AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.6.2026
COM(2026) 565 final
IARSCRÍBHINNÍ
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus Rialachán (AE) 2020/740 a mhéid a bhaineann le simpliú agus úsáid níos fearr a bhaint as roghanna digiteacha le haghaidh lipéadú fuinnimh agus lipéadú bonn
{SEC(2026) 565 final} - {SWD(2026) 565 final} - {SWD(2026) 566 final}
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN III
FAISNÉIS PHOIBLÍ ATÁ LE CUR ISTEACH AG AN SOLÁTHRÓIR SA BHUNACHAR SONRAÍ TÁIRGÍ
De bhun phointe 1 d’Airteagal 5, iontrálfaidh an soláthróir sa bhunachar sonraí táirgí an fhaisnéis a leagtar amach i dTáblaí III A-D thíos, a ndéantar an bhileog faisnéise faoin táirge di. Áireofar in ábhar fógraíochta nó i ndoiciméid tráchtála eile a sholáthrófar in éineacht leis an mbonn an uimhir chlárúcháin EPREL nó an nasc chuige nó an cód QR as a dtiocfaidh clárú an chineáil boinn in EPREL.
Tábla III A
Bileog Faisnéise faoin Táirge
Boinn C1, boinn C2 agus boinn C3
|
1
|
Trádainm nó trádmharc:
|
téacs
|
Sonrú tráchtála:
|
téacs
|
|
2
|
Aitheantóir an chineáil boinn (cód/uimhir an chineáil):
|
téacs
|
Aicme boinn:
|
C1 / C2 / C3
|
|
3
|
Sonrú thoise an bhoinn
|
xxx
|
xx
|
R / B / D
|
xx
|
xx
|
E/F/G/J/K/L/M/N/P/Q/R/S/ T/U/H/V/ZR/W/Y
|
|
|
|
leithead ainmniúil boinn (Sl) /
|
cóimheas ainmniúil crutha
|
cineál déantúis
|
trastomhas ainmniúil ‘d’ an fhonsa ina orlaí
|
innéacs ualaigh
|
rátáil luais
|
|
4
|
Aicme éifeachtúlachta breosla:
|
A / B / C / D / E
|
Luach chomhéifeacht na friotaíochta rollta (N/kN)
|
x,x
|
|
5
|
Aicme fliuchghreama:
|
A / B / C / D / E
|
Luach innéacs fliuchghreama
|
x,xx
|
|
6
|
Aicme an torainn sheachtraigh rollta:
|
A / B / C
|
Leibhéal an torainn sheachtraigh rollta ina dB(A):
|
xx
|
|
7
|
Lena úsáid i ndiandálaí sneachta (marcáil 3PMSF):
|
tá / níl
|
Lena úsáid i ndiandálaí sneachta (marcáil oighearchoinnle):
|
tá / níl
|
|
8
|
Uimhir dheimhnithe boinn (cineálcheadú):
|
téacs
|
Athbhreithniú CEE-NA
|
téacs
|
Paraiméadair chomhlántacha nach bhfuil ábhartha le haghaidh fíorú comhlíontachta
Tábla III B
Boinn C1
|
1 A
|
Soghluaisteacht fhadaithe (1):
|
Bonn féintacaithe / Bonn soghluaisteachta fadaithe / Fáinne Tacaíochta
|
|
2 A
|
Marcáil bhranda feithicle mhonaróir an bhuntrealaimh (OEM):
|
Ceann ar bith/Marcáil OEM
|
Branda/brandaí feithicle
|
|
3 A
|
Catagóir úsáide (4):
|
gnáthúsáid / úsáid speisialta
|
I gcás úsáid speisialta:
|
M&S / ET
|
Tábla III C
Boinn C2
|
1 B
|
Soghluaisteacht fhadaithe:
|
Bonn féintacaithe / Bonn soghuaisteachta fadaithe / Fáinne Tacaíochta
|
|
2 B
|
Cur síos úsáide sa bhreis:
|
xxx
|
xxx
|
E / F / G / J / K / L / M / N / P / Q / R / S / T / U / H
|
|
|
|
innéacs toillte ualaigh i gcomhair gléasadh singil
|
innéacs toillte ualaigh i gcomhair gléasadh déach
|
siombail catagóire luais
|
|
3 B
|
Catagóir úsáide (4:
|
Gnáthúsáid / úsáid speisialta
|
I gcás úsáid speisialta:
|
M&S / ET / ML / MPT (is féidir níos mó ná ceann amháin a roghnú)
|
Tábla III D
Boinn nua C3
|
2C
|
Próifíl mhisin:
(is féidir níos mó ná ceann amháin a roghnú) (2):
|
Cianaistear
|
Réigiúnach
|
Uirbeach
|
Bardasach
|
Déantús (bóthair-eisbhóthair)
|
|
|
|
tá / níl
|
tá / níl
|
tá / níl
|
tá / níl
|
tá / níl
|
|
1C
|
Suíomh acastóra (3):
|
F / D / T / Z
|
I gcás acastóir=T: FRT
|
|
|
3C
|
Cur síos úsáide breise (innéacs toillte ualaigh):
|
xxx
|
xxx
|
E / F / G / J / K / L / M / N / P / Q / R / S / T / U / H
|
|
|
|
gléasadh singil
|
gléasadh déach
|
siombail na catagóire luais
|
|
4 C
|
Doimhneacht snáithe (mm):
|
xx
|
Luach innéacs fliuchghreama boinn leathchaite:
|
x,xx
|
|
5 C
|
Catagóir úsáide (4:
|
Gnáthúsáid / úsáid speisialta
|
I gcás úsáid speisialta:
|
M&S / ET / ML / MPT (is féidir níos mó ná ceann amháin a roghnú)
|
(1) RF) Bonn féintacaithe, marcáil ‘seilide’, / EMT) Bonn soghluaisteachta fadaithe, marcáil ‘roithleánach’, UNECE R. 30 E/ECE/324/Rev. 1/Add. 29/Rev. 3/Amend. 7.
