An Bhruiséil,14.10.2024

COM(2024) 482 final

2024/0265(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 12275/22 INIT; ST 12275/22 ADD 1) an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre a fhormheas


2024/0265 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 12275/22 INIT; ST 12275/22 ADD 1) an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre a fhormheas

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta 1 , agus go háirithe Airteagal 20(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I ndiaidh don Ísiltír an plean téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta a chur isteach an 8 Iúil 2022, mhol an Coimisiún a mheasúnú dearfach don Chomhairle. D’fhormheas an Chomhairle an measúnú dearfach trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 2 . Leasaíodh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2023 3 .

(2)An 16 Meán Fómhair 2024, rinne an Ísiltír iarraidh réasúnaithe ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 a leasú i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241, ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla. Ar an mbonn sin, tá plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe curtha isteach ag an Ísiltír.

Leasuithe bunaithe ar Airteagal 21 de Rialachán 2021/241

(3)Na leasuithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a chuir an Ísiltír isteach i ngeall ar imthosca oibiachtúla, baineann siad le 16 bheart.

(4)Mhínigh an Ísiltír go ndearnadh 4 bheart a mhodhnú chun roghanna malartacha níos fearr a chur chun feidhme chun uaillmhian bhunaidh an bhirt a bhaint amach. Baineann sé sin le sprioc 62, ainm an bhirt agus an tuairisc ar infheistíocht C2.3 I1 (Teicneolaíocht faisnéise cheannródaíoch (GrIT)) faoi chomhpháirt 2 (Dlús a chur leis an gclaochlú digiteach); garsprioc 72 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hathchóiriú C3.1 R3-4 (Pleanáil láraithe chun soláthar tithíochta a mhéadú) faoi chomhpháirt 3 (An margadh tithíochta a fheabhsú agus maoin réadach a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh); sprioc 104 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C4.2 I2-1 (Tacaíocht do dhaoine nua chun caillteanais foghlama a chosc) faoi chomhpháirt 4 (Margadh an tsaothair, pinsin agus oideachas atá dírithe ar an todhchaí a neartú); garsprioc 117 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hathchóiriú C6.1 R1-1 (Beartas cánach na hÍsiltíre) faoi chomhpháirt 6 (Dul i ngleic le pleanáil ionsaitheach cánach agus le sciúradh airgid) agus forálacha tosaigh chomhpháirt 6. Ar an mbonn sin, d’iarr an Ísiltír go leasófaí na tuairiscí ar bheart C2.3 I1, beart C4.2 I2-1 agus sprioc 104 atá gaolmhar dó, agus beart C6.1 R1-1 agus garsprioc 117 atá gaolmhar dó. Thairis sin, d’iarr an Ísiltír síneadh a chur le hamlíne chur chun feidhme gharsprioc 72 agus an tuairisc ar an ngarsprioc sin a leasú, gan a huaillmhian a ísliú. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 a leasú dá réir.

(5)Mhínigh an Ísiltír go ndearnadh 11 bheart a leasú chun rogha mhalartach níos fearr a chur chun feidhme lenar féidir an t‑ualach riaracháin a laghdú agus, an tráth céanna, cuspóirí na mbeart lena mbaineann a bhaint amach. Baineann sé sin le garsprioc 1 agus leis an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C1.1 R1-1 (Athchóiriú ar chánachas fuinnimh), le garsprioc 6 agus leis an tuairisc ar an mbeart maidir le hathchóiriú C1.1 R4-1 (Cánachas ar charranna a athchóiriú), le sprioc 23 agus leis an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C1.1 I2-3 (Cumhacht ghlas hidrigine) faoi chomhpháirt 1 (An t‑aistriú glas a chur chun cinn); le garsprioc 36 d’infheistíocht C2.1 I1-2 (Candamach Delta NL), le sprioc 40 d’infheistíocht C2.1 I2-4 (AI Ned agus pobail foghlama intleachta saorga feidhmí), leis an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C2.2 I3-2 (Stáisiúin chliste cois bóthair (iWKS)), le garsprioc 65 agus leis an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C2.3 I2-1 (Digitiú an cheartais choiriúil) faoi chomhpháirt 2 (Dlús a chur leis an gclaochlú digiteach); sprioc 77 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C3.1 I1-3 (Tionscadail tógála nua a dhíghlasáil) agus sprioc 83 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C3.2 I2 (Fóirdheontas infheistíochta le haghaidh fuinneamh inbhuanaithe agus coigilteas fuinnimh) faoi chomhpháirt 3 (An margadh tithíochta a fheabhsú agus eastát réadach a dhéanamh níos tíosaí ar fhuinneamh); garsprioc 85 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hathchóiriú C4.1 R2-1 (Árachas míchumais do dhaoine féinfhostaithe) faoi chomhpháirt 4 (Margadh an tsaothair, pinsin agus oideachas atá dírithe ar an todhchaí a neartú); garspriocanna 128, 129 agus 130 agus an tuairisc ar an mbeart maidir le hinfheistíocht C8-I1 (Fóirdheontas infheistíochta le haghaidh fuinneamh inbhuanaithe agus coigilteas fuinnimh) faoi chomhpháirt 8 (REPowerEU) agus forálacha tosaigh chaibidil REPowerEU. Ar an mbonn sin, d’iarr an Ísiltír go mbainfí faisnéis chúlra nó eilimintí nós imeachta nach bhfuil gá leo agus nach rannchuidíonn le cuspóirí na mbeart, go soiléireofaí go mbaineann gnéithe áirithe le cuspóirí nó le comhthéacs na mbeart, agus go simpleofaí tuairisc ar bhearta nó ar gharspriocanna agus ar spriocanna a chruthaíonn ualach riaracháin gan údar chun cuspóirí na mbeart faoi seach a bhaint amach. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 a leasú dá réir.

