An Bhruiséil,19.6.2024

COM(2024) 620 final

Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hOstaire

{SWD(2024) 600 final} - {SWD(2024) 620 final}


Moladh le haghaidh

MOLADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le beartais eacnamaíocha, shóisialta, fostaíochta, struchtúracha agus bhuiséadacha na hOstaire

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 121(2) agus 148(4) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, ón gComhairle 1 , agus go háirithe Airteagal 3(3) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na rúin ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chosaint Shóisialta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 , lenar bunaíodh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, tháinig sé i bhfeidhm an 19 Feabhra 2021. Is rud í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, ionas gurb é atá i gceist léi spreagadh airgeadais atá maoinithe ag an Aontas. I gcomhréir le tosaíochtaí an tSeimeastair Eorpaigh, cuidíonn sí ó thaobh an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach, agus ó thaobh athchóirithe agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun feidhme, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chur chun cinn agus chun cur le hathléimneacht gheilleagair na mBallstát. Cuidíonn sí freisin ó thaobh an t-airgeadas poiblí a neartú agus borradh a chur faoin bhfás agus faoin gcruthú post sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó thaobh an comhtháthú críochach a fheabhsú laistigh den Aontas agus ó thaobh tacú le cur chun feidhme leanúnach Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(2)Is é is aidhm do Rialachán REPowerEU 3 , arna ghlacadh an 27 Feabhra 2023, deireadh a chur de réir a chéile le spleáchas an Aontais ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis. Ba chuidiú é sin ó thaobh an tslándáil fuinnimh a bhaint amach agus soláthar fuinnimh an Aontais a éagsúlú, agus san am céanna, thiocfadh méadú dá bharr ar acmhainneachtaí stórála, ar ghlacadh foinsí in-athnuaite fuinnimh agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh. Chuir an Ostair caibidil nua REPowerEU lena plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun go maoineofar athchóirithe agus infheistíochtaí ríthábhachtacha a chuideoidh le cuspóirí REPowerEU a bhaint amach.

(3)An 16 Márta 2023 d’eisigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir le ‘Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: níos faide ar aghaidh ná 2030’ 4 , ar mhaithe le bonn eolais a chur faoi chinntí beartais agus leis na creatdálaí a chruthú chun an fás a mhéadú. Déanann an Teachtaireacht an t-iomaíochas a bhunú ar naoi spreagadh a threisíonn a chéile. I measc na spreagthaí sin, is iad an rochtain ar chaipiteal príobháideach, an taighde agus an nuálaíocht, an t-oideachas agus na scileanna, agus an margadh aonair na príomhthosaíochtaí beartais maidir le hathchóirithe agus infheistíocht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin táirgiúlachta atá ann faoi láthair agus chun iomaíochas fadtéarmach an Aontais agus a Bhallstát a fhorbairt. An 14 Feabhra 2024, lean an Coimisiún an Teachtaireacht seo leis an Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an Margadh Aonair agus an Iomaíochas 5 . Déantar cur síos sa tuarascáil ar láidreachtaí agus dúshláin iomaíocha Mhargadh Aonair na hEorpa, agus rianú á dhéanamh ar fhorbairtí bliantúla de réir na naoi spreagthach maidir le hiomaíochas a sainaithníodh.

(4)An 21 Samhain 2023 ghlac an Coimisiún Suirbhé Bliantúil 2024 don Fhás Inbhuanaithe 6 , rud a chuir tús le timthriall 2024 an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch. An 22 Márta 2024 d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach tosaíochtaí Shuirbhé Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024 a bhí dírithe ar na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch. An 21 Samhain 2023, ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011, ghlac an Coimisiún freisin Tuarascáil 2024 maidir leis an Sásra Foláirimh, tuarascáil nár shainaithin sé inti go bhfuil an Ostair ar cheann de na Ballstáit a bhféadfadh míchothromaíochtaí a bheith ag baint di, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbaol míchothromaíochtaí, agus a mbeadh grinn-athbhreithniú ag teastáil ina leith. An dáta céanna, ghlac an Coimisiún tuairim freisin maidir le dréachtphlean buiséadach na hOstaire 2024. Ghlac an Coimisiún moladh freisin le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, moladh a ghlac an Chomhairle an 12 Aibreán 2024, chomh maith leis an togra le haghaidh Thuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2024 lena ndéantar anailís ar chur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a ghlac an Chomhairle an 11 Márta 2024.

(5)An 30 Aibreán 2024, tháinig creat rialachais eacnamaíoch nua an Aontais i bhfeidhm. Cuimsítear sa chreat Rialachán nua (AE) 2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le beartais eacnamaíocha agus faireachas buiséadach iltaobhach a chomhordú go héifeachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle. Cuimsítear ann freisin Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 leasaithe maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme agus Treoir 2011/85/AE leasaithe maidir le creataí buiséadacha na mBallstát 7 . Leis an gcreat nua, tugtar tús áite d’inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí agus d’fhás inbhuanaithe cuimsitheach trí chomhdhlúthú fioscach de réir a chéile mar aon le hathchóirithe agus infheistíochtaí. Cuireann sé úinéireacht náisiúnta chun cinn agus díríonn sé níos mó ar an meántéarma, agus ina theannta sin, tá forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí i gceist leis. Ba cheart do gach Ballstát plean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta a chur faoi bhráid na Comhairle agus an Choimisiúin. Sna pleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha náisiúnta atá ag Ballstát, tá a ghealltanais fhioscacha, athchóiriúcháin agus infheistíochta, lena gcumhdaítear tréimhse phleanála 4 bliana nó 5 bliana, de réir fhad rialta an reachtais náisiúnta. Ba cheart go mbeidh an chonair ghlanchaiteachais 8 sa phlean fioscach struchtúrtha meántéarmach náisiúnta i gcomhréir le riachtanais Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263, lena n-áirítear na riachtanais maidir leis an bhfiachas rialtais ghinearálta a chur nó a choinneáil ar chonair inchreidte anuas faoi dheireadh na tréimhse choigeartúcháin ar a dhéanaí, nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama faoi bhun 60 % de OTI, agus easnamh an rialtais a thabhairt agus/nó a choinneáil faoi bhun luach tagartha de 3 % de OTI go meántéarmach. I gcás ina ngeallann Ballstát sraith ábhartha athchóirithe agus infheistíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263, féadfar síneadh 3 bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse choigeartaithe. Chun tacú le hullmhú na bpleananna sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, an [21 Meitheamh] 2024, treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le hábhar na bpleananna agus na dtuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn a eiseofar ina dhiaidh sin a bheidh orthu a chur isteach agus, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 2024/1263, tarchuirfidh sé chucu treoir theicniúil maidir leis na coigeartuithe fioscacha (conairí tagartha agus faisnéis theicniúil i gcás inarb infheidhme). Ba cheart do na Ballstáit a bpleananna fioscacha-struchtúracha meántéarmacha a chur isteach faoin 20 Meán Fómhair 2024, mura gcomhaontóidh an Ballstát agus an Coimisiún síneadh ama réasúnta a chur leis an sprioc-am. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht a bparlaimintí náisiúnta a áirithiú, agus go ndéantar comhairliúchán le hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha, páirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara náisiúnta eile, de réir mar is iomchuí. In 2024 tá an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch fós ag forbairt i gcomhréir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá cur chun feidhme iomlán na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta fós riachtanach chun go mbainfear amach na tosaíochtaí beartais atá ann faoin Seimeastar Eorpach, ós rud é go gcuidíonn na pleananna ó thaobh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na ndúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha a eisíodh le blianta beaga anuas, nó ar scair suntasach de na dúshláin sin. Tá moltaí tírshonracha 2019, 2020, 2022 agus 2023 fós chomh hábhartha céanna maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta athbhreithnithe, nuashonraithe nó leasaithe i gcomhréir le hAirteagail 14, 18 agus 21 de Rialachán (AE) 2021/241.

