European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1251

27.6.2025

CINNEADH (AE) 2025/1251 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Meitheamh 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 17ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’, le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, le marcáil feithicle, leis an bhfochóras ‘bonneagar’, agus leis an bhfochóras ‘Feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’, agus a mhéid a bhaineann leis an nuashonrú ar an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

D’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle (1) agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún COTIF (2).

(2)

De bhun Airteagal 13(1)(f) de COTIF, cuireadh Coiste Saineolaithe Teicniúla OTIF ar bun.

(3)

De bhun Airteagal 20(1)(b) de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Caighdeáin Theicniúla a Bhailíochtú agus Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a Ghlacadh is infheidhme maidir le hÁbhar Iarnróid atá beartaithe lena úsáid sa Trácht Idirnáisiúnta (APTU) – Foscríbhinn F a ghabhann le COTIF, tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla inniúil chun na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha (UTP) a ghlacadh nó a leasú, inter alia, is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ (UTP LOC&PAS), maidir le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (UTP PRM), maidir le marcáil feithiclí (UTP Marking), maidir leis an bhfochóras ‘bonneagar’ (UTP INF) agus maidir leis an bhfochóras ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (UTP TAF).

(4)

De bhun Airteagal 20(1)(e) de COTIF, agus i gcomhréir le hAirteagal 21(4) de na Rialacha Aonfhoirmeacha maidir le Cead Isteach Teicniúil d’Ábhar Iarnróid a úsáidtear sa Trácht Idirnáisiúnta (ATMF – Foscríbhinn G a ghabhann leis an gCoinbhinsiún), tá an Coiste Saineolaithe Teicniúla inniúil chun, inter alia, an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF a ghlacadh nó a leasú, inter alia.

(5)

Maidir leis an 17ú seisiún dá chuid a bheidh ar siúl an 17 agus an 18 Meitheamh 2025, chuir an Coiste Saineolaihe Teicniúla togra ar an gclár oibre le haghaidh cinntí maidir le hathbhreithniú ar UTP LOC&PAS, UTP PRM, UTP Marking, agus UTP INF, maidir le Foscríbhinn I d’UTP TAF a mhodhnú, agus maidir leis an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF a nuashonrú.

(6)

Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag gníomhartha an Choiste Saineolaithe Teicniúla atá beartaithe.

(7)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Saineolaithe Teicniúla a leagan síos toisc go mbeidh na cinntí atá beartaithe ceangailteach ar an Aontas de bhun Airteagal 6(1) APTU agus Airteagal 35(3) agus (4) de COTIF.

(8)

Is é is aidhm do na cinntí sin UTP LOC&PAS, UTP PRM, UTP Marking, agus UTP INF a ailíniú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún (3) (‘pacáiste STI 2023’), na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) a bhaineann le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (TAF TSI) a liostaítear i bhFoscríbhinn I d’UTP TAF a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún (4), agus an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF a nuashonrú agus an t-aiseolas ó thaithí Stáit Chonarthacha COTIF á chur san áireamh.

(9)

Maidir leis na cinntí atá beartaithe ó OTIF chun UTP PRM, UTP Marking, agus UTP INF a athbhreithniú, tá siad i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais toisc go rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha comhfhreagracha dhlí an Aontais, agus dá bhrí sin ba cheart don Aontas tacú leo.

(10)

Tá na cinntí atá beartaithe ó OTIF chun UTP LOC&PAS a athbhreithniú agus chun Foscríbhinn I d’UTP TAF a mhodhnú i gcomhréir le dlí agus le cuspóirí straitéiseacha an Aontais go ginearálta freisin, agus rannchuidíonn siad le hailíniú reachtaíocht OTIF le forálacha coibhéiseacha dhlí an Aontais. Mar sin féin, ba cheart cuid de na hathruithe atá beartaithe ag OTIF a ailíniú le ‘Pacáiste STI 2023. Dá bhrí sin, is gá leasuithe a mholadh ar chinntí atá beartaithe ó OTIF chun athbhreithniú a dhéanamh ar UTP LOC&PAS agus chun Foscríbhinn I d’UTP TAF a mhodhnú, chun ailíniú le acquis an Aontais arna leasú le Pacáiste STI 2023 a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na cinntí atá beartaithe faoi réir an choinníll go dtabharfar isteach na leasuithe sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 17ú seisiún de Choiste Saineolaithe Teicniúla na h Eagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród a mhéid a bhaineann leis an athbhreithniú ar na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha (UTP) is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’ (UTP LOC&PAS), maidir le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (UTP PRM), maidir le marcáil feithiclí (UTP Marking), maidir leis an bhfochóras ‘bonneagar’ (UTP INF), a mhéid a bhaineann leis na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla i gcomhar sonraíochtaí teicniúla le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le ‘feidhmchláir theileamataice le haghaidh seirbhísí lasta’ (TAF TSI) a liostaítear i bhFoscríbhinn I de na Saintreoracha Teicniúla Aonfhoirmeacha a bhaineann le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (UTP TAF) agus a mhéid a bhaineannn leis an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF a nuashonrú:

