European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4493

12.7.2024

Foilsiú iarratais ar fhormheas ar leasú ar leibhéal an Aontais ar shonraíocht táirge le haghaidh ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint in earnáil an fhíona de bhun Airteagal 97(4), an chéad fhomhír i gcomhar le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(C/2024/4493)

Laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige agus atá bunaithe nó ina chónaí i dtríú tír, nós imeachta freasúra a thaisceadh leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

IARRATAS AR LEASÚ AR LEIBHÉAL AN AONTAIS AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

Toro

PDO-ES-A0886-AM06

Dáta an iarratais: 16.5.2023

1.   Iarratasóir agus leas dlisteanach

Consejo Regulador de la Denominación de Origen ‘TORO’ (An Bord Rialála um Ainmniúchán Tionscnaimh ‘Toro’).

Is iad na saothróirí fíniúna agus na fíonlanna uile a bhfuil baint acu le táirgeadh fhíon ATFC Toro atá air.

2.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge dá ndéanann an leasú (nó na leasuithe) difear

☐

Ainm an táirge

☒

Catagóir an táirge fíniúna

☒

Nasc

☐

Srianta margaíochta

3.   Tuairisc ar an leasú agus cúiseanna atá leis

1.   CATAGÓIR NUA FÍONTA A ÁIREAMH

Tuairisc:

Leasaítear an tsonraíocht táirge le haghaidh ATFC Toro chun catagóir nua fíonta a áireamh, i.e. catagóir 5 ‘Fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán’. Dá bhrí sin, ní mór tuairisc a thabhairt ar a saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 2 den tsonraíocht táirge agus le pointe 3 den doiciméad aonair.

Cineál an leasaithe: Leasú an Aontais

Is leasú ar leibhéal an Aontais é seo, toisc go bhfuil sé den chineál a shonraítear in Airteagal 105(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 308/2013 (CEM aonair).

Cúis:

Trí chineálacha a bhí sa limistéar go traidisiúnta a chur san áireamh san athbhreithniú a rinneadh roimhe seo ar an tsonraíocht táirge, amhail Albillo Real agus Moscatel de grano menudo, mar aon le húsáid Verdejo, Malvasía Castellana, Garnacha Tinta agus Tinta de Toro, cruthaítear dálaí oiriúnacha chun bunfhíon/úrfhíon sainiúil a fháil atá idéalach chun fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh, rud a thugann bolgáin bheaga dhiana agus coróin mharthanach do na fíonta sin.

Le hanailís fhisiciceimiceach chéadfach a rinneadh ar na fíonta súilíneacha a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta i bhfíonlanna an limistéir ach a mhargaítear lasmuigh de chosaint ATFC Toro, léirítear go bhfuil na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán sin úr, cothrom, tathagach sa bhéal agus go bhfuil comhtháthú maith acu i dtaca leis na dea-bholaithe tánaisteacha a eascraíonn as an dara coipeadh sa bhuidéal, agus próifíl thraidisiúnta fhíonta Toro á coinneáil ag an am céanna.

Go hachomair, maidir leis an mian go ndéanfar plandálacha stairiúla na gcineálacha fíonchaor bán agus dearg seo sa limistéar (mar aon leis na cineálacha stairiúla uile atá i gceist anois) a choinneáil ar bun agus, ar an dóigh sin, a n-éagsúlacht ghéiniteach a chaomhnú, mar aon le cáilíocht chruthaithe agus rath tráchtála roinnt de na fíonta sin ar an margadh, is foras an méid sin chun rialacha a dhréachtú chun iad a chumhdach, mar a d’achainigh an earnáil.

Thairis sin, trí chatagóir nua fíonta a chur isteach, is gá tuairisc a thabhairt ar na fíonta sin, is é sin le rá, ar a n-airíonna fisiceacha agus ceimiceacha ar a laghad mar a shonraítear in Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/34. Agus na paraiméadair sin á sainiú, cuireadh san áireamh na hanailísí réamhluaite a rinneadh ar fhíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a mhargaíonn fíonlanna an limistéir agus a tháirgtear ó chineálacha údaraithe a fhaightear ó fhíonghoirt sa limistéar críochaithe freisin.

