<!DOCTYPE html PUBLIC "yes" "xhtml1-strict.dtd">
<html xmlns="http://www.w3.org/1999/xhtml">
<!--GENDOC2XHTML # converter_version: 1.2.15-->
  <head>
    <title>2025-09-202509C104202304130-00-TRA-DOC-GA-CONCL-C-0413-23-202412466-07_00</title>
    <meta content="text/html; charset=utf-8" http-equiv="Content-Type"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGeneratedDate"/>
    <meta content="0" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ContentBits"/>
    <meta content="Commission Use" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Name"/>
    <meta content="ga-IE" name="Gendoc_Lang"/>
    <meta content="" name="Gendoc_GenerationDate"/>
    <meta content="" name="IsFlattened"/>
    <meta content="1" name="NumProc"/>
    <meta content="Final" name="Gendoc_EditionType"/>
    <meta content="0001" name="Gendoc_CaseNumberSuite"/>
    <meta content="10/04/2025 10:29:37" name="Gendoc_LastVerificationDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_ProcedureNumber"/>
    <meta content="ga" name="Gendoc_LangCode"/>
    <meta content="CNC" name="TypeDoc"/>
    <meta content="/wJ7UiSLuKIt/V3ZpLAfMloHgOA3RkADqsBZt+jeznOaiIxwHKg3ojRE8TFCAFgg3ZM5aA8+Nqd8szTMnBsd9wMsKBK7ZZUt2nzqOgqN4rnD5o15UXuWW0l5btv9bLbgETiwew52K3q6vh08QUu2/70OPFwv6Ozj6yZCdi824f0=" name="GenDocUID"/>
    <meta content="P" name="TypeProc"/>
    <meta content="" name="CreateCustomParts"/>
    <meta content="OK" name="ReadyToPublish"/>
    <meta content="connehe" name="Gendoc_User"/>
    <meta content="" name="EP_Mode"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGenerated"/>
    <meta content="" name="Gendoc_Vademecum"/>
    <meta content="true" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Enabled"/>
    <meta content="a0584e1e-ecf1-428c-b60d-902f0c07d6bf" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ActionId"/>
    <meta content="0413" name="NumeroOrdre"/>
    <meta content="2023" name="Annee"/>
    <meta content="P" name="Gendoc_ProcedureType"/>
    <meta content="" name="EP_Version"/>
    <meta content="GA" name="Langue"/>
    <meta content="connehe" name="Gendoc_DGTGeneratedUser"/>
    <meta content="b24c8b06-522c-46fe-9080-70926f8dddb1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SiteId"/>
    <meta content="FAST_document_go_green" name="Gendoc_LastVerificationStatus"/>
    <meta content="CNC_C" name="Gendoc_GendocTemplateType"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlockFlatP"/>
    <meta content="GenDoc 03-02-25 09:43:07" name="Created"/>
    <meta content="" name="Canevas3_Vademecum"/>
    <meta content="2025-02-27T14:16:21Z" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SetDate"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlock"/>
    <meta content="" name="Gendoc_CaseYear"/>
    <meta content="false" name="Generation_In_Progress"/>
    <meta content="C" name="Juridiction"/>
    <meta content="fd33575706d044af8c68c03870d92bed" name="DocumentIdentifier"/>
    <meta content="0413" name="Gendoc_CaseNumber"/>
    <meta content="ImportedWithoutSource" name="SdlIdentifier"/>
    <meta content="PV" name="NatureAff"/>
    <meta content="PV" name="Gendoc_CaseNature"/>
    <meta content="0001" name="NumSuite"/>
    <meta content="C" name="Gendoc_Juridiction"/>
    <meta content="Standard" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Method"/>
  </head>
  <body>
    <div style="header">
      <div id="rId28" style="first"/>
      <div id="rId24" style="even">Tuairim Spielmann – Cás C‑413/23 P</div>
      <div id="rId25" style="default">ECDC v BRA (Coincheap na sonraí pearsanta)</div>
    </div>
    <p class="C36Centre" id="para-1" title="page-1">
      TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-2" title="page-1">
      SPIELMANN
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-3" title="page-1">
      arna tabhairt an 6 Feabhra 2025  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-1" href="#t-1">1</a>
</span>)
      
    </p>
    <p class="C38Centregrasgrandespacement" id="para-4" title="page-1">
      Cás C‑413/23 P
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-5" title="page-1">
      an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-6" title="page-1">
      v
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-7" title="page-1">
      an Bord Réitigh Aonair
    </p>
    <p class="C71Indicateur" id="para-8" title="page-1">
      (Achomharc – Sonraí pearsanta a phróiseáil – Nós imeachta maidir le creidiúnaithe agus scairshealbhóirí a chúiteamh tar éis banc a réiteach – Oibleagáid faisnéis a sholáthar – Airteagal 15(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725 – Mainneachtain maidir le creidiúnaithe agus scairshealbhóirí fhaighteoir na sonraí pearsanta a chur ar an eolas – Cinneadh ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí lena gcinntear gur sáraíodh Rialachán 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta faoi ainm bréige a phróiseáil)
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-9" title="page-2">
      
        <br/>
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">I.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhrá</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Trína achomharc, iarrann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) ar an gCúirt Bhreithiúnais breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 26 Aibreán 2023, BRA v MECS (T‑557/20, ‘an breithiúnas atá faoi achomharc’, EU:T:2023:219), lenar chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh athbhreithnithe MECS an 24 Samhain 2020 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) ar neamhní, maidir le cúig ghearán a thíolaic scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a ndearna réiteach bainc Banco Popular Español SA (‘Banco Popular’) difear dóibh agus iad ag gearán nár cuireadh ar an eolas iad faoi aistriú a sonraí pearsanta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an gcás seo, tugtar deis don Chúirt soiléiriú a dhéanamh, i gcomhthéacs sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu, ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ agus ar na hoibleagáidí a eascraíonn astu chun na hoibleagáidí maidir le próiseáil chothrom thrédhearcach sonraí a chomhlíonadh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">II.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí lena mbaineann</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is iad seo a leanas príomhfhorálacha Rialachán (AE) 2018/1725  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-2" href="#t-2">2</a>
</span>) a bhaineann leis an achomharc seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le haithrisí 16 agus 17 den Rialachán sin mar a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-16" title="page-4">
      ‘(16) Ba cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta. Sonraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d’fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin. Chun a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha in‑sainaitheanta nó nach bhfuil, ba cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir is dócha, le réasún, a d’fhéadfadh an rialaitheoir nó duine eile a úsáid chun an duine nádúrtha a shainaithint go díreach nó go hindíreach, amhail díriú go sonrach ar shonraí ar leith. Lena fháil amach an bhfuil sé réasúnta dóchúil go mbainfear úsáid as bealaí chun an duine nádúrtha a shainaithint, ba cheart aird a thabhairt ar thosca oibiachtúla uile, amhail na costais a ghearrfar agus an t‑achar ama is gá le haghaidh sainaithint, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh. Níor cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le faisnéis anaithnid, eadhon faisnéis nach mbaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta ná le sonraí pearsanta atá anaithnid ar bhealach nach bhfuil an t‑ábhar sonraí in‑sainaitheanta nó in‑sainaitheanta a thuilleadh. Dá bhrí sin, ní bhaineann an Rialachán seo leis an bpróiseáil a dhéantar ar fhaisnéis anaithnid den sórt sin, lena n‑áirítear chun críocha staidrimh agus taighde.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-17" title="page-4">
      (17) Is féidir, trí ainm bréige a chur i bhfeidhm ar shonraí pearsanta, na rioscaí a laghdú do na hábhair sonraí lena mbaineann agus cuidiú le rialaitheoirí agus próiseálaithe a gcuid oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh. Ní bheartaítear, le “ainm bréige a chur i bhfeidhm” a thabhairt isteach go sainráite sa Rialachán seo bac a chur ar aon bhearta eile cosanta sonraí.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">5.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le míreanna 1 agus 6 d’Airteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-19" title="page-4">
      ‘Chun críocha an Rialacháin seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-20" title="page-4">
      (1) ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in‑sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó fachtóir amháin nó níos mó is sonrach do chéannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-21" title="page-4">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-22" title="page-4">
      (6) ciallaíonn “ainm bréige a chur i bhfeidhm” sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi nach féidir na sonraí pearsanta a chur i leith ábhar sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta; [...]’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">6.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le míreanna (1)(a) agus (2) d’Airteagal 4 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le sonraí pearsanta a phróiseáil’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-24" title="page-4">
      ‘1. Maidir le sonraí pearsanta:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-25" title="page-4">
      (a) déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-26" title="page-4">
      […]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-27" title="page-4">
      2. Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">7.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear le mír 1(d) d’Airteagal 15 de Rialachán 2018/1725, dar teideal ‘Faisnéis a bheidh le soláthar i gcás go mbailítear na sonraí ón ábhar sonraí’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-29" title="page-5">
      ‘I gcás ina mbailítear sonraí pearsanta ábhar sonraí ón ábhar sonraí, tabharfaidh an rialaitheoir an fhaisnéis uile faoin méid seo a leanas don ábhar sonraí, an tráth a fhaightear na sonraí pearsanta:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-30" title="page-5">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-31" title="page-5">
      (d) faighteoirí nó catagóirí fhaighteoirí na sonraí pearsanta, más ann dóibh;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-32" title="page-5">
      [...]’.