(1)

vótáil i bhfabhar an athbhreithnithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar UTP LOC&PAS is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘rothstoc – innill féinghluaiste agus rothstoc paisinéirí’, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25003 UTP LOC&PAS ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

(a)

i roinn 1 (Introduction) den Iarscríbhinn, an dara fleasc, cuirtear ‘network(s)’ in ionad an fhocail ‘infrastructure’;

(b)

i bpointe 2.1 (Rolling stock subsystem and functions) den Iarscríbhinn, an ceathrú fleasc, scriostar ‘, UTP WAG’;

(c)

i bpointe 2.2.1 (Train formation), mír (1), cuirtear ‘UTP verification procedure’ in ionad an téarma ‘OTIF technical admission’;

(d)

scriostar pointí 3.2.1 (General requirements, requirements related to maintenance and operation) agus 3.2.2 (Requirements specific to other subsystems);

(e)

i bpointe 4.2.3.4.2 (Running dynamic behaviour), cuirtear ‘Additional requirements regarding interface with on-board part of the control-command and signalling subsystem’ in ionad theideal mhír (d) (Interfaces between the unit and the control-command and signalling subsystem);

(f)

i mír (8) de phointe 4.2.3.4.2 (Running dynamic behaviour), i míreanna (3) agus (4) de phointe 4.2.4.3 (Type of brake system), i mír (3) de phointe 4.2.4.4.1 (Emergency braking command), i mír (5) de phointe 4.2.4.4.2 (Service braking command), i mír (4) de phointe 4.2.4.4.4 (Dynamic braking command), i mír (6) de phointe 4.2.4.8.2 (Magnetic track brake), i mír (9) de phointe 4.2.4.8.3 (Eddy current track brake), i mír (2) de phointe 4.2.5.5.6 (Door opening), i mír (8) de phointe 4.2.8.1.2 (Requirements on performance), i mír (4) de phointe 4.2.8.2.4 (Maximum power and current from the overhead contact line), i mír (5), an dara fomhír, de phointe 4.2.8.2.9.8 (Running through phase or system separation sections (RST level)), i míreanna (5) agus (6) de phointe 4.2.9.1.6 (Driver’s desk-Ergonomics), i mír (4) de phointe 4.2.9.3.6 (Radio Remote control function by staff for shunting operation), i bpointí 4.2.9.3.8.1 (Sleeping mode), 4.2.9.3.8.2 (Passive shunting), 4.2.9.3.8.3 (Non leading), 4.2.9.3.9 (Traction status), i mír (5) de phointe 4.2.10.4.2 (Smoke Control), i bpointe 4.2.13 (Interface requirements with Automated Train Operation on-board):

—

cuirtear ‘control-command and signalling subsystem’ in ionad ‘signalling system’;

—

scriostar ‘See point 4.3.4’;

(g)

i bpointe 4.2.4.6.1 (Limit of wheel rail adhesion profile), scriostar an fhoclaíocht ‘Note to points (1) – (4):’;

(h)

i bpointe 4.2.4.7 (Dynamic brake – Braking system linked to traction system), cuirtear ‘For electric units, in case the presence on-board the unit of the voltage delivered by the external power supply is a condition for the dynamic brake application, the safety analysis shall cover failures leading to absence on-board the unit of that voltage.’ in ionad an tríú mír;

(i)

i bpointe 4.2.7.1.4 (Lamp controls), mír (3), cuirtear ‘an automatic flashing/blinking mode’ in ionad ‘a flashing/blinking mode’;

(j)

i mír (1) de phointe 4.2.9.6 (Recording device), cuirtear ‘Additional data pertaining to the on-board control-command and signalling subsystem may be required to be recorded’ in ionad an cheathrú fomhír;

(k)

i bpointe 4.2.12.2 (General documentation), mír (24):

—

sa chéad fhleasc, cuirtear ‘control-command and signalling subsystem’ in ionad ‘signalling equipment’;

—

cuirtear ‘conditions for the installation of on-board part of the control-command and signalling subsystem (e.g. mechanical, electrical, etc.).’ in ionad an dara fleasc;

