AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2025
COM(2025) 41 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Cur chun feidhme an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh in 2022-2024
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,12.2.2025
COM(2025) 41 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
Cur chun feidhme an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh in 2022-2024
Clár
1. RÉAMHRÁ
2. CUR CHUN FEIDHME
2.1. Cistiú don nuálaíocht i gcathracha
2.2. Tacú le hacmhainneachtaí agus eolas i gcathracha
2.2.1. Acmhainneachtaí cathracha a fheabhsú
2.2.2. Tacú le heolas agus beartais i gcathracha
2.3. Rialachas agus gníomhaíochtaí eile
3. NA CHÉAD TORTHAÍ
4. CONCLÚIDÍ
1.RÉAMHRÁ
Tá lear mór dúshlán roimh an Eoraip, lena n‑áirítear téarnamh eacnamaíoch agus sochaithe cuimsitheacha a thógáil, dul i ngleic leis an athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus an t‑athrú déimeagrafach, agus an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach. Is áiteanna iad cathracha ina bhfuil na dúshláin uile ag teacht le chéile agus inar féidir réitigh nua a thriail agus a thástáil ar bhealaí a dhéanann difríocht do dhaoine.
Tá gné láidir uirbeach ag baint leis an mbeartas comhtháthaithe, agus treisíodh an tacaíocht a thugann sé don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe do chlárthréimhse 2021-2027 chun cabhrú le cathracha ról gníomhach a ghlacadh maidir le freagairtí beartais ar dhúshláin áitiúla a cheapadh agus a chur chun feidhme. Mar thoradh air sin, infheistíonn na Cistí Comhtháthaithe níos mó ná EUR 100 billiún i gcathracha, agus tá cathracha freagrach go díreach as infheistíochtaí a dhearadh agus a chur chun feidhme le haghaidh níos mó ná EUR 24 bhilliún faoi chláir an bheartais Chomhtháthaithe.
Ina theannta sin, bunaíodh Tionscnamh Uirbeach Eorpach (TUE) 1 nua laistigh den ghné uirbeach den bheartas Comhtháthaithe don chlárthréimhse 2021-2027. Le buiséad EUR 395 mhilliún, 2 is ionstraim é chun tacú le cathracha de gach méid, chun acmhainneacht agus eolas a fhorbairt, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun réitigh inaistrithe agus inscálaithe a fhorbairt ar dhúshláin uirbeacha atá ábhartha don Aontas. Déantar na gníomhaíochtaí a chomhordú agus a chomhlánú le clár URBACT 3 agus soláthraítear tacaíocht leo don obair idir-rialtasach faoin gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach.
Tugtar tuairisc sa tuarascáil seo ar ghníomhaíochtaí TUE agus ar na torthaí cur chun feidhme ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024.
2.CUR CHUN FEIDHME
Cuireadh cur chun feidhme TUE de chúram ar Réigiún Hauts-de-France, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach. 4 . Bhunaigh Réigiún Hauts-de-France Buanrúnaíocht (‘Rúnaíocht TUE’ anseo feasta) chun na gníomhaíochtaí laethúla uile a chuirtear i láthair sa tuarascáil seo a dhéanamh. Tá an obair bunaithe ar dhá shnáithe, atá dírithe ar na nithe seo a leanas a chur ar fáil: (a) tacú leis an nuálaíocht, agus (b) tacú le fothú acmhainneachta agus eolais, le measúnuithe tionchair chríochaigh, le forbairt beartais agus cumarsáid (Fíor 1). Tá 75 % den bhuiséad EUR 395 mhilliún 5 ainmnithe do shnáithe (a), agus 25 % do shnáithe (b).
Fíor 1. Loighic idirghabhála an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh
2.1. Cistiú don nuálaíocht i gcathracha
Tacaíonn TUE le tionscadail gníomhaíochta nuálacha a bhfuil sé d’aidhm acu ról claochlaitheach na gcathracha a chothú agus nuálaíochtaí uirbeacha atá tástáilte de réir cruthúnais a chur in úsáid ar fud an Aontais. Is féidir le gach tionscadal ranníocaíocht uasta EUR 5 mhilliún a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) lena mbaineann ráta cómhaoinithe 80 % agus a mhaireann ar feadh 4 bliana ar a mhéad 6 . Is éard is iarratasóirí incháilithe ann údaráis uirbeacha nó grúpálacha d’údaráis uirbeacha (i.e. cathracha, bailte, nó bruachbhailte) ina bhfuil daonra iomlán 50 000 áitritheoir ar a laghad, atá lonnaithe i gceann de Bhallstáit an Aontais.
Cuireann an sruth oibre seo le Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha, an tionscnamh píolótach 7 a cuireadh chun feidhme le linn chlárthréimhse 2014-2020. Ó shin i leith, tugadh isteach go leor feabhsuithe, mar shampla: (i) béim níos láidre ar nuálaíochtaí uirbeacha atá ábhartha don bheartas Comhtháthaithe, (ii) intomhaisteacht fheabhsaithe torthaí i gcoinne táscairí réamhshainithe, (iii) béim fheabhsaithe ar ullmhacht oibríochtúil na dtionscadal, acmhainneacht agus inmhacasamhlaitheacht na réiteach tástáilte a mhéadú.