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">III.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cúlra</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">8.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 7 Meitheamh 2017, ghlac an Bord Réitigh Aonair (BRA) scéim réitigh le haghaidh Banco Popular ar bhonn Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-3" href="#t-3">3</a>
</span>) a formheasadh an lá céanna le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-4" href="#t-4">4</a>
</span>) rud a chiallaíonn go sonrach go ndearnadh ionstraimí caipitil an bhainc a dhíluacháil nó a chomhshó agus a dhiúscairt trí scaireanna a aistriú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">9.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir le hAirteagal 20(16) go (18) de Rialachán Uimh. 806/2014, chuir BRA de chúram ar Deloitte, mar ‘dhuine neamhspleách’,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-5" href="#t-5">5</a>
</span>) luacháil a dhéanamh ar an difríocht sa chóir chun a chinneadh an gcaithfí ar bhealach níos fearr leis na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe, a ndéanann an ghníomhaíocht réitigh difear dóibh dá bhrí sin, dá mbeadh an institiúid sin faoi réir gnáthimeachtaí dócmhainneacht.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">10.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 14 Meitheamh 2018, chuir Deloitte an luacháil sin ar an difríocht sa chóireáil (‘luacháil 3’) chuig BRA. Le réamhchinneadh, shonraigh BRA, d’fhonn a chur ar a chumas cinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá cúiteamh Banco Popular a dheonú do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe a ndearna réiteach Banco Popular difear dóibh faoi Airteagal 76(1)(e) de Rialachán Uimh. 806/2014, go raibh sé ag tionscnamh an nós imeachta a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil, lena n‑áirítear an chéim chlárúcháin thosaigh, chun incháilitheacht na bpáirtithe a léirigh a leas a fhíorú, agus an dara céim chomhairliúcháin, ar chuir na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe dá ndéantar difear a mbarúlacha isteach maidir le réamhchinneadh BRA, a raibh luacháil 3 i gceangal léi.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">11.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis na sonraí a bailíodh le linn chéim an chlárúcháin, eadhon fianaise ar chéannacht na rannpháirtithe agus úinéireacht ionstraimí caipitil Banco Popular, a díluacháladh nó a tiontaíodh agus a aistríodh, bhí rochtain ag líon teoranta ball foirne BRA a bhí freagrach as na sonraí sin a phróiseáil orthu chun incháilitheacht na rannpháirtithe a chinneadh. Ní raibh na sonraí sin le feiceáil ag baill foirne BRA a raibh sé de chúram orthu na barúlacha a fuarthas sa chéim chomhairliúcháin a phróiseáil, ar lena linn nach bhfuair na baill foirne sin ach barúlacha a sainaithníodh trí thagairt do chód alfa-uimhriúil  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-6" href="#t-6">6</a>
</span>) a leithdháileadh ar gach barúil aonair a cuireadh isteach agus an fhoirm á úsáid.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">12.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tar éis na barúlacha a chomhiomlánú, a scagadh go huathoibríoch agus a chatagóiriú, chuir BRA na barúlacha scagtha, catagóirithe agus comhiomlánaithe maidir le luacháil 3 ar aghaidh chuig Deloitte.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-7" href="#t-7">7</a>
</span>) Níor bhain na barúlacha a aistríodh chuig Deloitte ach leo siúd a fuarthas le linn na céime comhairliúcháin agus bhí cód alfa-uimhriúil iontu, a forbraíodh chun críoch iniúchóireachta chun ligean do BRA a fhíorú agus b’fhéidir a léiriú ex post gur próiseáladh gach barúil agus gur cuireadh san áireamh go cuí iad. Mar gheall ar an gcód sin, ní fhéadfadh ach BRA na barúlacha a nascadh leis na sonraí a fuarthas le linn chéim an chlárúcháin. Ní raibh, agus níl fós, rochtain ag Deloitte ar an mbunachar sonraí a bailíodh le linn chéim an chlárúcháin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">13.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir scairshealbhóirí agus creidiúnaithe dá ndéantar difear (‘na gearánaigh’), faoi Rialachán 2018/1725, cúig éilimh faoi bhráid MECS ar an bhforas nach raibh aon tagairt sa ráiteas príobháideachais maidir le próiseáil sonraí pearsanta a d’fhoilsigh BRA do tharchur na sonraí a bailíodh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm chuig Deloitte. Líomhain siad gur sháraigh BRA a oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán sin, a leagtar síos in Airteagal 15(1)(d) den Rialachán sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">14.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ghlac MECS cinneadh tosaigh an 24 Meitheamh 2020, a cuireadh ar neamhní tar éis iarraidh ar athbhreithniú ó BRA agus ar cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid ina ionad an 24 Samhain 2020, leis an bhfoclaíocht seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-41" title="page-7">
      ‘1. Measann MECS gur sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu iad na sonraí a roinn BRA le Deloitte, toisc gur sonraí pearsanta iad barúlacha na céime [comhairliúcháin] agus toisc gur chomhroinn BRA an cód alfa-uimhriúil chun na freagraí a fuarthas sa chéim [chlárúcháin] a nascadh le freagraí na céime [comhairliúcháin], cé nár cuireadh na sonraí a chuir na rannpháirtithe ar fáil chun iad féin a shainaithint sa chéim [chlárúcháin] in iúl do Deloitte.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-42" title="page-7">
      2. Measann MECS go bhfuair Deloitte sonraí pearsanta na ngearánaithe faoi Airteagal 3(13) de Rialachán 2018/1725. Is sárú ar an oibleagáid faisnéise a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 15(1)(d) [de Rialachán 2018/1725] é nár luadh Deloitte i ráiteas príobháideachais BRA mar fhaighteoir féideartha na sonraí pearsanta arna mbailiú agus arna bpróiseáil ag BRA, ina cháil mar rialaitheoir i gcomhthéacs an nós imeachta maidir leis an gceart éisteacht a fháil.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-43" title="page-7">
      3. I bhfianaise na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil uile a chuir BRA i bhfeidhm chun na rioscaí do cheart daoine aonair maidir le cosaint sonraí a mhaolú i gcomhthéacs an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil, cinneann MECS gan a chumhacht a fheidhmiú chun bearta ceartaitheacha dá bhforáiltear in Airteagal 58(2) [de Rialachán 2018/1725] a ghlacadh.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-44" title="page-7">
      4. Mar sin féin, molann MECS do BRA a áirithiú go gcumhdóidh a ráitis phríobháideachais i nósanna imeachta a bheidh ann amach anseo maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil próiseáil sonraí pearsanta le linn na gcéimeanna clárúcháin agus comhairliúcháin araon agus go n‑áireofar iontu gach faighteoir féideartha faisnéise a bhaileofar, chun an oibleagáid maidir le hábhair sonraí a chur ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 15 [de Rialachán 2018/1725] a chomhlíonadh go hiomlán.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">IV.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An breithiúnas atá faoi achomharc</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">15.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 1 Meán Fómhair 2020 agus le ráiteas modhnaithe a taisceadh an 29 Eanáir 2021, thionscain BRA caingean ag iarraidh, ar an gcéad dul síos, an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú agus, ar an dara dul síos, dearbhú go raibh cinneadh tosaigh MECS an 24 Meitheamh 2020 neamhdhleathach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">16.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’ardaigh BRA dhá shaincheist dlí mar thaca leis an gcéad cheann éilimh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-8" href="#t-8">8</a>
</span>) Líomhnaíodh sa chéad saincheist dlí gur sáraíodh Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725, sa mhéid nár shonraí pearsanta a bhí san fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte agus, ar an dara dul síos, gur sáraíodh an ceart chun dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">17.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go raibh an ceann éilimh sin inghlactha. Maidir leis an tsubstaint, sheas sí leis an gcéad saincheist dlí agus chuir sí an cinneadh atá faoi chonspóid ar neamhní, gan scrúdú a dhéanamh ar an dara saincheist dlí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">18.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis an gcéad saincheist dlí, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar an gcéad dul síos, gur mheas MECS go raibh an fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte ‘bainteach’ le duine nádúrtha de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 ar bhonn toimhde, gan scrúdú a dhéanamh ar ábhar, cuspóir ná éifeacht na faisnéise a tarchuireadh chuig Deloitte,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-9" href="#t-9">9</a>
</span>) de shárú ar an mbreithiúnas in Nowak.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-10" href="#t-10">10</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">19.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, maidir leis an gcoinníoll a leagtar síos in Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 nach mór baint a bheith ag an bhfaisnéis le duine nádúrtha ‘sainaitheanta nó in‑sainaitheanta’, chinn an Chúirt, sa chás seo, gur faoi MECS a bhí sé scrúdú a dhéanamh an sonraí pearsanta maidir le Deloitte a bhí sna barúlacha a seoladh chuig Deloitte. De réir an bhreithiúnais atá faoi achomharc, ní dhearna MECS ach scrúdú ar an bhféidearthacht údair na mbarúlacha a ath-shainaithint ó thaobh BRA de agus ní ó thaobh Deloitte de. Dá bhrí sin, ós rud é nár scrúdaigh MECS an raibh modhanna dlíthiúla agus praiticiúla ag Deloitte chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun údair na mbarúlacha a athaithint, níorbh fhéidir le MECS a chinneadh gur faisnéis a bhain le ‘duine nádúrtha inaitheanta’ de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 a bhí san fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-11" href="#t-11">11</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">V.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais agus argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">20.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le doiciméad a thaisceadh i gClárlann na Cúirt an 5 Iúil 2023, thug MECS achomharc i gcoinne an bhreithiúnais atá faoi achomharc. Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 29 Samhain 2023, (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-12" href="#t-12">12</a>