(6)An 30 Aibreán 2021, chuir an Ostair a plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2021/241. De bhun Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/241, rinne an Coimisiún measúnú ar ábharthacht, éifeachtacht, éifeachtúlacht agus comhleanúnachas an phlean téarnaimh agus athléimneachta, i gcomhréir leis na treoirlínte measúnaithe in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin. An 13 Iúil 2021, ghlac an Chomhairle a Cinneadh maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire 9 , a leasaíodh an 9 Samhain 2023 de réir Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2021/241 ós rud é nach féidir an plean téarnaimh agus athléimneachta a bhaint amach ina iomláine a thuilleadh de bharr imthosca oibiachtúla, agus chun an chaibidil REPowerEU a chur san áireamh 10 . Tá scaoileadh na dtráthchodanna ag brath ar chinneadh ón gCoimisiún, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/241, go bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a leagtar amach sa Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle comhlíonta go sásúil ag an Ostair. Ní féidir comhlíonadh sásúil a bheith i gceist ach sa chás nach ndeachthas siar ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna a gnóthaíodh roimhe sin.

(7)D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil tíre 2024 maidir leis an Ostair 11 an 19 Meitheamh 2024. Rinneadh measúnú sa tuarascáil sin ar dhul chun cinn na hOstaire ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na moltaí tírshonracha ábhartha a ghlac an Chomhairle idir 2019 agus 2023, agus measadh cur chun feidhme phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire. Ar bhonn na hanailíse sin, sainaithníodh sa tuarascáil tíre bearnaí atá ann i ndáil leis na dúshláin nár tugadh aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta, sin nó nár tugadh aghaidh orthu ach go páirteach, mar aon le dúshláin nua agus dúshláin atá ag teacht chun cinn. Rinne sí measúnú freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag an Ostair maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus maidir le príomhspriocanna an Aontais maidir le fostaíocht, laghdú scileanna agus laghdú na bochtaineachta a bhaint amach, chomh maith le dul chun cinn maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

(8)Bunaithe ar shonraí atá fíoraithe ag Eurostat 12 , tháinig laghdú ar easnamh ginearálta rialtas na hOstaire ó 3,3 % de OTI in 2022 go dtí 2,7 % de OTI in 2023, agus tháinig laghdú ar an bhfiachas rialtais ghinearálta ó 78,4 % de OTI ag deireadh 2022 go dtí 77,8 % ag deireadh 2023.

(9)An 12 Iúil 2022, mhol an Chomhairle 13 go ndéanfadh an Ostair gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeadh fás an chaiteachais phríomha reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcomhréir le seasamh foriomlán neodrach beartais in 2023 14 , agus tacaíocht leanúnach shealadach spriocdhírithe á cur san áireamh le haghaidh na dteaghlach agus na ngnólachtaí is leochailí i dtaobh méaduithe ar phraghsanna fuinnimh agus le haghaidh daoine atá ag teitheadh ón Úcráin. Moladh don Ostair a bheidh réidh an caiteachas reatha a choigeartú bunaithe ar an staid atá ag athrú. Moladh don Ostair freisin infheistíocht phoiblí a leathnú le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, agus tionscnamh REPowerEU á chur san áireamh, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus as cistí eile de chuid an Aontais. In 2023, de réir mheastacháin an Choimisiúin, bhí an staid fhioscach 15 crapthach, faoi 0,9 % de OTI, i gcomhthéacs an bhoilscithe aird. Leis an bhfás ar chaiteachas reatha príomhúil arna mhaoiniú go náisiúnta (glan ar bhearta lánroghnacha ioncaim) in 2023, soláthraíodh rannchuidiú crapthach 0,5 % de OTI leis an staid fhioscach. Áirítear leis sin an t-ardú sna bearta tacaíochta spriocdhírithe do theaghlaigh agus do ghnólachtaí is leochailí ó mhéaduithe ar phraghsanna fuinnimh faoi 0,2 % de OTI. Bhí fás an phríomhchaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta in 2023 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. In 2023, 0,2 % de OTI a bhí sa chaiteachas arna mhaoiniú le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais. Is éard a bhí i gceist leis an infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta 3,5 % de OTI in 2023, is é sin méadú 0,1 pointe céatadáin i gcomparáid le 2022. Mhaoinigh an Ostair infheistíocht bhreise tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais. Mhaoinigh sí infheistíocht phoiblí le haghaidh an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, agus le haghaidh na slándála fuinnimh, amhail rochtain níos fearr ar leathanbhanda a chruthú i gceantair tuaithe agus iargúlta agus tacú le teaghlaigh córas téite breoslaí iontaise a ionadú le teicneolaíocht téimh in-athnuaite, rudaí a chistítear go páirteach leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus le cistí eile de chuid an Aontais.