2.   COINNÍOLLACHA TÁIRGTHE DON CHATAGÓIR NUA FÍONA

Tuairisc:

Tugadh isteach na coinníollacha sonracha táirgthe le haghaidh na catagóire nua fíona.

Baineann an leasú sin le pointe 3(b) agus 3(c) den tsonraíocht táirge agus le pointe 5.1 den doiciméad aonair.

Cineál an leasaithe: Leasú an Aontais

I gcomhréir leis an míniú ar an gcineál leasaithe dá bhforáiltear i roinn 1, is é atá i gceist leis an leasú seo catagóir nua fíonta a chur isteach agus, dá bhrí sin, meastar é a bheith cumhdaithe le hAirteagal 105(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (CEM aonair).

Cúis:

Ba ghá na sonraíochtaí agus na ceanglais maidir le táirgeadh fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a chur isteach, amhail, mar shampla, leasú a dhéanamh ar neart alcóil dóchúil na bhfíonchaor atá le húsáid chun an táirgeadh sin a dhéanamh. Thairis sin, meastar gurb é an modh traidisiúnta aosaithe ar mhoirt ar feadh naoi mí ar a laghad an t-aon mhodh amháin lena ráthaítear cáilíocht na bhfíonta atá le margú. Ar deireadh, tugadh isteach an oibleagáid fíonta súilíneacha rosé ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus 25 % ar a laghad de chineálacha dearga á n-úsáid.

3.   NITHE BREISE A CHUR LEIS AN NASC LE hAGHAIDH CHATAGÓIR 5. FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN

Tuairisc:

Tugadh catagóir 5, fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán, isteach i bhforanna b) Mionsonraí faoin táirge agus c) Nasc cúisíoch.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8 den doiciméad aonair.

Cineál an leasaithe: Leasú an Aontais

I gcomhréir leis an míniú ar an gcineál leasaithe dá bhforáiltear i roinn 1, is é atá i gceist leis an leasú seo catagóir nua fíonta a chur isteach agus, dá bhrí sin, meastar é a bheith cumhdaithe le hAirteagal 105(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (CEM aonair).

Cúis:

Ciallaíonn áireamh na catagóire seo go bhfuil táirge nua ann, is é sin fíon súilíneach ar ardchaighdeán, ar fíon é a choinníonn próifíl orgánaileipteach fhíonta an limistéir: tá sé tathagach sa bhéal agus tá torthaí aibí ann, ach cuireann saintréithe sonracha an mhodha thraidisiúnta leis. Tugadh mír isteach chun an nasc cúisíoch le haghaidh na catagóire seo a fhorlíonadh, toisc gurb é an t-idirghníomhú idir tosca nádúrtha agus tosca daonna is cúis go bunúsach le saintréithe na bhfíonta súilíneacha ar ardchaighdeán.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm (nó ainmneacha)

Toro

2.   Cineál an táisc gheografaigh

ATFC – Ainmniúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

5.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon (nó ar na fíonta)

1.   FÍON – FÍONTA TIRIME IDIR FHÍON GEAL AGUS FHÍON ROSÉ

Fíonta geala

Cuma: dath idir buí éadrom agus buí órga, dath nach dorcha. Dea-bholadh: láidir agus dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha agus/nó féarúla aige agus déine idir measartha agus meán-ard. Blas: tathag éadrom sa bhéal, iarbhlas idir measartha agus fada, aigéadacht idir measartha agus meán-ard agus cothromaíocht mhaith idir alcól agus aigéadacht.

Fíonta geala a choiptear i mbairillí nó a dhéantar a aosú i mbairillí

Cuma: dath idir buí éadrom agus buí órga, dath nach dorcha. Dea-bholadh: láidir agus dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha agus/nó féarúla aige dea-bholaithe treasacha atá tipiciúil i gcás tabhairt chun cineáil i mbairillí. Déine mheánach go meán-ard. Blas: iarbhlas idir measartha agus fada, aigéadacht mheán-ard agus tathag idir measartha agus iomlán sa bhéal. Dea-bholaithe cothromaithe treasacha adhmaid.

Fíonta rosé

Cuma: dath bándearg idir dath éadrom agus dath an bhradáin, dath nach dorcha. Dea-bholadh: láidir, agus dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha úra aige (gan bheith ró-aibí), déine mheánach go meán-ard. Blas: tathag éadrom sa bhéal, iarbhlas idir measartha agus fada, aigéadacht idir measartha agus meán-ard agus cothromaíocht mhaith alcóil agus aigéadachta.