Tá ceithre ghlao beartaithe ar ghníomhaíochtaí nuálacha TUE, tá dhá ghlao curtha i gcrích, tá ceann amháin ar siúl agus tá ceann eile beartaithe do 2026 (Tábla 1). Maidir leis na chéad trí ghlao, is é an cuspóir an nuálaíocht a spreagadh i réimsí téamacha áirithe atá tábhachtach do bheartais an Aontais, agus tá an ceathrú glao beartaithe chun tacú le cathracha a bhfuil níos lú taithí acu ar an nuálaíocht.
Tábla 1. Glaonna ar ghníomhaíocht nuálach TUE
|
Glao |
Foilsithe (bliain), ábhar/ábhair |
Iarratais |
Tionscadail roghnaithe, ranníocaíocht iomlán CFRE (EUR) |
Ráta ratha na n‑iarratas |
|
1 |
2022, topaic amháin: Bauhaus Eorpach Nua |
99 n‑iarratas ó 21 Bhallstát |
14 thionscadal ó 12 Bhallstát, EUR 65,2 milliún |
14 % |
|
2 |
2023, trí thopaic: Glasú na gCathracha, an Turasóireacht Inbhuanaithe, Leas a bhaint as an Tallann i gCathracha atá ag Laghdú |
112 iarratas ó 21 Bhallstát |
22 thionscadal ó 12 Bhallstát, EUR 98 milliún |
20 % |
|
3 |
2024, dhá thopaic: Aistriú Fuinnimh, Teicneolaíocht sa Chathair |
Spriocdháta an ghlao i mí Dheireadh Fómhair 2024 |
Buiséad beartaithe EUR 90 milliún |
— |
|
4 |
Beartaithe do 2026 |
— |
— |
— |
Roghnaíodh 36 thionscadal ó 16 Bhallstát faoin dá ghlao (Fíor 2). Chun feabhas a chur ar an gcumhdach geografach agus chun cuidiú le cathracha iarratais ar ardcháilíocht a ullmhú, tugadh faoi roinnt beart, e.g. ceardlanna d’iarratasóirí a eagrú ar fud Bhallstáit Lár agus Oirthear na hEorpa agus líonra de phointí teagmhála uirbeacha náisiúnta a bhunú chun na glaonna a chur chun cinn ar fud na mBallstát.
Fíor 2. Suíomhanna geografacha na dtionscadal a roghnaíodh
faoin dá ghlao ar ghníomhaíochtaí nuálacha
(glao 1: corcra, glao 2: glas)
Maidir le méid an daonra sna lárionaid uirbeacha a bhfuil a n‑údaráis rannpháirteach sna tionscadail roghnaithe faoin dá ghlao, is cathracha beaga agus meánmhéide iad níos mó ná dhá thrian (Fíor 3) agus, ar an gcaoi chéanna, is ‘cathracha Airteagal 11’ iad níos mó ná dhá thrian. 8
Fíor 3. Sciar na n‑údarás uirbeach de réir mhéid an daonra sna tionscadail gníomhaíochta nuálacha roghnaithe
Mar ghné úrnua, tá cuid den deontas CFRE do gach tionscadal gníomhaíochta nuálaí tiomnaithe do chomhpháirtíochtaí aistrithe trasnáisiúnta a mhaoiniú idir na príomhúdaráis uirbeacha agus trí chathair eile de chuid an Aontais nach mór dhá cheann díobh a bheith ó réigiúin bheagfhorbartha nó ó réigiúin trasdula 9 . Cuireann an modh leis an sásra aistrithe píolótach le haghaidh Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha a cuireadh chun feidhme trí URBACT III in 2021-2022 agus is é is aidhm dó an taithí a fuarthas maidir le réiteach nuálach tástáilte a aistriú agus féachaint an bhféadfaí é a mhacasamhlú i gcomhthéacsanna uirbeacha eile. Is é an sprioc atá ann freisin infheistíochtaí a spreagadh faoi chláir an Bheartais Comhtháthaithe agus acmhainneachtaí nuálaíochta cathracha lasmuigh de na cathracha atá i gceannas ar thionscadail nuálacha gníomhaíochta a chothú.
2.2. Tacú le hacmhainneachtaí agus eolas i gcathracha
2.2.1. Acmhainneachtaí cathracha a fheabhsú
Cuireadh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TUE i bhfeidhm in 2023, agus cuirtear chun feidhme iad mar ghníomhaíochtaí píolótacha go dtí deireadh 2024. 10 Áirítear trí chineál gníomhaíochta ar na gníomhaíochtaí sin: malartuithe ó chathair go cathair, athbhreithnithe piaraí agus imeachtaí fothaithe acmhainneachta. Féachann siad le feabhas a chur ar acmhainneachtaí na gcathracha maidir le straitéisí, beartais agus cleachtais forbartha uirbí inbhuanaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach comhtháite agus rannpháirteach. Feidhmíonn siad freisin ar bhealach comhlántach comhordaithe le URBACT IV 11 .