</span>) tugadh cead don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí idirghabháil a dhéanamh chun tacú leis an ordú atá á lorg ag MECS agus, le cinneadh an 20 Deireadh Fómhair 2023, tugadh cead don Choimisiún Eorpach idirghabháil a dhéanamh chun tacú le BRA.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">21.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn MECS gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa díospóid;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú do BRA costais na n‑imeachtaí achomhairc agus na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">22.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus é ag tacú le MECS, gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">breithiúnas críochnaitheach a thabhairt sa díospóid trí sheasamh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">23.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn BRA gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an t‑achomharc a dhíbhe;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, agus</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú do MECS costais na n‑imeachtaí achomhairc agus na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">24.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn an Coimisiún Eorpach, chun tacú le BRA, gur cheart don Chúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an t‑achomharc a dhíbhe;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">a ordú do MECS na costais a íoc.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VI.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An t‑achomharc</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">25.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chun tacú lena achomharc, braitheann MECS, le tacaíocht ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ar dhá fhoras achomhairc. Féachann an chéad cheann le cur i gcoinne léiriú na Cúirte Ginearálta ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ de réir bhrí Airteagal 3(1) agus (6) de Rialachán 2018/1725, arna léiriú le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. Líomhnaítear leis an dara foras achomhairc sárú ar phrionsabal na cuntasachta a leagtar síos in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 26(1) den Rialachán sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad fhoras achomhairc</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">26.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tá dhá chuid sa chéad fhoras achomhairc. Baineann an chéad chuid leis an gcoinníoll nach mór ‘go mbaineann’ an fhaisnéis atá i gceist le duine nádúrtha agus baineann an dara cuid leis an gcoinníoll go bhfuil an duine sin ‘sainaitheanta nó in‑sainaitheanta’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad chuid, a bhaineann leis an gceist an mbaineann an fhaisnéis le duine nádúrtha</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">27.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn MECS, le tacaíocht ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid agus í ag meas gur bhraith MECS ar thoimhde maidir le léiriú an choinníll gur bhain an fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte le duine nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725. Dar leis, in imthosca an cháis seo, níor ghá scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">28.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn BRA, óna thaobh féin de, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta, nár luaigh MECS ach gur léirigh na barúlacha atá i gceist, a chuir na gearánaithe ar fáil le linn chéim chomhairliúcháin an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil, a dtuairimí nuair ba cheart dó a scrúdú an raibh an fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte nasctha le duine ar leith de réir a ábhar, a cuspóir nó a héifeacht, mar a cheanglaítear leis an mbreithiúnas in Nowak.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">29.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba cheart a mheabhrú gur chinn an Chúirt arís agus arís eile go léiríonn úsáid an téarma ‘aon fhaisnéis’ sa sainmhíniú ar an gcoincheap ‘sonraí pearsanta’ cuspóir reachtas an Aontais brí leathan a thabhairt don choincheap sin, lena bhféadfaí aon chineál faisnéise a chuimsiú,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-13" href="#t-13">13</a>
</span>) idir fhaisnéis oibiachtúil agus fhaisnéis shuibiachtúil, i bhfoirm tuairimí nó measúnuithe, ar choinníoll, áfach, go ‘mbaineann’ sé leis an duine atá i gceist. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">30.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, baineann faisnéis le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta i gcás ina bhfuil sí ‘nasctha’ le duine sonrach mar gheall ar a hábhar, a cuspóir nó a héifeacht.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-14" href="#t-14">14</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">31.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le tuairimí nó measúnuithe, amhail barúlacha na ngearánaithe atá i gceist sa chás seo, feictear dom go bhfuil sé ábhartha idirdhealú a dhéanamh idir ‘an mbaineann’ na tuairimí nó na measúnuithe le daoine dá dtagraítear i dtéacs na tuairime nó an mheasúnaithe, nó, mar atá sa chás seo, an gá a chinneadh an mbaineann siad lena n‑údar. Sa chéad chás, chun teacht ar an gconclúid go bhfuil faisnéis ann a bhaineann leis an duine atá á mheasúnú, is gá anailís a dhéanamh ar cé acu a bhaineann nó nach mbaineann ábhar, cuspóir nó éifeacht an mheasúnaithe leis an duine sin. Sa dara cás, ar an taobh eile, d’fhonn a chinneadh an mbaineann an mheasúnacht leis an duine a d’eisigh í, feictear dom go bhféadfaí a thoimhdiú gurb amhlaidh atá agus gur gá go mbaineann tuairim nó measúnacht lena údar.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">32.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, sa bhreithiúnas in Nowak, ba cheist í go bunúsach measúnú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a bhí i leabhrán scrúdaithe. Bhí beirt i gceist: an t‑iarrthóir agus an scrúdaitheoir. Is fíor gur scrúdaigh an Chúirt ábhar, cuspóir agus éifeacht fhreagraí an iarrthóra agus tháinig sí ar an gconclúid gur bhain siad leis. É sin ráite, maidir le, go sonrach, nótaí mínithe an scrúdaitheora, a léiríonn a thuairim nó a mheasúnú,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-15" href="#t-15">15</a>
</span>) cé gur scrúdaigh an Chúirt ábhar, cuspóir agus éifeacht na faisnéise atá sa chóip chun a chinneadh gur bhain na measúnuithe sin leis an iarrthóir, ní dhearna sí scrúdú den sórt sin chun a mheas gur faisnéis iad a bhaineann leis an scrúdaitheoir a rinne í.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-16" href="#t-16">16</a>
</span>) I mo thuairimse, ní féidir a chur as an áireamh go hiomlán, dá bhrí sin, go bhféadfadh feidhm a bheith ag toimhde (simplí) agus measúnú á dhéanamh an mbaineann tuairim nó measúnú nó, mar atá sa chás seo, trácht, lena údar.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">33.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tagaim ar an gconclúid, mura gcruthaítear a mhalairt, gur gá go mbaineann na barúlacha atá i gceist sa chás seo, ós rud é gur tháinig siad ó na gearánaithe agus gur léirigh siad ‘a loighciúlacht agus a réasúnaíocht’, rud a léiríonn a ‘dtuairime suibiachtúla’, leis na gearánaithe sin, gan beann ar chuspóir nó éifeacht a mbarúlacha. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">34.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">In aon chás, fiú in éagmais toimhde den sórt sin sa chás seo, táim den tuairim go ‘mbaineann’ na barúlacha atá i gceist leis na gearánaithe mar gheall ar a n‑ábhar, a gcuspóir agus a n‑éifeacht. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">35.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, áitíonn BRA go bhfuil na hargóintí atá bunaithe ar chuspóir agus ar chomhthéacs na mbarúlacha atá i gceist neamhéifeachtach ós rud é nár scrúdaíodh iad sa chinneadh atá faoi chonspóid, atá do-ghlactha toisc go bhfuil líomhain fhíorasach nua iontu agus, in aon chás, líomhain fhíorasach mhícheart. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">36.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní aontaím leis an argóint sin. Tá an scrúdú a rinne MECS sa chinneadh atá faoi chonspóid agus measúnú na Cúirte Ginearálta araon mar chuid de chomhthéacs dlíthiúil a cuireadh san áireamh agus ina luaitear go soiléir cuspóir agus éifeacht na mbarúlacha atá faoi cheist, a cuireadh ar fáil i gcomhthéacs an nós imeachta a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil. Dá bhrí sin, tá na hargóintí sin a bhaineann le cuspóir agus éifeacht na mbarúlacha atá i gceist éifeachtach agus inghlactha. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">37.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, maidir leis an tsubstaint, is léir ón gcreat dlíthiúil is infheidhme gurb é cuspóir an nós imeachta a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil, inar tugadh na barúlacha atá i gceist ar aird, a chur ar chumas na scairshealbhóirí agus na gcreidiúnaithe dá ndéantar difear rannchuidiú leis na himeachtaí, go háirithe chun a chur ar chumas BRA an fhaisnéis uile is gá a bheith aige chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir le cé acu ba ghá nó nár ghá cúiteamh a dheonú do na scairshealbhóirí agus do na creidiúnaithe, a ndéanann réiteach Banco Popular difear dóibh, i gcomhréir leis an bprionsabal nach féidir caitheamh níos measa le haon chreidiúnaí ná mar a chaitear le leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-17" href="#t-17">17</a>
</span>) Thairis sin, d’fheádfadh go mbeadh tionchar ag na barúlacha sin, a luaithe a chuirfeadh BRA san áireamh iad, ar leasanna agus ar chearta na ngearánaithe i ndáil le cúiteamh airgeadais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">38.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tagaim ar an gconclúid go mbaineann na barúlacha atá i gceist leis na hábhair sonraí sa chás seo, lena n‑áirítear de bharr a gcuspóra agus a n‑éifeachta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">39.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba mhaith liom a rá freisin go ndearnadh na barúlacha atá i gceist, mar a aistríodh chuig Deloitte iad, a ‘scagadh, a chatagóiriú agus a chomhiomlánú’, agus mar thoradh air sin, mar is léir ó na fíorais a shuigh an Chúirt Ghinearálta,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-18" href="#t-18">18</a>