(10)Sa chás maicreacnamaíoch atá mar bhonn taca le réamh-mheastacháin bhuiséadacha agus eacnamaíocha na hOstaire, tuartar go bhfásfaidh an fíor-OTI 0,2 % in 2024 agus 1,8 % in 2025, agus tuartar gurb éard a bheidh i mboilsciú ICP 3,8 % in 2024 agus 2,7 % in 2025. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an easnamh rialtais ghinearálta go 2,9 % de OTI in 2024 agus go mbeidh sé cothrom le 2,8 % de OTI in 2025, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 77,5 % faoi dheireadh 2024 agus go 77,4 % faoi dheireadh 2025. Tar éis 2025, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú de réir a chéile ar an easnamh rialtais ghinearálta go 2,8 % de OTI in 2026, agus go dtiocfaidh méadú air go 2,7 % in 2027. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go bhfanfaidh an comhardú rialtais ghinearálta faoi bhun 3 % de luach tagartha an easnaimh OTI thar thréimhse an chláir. Dá bhrí sin, tar éis 2025, réamh-mheastar go bhfanfaidh an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI cobhsaí ag 77,4 % de OTI in 2026 agus in 2027. Tuartar i Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún go bhfásfaidh fíor-OTI le 0,3 % in 2024 agus le 1,6 % in 2025, agus go mbeidh boilsciú ICPT ar 3,6 % in 2024 agus ar 2,8 % in 2025.

(11)Tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 3,1 % de OTI in 2024, agus tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le laghdú go 77,7 % faoi dheireadh 2024. Den chuid is mó léiríonn an t-ardú ar an easnamh in 2024 éifeachtaí moillithe an bhoilscithe ar thaobh an chaiteachais (tuarastal, pinsin, sochair shóisialta innéacsaithe), agus caiteachas breise faoin gcreat fioscach náisiúnta i réimsí an chúraim leanaí, na tithíochta agus na haeráide, mar aon leis an bpacáiste tithíochta agus tógála arna ghlacadh le déanaí. Ina theannta sin, cuireadh síneadh le roinnt bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh, amhail an mhoill ar phraghsanna leictreachais, go dtí deireadh na bliana 2024. Ar bhonn mheastacháin an Choimisiúin, réamh-mheastar go mbeidh an staid fhioscach forleathnaitheach ag 0,4 % de OTI in 2024.

(12)Meastar go maoineofar caiteachas ar fiú 0,1 % de OTI le tacaíocht neamh-inaisíoctha (“deontais”) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in 2024, i gcomparáid le 0,2 % de OTI in 2023, de réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún. Le caiteachas a mhaoinítear le deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, beifear in ann infheistíocht ardcháilíochta agus athchóirithe a dhéanamh lena gcuirfear leis an táirgiúlacht gan tionchar díreach a bheith aige ar chomhardú rialtais ghinearálta agus fiachas na hOstaire.

(13)An 14 Iúil 2023, mhol an Chomhairle don Ostair 16 beartas fioscach stuama a áirithiú, go háirithe tríd an méadú ainmniúil ar an nglanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 17 in 2024 a theorannú go méid nach mó ná 4,6 %. Agus a gcuid buiséad do 2023 á gcur i bhfeidhm agus a gcuid Dréachtphleananna Buiséadacha do 2024 á n-ullmhú, tugadh cuireadh do na Ballstáit é a chur san áireamh go gcuirfeadh an Coimisiún moladh faoi bhráid na Comhairle go n-osclófar nósanna imeachta um easnamh iomarcach atá bunaithe ar easnamh bunaithe ar na sonraí olltoraidh le haghaidh 2023. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, réamh-mheastar go dtiocfaidh méadú 5,9 % ar ghlanchaiteachas príomhúil na hOstaire a mhaoinítear go náisiúnta in 2024, figiúr atá os cionn an uasráta fáis a mholtar. An caiteachas breise sin thar an ráta uasta fáis a moladh sa ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta, comhfhreagraíonn sé do 0,6 % de OTI in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle.

(14)Thairis sin, mhol an Chomhairle don Ostair gníomhaíocht a dhéanamh chun na bearta tacaíochta fuinnimh éigeandála atá i bhfeidhm a fhoirceannadh, agus úsáid á baint as an gcoigilteas gaolmhar chun an t-easnamh rialtais a laghdú, a luaithe is féidir in 2023 agus 2024. Shonraigh an Chomhairle thairis sin, dá mbeadh gá le bearta tacaíochta nua nó leantacha chun dul i ngleic le méaduithe a thiocfadh an athuair ar phraghsanna fuinnimh, gur cheart don Ostair a áirithiú go spriocdhírítear na bearta tacaíochta sin ar theaghlaigh leochaileacha agus ar ghnólachtaí leochaileacha a chosaint, go mbeidís inacmhainne go fioscach, agus go gcaomhnófaí leo dreasachtaí le haghaidh coigilteas fuinnimh. De réir Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 1,4 % de OTI a bhí i nglanchostas buiséadach 18 na mbeart tacaíochta fuinnimh in 2023, agus réamh-mheastar gurb é 0,4 % a bheidh ann in 2024, agus 0,1 % in 2025. Go háirithe, glactar leis go bhfanfaidh an mhoill a phraghsanna leictreachais do theaghlaigh agus an laghdú ar an tobhach fuinnimh i bhfeidhm in 2024, cé go mbeidh tionchar beag acu 19 . Dá n-úsáidfí an coigilteas gaolmhar chun an t-easnamh rialtais a laghdú, mar a mhol an Chomhairle, thuigfí as na réamh-mheastacháin sin go mbeidh coigeartú fioscach 1,0 % de OTI ann in 2024, ach soláthraítear rannchuidiú méadaitheach ó ghlanchaiteachas príomhúil a mhaoinítear go náisiúnta 20 leis an staid fhioscach 0,4 % de OTI sa bhliain sin. Ní mheastar go ndéanfar na bearta tacaíochta éigeandála fuinnimh a fhoirceannadh a luaithe is féidir in 2023 agus in 2024. Tá an baol ann nach bhfuil sé sin i gcomhréir leis an méid a mhol an Chomhairle. Thairis sin, ní mheastar go n-úsáidfear an coigilteas gaolmhar go hiomlán chun an t-easnamh rialtais a laghdú. Tá an baol ann nach mbeidh sé sin i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Meastar gurb é 0,1 % de OTI in 2024 (0,4 % in 2023) costas buiséadach na mbeart tacaíochta fuinnimh éigeandála atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha agus gnólachtaí leochaileacha a chosaint, agus as an méid sin caomhnaíonn níos lú ná 0,1 % de OTI an comhartha praghais chun an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú (0,4 % in 2023).