Is 12 gníomhaíocht ón mbun aníos agus bunaithe ar éileamh é malartú ó chathair go cathair agus tá sé bunaithe ar ghlao leanúnach. Tugann sé le chéile le haghaidh cuairt ghearrthéarmach údarás uirbeach iarrthach a bhfuil dúshlán sonrach os a chomhair, agus údarás uirbeach eile ó Bhallstát eile a bhfuil saineolas aige chun dul i ngleic leis. Is piarfhoghlaim chumhachtach é an malartú.
Tá spéis na n‑údarás uirbeach sna malartuithe ó chathair go cathair ag méadú le himeacht ama. Faoin 31 Lúnasa 2024, fuarthas 60 iarratas ó chathracha atá lonnaithe i 22 Bhallstát. Is cathracha san Iodáil, sa Spáinn, sa Phortaingéil agus san Fhionlainn a chuir formhór na n‑iarratas isteach. Tá 40 malartú 13 ar siúl faoi láthair nó tugtha chun críche agus 88 n‑údarás uirbeacha á slógadh san iomlán (Fíoracha 4 agus 5). Is cathracha beaga agus meánmhéide iad formhór mór (88 %) na gcathracha lena mbaineann agus tá siad scaipthe beagnach go cothrom ar fud réigiúin bheagfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin níos forbartha. Is ‘cathracha Airteagal 11’ iad breis agus 60 % díobh.
Fíor 4. Údaráis uirbeacha a bhfuil baint acu le malartuithe ó chathair go cathair mar ‘chathracha a bhfuil dúshlán ag baint leo’
Fíor 5. Údaráis uirbeacha a bhfuil baint acu le malartuithe ó chathair go cathair mar ‘phiaraí’
|
|
|
Ina theannta sin, tacaítear 14 le hathbhreithnithe piaraí ina mbíonn grúpaí cathracha páirteach chun a straitéisí comhtháite forbartha uirbí a thagarmharcáil, ar straitéisí iad atá mar bhonn don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. 15 Is é an aidhm atá ann feabhas a chur ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na straitéise. Tá suas le ceithre ‘chathair faoi athbhreithniú’ i ngach athbhreithniú piaraí, ag obair le daoine aonair ó suas le sé chathair a ghníomhaíonn mar ‘phiar-athbhreithneoirí’ chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán sainaitheanta 16 . Cuirtear glaonna bliantúla chun feidhme lena ndírítear ar ‘chathracha Airteagal 11’ chun iarratas a dhéanamh mar ‘chathracha faoi athbhreithniú’ agus lena dtugtar cuireadh do chathracha eile mar ‘phiar-athbhreithneoirí’ ó gach cearn den Aontas Eorpach.
Fíor 6. Cumhdach geografach na n‑athbhreithnithe piaraí
(cathracha faoi athbhreithniú: corcra, cathracha athbhreithnitheora piaraí:
glas)
Faoin 31 Lúnasa 2024, cuireadh trí athbhreithniú piaraí chun feidhme agus imeachtaí ar an láthair á n‑óstáil ag Thessaloniki (EL), Coimbra (PT) agus Kalisz (PL). D’fhreastail thart ar 150 rannpháirtí ar na hathbhreithnithe piaraí agus rinne siad ionadaíocht ar 12 Bhallstát. Ba údaráis uirbeacha 54 rannpháirtí, a ghníomhaigh mar ‘cathracha faoi athbhreithniú’ (10) nó mar ‘piar-athbhreithneoirí’ (44) (Fíor 6). Cathracha beaga agus meánmhéide (Fíor 7) a bhí in 80 % de na húdaráis uirbeacha a bhí i gceist agus tháinig thart ar leath díobh ó réigiúin bheagfhorbartha. Cathracha beaga agus meánmhéide a bhí i bhformhór na ‘gcathracha faoi athbhreithniú’ agus tháinig siad ó réigiúin bheagfhorbartha nó ó réigiúin trasdula.
Fíor 7. Sciar na n‑údarás uirbeach de réir mhéid an daonra
ag glacadh páirte in athbhreithnithe piaraí
17 Le himeachtaí fothaithe acmhainneachta, tugtar le chéile údaráis uirbeacha, údaráis bhainistíochta, an Coimisiún agus príomhghníomhaithe eile chun faisnéis a mhalartú agus chun sineirgí idir uirlisí agus cláir an Bheartais Comhtháthaithe agus an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach a thaispeáint. Cuidíonn na himeachtaí le ‘pobal cleachtóirí uirbeacha’ a chruthú. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas glaonna bliantúla a dhíríonn ar údaráis bhainistíochta chun spéis a léiriú in imeachtaí a eagrú in éineacht le Réigiún Hauts-de-France.
Faoin 31 Lúnasa 2024, eagraíodh ocht n‑imeacht nó seisiún fothaithe acmhainneachta in Torino (IT), Timișoara (RO), Liúibleána (SI), Zadar (HR), Tourcoing (FR), Búdaipeist (HU), Tampere (FI) agus an Bhruiséil (BE). D’fhreastail thart ar 500 rannpháirtí, ar údaráis uirbeacha 160 díobh, ar na himeachtaí sin.