(l)

i bpointe 6.2.6 (Assessment of documentation requested for operation and maintenance), mír (1), scriostar ‘and assessing entity’;

(m)

i bpointe 7.3.2 (List of specific cases), scriostar gach cás sonrach a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann;

(2)

vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar UTP PRM is infheidhme maidir le hinrochtaineacht an chórais iarnróid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25004 UTP PRM ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla;

(3)

vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar UTP Marking is infheidhme maidir le marcáil feithiclí, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25005 UTP Marking ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla;

(4)

vótáil i bhfabhar na leasuithe atá beartaithe ag an gCoiste Saineolaithe Teicniúla ar UTP INF is infheidhme maidir leis an bhfochóras ‘bonneagar’, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25006 UTP INF ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla;

(5)

vótáil i bhfabhar an togra ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla chun na tagairtí do Dhoiciméid Theicniúla ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) a bhaineann le ‘feidhmchláir theileamaitice le haghaidh seirbhísí lasta’ (TAF TSI) a liostaítear i bhFoscríbhinn I d’UTP TAF a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 1305/2024, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25007 UTP TAF ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla, faoi réir an leasaithe seo a leanas:

—

sa tábla i bhFoscríbhinn I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad líne uimhir 6:

6

ERA-TD-105

TAF TSI - Annex D.2: Appendix F - TAF TSI Data and Message Model

3.5.1

15.12.2024

(6)

vótáil i bhfabhar an togra ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla an Lámhleabhar maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm Rialacha Aonfhoirmeacha APTU agus ATMF a nuashonrú, mar atá i nDoiciméad Oibre TECH-25011 UTP TAF ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

—

Pointe 5.3.3 – CÁSANNA SONRACHA

—

sa chéad fhleasc, cuirtear ‘A specific case should be used’ in ionad ‘A specific case is primarily used’;

—

sa chéad fhleasc, cuirtear ‘due to technical constraints affecting compatibility with the existing system.’ le ‘deviation from a requirement in the UTP’;

—

sa chéad fhleasc, cuirtear ‘. A national technical requirement should be used to define a requirement other than those laid down in the UTPs’ in ionad ‘and national technical requirements are mainly used to define requirements in addition to the UTPs’;

—

sa chúigiú fleasc, cuirtear ‘the specific case in the UTP may refer instead to a specific national technical requirement defining corresponding assessment method’ in ionad ‘the specific case may refer to a national technical requirement for this purpose’;

—

Pointe 5.4 – CEANGLAIS THEICNIÚLA NÁISIÚNTA

—

sa cheathrú mír, cuirtear ‘In case a national technical requirement falls, in full or in part, within the scope of a requirement laid down in the UTP, it should be transferred into the UTP in the form of a specific case’ in ionad ‘In some cases, the NTR can be transferred into the UTP, in full or in part, in the form of a specific case’.

—

Pointe 10.3 – COMHGHAOL LE DLÍ AN AONTAIS

—

sa dara mír, cuirtear ‘whether their ECM’ in ionad ‘whether an ECM’;

—

sa cheathrú mír, sa chéad fhleasc, cuirtear ‘should be accepted in international traffic’ in ionad ‘should be accepted’;

—

sa ceathrú mír, sa dara fleasc, cuirtear ‘For the purpose of providing ECM services on the territory of a Contracting State’ in ionad ‘For the purpose of providing ECM services,’ agus cuirtear ‘that Contracting State’ in ionad ‘Contracting States’.

(7)

féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar na gníomhartha ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla a leagtar amach san Airteagal seo, gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

A luaithe a ghlacfar na cinntí ón gCoiste Saineolaithe Teicniúla, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus dáta a dteacht i bhfeidhm á shonrú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 16 Meitheamh 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. HENNIG-KLOSKA


(1)  Cinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/103(1)/oj).

(2)  Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Eagraíocht Idir-rialtasach um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród maidir le hAontachas an Aontais Eorpaigh don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (IO L 51, 23.2.2013, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2013/103/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1694 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2023 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 321/2013, (AE) Uimh. 1299/2014, (AE) Uimh. 1300/2014, (AE) Uimh. 1301/2014, (AE) Uimh. 1302/2014, (AE) Uimh. 1304/2014 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/777 (IO L 222, 8.9.2023, lch. 88, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1694/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2014 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2014 maidir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht a bhaineann leis na feidhmchláir theileamaitice d’fhochórais lasta an chórais iarnróid san Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 62/2006 (IO L 356, 12.12.2014, lch. 438, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/1305/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1251/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)