(6)Mhínigh an Ísiltír nach féidir beart amháin a bhaint amach a thuilleadh go páirteach mar gheall ar fhorbairtí le déanaí sa mhargadh, rud a d’fhág go raibh an t‑éileamh níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis. Baineann sé sin le sprioc 111 d’infheistíocht C5.1 I2-1 (Leathnú ar Dhianchúram) faoi chomhpháirt 5 (Cúram sláinte poiblí agus ullmhacht paindéime a neartú). Ar an mbonn sin, d’iarr an Ísiltír go laghdófaí an sprioc thuasluaite. Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 a leasú dá réir.

(7)Measann an Coimisiún, leis na cúiseanna arna gcur chun cinn ag an Ísiltír, go bhfuil údar maith leis na leasuithe de bhun Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) 2021/241, agus gur cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 a leasú dá réir.

Garspriocanna agus spriocanna a dháileadh

(8)Ba cheart dáileadh na ngarspriocanna agus na spriocanna i dtráthchodanna a mhodhnú chun na leasuithe ar an bplean agus an amlíne tháscach a chuir an Ísiltír i láthair a chur san áireamh. Áirítear leis sin go háirithe cur chun feidhme gharsprioc 6 d’athchóiriú C1.1 R4-1 (Cánachas ar charranna a athchóiriú) faoi chomhpháirt 1 (An t‑aistriú glas a chur chun cinn) a chur ar aghaidh ón tríú tráthchuid chuig an dara tráthchuid de thacaíocht neamh-inaisíoctha.

Ceartúcháin ar earráidí cléireachais

(9)Sainaithníodh aon earráid chléireachais amháin i dtéacs an Chinnidh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, lena ndéantar difear do gharsprioc amháin agus d'aon bheart amháin faoi chomhpháirt amháin. Ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle a leasú chun an earráid chléireachais sin a cheartú, earráid nach léiríonn ábhar an phlean téarnaimh agus athléimneachta a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 8 Iúil 2022, mar a comhaontaíodh idir an Coimisiún agus an Ísiltír. Baineann an earráid chléireachais sin le hainm sprioc 133 d’athchóiriú C8-R1 (An pacáiste maidir le hathchóiriú an mhargaidh fuinnimh) agus leis an tuairisc uirthi, faoi chomhpháirt 8 (REPowerEU). Ní dhéanann an ceartúchán difear do chur chun feidhme an bhirt lena mbaineann.

Measúnú ón gCoimisiún

(10)Measann an Coimisiún nach ndéanann na leasuithe a chuir an Ísiltír chun cinn difear don mheasúnú dearfach ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ST 12275/22 INIT; SST 12275/22 ADD 1 an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre maidir le hábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta i gcomparáid leis na critéir mheasúnúcháin a leagtar síos in Airteagal 19(3), pointí (a), (b), (c), (d), (da), (db), (e), (f), (g), (h), (i), (j) agus (k).

Measúnú dearfach

(11)Tar éis an mheasúnaithe dhearfaigh ón gCoimisiún maidir leis an bplean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe agus an toradh a bhí air, mar atá, go gcomhlíonann an plean na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/241, i gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán sin agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, ba cheart na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta is gá chun an plean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe, na garspriocanna, spriocanna agus táscairí ábhartha, agus an méid a chuirtear ar fáil ón Aontas i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha le haghaidh chur chun feidhme an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe a leagan amach.

Ranníocaíocht airgeadais

(12)Is é EUR 5 443 293 000 costais iomlána mheasta phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na hÍsiltíre. Ós rud é go bhfuil méid chostais iomlána mheasta an phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe níos airde ná an ranníocaíocht uasta airgeadais de EUR 5 441 423 046 atá ar fáil don Ísiltír, ba cheart an ranníocaíocht airgeadais arna cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 20(4) arna leithdháileadh do phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na hÍsiltíre a bheith cothrom le méid iomlán na ranníocaíochta airgeadais atá ar fáil do phlean téarnaimh agus athléimneachta leasaithe na hÍsiltíre. EUR 5 441 423 046 atá sa mhéid sin.

(13)Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) (ST 12275/22 INIT; T 12275/22 INIT ADD 1) ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre a leasú dá réir. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle sin a ionadú go hiomlán.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hÍsiltíre a fhormheas mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta

Formheastar an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta modhnaithe na hÍsiltíre a rinneadh ar bhonn na gcritéar dá bhforáiltear in Airteagal 19(3) de Rialachán (AE) 2021/241. Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo na hathchóirithe agus na tionscadail infheistíochta faoin bplean téarnaimh agus athléimneachta, na socruithe agus an t‑amchlár i ndáil le faireachán a dhéanamh ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta agus é a chur chun feidhme, lena n‑áirítear na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha agus na garspriocanna agus spriocanna breise a bhaineann le híocaíocht thacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha agus le híocaíocht na hiasachta, na táscairí ábhartha a bhaineann le comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna atá beartaithe, agus na socruithe chun rochtain iomlán ar na bunsonraí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.’;

(2) Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne.

Airteagal 2
Seolaí

Is chuig Ríocht na hÍsiltíre a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(2)    ST 12275/22 INIT; ST 12275/22 INIT ADD 1.
(3)    ST 13613/1/23; 13613/23 REV 1 (en), ST 13613/1/23 ADD1 REV1