(15)Ina theannta sin, mhol an Chomhairle freisin don Ostair infheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta a chaomhnú, agus a áirithiú go n-ionsúfar deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais go héifeachtach, go háirithe chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a chothú. De réir Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún, maidir le hinfheistíocht phoiblí a mhaoinítear go náisiúnta, réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú uirthi go 3,3 % de OTI in 2024, ó 3,5 % de OTI in 2023. Infheistíocht an-ard in 2023 is cúis leis an méid sin, agus is é an dlí um infheistíocht bhardasach is cúis leis sin go pointe áirithe. Agus na tosca breise sin á gcur san áireamh, meastar go bhfuil an infheistíocht phoiblí in 2024 i gcomhréir leis an moladh ón gComhairle. Dá réir sin, maidir le caiteachas poiblí a mhaoinítear le hioncam ó chistí an Aontais, lena n-áirítear deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, meastar go bhfanfaidh sé cobhsaí ag 0,2 % de OTI in 2024. 

(16)Bunaithe ar bhearta beartais atá aitheanta ag scoithdháta na réamhaisnéise agus ar an mbonn nach mbeidh aon athrú beartais ann, tuartar i Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún easnamh rialtais 2,9 % de OTI in 2025. Den chuid is mó léiríonn an laghdú ar an easnamh in 2025 méadú níos mó i dtuarastail, pinsin agus sochair shóisialta eile ós rud é go bhfuil an boilsciú ag laghdú, agus céimniú amach na mbeart chun tionchar praghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Tá an cóimheas fiachais rialtais ghinearálta–OTI le méadú go 77,8 % ag deireadh 2025. An méadú ar an gcóimheas fiachais-OTI in 2025, léiríonn sé, den chuid is mó, caiteachas ráta úis níos airde in 2024 agus rátaí fáis OTI ainmniúil níos ísle.

(17)Tá creat fioscach na hOstaire ag brath ar chóras casta aistrithe idir-rialtasacha idir údaráis fheidearálacha agus réigiúnacha, lena gcuirtear dreasachtaí teoranta ar fáil do chaiteachas poiblí éifeachtúil. Mar gheall ar an easpa neamhspleáchais chánach, bíonn cistiú caiteachais ar fud na n-údarás feidearálach ag brath go mór ar an gcóras sin. In 2023, ní raibh ach céatadán beag de na hioncaim phoiblí uile ina n-ioncam as a bhfoinsí féin ag na Stáit fheidearálacha. An tráth céanna, braitheann maoiniú seirbhísí riachtanacha amhail cúram sláinte, cúram leanaí agus infheistíocht in iompar poiblí go páirteach ar chaiteachas na stát feidearálach agus na mbardas. Cuireann an t-athrú déimeagrafach agus an t-aistriú glas leis an mbrú ar an gcostas atá ar na stáit fheidearálacha agus ar na bardais, cé nach bhfuil an t-ioncam as a bhfoinsí féin nasctha le dinimic an chaiteachais. Tá neamhéifeachtúlachtaí agus easpa trédhearcachta ann sa chreat fioscach atá ann faoi láthair, toisc go bhfágann sé nach bhfuil an nasc idir an t-ualach cánach agus caiteachas an rialtais soiléir. Tá sé ríthábhachtach ioncam as foinsí dílse a ailíniú níos fearr le caiteachas rialtais fo-lárnach agus trédhearcacht agus comhordú a neartú chun cáilíocht fhoriomlán an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. D’fhéadfaí feabhas a chur ar an bhfeidearálacht fhioscach agus ar an gcóras cánach foriomlán trí athchóiriú a dhéanamh ar an gcóras cánach maoine.

(18)Tá an meascán cánach fós ag brath go mór ar ioncam saothair (cánacha párolla agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta) agus tomhaltas. In 2022, bhí an tríú cóimheas cánach-OTI san Aontas ag an Ostair, agus ding chánach an-ard. Ó bhí 2023 ann, déantar réimeanna cánach ioncaim phearsanta a innéacsú leis an mboilsciú, rud a chuireann stop leis an ding chánach ag éirí níos mó trí bhogadh réime cánach. An tráth chéanna, soláthraíodh bearta faoisimh i réimse na gcánacha agus na ranníocaíochtaí slándála leis an athchóiriú ar cháin éiceashóisialta a rinneadh in 2022, agus tugadh isteach praghsáil CO2 in earnáil an iompair agus an téimh, lena bhfeabhsaítear an meascán cánach. Tá roinnt dúshláin struchtúrtha sheanbhunaithe fós ann sa mheascán cánach nár tugadh aghaidh orthu go fóill, áfach. Ach úsáid níos fearr a bhaint as cánacha atá fabhrach don fhás, d’fhéadfaí an tsaoirse buiséadach is gá a chruthú agus cothroime an chórais cánach a fheabhsú.