(*)

Baineann na sonraí a thaispeántar thíos faoi shaintréithe anailíseacha ginearálta le fíonta ina bhfuil níos lú ná 5 ghram in aghaidh an lítir de shiúcraí iarmharacha. Má tá cion na siúcraí iarmharacha sna fíonta 5 ghram in aghaidh an lítir nó níos mó, is é 250 milleagram in aghaidh an lítir an méid uasta dé-ocsaíde sulfair is féidir a bheith iontu.

(**)

In aon chás, comhlíonfaidh na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a bhunaítear sa roinn seo na huasteorainneacha a bhunaítear i rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

11

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   FÍON – FÍONTA DEARGA TIRIME

Fíon dearg óg

Cuma: dath idir caordhearg agus dath an rúibín orthu, dath nach dorcha. Dea-bholadh: láidir, agus dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha aige agus déine mheánach go meán-ard aige. Blas: tathag idir meánach agus iomlán sa bhéal, agus iarbhlas idir meánach agus meánfhad aige mar aon le cothromaíocht mhaith alcóil agus aigéadachta.

Fíon dearg a thugtar chun cineáil i mbairillí (lena n-áirítear iad siúd a bhfuil an lipéad ‘Roble’ [Dair], ‘Crianza’, ‘Reserva’ agus ‘Gran Reserva’ orthu)

Cuma: dath idir caordhearg agus terracotta orthu, dath nach dorcha. Dea-bholadh: láidir, agus dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha agus/nó aibí aige mar aon le déine mheasartha. Dea-bholaithe treasacha tipiciúla de thabhairt chun cineáil i mbairillí, mar aon le déine mheánach go meán-ard, ag brath ar thabhairt chun cineáil. Blas: meánach go tagartha, mar aon le hiarbhlas meánach go fada agus é dea-chothromaithe.

(*)

In aon chás, maidir leis na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha, i gcás fíonta ina bhfuil níos lú ná 5 ghram in aghaidh an lítir de shiúcraí iarmharacha, ar paraiméadair iad a bhunaítear sa roinn seo, comhlíonfaidh siad na huasteorainneacha a bhunaítear i rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

12,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

150

3.   FÍONTA LEATH-THIRIME, LEATHMHILSE AGUS MILSE (FÍON GEAL, FÍON ROSÉ AGUS FÍON DEARG)

Fíonta geala

Dath idir buí éadrom agus buí órga, dath nach dorcha. Láidir, agus dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha agus/nó féarúla aige mar aon le déine idir measartha agus meán-ard. Tathag: meánach (fíonta leath-thirime), meánach go meánach-iomlán (fíonta leathmhilse) agus iomlán (fíonta milse); iarbhlas idir meánach agus fada; aigéadacht: meánach go meán-ard (fíonta leath-thirime agus leathmhilse) agus meánach (fíonta milse); agus cothromaíocht ann idir alcól agus aigéadacht.

Fíonta rosé

Idir bándearg éadrom agus bándearg an bhradáin, dath nach dorcha, láidir, agus dea-bholaithe úra (nach bhfuil ró-aibí) torthaí dearga agus/nó dubha, déine idir measartha agus ard (fíonta leath-thirime) agus idir measartha agus meán-ard (leathmhilis agus milis). Tathag: meánach (fíonta leath-thirime), meánach go meán-iomlán (fíonta leathmhilse) agus iomlán (fíonta milse); iarbhlas: idir meánach agus fada (fíonta leath-thirime agus milse) agus idir meánach agus meánfhad (fíonta leath-mhilse); aigéadacht: meánach go meán-ard (fíonta leath-thirime agus leathmhilse) agus meánach (fíonta milse); agus cothromaíocht ann idir alcól agus aigéadacht.

Fíonta dearga

Dath orthu atá idir caordhearg agus dath an rúibín, dath nach dorcha. Láidir, agus dea-bholaithe torthaí dearga agus/nó dubha aige, mar aon le déine atá idir measartha agus ard (fíonta leath-thirime) agus meánach (fíonta leathmhilse agus milse). Tathag: meánach (fíonta leath-thirime agus leathmhilse) agus iomlán (fíonta milse); iarbhlas idir meánach agus fada, cothromaíocht idir alcól agus aigéadacht.

