7.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 154/1


CINNEADH (AE) 2022/886 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2022

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 agus Airteagal 212 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I litir dar dáta an 14 Bealtaine 2020, léirigh Oileáin Fharó a suim fhoirmiúil chun bheith comhlachaithe le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (“an Clár Fís Eorpach”) (2021-2027), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(2)

An 13 Iúil 2021, d’údaraigh an Chomhairle tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais d’fhonn comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus Oileáin Fharó maidir leis na prionsabail ghinearálta lena rialaítear rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais agus comhlachas Oileáin Fharó leis an gClár Fís Eorpach.

(3)

Tugadh an chaibidlíocht chun críche, agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais (“an Comhaontú”) an 8 Deireadh Fómhair 2021.

(4)

Is iad cuspóirí an Chomhaontaithe creat marthanach a bhunú um chomhar idir an tAontas agus Oileáin Fharó agus na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais a leagan amach a osclaítear dá rannpháirtíocht i gcomhréir leis na bunghníomhartha lena mbunaítear cláir an Aontais mar a shainmhínítear sa Chomhaontú. Faoin gComhaontú, cuirfidh an tAontas bearta comhair i gcrích le hOileáin Fharó de bhun Airteagal 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. De bhun Airteagal 3 den Chomhaontú, tá na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gclár nó i ngníomhaíocht an Aontais faoi réir ghlacadh na bprótacal.

(5)

I gcomhréir leis an údarú ón gComhairle, rinneadh an Prótacal maidir le comhlachas Oileáin Fharó le Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2021-2027) a chaibidil i gcomhthreo leis an gComhaontú agus, de bhun Airteagal 15(9) den Chomhaontú, is cuid dhílis den Chomhaontú é.

(6)

Comhlíonann Oileáin Fharó na critéir a leagtar amach in Airteagal 16(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/695.

(7)

Leis an gComhaontú, comhlíontar Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2021/695, lena gceanglaítear go mbeidh comhlachas na dtríú tíortha faoi Airteagal 16(1), pointe (d), den Rialachán sin i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú lena gcumhdaítear rannpháirtíocht tíre nó críche den sórt sin in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll go n-áirithítear leis an gcomhaontú: cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus tairbhí an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais; go leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir Aontais; lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár; nach dtugtar leis aon chumhacht chinnteoireachta don tríú tír i ndáil le Clár an Aontais; agus go ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

(8)

Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí.

(9)

D’fhonn comhar leanúnach idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Fharó i réimse an taighde, na forbartha teicneolaíochta agus na nuálaíochta a áirithiú, agus d’fhonn rannpháirtíocht Oileáin Fharó sa Chlár Fís Eorpach a cheadú ón uair a chuirfear tús leis an gClár sin, ba cheart an Comhaontú a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021 agus go sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear leis seo, thar ceann an Aontais, síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus Rialtas Oileáin Fharó, den pháirt eile, maidir le rannpháirtíocht Oileáin Fharó i gcláir an Aontais (“an Comhaontú”), faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (2).

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine/na daoine a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú, thar ceann an Aontais.

Airteagal 3

1.   Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2.   Cuirfear an Comhaontú i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de.

Airteagal 4

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 15(2) den Chomhaontú.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Bealtaine 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(2)  Féach leathanach 4 den Iris Oifigiúil seo.