(19)Tá an caiteachas sláinte ar cheann de na leibhéil is airde san Aontas, cé go bhfuil go leor seirbhísí cúraim sláinte á gcur ar fáil fós ag ospidéil, rud atá costasach agus neamhéifeachtúil chun cúram a chur ar fáil. Meastar go dtiocfaidh méadú ar an gcaiteachas poiblí ó 7,8 % de OTI in 2022 go 8,8 % de OTI in 2050. Ina theannta sin, réamh-mheastar go mbainfear úsáid níos mó as seirbhísí cúraim sláinte amach anseo ós rud é go bhfuil an daonra ag fás agus ag dul in aois, rud a dhéanfadh an imní maidir le hinbhuanaitheacht fhioscach a ghéarú a thuilleadh. Áiríodh leis an athchóiriú sláinte, 2023 infheistíochtaí suntasacha sa chúram príomhúil, cúram othar, digitiú agus cosc a bhféadfaí cuidiú le costas a rialú go fadtéarmach, dá mbeadh athchóiriú struchtúrtha ag gabháil leo. Beidh sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar othair a threorú tríd an gcóras sláinte ar bhealach comhsheasmhach, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh úsáid níos ísle á baint as seirbhísí cúraim sláinte ospidéil nó sainseirbhísí othar seachtrach atá ann cheana mar thoradh ar infhaighteacht mhéadaithe na seirbhísí cúraim sláinte phríomhúil. Cuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire le cúram sláinte príomhúil othar seachtrach a neartú, go háirithe trí thacú le hionaid cúraim sláinte phríomhúil nua agus na hionaid atá ann cheana i gceantair áitiúla. Bhí easpa athchóirithe struchtúrtha i bpacáiste athchóirithe 2023 lena bhféadfaí freagrachtaí maoiniúcháin agus caiteachais a ailíniú chun éifeachtúlacht a fheabhsú, áfach.

(20)Chuir an t-athchóiriú ar an gcúram fadtéarmach a rinneadh in 2023 feabhas ar leordhóthanacht seirbhísí i bhfianaise daonra atá ag dul in aois. San am céanna, tá gá le struchtúir cúraim fhoirmiúil níos láidre chun rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair a ardú agus struchtúir teaghlaigh a athrú. Cé gur chuidigh an t-athchóiriú ar an gcúram fadtéarmach le deiseanna oiliúna, coinníollacha oibre agus pá fostaithe fadtéarmacha a fheabhsú, tá tuilleadh iarrachtaí de dhíth chun coinníollacha na gcúramóirí cónaitheacha féinfhostaithe a fheabhsú. Thairis sin, níor tugadh aghaidh ar an inbhuanaitheacht fhioscach san athchóiriú. Meastar go dtiocfaidh méadú beagnach faoi dhó ar an gcaiteachas poiblí ó 1,6 % de OTI in 2022 go 3,1 % de OTI in 2070. Is é is saintréith den chóras cúraim fhadtéarmaigh go bhfuil inniúlachtaí ilroinnte i ndáil le maoiniú agus soláthar seirbhísí ag baint leis. Bheadh sé inmhianaithe comhchuibhiú maoinithe agus seirbhísí a fheabhsú, comhordú a dhéanamh idir an rannáin éagsúla, agus caighdeáin choiteanna feidhmíochta a chur i bhfeidhm ar fud na réigiún. Déantar tástáil sócmhainní ar an soláthar cúraim sa bhaile agus ar an soláthar cúraim phobalbhunaithe ach ní dhéantar amhlaidh ar an gcúram cónaithe, rud a chruthaíonn dreasacht airgid chun an cúram cónaithe, atá i bhfad níos costasaí, a úsáid.

(21)I gcomhréir le hAirteagal 19(3), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241 agus le critéar 2.2 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis, áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire tacar fairsing athchóirithe agus infheistíochtaí a threisíonn a chéile agus atá le cur chun feidhme faoi 2026. Meastar go gcuideoidh na nithe sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin uile a sainaithníodh sna moltaí tírshonracha ábhartha, nó ar scair suntasach de na dúshláin sin. Laistigh den tréimhse dhocht sin, tá sé ríthábhachtach dul ar aghaidh go pras le cur chun feidhme éifeachtach an phlean, lena n-áirítear an chaibidil REPowerEU, chun borradh a chur faoi iomaíochas fadtéarmach na hOstaire tríd an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, agus cothroime shóisialta a áirithiú san am céanna. Chun gealltanais an phlean a chomhlíonadh faoi mhí Lúnasa 2026, tá sé ríthábhachtach don Ostair leanúint d’athchóirithe agus d’infheistíocht a chur chun feidhme. Go háirithe, tá sé tábhachtach leanúint leis an dara agus leis an tríú iarratas ar íocaíocht a ullmhú. Tá rannpháirtíocht chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara ábhartha eile ríthábhachtach i gcónaí i ndáil le húinéireacht leathan a áirithiú maidir le cur chun feidhme rathúil an phlean téarnaimh agus athléimneachta.

(22)Mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar na cistí beartais comhtháthaithe, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/1060, ceanglaítear ar an Ostair athbhreithniú a dhéanamh ar gach clár faoi Mhárta 2025, agus aghaidh á thabhairt, i measc nithe eile, ar na dúshláin arna n-aithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, 2024, mar aon lena plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Is é an t-athbhreithniú sin is bunús le leithdháileadh críochnaitheach an chistithe ón Aontas atá san áireamh i ngach clár. Tá dul chun cinn déanta ag an Ostair maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, ach tá dúshláin ann fós. Tá éagothromaíochtaí réigiúnacha san Ostair i measc na gcinn is ísle san Aontas, ach tá baol ann go méadóidh na heagóthromaíochtaí atá ann cheana amach anseo, go páirteach mar gheall ar athruithe déimeagrafacha agus dídhaonrú i limistéir tuaithe iargúlta áirithe. Tá sé tábhachtach dlús a chur le cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe, agus tá na tosaíochtaí a aontaíodh sna cláir fós ábhartha. Tá tábhachtach éifeachtúlacht an chórais taighde agus nuálaíochta a fheabhsú, i gcomhréir leis na straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha um speisialtóireacht chliste, agus naisc gnó-eolaíochta a úsáid. Tá gá ann freisin leanúint le hinfheistíocht ghlas, go hairithe i ndáil le éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus an lorg carbóin a laghdú, lena n-áirítear le teicneolaíochtaí glasa atá ag teacht chun cinn. Tá tábhacht ar leith ag baint le cur chuige comhtháite i ndáil le forbairt chríochach chun tacú le forbairt áitiúil chuimsitheach inbhuanaithe. Tá sé fós riachtanach cáilíocht agus cuimsitheacht an oideachas, na hoiliúna agus na foghlama ar feadh an tsaoil a chothú, go háirithe do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus ba cheart leanúint freisin le hinfheistíochtaí chun tacú leis an gcuimsiú gníomhach agus infhostaitheacht. D’fhéadfadh an Ostair úsáid a bhaint freisin as an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip chun tacú le teicneolaíochta criticiúla a fhorbairt agus a mhonarú, lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá glan agus tíosach ar acmhainní.