*

In aon chás, comhlíonfaidh na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a bhunaítear sa roinn seo na huasteorainneacha a bhunaítear i rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

9

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

200

4.   FÍON SÚILÍNEACH AR ARDCHAIGHDEÁN A THÁIRGTEAR TRÍ ÚSÁID A BHAINT AS AN MODH TRAIDISIÚNTA (FÍON GEAL, FÍON ROSÉ AGUS FÍON DEARG)

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta, fíon geal

Cuma: dath idir buí éadrom agus buí órga air. Dea-bholadh: glan, torthaíoch, agus saintréithe aige sa bhéal a bhaineann go sonrach leis an dara coipeadh sa bhuidéal.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta, fíon rosé:

Cuma: dath idir bándearg éadrom agus dath an bhradáin. Dea-bholadh: glan, torthaíoch, agus saintréithe sa bhéal a bhaineann go sonrach leis an dara coipeadh sa bhuidéal.

Fíon súilíneach ar ardchaighdeán a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta, fíon dearg:

Cuma: dath idir caordhearg agus terracotta air. Dea-bholadh: glan, torthaíoch, agus saintréithe aige sa bhéal a bhaineann go sonrach leis an dara coipeadh sa bhuidéal.

*

In aon chás, comhlíonfaidh na paraiméadair fhisiceacha agus cheimiceacha a bhunaítear sa roinn seo na huasteorainneacha a bhunaítear i rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (in % de réir toirte)

-

Neart alcóil iarbhír íosta (in % de réir toirte)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

10,83

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

180

5.   Cleachtais fhíoneolaíocha:

a.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas fíoneolaíoch sonrach

—

Neart alcóil íosta dóchúil na bhfíonchaor: 10,5 %, cé is moite d’fhíonchaora atá beartaithe chun fíonta leath-thirime, leathmhilse agus milse a tháirgeadh i gcás inarb é agus 9 % atá ann. Ní féidir na fíonchaora réamhluaite a úsáid chun aon chineál eile fíona a dhéanamh.

—

Uastáirgeacht: 72 lítear in aghaidh 100 cileagram d’fhíonchaora.

Déantar fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán a tháirgeadh trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta, i gcomhréir leis an reachtaíocht Eorpach atá i bhfeidhm.

Ní mór an fíon súilíneach ar ardchaighdeán fanacht i dteagmháil leis an moirt ar feadh 9 mí ar a laghad agus sa bhuidéal céanna inar tharla an dara coipeadh.

—

Déantar fíonta milse nuair a choinnítear cuid de na siúcraí nádúrtha atá sna fíonchaora nuair a bhristear isteach ar an gcoipeadh alcólach, ag úsáid modhanna a údaraítear leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm. Ní chuimsíonn siad sin alcól breise a chur isteach.

2.   Srian maidir le fíon a tháirgeadh

Ní mór na fíonta geala a tháirgeadh go heisiach ó chineálacha fíonchaor bán (Malvasía Castellana, Verdejo, Moscatel de Grano Menudo agus Albillo Real).

Ní mór na fíonta rosé a tháirgeadh ó chineálacha údaraithe fíonchaor dearg agus bán (príomhchineálacha agus cineálacha tánaisteacha).

Ní mór na fíonta dearga a tháirgeadh go heisiach ó chineálacha fíonchaor Tinta de Toro agus Garnacha Tinta, agus ní mór an táirgeadh a bheith teoranta do dhá chineál fíonta dearga: fíon dearg a dhéantar le 85 % ar a laghad d’fhíonchaora Garnacha Tinta agus fíon dearg a dhéantar le 75 % ar a laghad d’fhíonchaora Tinta de Toro.

Ní mór fíonta súilíneacha rosé ar ardchaighdeán a tháirgeadh ó 25 % ar a laghad de chineálacha fíonchaor dearg.

3.   An modh saothraithe

—

Dlús íosta plandaithe: 500 fíniúin in aghaidh an heicteáir

—

Is féidir an fhíniúin a threorú trí úsáid a bhaint as na modhanna gobelet nó espalier.

