European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/2875

12.11.2024

CINNEADH (AE) 2024/2875 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Samhain 2024

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 agus Airteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) bhunaigh an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), faoin gclár Fís 2020, arna bhunu le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2028.

(2)

Tá an Iordáin ar cheann de na 19 stát de Stáit Rannpháirteacha in PRIMA, tar éis di comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil lena rannpháirtíocht in PRIMA (3) (‘Comhaontú PRIMA’). Tá sé beartaithe go mbeidh Comhaontú PRIMA i bhfeidhm fad a bheidh Cinneadh (AE) 2017/1324 i bhfeidhm.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) cuireadh síneadh le fad foriomlán PRIMA go dtí an 31 Nollaig 2031 agus rinneadh foráil ann go leanfaidh an Iordáin de bheith ina BhallstátRannpháirteach in PRIMA faoin gclár Fís 2020. Thairis sin, foráiltear leis an gCinneadh sin, go measfar an Iordáin a bheith ina Stát Rannpháirteach chun críocha a rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí PRIMA faoin gclár Fís Eorpach (5) faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an comhaontú idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch leis an Aontas agus lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha nua a bhaineann le rannpháirtíocht na hIordáine in PRIMA.

(4)

Ós rud é gur léirigh an Iordáin gur mian léi leanúint de bheith ina Stát Rannpháirteach chun críocha ghníomhaíochtaí PRIMA faoin gclár Fís Eorpach, ba cheart di glacadh go foirmiúil leis na téarmaí agus na coinníollacha nuashonraithe.

(5)

Chuige sin, an 9 Samhain 2023, ghlac an Comhairle Cinneadh (AE) 2023/2621 (6), lena n-údaraítear an Coimisiún dul i mbun caibidlíochta maidir le comhaontú, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Comhaontú PRIMA, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht na hIordáine in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach.

(6)

Tugadh an chaibidlíocht i gcrích an 15 Feabhra 2024 trí inisealacha a chur leis an gComhaontú.

(7)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú.

(8)

I gcomgréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún síniú an Chomhaontaithe a áirithiú faoi réir a thabhairt i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontuithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (7) (PRIMA) (‘an Comhaontú’), faoi reir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

Airteagal 2

Áiritheoidh an Coimisiún síniú an Chomhaontuithe, faoi réir a thabhairt i gcrích.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Samhain 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

VARGA M.


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

(3)  Comhaontú idir an Comhhobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine maidir le Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch (IO L 159, 17.6.2011, lch. 108).

(4)  Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO L, 2024/1167, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).

(6)  Cinneadh (AE) 2023/2621 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar na comhaontuithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L, 2023/2621, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj).

(7)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2875/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)