(23)Chomh maith leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta a dtugtar aghaidh orthu sa phlean téarnaimh agus athléimneachta agus le cistí eile ón Aontas, tá roinnt dúshlán breise le sárú ag an Ostair i ndáil leis an margadh saothair, dinimiceas gnó, agus rochtain ar chaipitil riosca, mar aon le spleáchas leanúnach ar allmhairí gáis ón Rúis agus astaíochtaí sách ard in earnáil an iompair.

(24)Tá ráta fostaíochta na mban i gcoibhéis lánaimseartha faoi bhun mheán an Aontais, ach tá treocht aníos le feiceáil. Tá an dara ráta fostaíochta páirtaimseartha is airde san Aontas le haghaidh ban ag an Ostair. Tá ról lárnach ag soláthar neamhleordhóthanach saoráidí oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán, mar aon le difríocht láidre réigiúnacha, i ndáil leis an gcion ard ban i bhfostaíocht pháirtaimseartha. In 2023, ní raibh ach 24,1 % de leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois páirteach i gcúram leanaí foirmiúil, agus dá bhrí sin tá an ráta rannpháirtíochta san oideachas agus cúram luath-óige faoi bhun mheán an Aontais, 34,9 %. Bíonn tionchar i bhfad níos mó ag ualach dúbailte na hoibre íoctha agus na hoibleagáide cúraim ar mhná ná fir. Cé go bhfuil céimeanna á dtógáil chun acmhainneacht agus cáilíocht an oideachais agus an chúraim luath-óige, ní chuidíonn uaireanta oscailte na n-ionad cúraim leanaí le tuismitheoirí a bhfuil oibleagáidí cúraim acu, mná, go bunúsach, uaireanta níos faide a oibriú. Thairis sin, dá dtabharfaí isteach caighdeáin cáilíochta riachtanacha san oideachas agus cúram luath-óige, d’fhéadfaí soláthar seirbhísí cúraim d’ardchaighdeán a áirithiú ar fud na tíre.

(25)Tá laghdú ag teacht ar dhinimicis gnó na hOstaire, agus tá líon na bhfiontar a chruthaítear agus a fhoirceanntar i measc na gcinn is ísle san Aontas. Tá líon na ngnólachtaí nuathionscanta agus na bhfiontar óg ag laghdú, rud a bhfuil tionchar diúltach aige ar an táirgiúlacht (5,4 % a bhí i scair na bhfiontar óg in 2013, ach thit an céatadán sin go 3,8 % in 2020, faoi bhun mheán an Aontais). Tá scair na bhfiontar ardfháis i bhfad faoi bhun mheán an Aontais freisin (in 2021, 8,21 % a bhí i líon na bhfiontar agus 7,29 % a bhí i líon na bhfostaithe, i gcomparáid le 9,18 % agus 12,40 % faoi seach san Aontas). Tá maoiniú cothromais íseal i gcomparáid le caighdeáin idirnáisiúnta. Tá an soláthar teoranta an chaipitil riosca ina bhac ar ghnólachtaí nuálaíocha agus scaipeadh na teicneolaíochta. Níl soláthar agus éileamh an chaipitil riosca ard san Ostair, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhac i ndáil le cruthú fiontar atá dian ar theicneolaíocht nó nuálaíoch. Tá tionchar ar léith á n-imirt ag teorainneacha ar an rochtain ar mhaoiniú caipitil fiontair ar FBManna nuálaíocha agus gnólachtaí nuathionscanta. Tá maoiniú caipitil riosca tearcfhorbartha, agus ní raibh sa chothromas príobháideach ach 0,14 % de OTI in 2022, i bhfad faoi bhun mheán an Aontais, 0,64 %, agus ní raibh sa chaipitil fiontair ach 0,041 % de OTI (meán an Aontais: 0,09 %).

(26)Tá ganntanas agus neamhréir scileanna i measc na ndúshlán is mó san Ostair, agus meastar go rachaidh an staid in olcas de bharr an aosaithe dhéimeagrafaigh. Tá ráta folúntas na hOstaire ar cheann de na rátaí is airde san Aontas, agus tá sé níos airde ná 4 % ó bhí deireadh 2021 ann. Cé go bhfuil ardú leanúnach tagtha ar ráta fostaíochta daoine scothaosta le deich mbliana anuas, agus cé gur shroich an ráta sin 57,7 % in 2023, tá sé fós go maith faoi bhun mheán an Aontais, 63,8 %. Bíonn deacrachtaí ag oibrithe scothaosta páirt a athghlacadh sa mhargadh saothair, toisc go bhfuil scileanna digiteacha teoranta acu agus mar gheall ar chleachtais idirdhealaitheacha. Tá daoine a bhfuil cáilíochtaí ísle acu, nach bhfuil ach an leibhéal scolaíochta riachtanach acu an-leochaileach, arb ionann iad agus an scair is airde de dhaoine dífhostaithe san Ostair. Ar an chaoi chéanna, tá gnóthachtáil níos ísle i margadh an tsaothair ag daoine a mbaineann cúlra imirceach leo agus daoine ó chúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste, agus bíonn deacrachtaí ar leith acu sa mhargadh saothair mar gheall ar dhúshláin a bhaineann leis an aistriú ón scoil go dtí an obair.  De réir suirbhé de chuid an Chláir Idirnáisiúnta ECFE um Measúnú Daltaí 2022, i measc scoláirí na hOstaire a bhí 15 bliana d’aois, ní raibh bunscileanna inniúlachta matamaitice, léitheoireachta agus eolaíochta ag thart ar dhuine amháin as gach ceathrar; agus 45 % sa mhatamaitic a bhí ann i measc na scoláirí a raibh cúlra socheacnamaíoch nó imirceach a baint leo. Thairis sin, tá sé dhá oiread níos dóichí go bhfágfaidh daoine óga a rugadh lasmuigh den Aontas an scoil go luath, rud ag a mbíonn tionchar diúltach ar a gcomhtháthú i margadh an tsaothair. Tá na bearta i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire chun soláthar scileanna agus torthaí oideachais scoláiriú faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú á gcur i bhfeidhm, ach tá gá le tuilleadh bearta chun ganntanais saothair agus scileanna atá ann cheana féin a laghdú. D’fhéadfaí a áireamh orthu sin rochtain ar an margadh saothair a chur chun cinn d’oibrithe scothaosta ar bheagán oiliúna a mbaineann cúlra imirceach leo, bac a chur ar dhaoine óga a mbaineann cúlra imirceach leo an scoil a fhágáil go luath, agus bunscileanna scoláirí faoi mhíbhuntáiste agus scoláirí a mbaineann cúlra imirceach leo a fheabhsú.