—

Ní cheadaítear plandálacha measctha nach gceadaíonn fómhair ar leithligh le haghaidh gach cineáil.

b.   Uastáirgeacht

1.

I gcás chineálacha Garnacha Tinta, Malvasía Castellana (Doña Blanca), Verdejo, Albillo Real agus Moscatel de Grano Menudo.

9 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

a chomhfhreagraíonn d’uastáirgeacht:

64.80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

I gcás chineál Tinta de Toro

7 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

a chomhfhreagraíonn d’uastáirgeacht na nithe seo a leanas:

54.00 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá limistéar geografach ATFC Toro suite sa chuid is faide siar de Phobal Féinrialaitheach na Caistíle agus León, soir ó dheas ó chúige Zamora, agus tá cuid de limistéir nádúrtha Tierra del Vino, Valle del Guareña agus Tierra de Toro san áireamh ann. Tá sé ar theorainn mhachairí Tierra del Pan agus Tierra de Campos, agus clúdaíonn sé 62 000 heicteár talún.

Áirítear na bardais a leanas leis:

I gCúige Zamora:

Argujillo, La Bóveda de Toro, Morales de Toro, El Pego, Peleagonzalo, El Piñero, San Miguel de la Ribera, Sanzoles, Toro, Valdefinjas, Venialbo agus Villabuena del Puente.

I gCúige Valladolid:

San Román de Hornija, Villafranca del Duero, ceantair fíonsaothrúcháin Villaester de Arriba agus Villaester de Abajo agus bardasacht Pedrosa del Rey.

7.   Cineál/cineálacha fíonchaor

 

ALBILLO REAL

 

DOÑA BLANCA - MALVASÍA CASTELLANA

 

GARNACHA TINTA

 

MOSCATEL DE GRANO MENUDO

 

TEMPRANILLO - TINTA DE TORO

 

VERDEJO

8.   Tuairisc ar an nasc (nó ar na naisc)

a.   Tuairisc ar an limistéar geografach

Tosca nádúrtha.

1.

Tá tír-raon séimh ag an limistéar arb éard a imríonn tionchar abhainn Duero, a craobhabhainn an Talanda, agus aibhneacha Guareña agus Hornija air, ar tír-raon é lena múnlaítear an talamh ina ghleannta agus ina léibhinn. Tá na fíonghoirt ag airdí idir 620 agus 840 m, agus tá an airde is mó ann sa chuid thiar theas den limistéar críochaithe.

2.

Is é atá san ithir dríodair de chuid gaineamhchloiche, cré agus cloiche cumaisc cailcrí Phléicéiní, rud a chruthaíonn ithir chailcreach dhonn a luíonn ar ábhar neamhdhlúite ar an dromchla. Tá na dríodair sin sa raon ó dhúrabhán go gaineamhchloch mhór agus mhínghráinneach agus leibhéil aolchloiche agus smionagar marla ann a foirmíodh le linn an Mhéicéinigh. Baineann na hithreacha sin leis an ré threasach. Uigeacht dúrabháin ghainmhigh a bhíonn ag na hithreacha sin i gcoitinne, gan mórán ábhair orgánaigh (< 1 %), agus pH acu sa raon ó bheagáinín aigéadach go neodrach 6-7. Is sa limistéar thiar theas amháin atá pH níos bunúsaí thart ar 8 ann, agus leibhéal íseal riandúl, seachas iarann, ann.

3.

Is aeráid fhoircneach ilchríochach atá ag limistéar ATFC, agus tionchair Atlantacha ag gabháil léi. Tá an aeráid breacthur, ní mór an bhogthaise a bhíonn inti, agus is minic a bhíonn sioc earraigh ann.

Tosca daonna.

1.

Tá dlúthnasc idir fíonta Toro agus an toisc dhaonna ós rud é go ndéantar, ar bhonn seantaithí a tugadh anuas ó ghlúin go glúin, na cineálacha a phlandú de réir an chineáil ithreach:

—

Tinta de Toro: Go príomha ar ithreacha atá gairbhéalach ar an dromchla agus fo-ithir chré iontu.

—

Malvasía Castellana: Go príomha i gcás ithreacha níos éadroime agus níos gainmhí.

—

Garnacha Tinta: Ar ithreacha gainmheacha, amhail Malvasía.