</span>) ní fhéadfaí idirdhealú a dhéanamh idir na barúlacha aonair laistigh den téama céanna: is féidir a admháil, fiú nuair a bhíonn siad comhiomlánaithe, go léiríonn na tuairimí comhchoiteanna sin, ina n‑ábhar, tuairimí pearsanta maidir le luacháil 3. Ní athraíonn a scagadh, a gcatagóiriú agus a gcomhiomlánú an toradh sin; murach sin ba leor roinnt tuairimí a chomhiomlánú chun éalú ón gceanglas maidir le faisnéis ‘a bhaineann le’ duine nádúrtha. Feictear dom nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir na tuairimí aonair éagsúla i measc na barúlacha sin, go gcumhdaítear níos mó leis an dara coinníoll carnach, a bhaineann le sainaithint na n‑ábhar sonraí, a scrúdaíodh i gcomhthéacs an dara cuid den bhforas achomhairc seo, ná an coinníoll lena gceanglaítear an trácht a bheith ‘nasctha’ le duine nádúrtha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">40.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, táim den tuairim go bhféadfaí a mheas go bhfuil measúnú na Cúirte Ginearálta curtha ó bhail mar gheall ar earráid dlí ina leith sin, sa mhéid gur chinn sí nár chomhlíon MECS an scrúdú a cheanglaítear leis an mbreithiúnas in Nowak chun a chinneadh go ‘[m]baineann’ na barúlacha atá i gceist le daoine nádúrtha, de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">41.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá gcinnfeadh an Chúirt diúltú don chéad chuid den bhforas achomhairc agus dá gcinnfeadh sí nach mbaineann na barúlacha faoi ainm bréige atá i gceist lena n‑údair, bheadh scrúdú an dara cuid den bhforas achomhairc iomarcach, a mhéid is gur coinníoll riachtanach é, faoi Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725, chun sonraí pearsanta a bheith ann, a bheadh carnach le sonraí aitheantais n‑ábhar sonraí, a scrúdaítear thíos.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara cuid, a bhaineann leis an gcoinníoll go mbeidh ábhar sonraí in‑sainaitheanta</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">42.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn MECS agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go ndearna an Chúirt Ghinearálta dhá earráid, an chéad cheann maidir leis an gcoincheap ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’ agus an dara ceann maidir le léiriú an bhreithiúnais in Breyer,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-19" href="#t-19">19</a>
</span>) rud a dhíospóideann BRA agus an Coimisiún.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(a)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad ghearán, lena líomhnaítear earráid maidir leis na héifeachtaí a bhaineann le hainm bréige a chur i bhfeidhm</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">43.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Léirítear sa ghearán seo go bhfuil dhá chur chuige an‑difriúil ann maidir le raon feidhme na rialacha cosanta sonraí. Ar cheart sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu a áireamh go huathoibríoch ar an bhforas amháin go bhfuil na hábhair sonraí fós inaitheanta, gan beann ar inrochtaineacht na sonraí aitheantais breise, nó ar cheart a mheas, mar thoradh ar an bpróiseas um ainm bréige a chur i bhfeidhm, nach bhfuil na sonraí pearsanta ach amháin do na daoine sin atá in ann na hábhair sonraí a shainaithint go réasúnta?</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(1)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">44.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn MECS agus EDPB gur sonraí pearsanta fós iad sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu ar an bhforas go bhfuil na hábhair sonraí fós inaitheanta ós rud é go bhfuil an fhaisnéis lenar féidir iad a shainaithint fós ann. Tá cur chuige na Cúirte Ginearálta mícheart sa mhéid is go gceadaítear leis sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu a mheas mar shonraí anaithnidithe vis-à-vis an faighteoir, rud a chuireann cosaint na n‑ábhar sonraí i mbaol agus a chruthaíonn mearbhall idir ainm bréige a chur i bhfeidhm agus anaithnidiú. Le cur chuige den sórt sin, murab ionann agus téacs agus cuspóir Rialachán 2018/1725, bheadh an rialaitheoir in ann sonraí pearsanta a bhaint go míchuí ó raon feidhme dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí den sórt sin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">45.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn BRA agus an Coimisiún, ar an taobh eile, gur sonraí pearsanta fós iad sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu don rialaitheoir a rinne ainm bréige orthu, ach gur ghá, i gcás faighteoirí, scrúdú a dhéanamh ar chineál inaitheanta na n‑ábhar sonraí. Ina theannta sin, cé nach sonraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 nach mór a bheith in ann an duine lena mbaineann a shainaithint, i bhfianaise aithris 16 agus i gcomhthéacs Airteagal 15(1)(d) den Rialachán seo atá i gceist anseo, is é dearcadh an fhaighteora atá tábhachtach. Dar leo, mura bhfaigheann an faighteoir sin sonraí pearsanta, níl aon leas ag na hábhair sonraí a bheith curtha ar an eolas faoi aistriú na sonraí toisc nach ndéantar difear dá gcearta. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(2)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">46.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar dtús, is fiú a mheabhrú gur próiseáil a chuirtear i bhfeidhm ar shonraí pearsanta é ainm bréige a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le haithris 17 de Rialachán 2018/1725, chun ‘na rioscaí a laghdú’ a bhaineann le tacar sonraí a nascadh le céannacht ábhair sonraí agus chun ‘cuidiú le rialaitheoirí agus próiseálaithe a gcuid oibleagáidí cosanta sonraí a chomhlíonadh’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">47.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, sainítear ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’ in Airteagal 3(6) de Rialachán 2018/1725 mar ‘sonraí pearsanta a phróiseáil ar chaoi nach féidir na sonraí pearsanta a chur i leith ábhar sonraí ar leith a thuilleadh gan faisnéis bhreise a úsáid, ar choinníoll go gcoimeádtar faisnéis bhreise den sórt sin ar leithligh agus go bhfuil sí faoi réir bearta teicniúla agus eagraíochtúla chun a áirithiú nach gcuirtear na sonraí pearsanta i leith duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-20" href="#t-20">20</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">48.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, ní gné den sainiú ar shonraí pearsanta é ainm bréige a chur i bhfeidhm, a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 i bhfianaise an choincheapa ‘inaitheantacht’ an ábhair sonraí. Thairis sin, mar a luaigh an Coimisiún ina ráiteas idirghabhála, sainítear sa Rialachán an coincheap ‘ainm bréige a chur i bhfeidhm’, agus ar an gcaoi sin déantar tagairt don phróiseas chun beart cosanta nó beart teicniúil agus eagraíochtúil a chur i bhfeidhm, ach ní dhéantar tagairt don choincheap ‘sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu’.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">49.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Deimhnítear an léiriú sin le léamh comhcheangailte ar Airteagal 3(6) agus ar aithris 16 den Rialachán sin, ina luaitear sa chéad abairt gur ‘cheart feidhm a bheith ag prionsabail na cosanta sonraí maidir le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta’. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">50.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, ba cheart anailís níos mionsonraithe a dhéanamh ar aithris 16 de Rialachán 2018/1725.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-21" href="#t-21">21</a>
</span>) Tá an dara habairt ann ina luaitear ‘[s]onraí pearsanta ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu agus a d’fhéadfaí a chur i leith duine nádúrtha trí fhaisnéis bhreise a úsáid, ba cheart a mheas gur faisnéis faoi dhuine nádúrtha in-sainaitheanta na sonraí sin.’ Ina dhiaidh sin tá an tríú agus an ceathrú habairt, a shonraíonn ábhar an cheanglais sin maidir le sainaitheantacht. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">51.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tuigtear dom ó fhoclaíocht na bhforálacha sin go bhfágann ainm bréige a chur i bhfeidhm go bhféadfadh sé nach mbeadh ábhar sonraí inaitheanta, seachas sin nach mbeadh aon chúis ag an bhfoclaíocht sin in aithris 16 a bheith ann. Ba mhaith liom a rá freisin go ndeimhnítear an léiriú sin leis na habairtí deireanacha den aithris sin maidir le hainm bréige a chur i bhfeidhm: eisiatar leo sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu ó raon feidhme Rialachán 2018/1725,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-22" href="#t-22">22</a>
</span>) ach ní eisiatar leo ach sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu a fhad is nach bhfuil na hábhair sonraí in‑sainaitheanta. Mura féidir na daoine sin a shainaithint, meastar go dlíthiúil, dá bhrí sin, go bhfuil siad cosanta go leordhóthanach leis an bpróiseas maidir le hainm bréige a chur i bhfeidhm, d’ainneoin nár scriosadh na sonraí aitheantais breise ina n‑iomláine. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">52.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is é sin le rá, níl aon cheist ann maidir le sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu a bhaint go huathoibríoch de raon feidhme an Rialacháin sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-23" href="#t-23">23</a>
</span>) Mar sin féin, i bhfianaise aithris 16 den Rialachán sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sonraí den sórt sin, faoi choinníollacha áirithe, éalú ón gcoincheap ‘sonraí pearsanta’. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">53.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Murab ionann agus an méid a áitíonn MECS, ní fheictear dom go bhfuil cur chuige den sórt sin contrártha leis an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta a áirithiú, go háirithe i bhfianaise na gceanglas aitheantais a leagtar síos leis na forálacha is infheidhme, ar thaobh amháin, agus i bhfianaise a léirithe leis an gcásdlí, ar an taobh eile.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">54.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcéad dul síos, tagraítear in aithris 16 de Rialachán 2018/1725 úsáid sonraí ag an rialaitheoir ‘nó duine eile’ chun an duine nádúrtha a shainaithint: is cuid de chur chuige cosantach i leith sonraí pearsanta é an cur chuige leathan sin, cé nach cur chuige neamhtheoranta é.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-24" href="#t-24">24</a>
</span>) </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">55.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an gcaoi chéanna, foráiltear le haithris 16 gur cheart aird a thabhairt ar na modhanna go léir is dócha, le réasún, a úsáidfear chun duine nádúrtha a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, agus na tosca oibiachtúla uile á gcur san áireamh, amhail na costais a ghearrfar agus an t‑achar ama is gá le haghaidh sainaithint, agus an teicneolaíocht a bheidh ar fáil tráth na próiseála agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, ar sainiú leathan agus cosanta ar shonraí pearsanta é.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">56.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an dara dul síos, le léiriú an chásdlí ar an gcoincheap ‘in‑sainaitheantas’ sin, lena ndírítear ar an mbaol go ndéanfaí ábhair sonraí a ath-shainaithint, is féidir an coincheap ‘sonraí pearsanta’ a chur i bhfeidhm go forleathan freisin. Dá bhrí sin, rinne an Chúirt aicmiú córasach ar ‘shonraí pearsanta’ mar shonraí a d’fhéadfadh, sa chomhthéacs atá i gceist, a bheith ina gcúis le riosca go ndéanfaí na hábhair sonraí a ath-shainaithint, cé go bhfuil siad scartha ó na sonraí aitheantais atá i lámha duine eile.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-25" href="#t-25">25</a>