2.2.2. Tacú le heolas agus beartais i gcathracha
Tacaíonn roinnt sruthanna oibre TUE le heolas agus le cumais cathracha beartais a fhorbairt. Bunaíodh líonra de phointí teagmhála uirbeacha ar fud na mBallstát 18 . Le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, ceapadh 25 phointe teagmhála uirbeacha 19 . Feidhmíonn formhór na bpointí teagmhála uirbeacha mar phointí náisiúnta URBACT freisin, agus áirithítear comhordú mura bhfuil an dá phointe teagmhála éagsúla lonnaithe san eintiteas céanna.
Bunaíodh Portico 20 , ardán eolais nua. Is é is aidhm don ardán saibhreas an eolais uirbigh atá ann cheana a chomhdhlúthú agus dul i ngleic le hilroinnt foinsí eolais chun tacú le cleachtóirí uirbeacha ar gach leibhéal. Ar cheann dá chomhpháirteanna tá an Lánléargas Uirbeach, arb é is aidhm dó úsáideoirí a threorú trí thionscnaimh, cláir agus eagraíochtaí uirbeacha an Aontais. Tógfar an uirlis sin de réir a chéile, agus tá an chéad leagan di ar fáil cheana féin 21 .
Cuireadh an chéad eagrán de shuirbhé réamhbhreathnaitheach uile-Aontais chun feidhme in 2024. Déantar é gach 2 bhliain chun ceisteanna a chur ar údaráis uirbeacha agus ar chleachtóirí uirbeacha maidir le príomhthreochtaí, príomhdhúshláin, bearnaí eolais agus riachtanais tacaíochta i dtaca le forbairt uirbeach inbhuanaithe. Leis na torthaí, cuirtear in iúl do Réigiún Hauts-de-France dinimic agus riachtanais an phobail uirbigh atá ag teacht chun cinn. Maidir leis an gcéad eagrán, fuarthas 364 fhreagra ó 25 Bhallstát den Aontas agus is ó údaráis uirbeacha a fuarthas níos mó ná 70 % de na freagraí 22 .
Cuirfear tús go 23 luath le sraith gníomhaíochtaí caipitlithe i bhfoirm ‘saotharlanna beartais TUE’ agus táirgí eolais eile. Is é an sprioc atá ann tacú le húdaráis uirbeacha agus le cleachtóirí uirbeacha beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh agus cáilíocht na n‑infheistíochtaí poiblí a áirithiú, go háirithe faoin mBeartas Comhtháthaithe. Déanfar iarrachtaí speisialta teagmháil a dhéanamh le cathracha beaga agus meánmhéide nach bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha acu go fóill chun rochtain a fháil ar an taithí agus ar an eolas atá ann cheana.
Tacaíonn 24 TUE leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach — an comhar rialachais il-leibhéil a bunaíodh le Comhaontú Amstardam in 2016 25 . Rinneadh pacáiste seirbhíse a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun cabhrú le comhpháirtíochtaí téamacha a bpleananna gníomhaíochta a chur i gcrích, agus cuirtear cúnamh ar fáil chun comhpháirtíochtaí nua a chur ar bun. Féadfaidh TUE tacú le comhar idir-rialtasach maidir le cúrsaí uirbeacha freisin, 26 má iarrann Ballstát amháin nó níos mó tacaíocht den sórt sin, agus má chomhaontaítear sin leis an gCoimisiún.
Rinneadh roinnt feachtais chumarsáide maidir le glaonna ar ghníomhaíocht nuálach, glaonna ar ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, seoladh Portico, agus glaonna ar chomhaltaí comhpháirtíochta sa Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach. Cuireadh suíomh gréasáin TUE ar bun agus cruthaíodh nuachtlitir TUE. Faoi láthair tá níos mó ná 5 000 síntiúsóir ag an nuachtlitir sin.
2.3. Rialachas agus gníomhaíochtaí eile
Cuireadh rialachas TUE 27 i bhfeidhm chun stiúradh agus cur chun feidhme oibríochtúil na sruthanna gníomhaíochta uile a áirithiú ar bhealach éifeachtach agus cuimsitheach. Cuireann sé sásra ar fáil lena gcumasaítear sineirgí idir gníomhaíochtaí agus próiseas rannpháirteach treorach straitéisí ina bhfuil na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach agus tá Bord Maoirseachta agus Grúpa Stiúrtha ann.
Ar an mBord Maoirseachta tá ionadaithe ón gCoimisiún, ó Réigiún Hauts-de-France, agus ó Rúnaíocht TUE. Déanann sé maoirseacht ar an gcur chun feidhme, ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na cuspóirí a bhaint amach, ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí faoi gach snáithe, ar fhaireachán ar thorthaí, agus ar an gcur i bhfeidhm airgeadais. Áirithíonn sé go gcomhtháthaítear comhairle straitéiseach an Ghrúpa Stiúrtha, i gcás inarb ábhartha, i ngníomhaíochtaí oibríochtúla.
Feidhmíonn an Grúpa Stiúrtha mar chomhlacht comhairleach. Cuirtear ar an eolas é faoi chur chun feidhme straitéiseach TUE agus tugann sé comhairle ina leith, go háirithe maidir le comhleanúnachas na ngníomhaíochtaí, agus maidir leis na tosaíochtaí. Tá an Grúpa Stiúrtha comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ó Réigiún Hauts-de-France agus ó Rúnaíocht TUE, ó na Ballstáit ó gach foireann trí Uachtaránacht de chuid an Aontais, ó údarás bainistíochta URBACT agus ón rúnaíocht, ó Choiste na Réigiún agus ó dhá chomhlachas cathrach Eorpacha, Comhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa agus Eurocities.