—

Verdejo: Oiriúnach do gach cineál ithreach, ach is fearr ithreacha éadroma ina bhfuil gairbhéal agus púróga.

—

Moscatel de Grano Menudo: Droch-ithreacha, dúrabhán gainmheach dea-dhraenáilte.

—

Albillo Real: I gcoitinne, ar ithreacha gainmheacha agus gairbhéalacha.

2.

Aois an fhíonghoirt, agus os cionn 50 % de níos mó ná 40 bliain d’aois, na fíonghoirt réamh-mhíol fíniúna atá ann cheana, na hachair phlandála a bhíonn 3x3 m de ghnáth agus a phlandáiltear go cearnógach, seachas plandálacha an-sean atá fiartha, an toisc dhaonna a bhaineann leis an oidhreacht fíonóireachta a chaomhnú, chomh maith leis an gcineál dúchasach Tinta de Toro, tugann na nithe sin go léir a saintréithe intreacha do na fíonchaora agus, dá bhrí sin, do na fíonta.

3.

Go stairiúil, thug saothróirí fíniúna an limistéir cosaint do chineál dúchasach Tinta de Toro atá breá oiriúnach don ithir agus don aeráid, agus tá tagairtí ann, chomh fada siar leis an 6ú céad do na nithe sin, i.e. in ‘Etimologías’ le Isidoro de Sevilla. Tá cosúlacht fhiniúinghrafaíoch agus ghéiniteach aige leis an gcineál Tempranillo, ach táirgtear méid níos lú de, tá sé níos tainní, tá neart potaisiam aige níl sé chomh haigéadach céanna, agus laíon beagáinín antóiciaineach ann nuair atá sé aibí, agus táirgeann sé fíonta níos tibhe agus níos cumhachtaí.

4.

In éagmais lotnaidí nó galair eindéimeacha, seachas coincleach phúdrach, a chóireálann na saothróirí fíniúna go nádúrtha trí úsáid a bhaint as sulfar, cuirtear cosc ar úsáid olltáirgí cosanta plandaí, rud a fhágann go bhfuil na fíonchaora orgánach nach mór.

b.   Sonraí faoin táirge

I gcomparáid le fíonta eile i limistéir chomharsanachta ina bhfuil cineálacha comhchosúla, tá fíonta ATFC Toro níos struchtúrtha, agus tá comhpháirt níos mó polaifeanóil agus tainnine acu. Gan bheith chomh haigéadach céanna agus pH níos airde a bheith ann, mar aon le toin torthaí níos aibí ó thaobh peirspictíochta céadfachaí de.

Thairis sin, ag brath ar an gcineál óna dtáirgtear iad, bíonn blas láidir cumhachtach nó torthaíoch ag na fíonta leath-thirime, leathmhilse agus milse agus bíonn carachtar láidir acu sa bhéal, agus é nasctha leis an terroir.

Bíonn bolgáin bheaga dhiana agus coróin mharthanach ag na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán. Bíonn na fíonta súilíneacha ar ardchaighdeán sin úr, cothrom, tathagach sa bhéal agus tá na dea-bholaithe tánaisteacha a eascraíonn as an dara coipeadh sa bhuidéal comhtháite go maith iontu.

c.   Tuairisc ar an nasc cúisíoch

Bíonn dálaí aeráide thar a bheith fuar ann sa gheimhreadh agus bíonn cuid mhór uaireanta an chloig gréine agus teochtaí foircneacha ann, rud a chuireann teorainn le táirgiúlacht na bhfíniúnacha. Is iad na cineálacha éagsúla ithreach (dúrabhán gainmheach) a chinneann cé acu de na cineálacha a phlandálann na saothróirí fíniúna. Mar thoradh ar na tosca sin, ar an pH neodrach, ar ábhar orgánach teoranta agus ar fheabhsaitheoirí ithreach a úsáideann saothróirí fíniúna, cinntear dea-bholadh, struchtúr agus neart alcóil na bhfíonta, ar neart ard é. De bhreis air sin, is cuidiú é cion ard iarainn na hithreach, in éineacht le haois shuntasach an fhíonghoirt, leis an méid suntasach lí atá ann sna fíonta seo.