</span>) </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">57.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, ní féidir sonraí a aicmiú mar ‘shonraí pearsanta’ go dlíthiúil ach amháin mura bhfuil an riosca aitheantais ann nó má tá an riosca sin neamhshuntasach.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-26" href="#t-26">26</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">58.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní aontaím le hargóintí MECS agus EDPB maidir leis na contúirtí a eascraíonn as léiriú ródhian ar shonraí pearsanta. Cé nach bhfuil feidhm ag na rialacha a eascraíonn as Rialachán 2018/1725 maidir le sonraí a bhaineann le daoine nach bhfuil in‑sainaitheanta, ní chuirtear cosc, i gcás inarb iomchuí, ar chuntasacht dlíthiúil na n‑eintiteas atá freagrach as éagóiritheoireacht, mar shampla sa chás go mbíonn díobháil mar thoradh ar nochtadh sonraí. Ar an taobh eile, feictear dom go bhfuil sé díréireach oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán 2018/1725  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-27" href="#t-27">27</a>
</span>) a fhorchur ar eintiteas nach bhféadfadh ábhair sonraí a shainaithint go réasúnta, oibleagáidí nach bhféadfadh an t‑eintiteas sin a chomhlíonadh, de réir sainmhínithe, nó lena gceanglófaí air go beacht iarracht a dhéanamh ábhair sonraí a shainaithint. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">59.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise na mbreithnithe sin, má dhéantar anailís ar an díospóid i bhfianaise na sonraí arna n‑aistriú chuig Deloitte, táim den tuairim, murab ionann agus an méid a áitíonn MECS, nach mór a chinneadh an raibh próiseáil ainm bréige na sonraí atá i gceist láidir go leor chun teacht ar an gconclúid nach raibh na gearánaithe, arbh iad údair na faisnéise a tarchuireadh chuig Deloitte, in‑sainaitheanta go réasúnta. I bhfocail eile, sa chomhthéacs sin, dá mbeadh modhanna réasúnacha ag Deloitte chun na gearánaithe sin a shainaithint, d’fhéadfaí a mheas gur phróiseáil sonraí pearsanta atá ann.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">60.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, i mo thuairimse, ba cheart diúltú don chéad fhoras achomhairc a d’ardaigh MECS. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(b)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara foras achomhairc, lena líomhnaítear earráid sa chomparáid a rinneadh leis an mbreithiúnas in Breyer</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(1)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Argóintí na bpáirtithe</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">61.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir MECS, le tacaíocht ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, is sonraí pearsanta do BRA iad na sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu atá i gceist agus, dá bhrí sin, bhí sé d’oibleagáid ar BRA na hábhair sonraí a chur ar an eolas faoin bhfaighteoir. Áitíonn sí gur bhain an Chúirt Ghinearálta míbhrí as an mbreithiúnas in Breyer, a bhain le staid fhíorasach dhifriúil. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">62.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dar le BRA, le tacaíocht ón gCoimisiún, ar an taobh eile, tá an chomparáid leis an mbreithiúnas in Breyer ábhartha agus mar thoradh air sin tagtar ar an gconclúid nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid faisnéis a sholáthar ach amháin más sonraí pearsanta iad na sonraí a aistrítear ó thaobh an fhaighteora de, Deloitte sa staid seo, nár léiríodh, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta i gceart, sa chás seo. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">(2)</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">63.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Táim den tuairim go bhfágann an oibleagáid faisnéis a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 15(1)(d) de Rialachán 2018/1725 agus an chomhthreomhaireacht leis an mbreithiúnas in Breyer, sa chás seo, réiteach difriúil ó réiteach na Cúirte Ginearálta, a mhíneoidh mé i gcomhthéacs na hanailíse ar an bhforas achomhairc seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">64.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ceanglaítear le hAirteagal 4(1)(a) de Rialachán 2018/1725 próiseáil dhleathach, chothrom agus thrédhearcach a dhéanamh ar na sonraí i ndáil leis an ábhar sonraí. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">65.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 15(1)(d) den Rialachán sin, i gcás ina mbailítear sonraí pearsanta a bhaineann le hábhar sonraí ón ábhar sonraí sin, go gcuirfidh an rialaitheoir na hábhair sonraí ar an eolas, ‘an tráth a fhaightear na sonraí pearsanta’, faoi aon fhaighteoirí de na sonraí sin. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nach mór don rialaitheoir an fhaisnéis sin a thabhairt láithreach, eadhon tráth bhailiú na sonraí.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-28" href="#t-28">28</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">66.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dearbhaítear an tábhacht a bhaineann le hoibleagáid den sórt sin a chomhlíonadh maidir le faisnéis a chur ar fáil freisin le haithris 35 de Rialachán 2018/1725, ina luaitear go gceanglaítear le prionsabal na próiseála cothroime agus le prionsabal na próiseála trédhearcaí an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoin oibríocht phróiseála a bheith ann agus faoi chríocha na próiseála sin, ag tabhairt dá haire gur don rialaitheoir aon fhaisnéis bhreise is gá a sholáthar chun próiseáil chothrom agus thrédhearcach a áirithiú agus na himthosca sonracha agus an chomhthéacs sonrach a ndéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil iontu á gcur san áireamh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-29" href="#t-29">29</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">67.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is tábhachtaí fós oibleagáid den sórt sin chun faisnéis a sholáthar ós rud é go mbraitheann bailíocht an toilithe arna thabhairt ag an ábhar sonraí, inter alia, ar cé acu a fuair nó nach bhfuair an duine sin an fhaisnéis a raibh teideal aige chuici roimhe sin i bhfianaise na n‑imthosca uile a bhaineann le próiseáil na sonraí atá i gceist, de bhun Airteagail 14 agus 15 de Rialachán 2018/1725, agus lena gcuirtear ar a chumas nó ar a cumas toiliú a thabhairt agus láneolas aige nó aici ar na fíorais.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-30" href="#t-30">30</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">68.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba mhaith liom a rá freisin go mbaineann an t‑aon eisceacht ón oibleagáid sin faisnéis a sholáthar, a leagtar síos in Airteagal 15(4) de Rialachán 2018/1725, le staid ina bhfuil an fhaisnéis atá i gceist ag an ábhar sonraí cheana féin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">69.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Tuigim uaidh sin, sa chás seo, go bhfuil an oibleagáid sin faisnéis a chur ar fáil mar chuid den chaidreamh dlíthiúil idir na hábhair sonraí, anseo na gearánaithe, ar thaobh amháin, agus BRA mar rialaitheoir, ar an taobh eile, agus ní i gcomhthéacs an chaidrimh idir BRA agus an faighteoir, eadhon Deloitte. Dá bhrí sin, is é cuspóir na hoibleagáide faisnéis a sholáthar na sonraí atá i seilbh an Bhoird roimh an aistriú chuig Deloitte. Mar sin féin, níl aon díospóid ann gur sonraí pearsanta iad sin, ós rud é go bhfuil na barúlacha agus an bunús ag BRA chun na daoine a d’eisigh iad a shainaithint. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">70.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, tugann cur chuige den sórt sin ó ‘dhearcadh ábhartha’  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-31" href="#t-31">31</a>
</span>) réiteach difriúil dom ó réiteach na Cúirte Ginearálta, fiú agus é á chur i gcomparáid leis an mbreithiúnas in Breyer.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">71.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba mhaith liom a chur in iúl, sa díospóid is cúis leis an gceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú sa bhreithiúnas sin, gur mhian leis an mbreithiúnas in Breyer cosc a chur ar an rialaitheoir (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) a sheoladh IP dinimiciúil a choinneáil. Ní raibh an fhaisnéis bhreise a chuir ar chumas í a aithint tríd an seoladh IP atá ceangailte lena ríomhaire i lámha an rialaitheora ach an tsoláthraí idirlín. Dá bhrí sin, ba í an cheist an bhféadfaí an seoladh IP dinimiciúil atá i seilbh an rialaitheora a aicmiú mar ‘shonraí pearsanta’ agus, dá bhrí sin, i gcomhthéacs an chaidrimh dhlíthiúil idir Breyer agus an rialaitheoir sin, oibleagáidí coinneála a spreagadh maidir leis an rialaitheoir sin, cé go raibh eilimintí aitheantais sa bhreithiúnas in Breyer i lámha duine seachas an rialaitheoir. Measadh, go bunúsach, go bhféadfadh an rialaitheoir, cé nach raibh an fhaisnéis aitheantais bhreise ina sheilbh aige, rochtain a fháil uirthi go réasúnta agus dá bhrí sin go raibh an seoladh IP dinimiciúil cáilithe mar ‘shonraí pearsanta’. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">72.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chás seo, mar a meabhraíodh thuas,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-32" href="#t-32">32</a>
</span>) is cuid den chaidreamh idir na hábhair sonraí (na gearánaithe) agus an rialaitheoir (BRA) í an oibleagáid faisnéis a sholáthar: is é tráth a mbailíonn BRA na sonraí i dtrácht agus, go háirithe maidir le faisnéis faoin bhfaighteoir, ar a dhéanaí i gcás inarb eol an faighteoir sin, go dtarlaíonn an oibleagáid faisnéis a sholáthar. Mar sin féin, nuair a bhíonn an t‑am sin criostalaithe, is sonraí pearsanta iad na sonraí atá i gceist i lámha BRA, a bhfuil na sonraí aitheantais breise aige. I bhfianaise na hoibleagáide faisnéis a sholáthar agus ag féachaint don am ag a dtagann sí chun cinn, ba shonraí pearsanta iad na sonraí atá i gceist dá bhrí sin, gan beann ar a n‑aitheantas ag Deloitte, rud nach mbaineann leis an gcaidreamh dlíthiúil idir na gearánaithe agus BRA, arb é an t‑aon cheann ábhartha é, ná leis an oibleagáid sin faisnéis atá ar BRA a sholáthar.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">73.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sin é an fáth go bhfeictear dom go gcaithfear an chomhthreomhaireacht leis an mbreithiúnas in Breyer a chur i bpeirspictíocht sa chás seo. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">74.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, bhí oibleagáid ar BRA faisnéis a chur ar fáil mar rialaitheoir agus mar gheall ar a chaidreamh leis na gearánaithe, ónar bhailigh sé na sonraí a bhí i gceist, gan beann ar cé acu a bhí nó nach raibh na sonraí a aistríodh chuig Deloitte pearsanta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">75.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní mór diúltú go loighciúil d’argóint BRA, a athdhearbhaíodh ag an éisteacht, go bhfuil dearcadh an fhaighteora ábhartha toisc go bhfuil sé tábhachtach a fháil amach an ‘faighteoir sonraí pearsanta’ é nó nach ea. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">76.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, is fíor go bhféadfadh foclaíocht Airteagal 15(1)(d) de Rialachán 2018/1725, ina dtagraítear do ‘faighteoirí sonraí pearsanta’, mearbhall a chruthú. Ceanglaítear le héifeachtacht na forála sin, áfach, go dtarchuirfear an fhaisnéis chuig na hábhair sonraí a luaithe is féidir agus sula n‑aistreofar na sonraí.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-33" href="#t-33">33</a>