(27)In ainneoin roinnt iarrachtaí éagsúlaithe, tá an Ostair fós an-spleách ar ghás ón Rúis. Cé gur tháinig méadú ar an soláthar gáis ón Iorua, agus go pointe níos lú ón Aifric Thuaidh agus ó Lár na hÁise, in 2023, allmhairí ón Rúis a bhí sa soláthar gáis den chuid is mó, go hairithe le linn an gheimhridh (98 % de mhéid iomlán na n-allmhairí i Nollaig 2023). Thacaigh an Ostair le hinfheistíochtaí spriocdhírithe chun a bonneagar píblíne gáis a uasghrádú, d’fhonn acmhainn iompair ó thíortha máguaird amhail an Ghearmáin agus an Iodáil a fheabhsú. An tráth chéanna, tá bearta i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire, amhail an infheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh agus i gcórais téimh breosla iontaise a ionadú, ag cuidiú leis an éileamh ar ghás a laghdú agus dlús a chur leis an aistriú glas. D'fhógair an rialtas plean nua chun deireadh a chur leis an gconradh soláthair fadtéarmach leis an gcuideachta Rúiseach Gazprom agus chun oibleagáid a thabhairt isteach lena gcuirfí ceangal ar soláthróirí gáis intíre chun éagsúlú ón Rúis, ach níor tugadh aon amlíne soiléir maidir le cur chun feidhme. Tá soláthar fuinnimh na hOstaire leochaileach, ós rud é nach bhfuil plean soiléir ann díchúpláil ón Rúis.

(28)D’fhás toilleadh fuinnimh in-athnuaite suiteáilte na hOstaire faoi 6 % in 2022. Cé go bhfuil grianfhuinneamh, go háirithe fótavoltachas, ag leathnú go láidir, ní raibh an fuinneamh gaoithe ag leathnú ar an luas céanna leis an ngrianfhuinneamh. Is gá stóras leictreachais agus na heangacha tarchuir agus dáileacháin, go háirithe idir Iarthar agus Oirthear na hOstaire, a uasghrádú agus a leathnú go práinneach anois i bhfianaise sprioc na hOstaire go mbeidh leictreachas 100 % in-athnuaite in úsáid aici faoi 2030. Chuige sin, tá gá le tuilleadh infheistíochta agus dlús a chur le giniúint breise leictreachais a chomhtháthú sa chóras, mar a leagtar amach sa chéad phlean um bonneagar ginearálta comhtháite a foilsíodh in Aibreán 2024. Tá bearta eile curtha i láthair ag an Ostair chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, ach tá an t-acht leasuithe um an margadh leictreachais agus an t-acht um gháis in-athnuaite fós le glacadh ag an bParlaimint.

(29)Tá torthaí bhearta na hOstaire le blianta beaga anuas chun astaíochtaí gás ceaptha teasa le feiceáil anois. In 2022, tháinig laghdú 5 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach gcumhdaítear le córas trádála astaíochtaí an Aontais. Mar sin féin, leis na beartais reatha tá bearna 21 pc ann ar sprioc na hOstaire maidir le comhroinnt díchill faoin Rialacháin maidir le Comhroinnt Díchill, arb é atá ann ná 48 % , faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005. Caithfidh an Ostair dréacht-uasdátú ar a plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur faoi bhráid an Choimisiúin go fóill, a bhí dlite i Meitheamh 2023, ina leagtar amach conas a bhfuil sé i gceist aici an bhearna sin a laghdú. Tá praghas CO2 le haghaidh earnálacha neamh-CTA tugtha isteach ag an Ostair, agus is céim sa treo ceart é an méid sin, ach tá astaíochtaí iompair per capita fós os cionn mheán an Aontais, inter alia mar gheall ar ráta cánach sách íseal ar díosal, rud a chruthaíonn ‘turasóireacht breosla’, mar a thugtar air. Tá roinnt athchóirithe agus infheistíochtaí iompair i bplean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire, ach tá deis ann tuilleadh bearta laghdaithe astaíochtaí a thabhairt isteach, lena n-áirítear iompar poiblí a fheabhsú i gceantair tuaithe.

(30)I bhfianaise na n‑idirnasc dlúth idir geilleagair Bhallstáit an limistéir euro agus a rannchuidithe choitinn le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadais, in 2024, mhol an Chomhairle go ngníomhódh Ballstáit an limistéir euro, lena n‑áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, chun an moladh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur chun feidhme. I gcás na hOstaire, cuidíonn moltaí (1), (2). (3) agus (4) le cur chun feidhme an chéad mholta, an dara moladh, an tríú moladh agus an cheathrú moladh maidir leis an limistéar euro.

AG MOLADH LEIS SEO go rachaidh an Ostair i mbun gníomhaíocht in 2024 agus 2025 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.An plean struchtúrach fioscach meántéarmach náisiúnta a chur ar fáil go tráthúil. I gcomhréir le riachtanais an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis athchóirithe, srian a chur ar an bhfás i nglanchaiteachas 21 in 2025 go ráta atá comhsheasmhach le fiacha rialtais ghinearálta a chur ar chonair íslitheach shochreidte sa mheántéarma agus le luach tagartha 3 % an Chonartha maidir le OTI a urramú. Inbhuanaitheacht fhioscach an chórais cúram sláinte agus an chórais cúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú. Gaolmhaireachtaí fioscach agus freagrachtaí fioscacha a shimpliú agus a réasúnú ar fud earnálacha rialtais agus freagrachtaí airgeadais agus caiteachais a ailíniú. An meascán cánach a fheabhsú a thuilleadh chun an ding chánach a laghdú agus chun tacú leis an bhfás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe.