(2) Ó Iarscríbhinn I, tábla 1 de Rialachán 2017/2400
(3) F=tosach, D=tiomáint, T=leantóir, Z=aon cheann, FRT=rolladh go saor amhail in UNECE R. 54 E/ECE/324/Rev. 1/Add. 53/Rev. 3/Amend. 5.
(4) Mar a sainmhíníodh in UNECE R. 54 E/ECE/324/Rev. 1/Add. 53/Rev.3, R. 117 E/ECE/324/Rev. 2/Add. 116/Rev. 5 agus R. 54 E/ECE/324/Rev. 1/Add. 53/Rev. 3/Amend. 5.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/740 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR I bhFÓGRAÍ AMHAIRC, I gCATALÓGA TÁIRGÍ, IN ÁBHAR FÓGRAÍOCHTA TEICNIÚIL AGUS SA CHIANDÍOLACHÁN, LENA nÁIRÍTEAR CIANDÍOLACHÁN AR AN IDIRLÍON’
(2)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1 agus 2:
‘1.
Ábhar clóite
(I.)
Chun comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(3), 4(4) agus Airteagal 6(2) a áirithiú, i bhfógraí amhairc, i gcatalóga táirgí agus in ábhar fógraíochta teicniúil, agus i gcás ciandíolachán páipéarbhunaithe agus ciandíolachán bunaithe ar theileamhargaíocht, déanfar aicme na friotaíochta rollta agus raon na n‑aicmí atá ar fáil ar an lipéad, an aicme fliuchghreama agus raon na n‑aicmí atá ar fáil ar an lipéad agus aicme agus luach an torainn sheachtraigh rollta a thaispeáint mar a léirítear i bhFíor 1, agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí breise seo a leanas:
(a)úsáidfear ‘saigheada aicme’, ina mbeidh an litir, lena léireofar an éifeachtúlacht breosla, an fliuchghreim agus an torann, agus na saigheada láraithe sa chuid dhronuilleogach den tsaighead;
(b)beidh teorainn ag na saigheada aicme, agus beidh dath an chúlra inmheánaigh ag teacht le dath aicme na héifeachtúlachta breosla, aicme an fhliuchghreama agus na haicme torainn faoi seach ar an lipéad iomlán;
(c)is é Noto Sans, i gcló trom, 100 % bán, le himlíne i ndubh 100 %, cló-aghaidh na ‘litreach aicme’ a bheidh ar mhéid atá coibhéiseach le méid an phraghais, i gcás ina léirítear an praghas;
(d)is in Noto Sans, 100 % dubh ar chúlra bán, a bheidh cló-aghaidh raon na n‑aicmí éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil.
|
(a) saighead aicme, le raon aicmí éifeachtúlachta breosla
|
(a)(b) saighead aicme, le raon aicmí fliuchghreama
|
(c) saighead aicme, le raon aicmí torainn sheachtraigh rollta
|
Fíor1: sampla de shaigheada aicme, le raon aicmí éifeachtúlachta fuinnimh
(II.)
De mhaolú ar phointe I, má dhéantar an fógra amhairc, an t‑ábhar fógraíochta teicniúil nó an ciandíolachánpáipéarbhunaithe a phriontáil i monacróm, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí I.(b) agus I.(c):
(b)beidh teorainn ag an tsaighead aicme, agus beidh an cúlra inmheánach neamhdhaite, agus ag teacht le dath na tacaíochta cúlra;
(c)is é Noto Sans, i gcló trom, 100 % dubh, cló-aghaidh na ‘litreach aicme’ a bheidh ar mhéid atá coibhéiseach le méid an phraghais, i gcás ina léirítear an praghas;
2.