Eagraíodh trí chruinniú den dá chomhlacht rialachais sa tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo. Rinneadh comhghaolú agus comhsheasmhacht le próisis rialachais chlár URBACT IV agus an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach a áirithiú trí rannpháirtíocht fhrithpháirteach agus trí chomhroinnt faisnéise.
Maidir le forghníomhú airgeadais TUE, gealladh sciar suntasach — níos mó ná leath den bhuiséad EUR 395 mhilliún 28 - do na gníomhaíochtaí. Cuireadh an chéad leagan den chóras faireacháin 29 i gcrích, agus seolfar deais ina léireofar an dul chun cinn go luath.
Bunaíodh dlúthchomhar le clár URBACT IV chun comhordú, sineirgí agus comhlántachtaí foriomlána a bhaint amach, go háirithe idir gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus eolais an dá ionstraim 30 . Trí chomhar URBACT, rannchuidigh TUE freisin le cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe.
3.NA CHÉAD TORTHAÍ
Rinneadh TUE a chomhdhearadh leis na príomhghníomhaithe 31 chun tacú le dearadh straitéise agus beartais, le cur chun feidhme comhtháite agus rannpháirteach agus le nuálaíocht uirbeach.
Tar éis an chéad 2 bhliain den chur chun feidhme, tá na chéad torthaí á mbaint amach ag TUE. Tá sraith chomhtháite seirbhísí á cur ar fáil ag an tionscnamh a thacaíonn le cathracha de gach méid. Cuireadh gníomhaíochtaí i bhfeidhm le hidirghníomhaíochtaí a tógadh idir snáitheanna TUE agus le comhordú agus comhlántachtaí a bunaíodh le URBACT IV. Thairis sin, tá gníomhaíochtaí agus ionchur ón gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach á gcomhcheangal ag TUE agus tá sineirgí á bhforbairt aige le tionscnaimh shuntasacha eile de chuid an Aontais.
Maidir le bunús geografach na 444 údarás uirbeach a fhaigheann tacaíocht ó TUE le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo, is as réigiúin bheagfhorbartha agus réigiúin trasdula dhá thrian díobh. Is cathracha beaga agus meánmhéide iad formhór na dtairbhithe (73 %) agus is ‘cathracha Airteagal 11’ iad 70 % díobh. Glacann 25 % de na cathracha a fhaigheann tacaíocht páirt in URBACT freisin, rud a dhearbhaíonn naisc fheabhsaithe idir TUE agus uirlisí eile den Bheartas Comhtháthaithe.
Tugadh dhá ghlao gníomhaíochta nuálacha a seoladh in 2022 agus 2023 chun críche agus mar thoradh air sin, bhí ranníocaíocht CFRE de níos mó ná EUR 163 mhilliún ag 36 thionscadal ar fud 16 Bhallstát. A bhuí lena gcomhpháirtíochtaí aistrithe trasnáisiúnta, tá líonra de 85 chathair i mbun nuálaíochta, ag roinnt taithí agus ag spreagadh gníomhaíochtaí de chuid an bheartais Comhtháthaithe maidir le hábhair a bhaineann le Bauhaus Eorpach Nua, cathracha a ghlasú, turasóireacht inbhuanaithe agus leas a bhaint as an tallann i gcathracha atá ag laghdú. Comhlánófar an líonra sin go luath le tionscadail bhreise maidir leis an aistriú fuinnimh agus leis an teicneolaíocht i gcathracha. Mar chuid de na glaonna, spreagadh sineirgí le Misin an Aontais, go háirithe le Misean na gCathracha Aeráidneodracha Cliste, agus le príomhthionscnaimh eile de chuid an Aontais..
Tá
Fuenlabrada (ES) ag baint triail as samhail nua tithíochta atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht idirghlúine agus ar phrionsabail Bauhaus Eorpach Nua. Cuireann sé le hathbheochan lár na cathrach ina bhfuil meath ar cháilíocht tithíochta, rátaí arda folúntais i gcás spásanna cónaithe agus tráchtála araon, agus daonra atá ag dul in aois. Tá géarchéim tithíochta i mBúdaipeist (HU) mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh agus tá samhail chomhtháite seirbhísí tithíochta inacmhainne á tástáil ann lena leabaítear prionsabail Bauhaus Eorpach Nua agus lena bhforbraítear sraith seirbhísí lena ndírítear ar stoic phoiblí agus phríobháideacha araon.
Tá
Bologna (IT) ag nascadh teicneolaíochtaí faisnéise, réitigh dhúlrabhunaithe, agus ‘eolaithe saoránach’
32
chun nascadh leis an dúlra ar fud a comharsanachtaí chun modh ‘cealla glasa oiriúnaitheacha’ a chruthú chun dul i ngleic le feiniméan an teasoileáin uirbigh. Tá Bruges (BE) ag tástáil réitigh bonneagair ghoirm agus ghlais chun rioscaí tuilte agus triomaigh a mhaolú agus chun cáilíocht an uisce a fheabhsú, agus trí úsáid a bhaint as a líonra stairiúil uisce faoi thalamh freisin.