</span>) Sa chás seo, fiú mura raibh sé i gceist ag an mBord, tráth bhailiú tosaigh na mbarúlacha, tuairim Deloitte a lorg maidir le cé acu ar leasaigh nó nár leasaigh na barúlacha sin luacháil 3, is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid os comhair na Cúirte gur chuidigh Deloitte le BRA i gcomhthéacs an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-34" href="#t-34">34</a>
</span>) Ina theannta sin, d’fhéadfaí a mheas go raibh rún ag BRA na sonraí ar cuireadh ainm bréige i bhfeidhm orthu a chur in iúl do Deloitte ann ar a dhéanaí nuair a cinneadh na barúlacha atá i gceist a phróiseáil go beacht chun ainm bréige a chur i bhfeidhm orthu,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-35" href="#t-35">35</a>
</span>) murach sin ní bheadh aon údar le hainm bréige a chur i bhfeidhm. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">77.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, táim den tuairim go gcuirtear moill ar an athbhreithniú sin mar thoradh ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide maidir le faisnéis a sholáthar tráth a d’aistrigh BRA na sonraí chuig Deloitte, agus é den tuairim gur faighteoir é chun na sonraí atá i gceist a aicmiú mar shonraí pearsanta nó nach bhfuil. Agus é sin á dhéanamh, cuirtear an t‑athbhreithniú sin siar go mícheart a mhéid a dhéantar é ar na sonraí a aistríodh cheana chuig an bhfaighteoir, cé go mbaineann cuspóir na hoibleagáide faisnéis a sholáthar leis an gcaidreamh idir BRA agus na gearánaithe agus go bhfuil sé beartaithe toiliú feasach na ngearánaithe a chumasú roimh an aistriú. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">78.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, maidir le toiliú na ngearánaithe, féadfar a rannpháirtíocht sa nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil a léiriú mar thoiliú intuigthe chun sonraí pearsanta a roinnt leis an rialaitheoir ionas go gcuirfear a mbarúlacha san áireamh. Mar sin féin, ní leor é sin, i mo thuairimse, chun a bheith ina thoiliú feasach le haghaidh ainm bréige a chur ar na sonraí agus iad a aistriú chuig Deloitte gan faisnéis a fháil roimh ré ó BRA ina leith sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-36" href="#t-36">36</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">79.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, i mo thuairimse, tá oibleagáid ag BRA faisnéis a cuireadh i bhfeidhm sa chás seo a chur ar fáil roimh aistriú na sonraí atá i gceist agus gan beann ar cé acu a bhí siad pearsanta i lámha Deloitte nó nach raibh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">80.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá réir sin, ós rud é go bhfuil nó nach bhfuil nós imeachta ainm bréige a chur i bhfeidhm láidir agus éifeachtach go leor, ionas go mbeifear in ann a mheas gur sonraí pearsanta iad na sonraí atá i lámha Deloitte, ní fheictear dom ar deireadh thiar go bhfuil sé éifeachtach i bhfianaise oibleagáid BRA faisnéis a chur ar fáil. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">81.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, níor mhór oibleagáid BRA maidir le faisnéis a sholáthar mar rialaitheoir a chomhlíonadh sa chás seo agus ní mór, ar an gcúis sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní mar gheall ar earráid dlí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">82.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ós rud é nach bhfuil dearcadh fhaighteoir na sonraí atá i gceist ábhartha i bhfianaise na hoibleagáide faisnéis a chur ar fáil a leagtar síos in Airteagal 15(1)(d) de Rialachán 2018/1725, tá argóintí na bpáirtithe maidir leis an bhféidearthacht atá ag Deloitte na hábhair sonraí a shainaithint, trí mhodhanna dleathacha atá indéanta go praiticiúil, neamhéifeachtach agus dá bhrí sin ní gá scrúdú a dhéanamh orthu. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">83.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mura raibh an Chúirt Bhreithiúnais den tuairim sin, tugaim faoi deara, mar mhalairt air sin, go ndéanann MECS agóid, ina leith sin, i gcoinne chinneadh na Cúirte Ginearálta nach bhfuil rochtain ag Deloitte ar na sonraí aitheantais. Braitheann sé go háirithe ar an gcaidreamh conarthach líomhnaithe bunaithe ar fhochonraitheoireacht idir BRA agus Deloitte. Áitíonn BRA agus an Coimisiún, agus é sin á dhéanamh acu, go n‑ardaíonn MECS líomhaintí fíorasacha nua atá neamh-inghlactha ag céim an achomhairc. Aontaím. Is líne nua argóinte é caidreamh conarthach a bheith ann idir BRA agus Deloitte, a léiríonn go raibh Deloitte in ann a iarraidh ar BRA na gearánaithe a shainaithint, nár rialaigh an Chúirt Ghinearálta ar bhealach ar bith ina leith. Dá bhrí sin, ba cheart diúltú don argóint sin, i gcás inarb iomchuí, toisc í a bheith neamh-inghlactha de bhun an dara habairt d’Airteagal 170(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ar dá réir nach féidir ábhar na n‑imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a athrú san achomharc.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-37" href="#t-37">37</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara foras achomhairc, a scrúdaíodh ar bhonn malartach</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">84.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena dhara foras achomhairc, lena n‑éilítear sárú ar phrionsabal na cuntasachta a leagtar síos in Airteagal 4(2) agus in Airteagal 26(1) de Rialachán 2018/1725, áitíonn MECS, le tacaíocht ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid trína mheas gur fúithi a bhí sé a léiriú gur sonraí pearsanta a bhí san fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte, de shárú ar phrionsabal chuntasacht BRA. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">85.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, agus go háirithe míreanna 81 agus 82 thuas, measaim nach gá an dara foras achomhairc seo a scrúdú. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">86.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, déanfaidh mé tagairt dó go hachomair, ar bhonn malartach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">87.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le hinghlacthacht an fhorais achomhairc sin, arna chonspóid ag BRA, nár ardaíodh os comhair na Cúirte Ginearálta, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil achomharcóir i dteideal achomharc a thionscnamh ag déanamh agairt ar fhorais achomhairc a eascraíonn as an mbreithiúnas atá faoi achomharc féin agus a bhfuil sé d’aidhm acu a fhiúntas a cháineadh, de réir dlí.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-38" href="#t-38">38</a>
</span>) Feictear dom gurb amhlaidh atá i gcás an fhorais achomhairc seo, atá inghlactha dá bhrí sin. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">88.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir leis an tsubstaint, ní mór a mheabhrú gur chinn an Chúirt Ghinearálta, ós rud é nár scrúdaigh MECS an raibh modhanna rochtana dlíthiúla agus praiticiúla ag Deloitte ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun na gearánaithe a ath-shainaithint, nárbh fhéidir le MECS a chinneadh gur faisnéis a bhaineann le ‘duine nádúrtha in‑sainaitheanta’ de réir bhrí Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725 a bhí san fhaisnéis a tarchuireadh chuig Deloitte.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">89.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn MECS, le tacaíocht ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, go bunúsach, gur cheart go raibh an Chúirt Ghinearálta tar éis a fhíorú ar chruthaigh BRA, an rialaitheoir, go raibh na sonraí atá i gceist i leith Deloitte anaithnidithe aige. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">90.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Déanann BRA agóid i gcoinne na hargóinte sin, ag áitiú nach bhfuil feidhm ag prionsabal na cuntasachta ach amháin i gcás sonraí pearsanta agus, sa chás seo, go raibh na sonraí ag Deloitte anaithnidithe. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">91.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ó thaobh an Choimisiúin de, áitíonn sé, ar an gcéad dul síos, go bhfuil dualgas réasúnta cruthúnais ar MECS a chruthú, ar bhonn na fianaise atá ar fáil, gurb ann do shonraí pearsanta. Ar an dara dul síos, is faoin rialaitheoir lena mbaineann atá sé an chonclúid sin a bhréagnú trí fhianaise bhreise a chur isteach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">92.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Meabhraím, faoi Airteagal 4(1)(a) de Rialachán 2018/1725, nach mór sonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothrom agus go trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí. De réir Airteagal 4(2) den Rialachán sin, ‘[i]s é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint’. Dá bhrí sin, leanann sé ó phrionsabal na cuntasachta, a leagtar amach in Airteagal 4(2) agus a shonraítear in Airteagal 26(1) den Rialachán sin, nach mór don rialaitheoir a bheith in ann a léiriú go gcomhlíontar na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach in Airteagal 4(1).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-39" href="#t-39">39</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">93.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Más rud é go gcuireann an rialaitheoir fianaise leordhóthanach ar fáil chuige sin, d’fhéadfaí a mheas gur shásaigh sé an dualgas cruthúnais atá air.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-40" href="#t-40">40</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">94.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chás seo, feictear dom go raibh BRA ag brath ar roinnt gnéithe fíorasacha (go háirithe na próisis chun na hábhair sonraí a scagadh, a chatagóiriú, agus a chomhiomlánú, a bhfuil cur síos orthu sa chinneadh atá faoi chonspóid agus sa bhreithiúnas atá faoi achomharc) chun a chruthú, i gcomhréir le prionsabal na cuntasachta atá air, nach raibh Deloitte in ann na hábhair sonraí a shainaithint.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">95.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Os comhair na Cúirte Ginearálta, ghlac MECS seasamh prionsabail ina leith sin arb éard a bhí ann dearcadh BRA a ghlacadh seachas Deloitte agus, ar an gcaoi sin, na barúlacha a aistríodh chuig Deloitte a aicmiú mar ‘shonraí pearsanta’. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">96.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Má ghlactar leis, chun críocha scrúdú tánaisteach a dhéanamh ar an bhforas achomhairc seo, go raibh tuairim Deloitte ábhartha sa chás seo,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-41" href="#t-41">41</a>
