AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,28.5.2026
COM(2026) 254 final
2026/0129(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa a mhéid a bhaineann leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon
{SWD(2026) 133 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (‘CIO’) i ndáil le dhá chinneadh a bhfuil sé beartaithe iad a ghlacadh ag an gcéad seisiún tráthrialta eile dá cuid i mí an Mheithimh 2026: an ‘Gloine le haghaidh blaiseadh ola’ agus an ‘Treoir maidir le seomra blaiste a shuiteáil’, ar cinntí iad araon a bhaineann leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015
Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) (i) féachaint le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha olaí olóige, olaí prabhaite olóige agus ológ boird chun aon bhac ar thrádáil a chosc, (ii) tabhairt faoi ghníomhaíochtaí i réimse na tástála fisiciceimicí agus orgánaileiptí chun cur leis an eolas maidir le comhdhéanamh agus saintréithe cáilíochta táirgí olóige, d’fhonn na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhdhlúthú, agus (iii) ról na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa a neartú mar fhóram barr feabhais le haghaidh an chomhphobail eolaíoch idirnáisiúnta i réimse na n‑ológ agus na hola olóige.
Tháinig an leagan athnuaite den Chomhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017.
Tá an tAontas Eorpach ina pháirtí sa Chomhaontú.
2.2.Comhairle na gComhaltaí
Is í Comhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (‘Comhairle na gComhaltaí’) an t‑údarás agus an comhlacht cinnteoireachta is airde de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa agus déanfaidh sí na cumhachtaí agus na feidhmeanna sin uile is gá a fheidhmiú chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach. Mar pháirtí sa Chomhaontú, is comhalta de CIO é an tAontas Eorpach agus déantar ionadaíocht thar a cheann i gComhairle na gComhaltaí. Is de chomhthoil a ghlacfar cinntí Chomhairle na gComhaltaí. Murar féidir iad a ghlacadh de chomhthoil, ghlacfaí cinntí a bhaineann leis an gcaighdeán trádála agus modhanna mura ndiúltódh an ceathrú cuid ar a laghad de na comhaltaí dóibh nó mura ndiúltódh comhalta nó comhaltaí a bhfuil 100 sciar rannpháirtíochta ar a laghad aige/acu dóibh.
Tá 21 chomhalta sa Chomhairle Idirnáisiúnta um Ológa faoi láthair agus tá 647 sciar rannpháirtíochta ag an Aontas Eorpach as 1 000 sciar san iomlán.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhairle na gComhaltaí
I mí na Samhna 2025, chuir Rúnaíocht Feidhmiúcháin CIO téacs dhá chinneadh maidir le ceimic agus caighdeánú faoi bhráid a Chomhaltaí. Baineann an dá chinneadh sin araon leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon:
–Athbhreithniú 3 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 5 ‘Gloine le haghaidh blaiseadh ola’;
–Athbhreithniú 2 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 6 i ndáil leis an treoir maidir le seomra blaiste a shuiteáil.
Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo, cuimsítear téacs na ndoiciméad athbhreithnithe, mar a chuir an Rúnaíocht Feidhmiúcháin i láthair é.
De bhun Airteagal 20(3) den Chomhaontú, tá na critéir cháilíochta agus íonachta a chuimsítear i gCaighdeán Trádála na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa infheidhme maidir le trádáil idirnáisiúnta na gComhaltaí. Thairis sin, de bhun Airteagal 75(5)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cuirfear na moltaí caighdeánacha arna nglacadh ag comhlachtaí idirnáisiúnta san áireamh sna caighdeáin mhargaíochta. Seiceáiltear caighdeáin mhargaíochta le rialacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 90a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Na cinntí maidir leis na hathbhreithnithe ar na doiciméid sin a bhaineann leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon, bíonn tionchar acu ar an gcaoi a seiceáiltear na paraiméadair. Dá bhrí sin, déanfaidh na cinntí thuasluaite difear do dhlí an Aontais is infheidhme, is é sin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2105 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le seiceálacha comhréireachta ar chaighdeáin mhargaíochta le haghaidh ola olóige agus modhanna anailíse ar shaintréithe ola olóige.
Tá sé beartaithe an seasamh a shonraítear sa Chinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an gcéad seisiún tráthrialta eile den Chomhairle Idirnáisiúnta um Ológa, a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh 2026.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Na cinntí atá le glacadh ag an gComhairle baineann siad araon leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon:
–Athbhreithniú 3 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 5 ‘Gloine le haghaidh blaiseadh ola’;
–Athbhreithniú 2 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 6 i ndáil leis an treoir maidir le seomra blaiste a shuiteáil.
Tá na cinntí thuasluaite pléite ag saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe iad de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát. Leis na cinntí sin, rannchuideofar le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán ola olóige agus socrófar creat lena n‑áiritheofar iomaíocht chóir sa trádáil in ola olóige. Dá bhrí sin, ba cheart tacú leo.
Tá na cinntí thuasluaite i gcomhréir le beartas an Aontais a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le táirgí talmhaíochta a mhargú dá bhforáiltear i dTeideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Tá gá le seasamh ón Aontas chun na cinntí a ghlacadh.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena mbunaítear ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú, nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Thairis sin, cuimsítear sa choincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha de chuid an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Cuimsítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht í Comhairle na gComhaltaí a cuireadh ar bun le comhaontú, is é sin an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird.