Tá
Stalowa Wola (PL) ag baint triail as dálaí a chruthú do thallann thionscal an spáis trí speisialtóireacht iltoiseach a fhorbairt don chathair lena mbaineann saotharlann spáis, acadamh agus braisle a léiríonn héilics ceathrúil. Tá Haskovo (BG) i mbun tástála ar MedTechHub nuálach a chruthú lena ndéanfar na hearnálacha leighis agus digiteacha a shlógadh agus seirbhísí agus deiseanna oideachais a sholáthar, go háirithe do dhaoine óga tréitheacha, chomh maith le tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar áitiúil inbhuanaithe.
Tá Cóbanhávan (DK) ina cheannródaí maidir le rialachas turasóireachta sonraíbhunaithe atá dírithe ar an bpobal dá phobail agus dá thurasóirí, trí aip rannpháirteach fóta-ghuthghlao a fhorbairt chun páirt a ghlacadh i sonraí úsáideoirí maidir lena dtaithí, chun iad a bhailiú agus chun anailís a dhéanamh orthu. Tá Coimbra (PT) i mbun triail phíolótach ar thairseach gréasáin turasóireachta inbhuanaithe bunaithe ar Shamhlacha Teanga Mhór, saibhrithe le fíorshonraí faoin gceann scríbe agus cúrsaí taistil pearsantaithe do thurasóirí.
Cóipchearta: íomhá 1 ©Gettyimages.be/zak00; íomhá 2 ©Gettyimages.be/DrAfter123; íomhá 3 ©Gettyimages.be/guoya; íomhá 4 ©Gettyimages.be/Annika McFarlane.
Cuirtear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i gcrích agus uaillmhian shonrach acu tacú le cathracha, agus an sciar infheistíochta de níos mó ná EUR 24 bhilliún ó CFRE atá curtha i leataobh don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe á chur chun feidhme. 33 Agus iad sa chéim phíolótach, measann na rannpháirtithe cheana féin go bhfuil tionchar ag na gníomhaíochtaí 34 . Ghlac 485 chleachtóir uirbeacha páirt sna gníomhaíochtaí sin agus b’údaráis uirbeacha iad beagnach 60 % díobh agus ba ‘chathracha Airteagal 11’ iad dhá thrian díobh. Tacaíonn gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta go háirithe le cathracha beaga toisc go bhfuil níos lú ná 250 000 áitritheoir in 76 % de na cathracha a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí sin (Fíor 8).
Fíor 8. Sciar (%) na n‑údarás uirbeach atá rannpháirteach i bhfothú acmhainneachta
gníomhaíochtaí fothaithe de réir mhéid an daonra sna cathracha.
Mar chuid de ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, cumhdaíodh réimse ábhar i malartuithe ó chathair go cathair, e.g. tithíocht inacmhainne, cuimsiú sóisialta, soghluaisteacht, oiriúnú don athrú aeráide, aistriú digiteach, athghiniúint uirbeach, turasóireacht agus rochtain ar chistiú. Le hathbhreithnithe piaraí, cuireadh feabhas ar inniúlachtaí na gcathracha maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus comhar trasearnála, maidir le straitéisí a nascadh le cláir oibre an Aontais agus le cláir oibre dhomhanda agus le ceantair thuaithe, chomh maith le tacaíocht airgeadais. Le himeachtaí fothaithe acmhainneachta, tugadh aghaidh ar ábhair éagsúla, e.g. dearadh comhtháite straitéise, limistéir uirbeacha fheidhmiúla, infheistíochtaí críochacha comhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, an t‑aistriú glas agus éiceachórais nuálaíochta.
Bunaíodh comhordú agus gníomhaíochtaí comhlántacha le URBACT IV. Feidhmíonn cathracha a fhaigheann tacaíocht ó URBACT mar phiaraí i ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TUE. Chomhoibrigh URBACT freisin mar chomhpháirtí straitéiseach i mbunú ardán eolais Portico. Is gá dlúthnaisc idir TUE agus URBACT a chothú chun gníomhaíocht chomhordaithe agus sineirgí comhordaithe a áirithiú.
Tá líonra na bpointí teagmhála uirbeacha náisiúnta i bhfeidhm agus cuireann sé dlús leis an éileamh ar sheirbhísí TUE ar fud na mBallstát. Feidhmíonn sé mar chatalaíoch do ghníomhaíochtaí uile TUE agus déanann sé teagmháil le pobail uirbeacha, go háirithe le cathracha beaga agus le húdaráis bhainistíochta. Tá feidhm thrasearnálach ag an líonra maidir le gach sruth oibre a chur chun cinn, agus tá na chéad éifeachtaí le feiceáil cheana féin. Tá pobal meán sóisialta an líonra ag fás go tapa agus tá níos mó ná 400 feachtas meán eagraithe nó ar siúl in 2024.. Teastaíonn tacaíocht leanúnach thiomnaithe ón líonra chun a sheirbhísí a sholáthar go héifeachtach mar gheall ar an iliomad gníomhaíochtaí a chuireann TUE ar fáil.