2.Aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna atá ag teacht chun cinn chun gur féidir leanúint den phlean téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme go pras agus go héifeachtach, an chaibidil REPowerEU san áireamh, d’fhonn a chinntiú go mbeidh athchóirithe agus infheistíochta curtha chun cinn faoi Lúnasa 2026. Dlús a chur le cur chun feidhme clár beartais comhtháthaithe. I gcomhthéacs a n-athbhreithnithe meántéarma, leanúint de bheith ag díriú ar na tosaíochtaí a comhaontaíodh, agus na deiseanna a chuireann an tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip ar fáil chun feabhas a chur ar an iomaíochas a chur san áireamh san am céanna.

3.Borradh a chur faoi rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, lena n-áirítear trí sheirbhísí cúraim leanaí ar ardchaighdeán agus oibrithe scothaosta a fheabhsú. Feabhas a chur ar thorthaí mhargadh an tsaothair do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, mar shampla cuardaitheoirí poist ar bheagán oiliúna agus daoine a mbaineann cúlra imirceach leo, agus leibhéal na mbunscileanna a ardú, ag tosú ag leibhéal na scoile. Dinimiceas gnó agus cruthú agus fás cuideachtaí óga a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rochtain níos fearr ar chaipitil riosca.

4.Slándáil fuinnimh a fheabhsú trí dlús a chur le héagsúlú an tsoláthair gáis i dtreo foinsí seachas an Rúis. Astaíochtaí a laghdú a thuilleadh, go háirithe in earnáil an iompair.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj .
(2)    Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17), ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/241/oj .
(3)    Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) 2021/1060 agus (AE) 2021/1755 agus Treoir 2003/87/CE (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1) ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/435/oj .
(4)    COM(2023) 168 final.
(5)    COM(2024) 77 final.
(6)    COM(2023) 901 final.
(7)    Rialachán (AE) 2024/1264 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 2024/1264, 30.4.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1264/oj ) agus Treoir (AE) 2024/1265 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Treoir 2011/85/AE maidir le ceanglais le haghaidh chreataí buiséadacha na mBallstát (IO L, 2024/1265, 30.4.2024, ELI:  http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1265/oj ).
(8)    Glanchaiteachas mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE)2024/1263 ón gComhairle an 29 Aibreán 2024 (IO L 2024/1263, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1263/oj ). Ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan (i) ar chaiteachas úis (ii) ar bhearta lánroghnacha ioncaim, (iii) ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, (iv) ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, (v) ar eilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus (vi) ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(9)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le formheas an mheasúnaithe ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire (10159/2021).
(10)    Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle an 7 Samhain 2023 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme an 13 Iúil 2021 maidir leis an measúnú ar phlean téarnaimh agus athléimneachta na hOstaire a fhormheas (14472/2023).
(11)    SWD(2024)620 final.
(12)    Táscairí Eurostat-Euro, 22.4.2024.
(13)    Moladh ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le Clár Náisiúnta na hOstaire um Athchóiriú agus lena dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta na hOstaire 2022 IO C 334, 1.9.2022, lch. 162.
(14)    Ar bhonn Réamhaisnéis Earraigh 2024 ón gCoimisiún, meastar gurb é 8,7 % i dtéarmaí ainmniúla a bhí san fhás aschuir féideartha meántéarmach san Ostair in 2023, bunaithe ar an meánráta fáis ionchasach iarbhír 10 mbliana agus ar dhíbhoilsceoir OTI 2023.
(15)    Sainmhínítear an staid fhioscach mar thomhas ar an athrú bliantúil ar riocht buiséadach foluiteach an rialtais ghinearálta. Is é is aidhm dó an spreagadh eacnamaíoch a eascraíonn as beartas fioscach a mheasúnú, iad siúd a mhaoinítear go náisiúnta agus na cinn a mhaoinítear le buiséad an Aontais. Déantar an staid fhioscach a thomhas mar an t-athrú idir (i) an fás féideartha meántéarmach agus (ii) an t-athrú ar chaiteachas príomhúil glan ar bhearta ioncaim lánroghnacha (agus gan bearta sealadacha éigeandála a bhaineann le héigeandáil COVID-19 san áireamh) ach lena n-áirítear caiteachas arna mhaoiniú ag tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ag cistí eile an Aontais.
(16)    Moladh ón gComhairle an 14 Iúil 2023 maidir le Clár Náisiúnta 2023 um Athchóiriú de chuid na hOstaire agus ina dtugtar tuairim ón gComhairle maidir le Clár Cobhsaíochta 2023 de chuid na hOstaire IO C 312, 1.9.2023, lch. 186.
(17)    Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ar (i) bhearta lánroghnacha ioncaim, (ii) caiteachas úis, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta, agus (iv) bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.
(18)    Léiríonn an figiúr leibhéal chostas buiséadach bliantúil na mbeart sin, lena n-áirítear ioncam agus caiteachas agus, i gcás inarb infheidhme, glan ar an ioncam ó chánacha ar bhrabúis amhantair soláthróirí fuinnimh.
(19)    De réir na hOstaire, bearta a fhanann i bhfeidhm go dtí deireadh 2024, glactar leis, i bprionsabal, i Réamhaisnéis an Earraigh 2024 ón gCoimisiún go mbeidh tionchar buiséadach acu freisin in 2025. 
(20)    Déantar an ranníocaíocht sin a thomhas mar an t-athrú ar chaiteachas príomha an rialtais ghinearálta, glan ar (i) tionchar buiséadach incriminteach na mbeart lánroghnach ioncaim, (ii) caiteachais aonuaire, (iii) caiteachas timthriallach dífhostaíochta agus (iv) caiteachas arna mhaoiniú le tacaíocht neamh-inaisíoctha (deontais) ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí eile de chuid an Aontais, i gcoibhneas leis an meánráta fáis fhéideartha ar OTI ainmniúil sa mheántéarma (10 mbliana), arna shloinneadh mar chóimheas le OTI ainmniúil.
(21)    De réir Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2024/1263, ciallaíonn ‘glanchaiteachas’ caiteachas rialtais atá glan ar chaiteachas úis, ar bhearta lánroghnacha ioncaim, ar chaiteachas ar chláir an Aontais arna meaitseáil go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais, ar chaiteachas náisiúnta ar chómhaoiniú clár arna gcistiú ag an Aontas, ar eilimintí timthriallacha den chaiteachas ar shochar dífhostaíochta, agus ar bhearta aonuaire agus bearta sealadacha eile.