Ábhar ar líne
(III.)
Chun comhréireacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4(3), 4(4) agus 6(2) a áirithiú, i bhfógraí amhairc, i gcatalóga táirgí agus in ábhar fógraíochta teicniúil, i gciandíolachán agus i dteileamhargaíocht ar an idirlíon, i gcás táirgí agus pacáistí araon, déanfar aicme na friotaíochta rollta agus raon na n‑aicmí atá ar fáil ar an lipéad, an aicme fliuchghreama agus raon na n‑aicmí atá ar fáil ar an lipéad agus aicme agus luach an torainn sheachtraigh rollta a thaispeáint mar a léirítear i bhFíor 1, i gcomhréir leis na sonraíochtaí breise seo a leanas:
(a)is éard a bheidh i ngach íomhá saighde aicme taispeáint neadaithe an lipéid a leagtar amach in Iarscríbhinn III agus de réir mar a bheidh ar fáil ón mbunachar sonraí táirgí;
(b)taispeánfar an lipéad le preabadh aníos, táb nua, leathanach nua nó taispeáint scáileáin insuite agus ní mór é a bheith le feiceáil ar an gcéad chliceáil luiche nó le hathrú luiche ar íomhá na saighde aicme;
(c)chun an lipéad ar scáileáin thadhlacha a fhormhéadú, beidh feidhm ag coinbhinsiúin na ngaireas le haghaidh formhéadú tadhlach;
(d)scoirfear den lipéad a thaispeáint trí rogha dhúnta nó trí shásra dúnta caighdeánach eile;
(e)is é an téacs malartach le haghaidh íomhá na saighde aicme, a bheidh le feiceáil le hathrú luiche, faoi seach ‘is í an aicme éifeachtúlachta breosla an aicme’, ‘is í an aicme fliuchghreama an aicme’, ‘is í an aicme torainn sheachtraigh rollta an aicme’, agus ina dhiaidh sin an litir aicme agus an téacs ‘(raon A-x)’, i gcás inarb é ‘x’ an aicme is measa a cheadaítear.
(f)le téacs lena léirítear ‘Bileog Faisnéise faoin Táirge’, i ngaireacht don tsaighead aicme, tabharfar rochtain dhíreach ar an mbileog faisnéise faoin táirge, de réir mar atá ar fáil ón mbunachar sonraí táirgí, nó ar leathanach an mhúnla sa bhunachar sonraí táirgí.’.
IARSCRÍBHINN III
Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/740 mar a leanas:
(1)cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘FAISNÉIS ATÁ LE CUR ISTEACH AG AN SOLÁTHRÓIR SA CHUID DEN BHUNACHAR SONRAÍ A BHAINEANN LE COMHLÍONADH’;
(2)scriostar pointe 1.
(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
‘2. Faisnéis atá le cur isteach sa chuid den bhunachar sonraí táirgí a bhaineann le comhlíonadh:
(a)aitheantóir an chineáil boinn i gcás cineálacha coibhéiseacha boinn a cuireadh ar an margadh;
(b)paraiméadair na bileoige faisnéise faoin táirge a leagadh amach in Iarscríbhinn III tábla III A ar cuid den mheasúnú comhlíontachta iad;
(c)cóip den doiciméad cineálcheadaithe atá ábhartha le haghaidh réimse sonrach na gcineálacha bonn;
(d)cóip de thuarascálacha tástála le haghaidh aon pharaiméadair ar an lipéad má chomhfhreagraíonn an aicme do chomhéifeacht friotaíochta rollta, do luach innéacs fliuchghreama nó do luach astaíochta torainn atá níos fabhraí ná an ceann a chomhfhreagraíonn don chás is measa de dhroim na doiciméadachta cineálcheadaithe i bpointe (c). Is féidir gurb iad na tuarascálacha tástála na tuarascálacha sin a chomhfhreagraíonn don chineálcheadú nó aon tuarascáil eile ar leibhéal coibhéiseach cruinnis a thugann údar leis na luachanna dearbhaithe;
(e)de rogha ar phointe (d), i gcás nach gcomhfhreagraíonn an luach dearbhaithe do thoradh tástála, soláthróidh an soláthróir tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi ar cinneadh an luach a úsáideadh chun an aicme a chinneadh. Ní mór a áirithiú le haon nós imeachta ionsamhlúcháin nó eachtarshuímh go mbeidh na luachanna dearbhaithe comhionann leo siúd a fuarthas i dtástáil fhisiceach ar thoise ábhartha an bhoinn - nó níos measa ná na luachanna sin;
(f)réamhchúraimí sonracha, más ann dóibh, a ghlacfar nuair a dhéantar an cineál boinn a chothabháil, a fheistiú nó a thástáil.’.