Leis an ardán eolais Portico, tugtar rochtain do chleachtóirí uirbeacha ar eolas agus ar fhaisnéis faoi thionscnaimh an Aontais, ar rochtain í a bhfuil géarghá léi. Óstálann sé breis agus 1 600 acmhainn eolais agus déanann sé pobal ina bhfuil beagnach 2 000 cleachtóir uirbeach a bheochan. Beidh comhpháirt ar fáil ar an ardán go luath freisin ina mbeidh cleachtais uirbeacha rathúla agus a bhfuil gealladh fúthu agus a thagann as tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó Chistí Comhtháthaithe ar fud an Aontais Eorpaigh Agus a Lánléargas Uirbeach á fhorbairt, tá sé d’aidhm ag Portico uirlis a chruthú de réir a chéile lena ndéanfar úsáideoirí a idirnascadh le tionscnaimh agus gníomhaithe Eorpacha iomchuí bunaithe ar a gcuid riachtanas. Ní mór leanúint de na hiarrachtaí chun an t‑ardán a leathnú, agus go háirithe a uirlis Lánléargais, chun an móiminteam a choinneáil agus chun forbairt a dhéanamh i dtreo thairseach an Aontais chuig eolas uirbeach.
Tá na chéad ghníomhaíochtaí caipitlithe a cuireadh chun feidhme i bhfoirm na saotharlann beartais ar siúl, agus sa chéim thosaigh, chuaigh Réigiún Hauts-de-France i gcomhar le URBACT IV, agus d’éirigh leis sraith ‘saotharlanna cathrach’ a chomheagrú maidir le hábhair an aistrithe fuinnimh agus na gcóras bia áitiúil. Maidir le measúnuithe tionchair chríochaigh, tá Réigiún Hauts-de-France ag fiosrú na gcineálacha gníomhaíochtaí tacaíochta atá ann faoi láthair. I bhfianaise ról tábhachtach na gcathracha maidir le beartais an Aontais agus beartais náisiúnta a chur i gcrích, tá rialacháin lena n‑aithnítear riachtanais dhifreáilte críoch lárnach don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. Ós rud é gur fhorbair príomhghníomhaithe Eorpacha sa réimse raon uirlisí agus modheolaíochtaí le haghaidh measúnuithe tionchair chríochaigh, 35 is é an sprioc atá ann cur leis na huirlisí atá ann cheana agus gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm go luath in 2025 ag freagairt do riachtanais na gcathracha..
Tá toradh ag teacht ar an tacaíocht a thugtar don Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus comhpháirtíochtaí nua ar siúl, agus comhpháirtíochtaí eile le teacht. Ó bhí 2022 ann, thacaigh TUE le bunú ceithre chomhpháirtíocht théamacha maidir le ‘cathracha a ghlasú’, ‘turasóireacht inbhuanaithe’, ‘cathracha comhionannais’ agus ‘bia’. Ba cheart dhá chomhpháirtíocht bhreise ‘cathair atá íogair ó thaobh uisce de’ agus ‘dícharbónú foirgneamh, cláir athchóirithe chomhtháite, pleananna áitiúla téimh agus fuaraithe’ a bheith i bhfeidhm faoi dheireadh 2024. Is é an tionchar a mheastar a bheidh ag tacaíocht an Chláir Oibre Uirbigh don Aontas Eorpach acmhainneacht mhéadaithe na ngníomhaithe uile lena mbaineann oibriú i dtimpeallacht an chomhair rialachais il-leibhéil.
Tá réimse gníomhaíochtaí cumarsáide curtha ar bun. Trí ardáin éagsúla na meán sóisialta, tá teagmháil déanta ag TUE le breis agus 28 000 leantóir. Bhí os cionn 3 000 rannpháirtí san iomlán cláraithe d’imeachtaí TUE sa tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo. Rinneadh iarrachtaí suntasacha chun eagrán an 5ú Fóram Cathracha a chur chun cinn in Torino in 2023 inar seoladh TUE go hoifigiúil agus in ullmhúcháin don 6ú Fóram Cathracha in Kraków i mí an Mheithimh 2025.
4.CONCLÚIDÍ
Ní féidir leis an Eoraip a cuspóirí a bhaint amach gan a cuid cathracha. Leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith ag obair le húdaráis uirbeacha chun tacaíocht a sholáthar do chathracha. Sa chomhthéacs sin, tá TUE ag gníomhú mar uirlis chomhtháite agus mar shásra tacaíochta do chathracha de gach méid ar fud an Aontais. Tacaíonn sé le cathracha trí ghníomhaíochtaí nithiúla amhail piarfhoghlaim, saineolas agus eolas a chur ar fáil, agus cistiú don nuálaíocht chun tacú le cuspóirí an Bheartais Comhtháthaithe. Sa chomhthéacs sin, cuidíonn sé le cathracha freagairt do na dúshláin iomadúla atá rompu.
Leanfar de chur chun feidhme TUE leis an gcur chuige éileamhbhunaithe ina bhfuil riachtanais na gcathracha fós chun tosaigh i bhfianaise roghanna straitéiseacha agus oibríochtúla agus a fhéachann leis an tacaíocht is ábhartha a chur ar fáil dá thairbhithe. Tugtar aird leanúnach ar lúb aischothaithe éifeachtach a áirithiú le cathracha agus cleachtóirí uirbeacha tríd an líonra pointí teagmhála uirbeacha náisiúnta agus idirghníomhaíochtaí laistigh de shruthanna oibre an tionscnaimh.