</span>) d’fhéadfaí a mheas, mar a chinn an Chúirt Ghinearálta, gur faoi MECS a bhí sé a léiriú  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-42" href="#t-42">42</a>
</span>) cén fáth, go dlíthiúil nó go teicniúil, nár leor an próiseas maidir le hainmneacha bréige a chuir BRA chun feidhme sa chás seo agus go raibh air a chinneadh go raibh sonraí pearsanta á bpróiseáil ag Deloitte.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">97.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Bheinn den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart, más iomchuí, seasamh leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc i ndáil leis an dara foras achomhairc sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VII.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">98.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 61 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, má tá bunús leis an achomharc, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh na Cúirte Ginearálta ar neamhní. Féadfaidh sí féin breithiúnas críochnaitheach a thabhairt san ábhar má cheadaíonn staid na n‑imeachtaí a leithéid, nó an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">99.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leis an gcéad saincheist dlí a d’ardaigh BRA i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid os comhair na Cúirte Ginearálta, líomhnaítear gur sáraíodh Airteagal 3(1) de Rialachán 2018/1725. Leanann sé ó mhíreanna 63 go 82 den Tuairim seo, ós rud é gur mhainnigh BRA a oibleagáid a chomhlíonadh maidir le faisnéis a sholáthar faoi Airteagal 15(1)(d) de Rialachán 2018/1725, gur cheart, dá bhrí sin, i mo thuairimse, seasamh leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">100.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an taobh eile, ní fheictear dom go bhféadfaí éisteacht a thabhairt don dara foras achomhairc, lena n‑éilítear sárú ag MECS ar an gceart chun dea-riaracháin i gcomhthéacs an nós imeachta as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">101.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Áitíonn BRA go háirithe, sa nós imeachta riaracháin roimh ghlacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, gur sháraigh MECS a cheart chun rochtain a fháil ar an gcomhad, a cheart chun éisteacht a fháil agus prionsabal chomhionannas na n‑arm, trí rochtain ar an gcomhad a dhiúltú dó, ar thaobh amháin, agus trí mhainneachtain barúlacha na ngearánaithe nó a n‑inneachar a chur in iúl dó, ar an taobh eile. </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">102.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mheas an Chúirt Ghinearálta, ós rud é gur seasadh leis an gcéad saincheist dlí sa chaingean, nach raibh aon ghá scrúdú a dhéanamh ar an dara saincheist dlí a ardaíodh os a comhair. Feictear dom, dá bhrí sin, go gcaithfear an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinnidh ina leith sin, agus na costais á bhforchoimeád.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">VIII.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">103.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 26 Aibreán 2023, BRA v MECS (T‑557/20, EU:T:2023:219) a chur ar neamhní;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais ar an dara saincheist dlí a ardaíodh os a comhair;</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">an cinneadh maidir le costais a fhorchoimeád.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <div/>
  <hr class="note"/>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-1" href="#c-1">1</a>
</span>) Bunteanga: an Fhraincis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-2" href="#c-2">2</a>
</span>) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-3" href="#c-3">3</a>
</span>) IO 2014 L 225, lch. 1.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-4" href="#c-4">4</a>
</span>) Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español SA (IO 2017 L 178, lch. 15).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-5" href="#c-5">5</a>
</span>) Foráiltear le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 806/2014 go bhfuil an duine sin ‘neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n‑áirítear BRA agus an t‑údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann’. Tagraítear in Airteagal 20(16) den Rialachán sin d’Airteagal 20(1) maidir leis an gcoincheap sin ‘an duine neamhspleách’.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-6" href="#c-6">6</a>
</span>) Is aitheantóir uathúil uilíoch 33 dhigit é, a ghintear go randamach.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-7" href="#c-7">7</a>
</span>) Is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur chabhraigh Deloitte le BRA mar dhuine neamhspleách ina phróiseas cinnteoireachta. Is léir freisin ón gcinneadh sin gur chinn BRA, an 18 Márta 2020, nach raibh aon chúiteamh dlite do na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe lena mbaineann agus gur luaigh sé go raibh an cinneadh sin bunaithe ar an measúnú iarréitigh a rinne Deloitte agus ar an anailís ar na barúlacha a fuarthas i gcomhthéacs an nós imeachta maidir leis an gceart chun éisteacht a fháil.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-8" href="#c-8">8</a>
</span>) Leis an dara cuntar éilimh, iarradh dearbhú go raibh an chéad chinneadh neamhdhleathach. Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta don dara cuntar éilimh sin ar an bhforas go raibh breithiúnas dearbhaitheach á lorg ag BRA, seachas gníomh a chur ar neamhní, agus é sin á dhéanamh aige.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-9" href="#c-9">9</a>
</span>) Féach míreanna 64, 73 agus 74 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-10" href="#c-10">10</a>
</span>) Breithiúnas an 20 Nollaig 2017 (C‑434/16, ‘an breithiúnas in Nowak’ EU:C:2017:994). Sa Tuairim seo, déanfar tagairt de réir analaí do bhreithiúnais lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31) agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; ‘RGCS’). Mar is léir ó aithrisí 4 agus 5 de Rialachán 2018/1725 agus ó Airteagail 2(3) agus 98 de RGCS, bhí sé beartaithe ag reachtas an Aontais córas a bhunú chun sonraí pearsanta a chosaint ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais atá coibhéiseach le RGCS chun cosaint aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach daoine nádúrtha a áirithiú maidir le próiseáil a sonraí pearsanta laistigh den Aontas Eorpach (féach breithiúnas an 7 Márta 2024, OC v an Coimisiún, C‑479/22 P, EU:C:2024:215, mír 43).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-11" href="#c-11">11</a>
</span>) Féach míreanna 100, 103 agus 105 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-12" href="#c-12">12</a>
</span>) C‑413/23 P, nár foilsíodh, EU:C:2023:1036.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-13" href="#c-13">13</a>
</span>) Féach, go háirithe, an liosta neamh-uileghabhálach i mír 36 de Thuairim an Abhcóide Ghinearálta Pitruzzella in Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF (C‑487/21, EU:C:2022:1000).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-14" href="#c-14">14</a>
</span>) Féach an breithiúnas in Nowak, míreanna 34 agus 35. Féach, ina theannta sin, breithiúnais an 4 Bealtaine 2023, Österreichische Datenschutzbehörde agus CRIF (C‑487/21, EU:C:2023:369, míreanna 23 agus 24); an 22 Meitheamh 2023, Pankki S (C‑579/21, EU:C:2023:501, míreanna 42 agus 43; an 7 Márta 2024, OC v an Coimisiún (C‑479/22 P, EU:C:2024:215, mír 45); agus an 7 Márta 2024, IAB Europe (C‑604/22, EU:C:2024:214, míreanna 36 agus 37).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-15" href="#c-15">15</a>
</span>) An breithiúnas in Nowak, mír 43.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-16" href="#c-16">16</a>
</span>) An breithiúnas in Nowak, mír 44 in fine.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-17" href="#c-17">17</a>
</span>) Féach, chuige sin, míreanna 5 go 7 den bhreithiúnas atá faoi achomharc agus mír 9 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-18" href="#c-18">18</a>
</span>) Féach mír 23 den bhreithiúnas atá faoi achomharc.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-19" href="#c-19">19</a>
</span>) Breithiúnas an 19 Deireadh Fómhair 2016, Breyer (Cás C‑582/14, ‘an breithiúnas in Breyer’, EU:C:2016:779).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-20" href="#c-20">20</a>
</span>) Féach freisin an Tuairim maidir le coincheap na sonraí pearsanta (Táscfhórsa ‘Airteagal 29’, Tuairim 4/2007, 20 Meitheamh 2007, WP 136) agus an Tuairim lena dtugtar aghaidh go sainráite ar theicnící anaithnidithe agus bréagainmnithe (Táscfhórsa ‘Airteagal 29’, Tuairim 05/2014, 10 Aibreán 2014, WP 216). Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis an bpróiseas sin maidir le hainm bréige a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs an taighde agus an staidrimh.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-21" href="#c-21">21</a>
</span>) Cé nach bhfuil feidhm dhlíthiúil cheangailteach acu agus nach féidir leo a bheith mar bhonn le léiriú atá contrártha do na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán 2018/1725, is minic a bhí an Chúirt ag brath ar aithrisí chun forálacha ghníomh dlí de chuid an Aontais a léiriú (féach, go háirithe, Tuairimí an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Planet49, Cás C‑673/17, EU:C:2019:246, mír 71, agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Kokott sa chás an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments, C‑376/20 P, EU:C:2022:817).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-22" href="#c-22">22</a>
</span>) Thairis sin, ó thaobh na teicneolaíochta amháin de, ní fhágann anaithnidiú nach bhféadfaí an riosca a bhaineann le hath-shainaithint, agus is é sin an fáth nach mór do rialaitheoirí a chuireann teicnící anaithnidithe chun feidhme anailís rialta a dhéanamh ar an riosca bunúsach a bhaineann le hath-shainaithint trí mheasúnú a dhéanamh ar dhéine agus ar dhóchúlacht an riosca sin ar bhonn cás ar chás (féach, i ndáil leis sin, O. Tambou, Manuel de droit européen de la protection des données à caractère personnel [Lámhleabhar maidir leis an dlí Eorpach um chosaint sonraí], Bruylant, 2020, mír 68 agus na tagairtí a luaitear ina leith sin go háirithe i bhfonóta 162).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-23" href="#c-23">23</a>
</span>) Cé gurb é an rún bunaidh a bhí leis an gcoincheap ‘ainm bréige’ a chur i bhfeidhm a thabhairt isteach in RGCS ná solúbthacht a sholáthar chun oibleagáidí cosanta sonraí a mhaolú (féach Kuner, C., Bygave, L. A. agus Docksey, C., ‘Background and Evolution of the EU General Data Protection Regulation (GDPR)’, in Kuner, C., Bygrave, L. A., Docksey, C., agus Drechsler, L. (dir.), The EU General Data Protection Regulation (GDPR). A Commentary, Oxford University Press, Oxford, 2020, lgh. 1 go 47), níor lean an Chomhairle an rún sin in aithris 26 de RGCS, a ndearnadh a foclaíocht a atáirgeadh in aithris 16 de Rialachán 2018/1725.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-24" href="#c-24">24</a>