Thairis sin, na dálaí nádúrtha sin a fhaightear sa limistéir táirgthe agus a bhaineann le tosca nádúrtha, agus na tosca daonna a thuairiscítear thuas, tá siad idéalach d’fhorbairt an fhíonghoirt, go háirithe sna céimeanna roimh an bhfómhar, rud a spreagann aibiú na gcineálacha údaraithe éagsúla ag tráthanna éagsúla agus, ar an dóigh sin, rud a fhágann go dtáirgtear bunfhíonta maithe chun fíon súilíneach ar ardchaighdeán ina bhfuil neart alcóil iomchuí, aigéadacht íseal, pH agus dea-shláinte a dhéanamh.

Ina theannta sin, i gcás na bhfíonta milse agus leathmhilse, is léir í a n-acmhainneacht táirgeachta cruthaithe ó na blianta den taithí ar na cineálacha fíona sin a tháirgeadh in ATFC Toro. Déantar na fíonta de réir na gcaighdeán cáilíochta is déine agus próifíl orgánaileipteach chlasaiceach fhíonta traidisiúnta Toro á gcoinneáil ar bun. Is léiriú den scoth iad na fíonta sin ar charachtar barántúil fhíonta Toro, a fheabhsaítear mar gheall ar an gcion siúcra atá iontu.

I gcás fíonta súilíneacha, mar gheall gur cuireadh san áireamh san athbhreithniú a rinneadh roimhe seo ar an tsonraíocht táirge cineálacha atá i láthair go traidisiúnta sa limistéar ach nár cumhdaíodh, amhail Albillo Real agus Moscatel de grano menudo, is féidir, in éineacht leis na príomhchineálacha, Verdejo, Malvasía Castellana, Garnacha Tinta agus Tinta de Toro, bunfhíonta idéalacha a fháil chun fíon súilíneach ar ardchaighdeán a dhéanamh, ós rud é go bhfágtar leis an meascán cineálacha sin gur féidir aibiú ag amanna éagsúla, agus fíonta cothroma sláintiúla a tháirgeadh ag a bhfuil neart alcóil iomchuí agus aigéadacht íseal. Is léir í a n-acmhainneacht táirgeachta ó na blianta den taithí ar na cineálacha seo fíona shúilínigh ar ardchaighdeán a tháirgeadh in ATFC Toro. Déantar na fíonta de réir na gcaighdeán cáilíochta is déine agus an nasc á choinneáil ar bun.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Áiríonn an próiseas fíonóireachta buidéalú agus fíonta a thabhairt chun cineáil ina dhiaidh sin. Ar an dóigh sin, ní féidir na saintréithe orgánaileipteacha agus fisiceacha agus ceimiceacha a thuairiscítear sa tsonraíocht táirge seo a ráthú ach amháin má dhéantar na hoibríochtaí uile láimhseála fíona sa limistéar táirgthe. Tá buidéalú fíonta a chumhdaítear le ATFC Toro ar cheann de na tosca atá ríthábhachtach chun na saintréithe a leagtar amach sa tsonraíocht táirge a bhaint amach. Mar thoradh air sin, agus d’fhonn cáilíocht a áirithiú agus ráthaíocht a sholáthar maidir le tionscnamh agus rialú, ní mór buidéalú a dhéanamh i bhfíonlanna atá suite i ngléasraí buidéalaithe sa limistéar táirgthe.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an téarma traidisiúnta ‘DENOMINACIÓN DE ORIGEN’ [AINMNIÚCHÁN TIONSCNAIMH] agus na hinisealacha ‘D.O.’ a úsáid ar an lipéad in ionad ‘DENOMINACIÓN DE ORIGEN PROTEGIDA’.

Féadfar na tagairtí ‘ROBLE’ [DAIR] agus ‘FERMENTADO EN BARRICA’ [COIPTHE I mBAIRILLÍ] a áireamh ar lipéadú na bhfíonta. Féadfar na téarmaí traidisiúnta ‘CRIANZA’, ‘RESERVA’ agus ‘GRAN RESERVA’ a úsáid le haghaidh na bhfíonta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos sa reachtaíocht atá i bhfeidhm.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.itacyl.es/-/marcas-d-o-toro-?redirect=%2Fcalidad-diferenciada%2Fdop-e-igp%2Fdop-igp-y-etg


(1)  Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11.4.2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4493/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)