Leanfaidh TUE de chomhoibriú go dlúth le príomheagraíochtaí agus líonraí sa réimse uirbeach chomh maith le sineirgí le tionscnaimh shuntasacha eile de chuid an Aontais a fheabhsú. Déanfar oiread is féidir chun borradh a chur faoi thapú na tairisceana ar sheirbhís ag cathracha de gach méid ar fud na mBallstát. Baileofar aiseolas ó na tairbhithe in 2025 tríd an measúnú meántéarma. Tá TUE tiomanta do ghníomhaíocht beartais neartaithe chomhleanúnach a chur i gcrích san Aontas, agus áirítear leis sin rannchuidiú leis an gclár oibre beartais Eorpach do chathracha atá ar na bacáin.
Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe.
Laghdaíodh an buiséad tosaigh EUR 400 milliún (i bpraghsanna 2018) go EUR 395 mhilliún (i bpraghsanna reatha) mar gheall ar an athbhreithniú ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil in 2024.
Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh. Maoiníonn URBACT líonraí cathracha chun tacú le cathracha cleachtais chomhtháite a fhorbairt.
Ar bhonn Airteagail 12 de Rialachán (AE) 2021/1058, cuireadh cur chun feidhme TUE de chúram ar Réigiún Hauts-de-France trí bhainistiú indíreach. Foilsíodh an glao ar léirithe spéise maidir le bainistiú indíreach TUE i mí na Bealtaine 2021, rud a d’fhág gur roghnaíodh Réigiún Hauts-de-France i mí Iúil 2021. Síníodh an comhaontú idir an Coimisiún agus Réigiún Hauts-de-France i mí Lúnasa 2022.
I bpraghsanna reatha
Is cathracha iad cathracha Airteagal 11 a roghnaíonn na Ballstáit chun forbairt uirbeach inbhuanaithe a chur chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/1058.
I gclár oibre 2023-2024 de chinneadh maoiniúcháin TUE, leagtar amach an chéim phíolótach le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta.
Tá tréimhse cur chun feidhme 2021-2027 ag URBACT IV.
Treoir d’iarratasóirí maidir le malartú ó chathair go cathair TUE
Bhí an ráta ratha d’iarratais os cionn 85 %.
Mar a shainmhínítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1058.
Ag tógáil ar mhodheolaíocht agus uirlisí athbhreithnithe piaraí JRC-DG REGIO.
Ag cur le Líonra Forbartha Uirbí an Bheartais Comhtháthaithe sa chlárthréimhse 2014-2020 lenar tacaíodh le malartú faisnéise idir cathracha a chuir straitéisí comhtháite chun feidhme faoin gcuid den Bheartas Comhtháthaithe a bhaineann le forbairt uirbeach inbhuanaithe agus idir cathracha atá i gceannas ar na gníomhaíochtaí nuálacha uirbeacha.
Téarmaí tagartha do phointí teagmhála uirbeacha TUE.
Tá pointe teagmhála uirbeach comhpháirteach ag an bhFrainc agus ag Lucsamburg fad atá ceapachán na hIodáile ar feitheamh.
Foilseofar tuarascáil an tsuirbhé ag deireadh 2024.
Gníomhaíochtaí agus/nó próisis a bhaineann leas as eolas a eascraíonn as gníomhaíochtaí TUE lena n‑áirítear tionscadail nuálacha gníomhaíochta, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, gníomhaíochtaí eolais a dhéantar, srl. Le gníomhaíochtaí caipitlithe cuirfear fóraim ar fáil freisin d’fhorbairt sineirge le tionscnaimh agus cláir eile de chuid an Aontais.
Mar a shonraítear i gComhaontú Liúibleána 2021 agus ina Chlár Oibre Ilbhliantúil arna ghlacadh ag Airí an Aontais.
Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1058. Féadfar saineolas teicniúil agus/nó téamach a áireamh sa tacaíocht. Níor iarradh aon tacaíocht le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an tuarascáil seo.
Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/1058.
I bpraghsanna reatha
Déanfar an córas faireacháin a leathnú de réir a chéile agus gabhfaidh sé, trína phríomhtháscairí feidhmíochta, aschur, torthaí agus tionchair TUE i ndáil lena chuspóirí.
Comhlánaíonn TUE agus URBACT a chéile ar roinnt bealaí, e.g. tacaíonn TUE le malartuithe gearrthréimhse ó chathair go cathair ach maoiníonn URBACT líonraí cathrach fadtréimhseacha. Eagraíonn na hionstraimí sin imeachtaí comhpháirteacha freisin agus óstálann ardán eolais TUE raon acmhainní eolais URBACT.
Coiste na Réigiún, líonraí cathracha Eorpacha agus comhairliúcháin leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí uirbeacha eile.
Téann eolaithe saoránach i gcomhairle leis an bpobal.
Bunaithe ar níos mó ná 1 100 straitéis chomhtháite forbartha uirbí.
Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ó rannpháirtithe maidir le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta.
E.g. ESPON, Airmheán Comhpháirteach Taighde an Aontais agus gníomhaithe idir-rialtasacha.