</span>) Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta Campos Sánchez-Bordona in iúl i míreanna 64 go 67 dá Thuairim in Breyer (C‑582/14, EU:C:2016:339), ‘ní féidir a chur as an áireamh riamh, le cinnteacht iomlán, nach féidir tríú páirtí a bhfuil faisnéis bhreise aige a d’fhéadfaí a chomhcheangal leis an gcéad pháirtí agus, dá bhrí sin, atá in ann céannacht duine a nochtadh a chur as an áireamh le cinnteacht iomlán. […] Creidim, áfach, nach féidir leis an imní sin (atá, thairis sin, go hiomlán dlisteanach) neamhaird a thabhairt ar théarmaí rún rialála an reachtais agus go bhfuil an léiriú córasach ar aithris [16 de Rialachán 2018/1725] teoranta do ‘na modhanna is dócha a chuirfidh tríú páirtithe áirithe chun feidhme go réasúnta’. </p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-25" href="#c-25">25</a>
</span>) Mar shampla, sa bhreithiúnas in Breyer, cáilíonn seoladh IP dinimiciúil atá i lámha soláthraí seirbhíse meán ar líne, cé go bhfuil sé scartha ó na sonraí aitheantais atá i seilbh an tsoláthraí rochtana idirlín, mar ‘shonraí pearsanta’, ar choinníoll go raibh modhanna ag an soláthraí seirbhíse meán ar líne a d’fhéadfaí a úsáid go réasúnach chun an t‑ábhar sonraí a shainaithint leis an seoladh IP sin. Ar an gcaoi chéanna, i mbreithiúnas an 9 Samhain 2023, Gesamtverband Autoteile-Handel (Rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí) (C‑319/22, EU:C:2023:837), bhí VIN feithicle i gceist, arna shainiú mar an cód alfa-uimhriúil a shann a mhonaróir d’fheithicil chun sainaithint cheart na feithicle sin a áirithiú. Cé nach bhfuil sé pearsanta ann féin, faigheann an VIN an carachtar sin i leith aon duine a bhfuil sé d’acmhainn aige go réasúnach é a cheangal le duine áirithe (mír 46) agus dá bhrí sin é a nascadh le duine nádúrtha sainaitheanta nó in‑sainaitheanta (mír 49). Ar an gcaoi chéanna, is ionann sonraí pearsanta agus preaseisiúint de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), ina bhfuil aitheantóirí lenar féidir an t‑iarratasóir a shainaithint, ar bhonn léamh simplí oibiachtúil ar an bpreaseisiúint sin, nó trí bhíthin ‘is dócha, le réasún, a d’fhéadfadh’ léitheoirí a úsáid (breithiúnas an 7 Márta 2024, OC v an Coimisiún, C‑479/22 P, EU:C:2024:215). Ar an gcaoi chéanna, i mbreithiúnas an 7 Márta 2024, IAB Europe (C‑604/22, EU:C:2024:214), bhí creat curtha i bhfeidhm ag an gcomhlachas IAB a dhéanann ionadaíocht ar ghnóthais in earnáil na fógraíochta agus na margaíochta digití chun sainroghanna úsáideoirí suíomhanna gréasáin a chlárú, arna gcódú trí bhíthin ‘TC String’ (meascán de litreacha agus de charachtair). Measadh gur sonraí pearsanta iad TC String ós rud é, in éineacht le haitheantóir, gurbh fhéidir an t‑úsáideoir idirlín lena mbaineann a shainaithint, lena n‑áirítear i gcás IAB, nach raibh na haitheantóirí ina sheilbh aige, ach a bhféadfadh rochtain indíreach a bheith aige air ar bhealach réasúnach (míreanna 48 go 50 den bhreithiúnas).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-26" href="#c-26">26</a>
</span>) Leanann sé ó mhír 46 den bhreithiúnas in Breyer gurbh amhlaidh a bheadh dá dtoirmeascfaí de réir dlí nó dá mbeadh sé neamhphraiticiúil an duine lena mbaineann a shainaithint, mar shampla toisc go mbeadh iarracht iomarcach i gceist leis ó thaobh ama, costais agus saothair de.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-27" href="#c-27">27</a>
</span>) Is féidir tagairt a dhéanamh do na hoibleagáidí a eascraíonn as an gceart sonraí pearsanta a cheartú faoi Airteagal 18 de Rialachán 2018/1725, mar shampla.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-28" href="#c-28">28</a>
</span>) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Fashion ID (C-40/17, EU:C:2019:629, mír 104 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Association Mousse (C‑394/23, EU:C:2024:610, mír 58).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-29" href="#c-29">29</a>
</span>) Féach, de réir analaí, breithiúnais an 1 Deireadh Fómhair 2015, Bara agus páirtithe eile (C‑201/14, EU:C:2015:638, mír 34): agus an 1 Deireadh Fómhair 2019, Planet49 (C‑673/17, EU:C:2019:801, mír 77), agus an 11 Iúil 2024, Meta Platforms Ireland (Caingean ionadaíoch) (C‑757/22, EU:C:2024:598, mír 57). Soiléirítear a thuilleadh in aithris 36 de Rialachán 2018/1725 ‘[i] gcás inar féidir sonraí pearsanta a nochtadh d’fhaighteoir eile go dlisteanach, ba cheart an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas nuair a nochtar na sonraí pearsanta den chéad uair don fhaighteoir’. Is é sin le rá, má thagann gné nua i bhfeidhm, ní mór aird na n‑ábhar sonraí a tharraingt air sin sula ndéanfar ‘tuilleadh próiseála’ den sórt sin (féach, chuige sin agus de réir analaí, breithiúnas an 27 Aibreán 2022, Roos agus páirtithe eile v an Pharlaimint, T‑710/21, T‑722/21 agus T‑723/21, EU:T:2022:262, mír 171).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-30" href="#c-30">30</a>
</span>) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Iúil 2024, Meta Platforms Ireland (Caingean ionadaíoch) (C‑757/22, EU:C:2024:598, mír 60), agus mír 47 den Tuairim ón Abhcóide Ginearálta de la Tour sa chás céanna (EU:C:2024:88). Féach freisin Airteagal 14(1) de Rialachán 2018/1725, ar dá réir: ‘[d]éanfaidh an rialaitheoir bearta iomchuí chun aon fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 15 agus 16 […] a bhaineann le próiseáil na sonraí pearsanta, a sholáthar don ábhar sonraí i bhfoirm atá achomair, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus úsáidfear teanga shoiléir shimplí.’</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-31" href="#c-31">31</a>
</span>) A mhéid a dhearbhaítear nár tugadh aghaidh ar an gcur chuige sin sna pléadálacha i scríbhinn, tugaim faoi deara, chomh maith le bheith ardaithe ag an éisteacht os comhair na Cúirte, go bhfuil an cur chuige sin mar chuid den díospóid seo a mhéid a fhéachann sé leis an dearcadh ábhartha a chinneadh i bhfianaise na hoibleagáide faisnéis atá i gceist sa chás seo a sholáthar. Sa chomhthéacs sin, cé nach bhfuil uirthi rialú a thabhairt ach amháin ar éilimh na bpáirtithe, atá freagrach as comhthéacs na díospóide a theorannú, ní féidir leis an gCúirt a bheith faoi cheangal ag na hargóintí ar a bhfuil siad ag brath chun tacú lena n‑éilimh amháin, ach amháin má chuirtear iallach uirthi, i gcás inarb iomchuí, a cinneadh a bhunú ar bhreithnithe dlí earráideacha (féach breithiúnas an 21 Meán Fómhair 2010, an tSualainn agus páirtithe eile v API agus an Coimisiún, Cásanna Uamtha C‑514/07 P, C‑528/07 P agus C‑532/07 P, EU:C:2010:541, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-32" href="#c-32">32</a>
</span>) Féach mír 69 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-33" href="#c-33">33</a>
</span>) Maidir cineál ‘roimh ré’ na faisnéise chun toiliú feasach a cheadú, féach breithiúnas an 11 Iúil 2024, Meta Platforms Ireland (Caingean ionadaíoch) (C‑757/22, EU:C:2024:598, mír 60).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-34" href="#c-34">34</a>
</span>) Féach fonóta 7 i mír 12 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-35" href="#c-35">35</a>
</span>) Féach míreanna 13 et seq. den bhreithiúnas atá faoi achomharc. Féach freisin freagraí BRA ar na ceisteanna ag an éisteacht.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-36" href="#c-36">36</a>
</span>) Maidir le nádúr gonta, trédhearcach, intuigthe agus inrochtana go héasca, agus an fhoirmliú i dteanga shoiléir shimplí, den fháisnéis sin, féach Airteagal 14(1) de Rialachán 2018/1725. Féach freisin Táscfhórsa ‘Airteagal 29’, Treoirlínte maidir le trédhearcacht de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679, 11 Aibreán 2018, WP 260, rev. 01, mír 30: ‘Má athraíonn modhnú na faisnéise go bunúsach cineál na próiseála (e.g. leathnú na gcatagóirí faighteoirí nó tabhairt isteach aistrithe chuig tríú tír) nó más athrú é a d’fhéadfadh gan a bheith bunúsach don oibríocht phróiseála ach a d’fhéadfadh a bheith bunúsach don ábhar sonraí agus a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an ábhar sonraí, ba cheart an fhaisnéis a sholáthar don ábhar sonraí i bhfad sula dtarlóidh an t‑athrú agus ba cheart an modh a úsáidtear chun an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi na hathruithe a bheith sainráite agus éifeachtach. Is é an cuspóir atá ann a áirithiú nach ndéanfaidh an t‑ábhar sonraí an modhnú a “scriosadh” agus tréimhse réasúnta ama a cheadú don ábhar sonraí chun (a) cineál agus tionchar an mhodhnaithe a mheas, agus (b) a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi RGCS i ndáil leis an modhnú (e.g. toiliú a tharraingt siar nó agóid a dhéanamh i gcoinne próiseála).’ [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-37" href="#c-37">37</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Euranimi v an Coimisiún (C‑95/23 P, nár foilsíodh, EU:C:2024:177, mír 53).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-38" href="#c-38">38</a>
</span>) Féach breithiúnas an 25 Eanáir 2022, an Coimisiún v European Food agus páirtithe eile (C‑638/19 P, EU:C:2022:50, mír 77 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-39" href="#c-39">39</a>
</span>) Féach, chuige sin, go háirithe, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Bundesrepublik Deutschland (Bosca ríomhphoist breithiúnach) (C‑60/22, EU:C:2023:373, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach freisin, maidir leis an dualgas cruthúnais ar thoiliú le próiseáil sonraí ar rialaitheoir na próiseála sin, breithiúnas an 11 Samhain 2020, Orange Romania (C‑61/19, EU:C:2020:901, mír 52).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-40" href="#c-40">40</a>
</span>) Féach, de réir analaí i gcaingean le haghaidh damáistí bunaithe ar RGCS, breithiúnas an 25 Eanáir 2024, MediaMarktSaturn, (C‑687/21, EU:C:2024:72, míreanna 43 go 45): tá an dualgas ar an rialaitheoir atá i gceist oiriúnacht na mbeart slándála atá curtha chun feidhme aige a chruthú agus ní mór don chúirt a bhfuiltear os a comhair an fhianaise go léir a chuir an rialaitheoir ar fáil a chur san áireamh chun oiriúnacht na mbeart teicniúil agus eagraíochtúil a ghlac sé chun a oibleagáidí a chomhlíonadh a léiriú. Mar sin féin, ní leor ann féin go ndearna fostaithe an rialaitheora doiciméad ina raibh sonraí pearsanta a thabhairt ar láimh trí bhotún do thríú páirtí neamhúdaraithe chun a mheas nach raibh na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir an rialaitheoir i gceist chun feidhme ‘iomchuí’. </p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-41" href="#c-41">41</a>
</span>) Féach míreanna 59 agus 60 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-42" href="#c-42">42</a>
</span>) Féach, ina leith sin, an chomparáid a rinne an Coimisiún leis an dlí maidir le státchabhair i mbreithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2023, Larko v an Coimisiún (C-445/22 P, EU:C:2023:773, mír 29); díreach ós rud é gurb é cáiliú birt ar leith mar státchabhair an réamhchoinníoll chun go dtiocfaidh an beart sin faoi inniúlacht an Choimisiúin cur chun feidhme Airteagail 107 agus 108 CFAE a áirithiú, anseo is réamhchoinníoll í an cháilíocht mar ‘shonraí pearsanta’ chun go mbeidh feidhm ag Rialachán 2018/1725 agus chun go mbeidh MECS inniúil (féach Airteagal 52(3) den Rialachán sin).</p>
</body>
</html>