Is é atá sna gníomhartha atáthar a iarraidh ar Chomhairle na gComhaltaí a ghlacadh gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo. Beidh na gníomhartha atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(3) den Chomhaontú agus féadfaidh na gníomhartha tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, is é sin, gníomhartha cur chun feidhme a mhéid a bhaineann le seiceálacha comhréireachta le haghaidh ola olóige bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Is amhlaidh atá mar, de bhun Airteagal 75(5)(e) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, leis na caighdeáin mhargaíochta, cuirfear na moltaí caighdeánacha arna nglacadh ag comhlachtaí idirnáisiúnta san áireamh.
Leis an ngníomh atá beartaithe, ní dhéantar creat institiúideach an Chomhaontaithe a fhorlíonadh ná a leasú.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE is bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ar inneachar an ghnímh atá beartaithe a nglacfar seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir a shainaithint gur príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt atá i gceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin, agus gan sa cheann eile ach aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a cheanglaítear leis an bpríomhaidhm nó leis an bpríomh-chomhpháirt.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála. Dá bhrí sin, is é Airteagal 207(4) CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é an bunús dlí ba cheart a bheith leis an gcinneadh atá beartaithe Airteagal 207(4) CFAE i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Comhlíonadh an phrionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’
Níl aon ghné dhigiteach ag baint leis an togra seo toisc nach bhfuil aon ábharthacht dhigiteach ann. Níl modhanna digiteacha ná malartú sonraí faoi raon feidhme an togra.
2026/0129 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa a mhéid a bhaineann leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tugadh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) i gcrích thar ceann an Aontais le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle.
(2)De bhun Airteagal 20 den Chomhaontú, féadfaidh Comhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa (CIO) (‘Comhairle na gComhaltaí’) cinntí a dhéanamh agus moltaí a ghlacadh chun forálacha an Chomhaontaithe a chur i bhfeidhm.
(3)Tá Comhairle na gComhaltaí, ag an 123ú seisiún dá cuid a bheidh ar siúl i mí an Mheithimh 2026, le dhá chinneadh a ghlacadh a bhaineann leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon.
(4)Saineolaithe eolaíocha agus teicniúla maidir le hola olóige, ar saineolaithe de chuid an Choimisiúin agus na mBallstát iad, phléigh siad na cinntí sin go mion. Leis na cinntí sin ba cheart rannchuidiú le comhchuibhiú idirnáisiúnta na gcaighdeán ola olóige agus bunófar leo creat lenar cheart iomaíocht chóir sa trádáil i dtáirgí in earnáil na hola olóige a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú le glacadh na gcinntí sin.
(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais laistigh de Chomhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ar an Aontas ag na cinntí atá le glacadh ag an gComhairle Idirnáisiúnta um Ológa a mhéid a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta leis na comhaltaí eile den Chomhairle Idirnáisiúnta um Ológa agus go mbeidh tionchar ag na cinntí sin ar ábhar dhlí an Aontais, is é sin maidir leis na seiceálacha comhréireachta le haghaidh ola olóige arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 90a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)Má chuirtear glacadh na gcinntí ar athló ionas go ndéanfar malartú comhfhreagrais roimh an 124ú seisiún tráthrialta de Chomhairle na gComhaltaí, mar thoradh ar chuid de na Comhaltaí gan bheith in ann a bhformheas a thabhairt, ba cheart an seasamh a leagtar amach sa Chinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais trí chomhfhreagras a mhalartú.
(7)Mar sin féin, ba cheart ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bheith in ann oiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar leasuithe a bhaineann leis na hathbhreithnithe ar an dá dhoiciméad sin.
(8)Chun leas an Aontais a chaomhnú, ba cheart cead a bheith ag ionadaithe an Aontais i gComhairle na gComhaltaí, áfach, a iarraidh glacadh na gcinntí sin a chur ar athló, dá mba dhócha go ndéanfadh difear don seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le faisnéis eolaíoch nó faisnéis theicniúil nua a chuirfí i láthair roimh an 124ú seisiún tráthrialta de Chomhairle na gComhaltaí,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tacóidh an tAontas le glacadh dhá chinneadh maidir leis an modh measúnaithe orgánaileipteach le haghaidh ola olóige íon:
–Athbhreithniú 3 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 5 maidir le ‘Gloine le haghaidh blaiseadh ola’;
–Athbhreithniú 2 ar dhoiciméad COI/T.20/Doc. Uimh. 6 i ndáil leis an treoir maidir le seomra blaiste a shuiteáil.
ar cinntí iad a ghlacfaidh Comhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa ag an gcéad seisiún tráthrialta eile a bheidh aici i mí an Mheithimh 2026 nó i malartú comhfhreagrais a dhéanfar roimh an 124ú seisiún tráthrialta.
Airteagal 2
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gComhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa teacht ar chomhaontú maidir le hoiriúnuithe teicniúla ar mhodhanna nó ar dhoiciméid eile de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa gan cinneadh eile ón gComhairle más toradh iad na hoiriúnuithe teicniúla sin ar na leasuithe ar an dá dhoiciméad dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 3
I gcás inar dóigh go ndéanfar difear don seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 le faisnéis eolaíoch nua nó faisnéis theicniúil nua a chuirfear i láthair roimh an gcéad chruinniú tráthrialta eile de Chomhairle Comhaltaí na Comhairle Idirnáisiúnta um Ológa, iarrfaidh ionadaithe an Aontais go gcuirfear glacadh na gcinntí sin ar athló go dtí go mbunófar seasamh an Aontais ar bhonn na faisnéise nua sin.
Airteagal 4
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán