineann, chuig na Ballstáit eile, agus chuig sínitheoirí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras, chuig an gCoimisiún agus chuig Rúnaíocht Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Tabharfaidh an t-údarás inniúil an bunachar sonraí cigireachta cothrom le dáta freisin, gan mhoill, le faisnéis faoin diúltú rochtana.
(3)
Chun go gcuirfí deireadh leis an ordú um dhiúltú rochtana, ní mór d’úinéir nó oibreoir na loinge iarraidh fhoirmiúil a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit a d’fhorchuir an t-ordú um dhiúltú rochtana. Ní mór doiciméad ó chóras riaracháin an Stáit brataí a bheith ag gabháil le hiarraidh den sórt sin, ar doiciméad é a eisíodh tar éis cuairt ar bord a bheith tugtha ag suirbhéir atá cuí-údaraithe ag córas riaracháin an Stáit brataí, agus ar doiciméad é lena léirítear go gcomhlíonann an long forálacha infheidhme na gCoinbhinsiún ina n-iomláine. Soláthróidh córas riaracháin an Stáit brataí fianaise don údarás inniúil gur tugadh cuairt ar bord. Féadfaidh an doiciméad a bheith ina ráiteas oifigiúil, nach mór do chóras riaracháin an Stáit brataí a eisiúint seachas eagraíocht aitheanta.
(4)
I gcás inarb iomchuí, ní mór doiciméad eile a bheith ag gabháil leis an iarraidh maidir le deireadh a chur leis an ordú um dhiúltú rochtana, eadhon doiciméad ón gcumann aicmiúcháin a rinne aicmiú ar an long tar éis cuairt ar bord a bheith tugtha ag suirbhéir ón gcumann aicmiúcháin, ar doiciméad é lena léirítear go gcomhlíonann an long na caighdeáin aicme arna leagan síos ag an gcumann sin. Soláthróidh an cumann aicmiúcháin fianaise don údarás inniúil gur tugadh cuairt ar bord.
(5)
Ní fhéadfar deireadh a chur leis an ordú um dhiúltú rochtana ach amháin go dtí go mbeidh an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir seo imithe thart, agus ní mór don chuideachta iarraidh fhoirmiúil a chur chuig údarás Stáit calafoirt an Bhallstáit a d’fhorchuir an toirmeasc agus na doiciméid a iarradh i míreanna 3 agus 4 a sholáthar.
(6)
Ní mór iarraidh den sórt sin, lena n-áirítear na doiciméid riachtanacha, a chur faoi bhráid an Stáit a bhfuil an toirmeasc á fhorchur aige mí amháin ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse toirmisc. Mura gcomhlíontar an spriocdháta sin, féadfaidh moill suas le mí amháin a bheith i gceist tar éis don Stát a bhfuil an toirmeasc á fhorchur aige an iarraidh a fháil.
(7)
Leis an gcóras faisnéise, cuirfear toisc fhorcheannasach leis an long agus léireofar go bhfuil an long incháilithe le haghaidh cigireacht mhéadaithe ag an gcéad chuairt eile a bheidh aici ar chalafort/ancaireacht i réigiún Mheabhrán Comhthuisceana Pháras.
(8)
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn faoina chinneadh do chóras riaracháin an Stáit brataí, don chumann aicmiúcháin lena mbaineann, do na Ballstáit eile, do shínitheoirí eile le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, don Choimisiún agus do Rúnaíocht Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Ní mór don údarás inniúil an bunachar sonraí cigireachta a nuashonrú freisin, gan mhoill, le faisnéis faoin diúltú rochtana.
(9)
Faisnéis a bhaineann le longa ar diúltaíodh rochtain dóibh ar chalafoirt laistigh den Aontas, ní mór í a chur ar fáil sa bhunachar sonraí cigireachta agus í a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 26 agus Iarscríbhinn XIII.’.
IARSCRÍBHINN VI
‘IARSCRÍBHINN XII
FEIDHMIÚLACHTAÍ AN BHUNACHAIR SONRAÍ CIGIREACHTA
(dá dtagraítear in Airteagal 24(1))
(1)
Beidh na feidhmiúlachtaí seo a leanas, ar a laghad, ag an mbunachar sonraí cigireachta:|
— |
sonraí cigireachta ó Bhallstáit agus ó gach Stát eile is sínitheoir le Meabhrán Comhthuisceana Pháras a ionchorprú, |
|
— |
sonraí a sholáthar ar an bpróifíl riosca loinge agus ar longa a bhfuil cigireacht le déanamh orthu roimh i bhfad, |
|
— |
na gealltanais chigireachta a ríomh in aghaidh gach Ballstáit, |
|
— |
liosta ardfheidhmíochta, liosta meánfheidhmíochta agus liosta ísealfheidhmíochta na Stát brataí, dá dtagraítear in Airteagal 16(1), a tháirgeadh, |
|
— |
sonraí a tháirgeadh ar fheidhmíocht na gcuideachtaí, |
|
— |
na nithe i réimsí riosca atá le seiceáil le linn gach cigireachta a shainaithint. |
(2)
Beidh sé d’acmhainneacht sa bhunachar sonraí cigireachta dul in oiriúint d’fhorbairtí a tharlóidh amach anseo agus beidh sé d’acmhainneacht ann comhéadan a dhéanamh le bunachair sonraí sábháilteachta muirí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear SafeSeaNet, a sholáthróidh sonraí ar na cuairteanna iarbhír a thugann longa ar chalafoirt na mBallstát agus a sholáthróidh, i gcásanna inarb iomchuí, na sonraí sin do chórais faisnéise náisiúnta ábhartha.
(3)
Cuirfear hipearnasc domhain ar fáil a nascann an bunachar sonraí cigireachta leis an gcóras faisnéise Equasis. Molfaidh na Ballstáit do na cigirí na bunachair sonraí phríobháideacha agus phoiblí a bhaineann leis an gcigireacht ar longa agus a bhfuil rochtain orthu trí bhíthin Equasis a úsáid.’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/3099/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)