|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1950 |
8.9.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1950 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Iúil 2026
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186 agus Airteagal 218(6)(a), pointe (v), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), bunaíodh an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís 2020 – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2) ar feadh tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2028. |
|
(2) |
Tá an Iordáin ar cheann de na 19 stát de Stáit Rannpháirteacha in PRIMA, tar éis di comhaontú a thabhairt i gcrích le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil lena rannpháirtíocht sa chomhpháirtíocht in PRIMA (‘Comhaontú PRIMA’) (3). Tá feidhm le bheith ag Comhaontú PRIMA fad a bheidh Cinneadh (AE) 2017/1324 i bhfeidhm. |
|
(3) |
Le Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), cuireadh síneadh le fad foriomlán PRIMA go dtí an 31 Nollaig 2031 agus déantar foráil ann go leanfaidh an Iordáin de bheith ina Bhallstát Rannpháirteach in PRIMA faoin gclár Fís Eorpach 2020. Thairis sin, foráiltear leis an gCinneadh sin go measfar an Iordáin a bheith ina Stát Rannpháirteach chun críocha a rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí PRIMA faoin gclár Fís Eorpach (5), faoi réir tabhairt i gcrích comhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an comhaontú idirnáisiúnta atá ann cheana le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch leis an Aontas agus lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha nua a bhaineann le rannpháirtíocht na hIordáine in PRIMA. |
|
(4) |
Ós rud é gur léirigh an Iordáin gur mian léi leanúint de bheith ina Stát Rannpháirteach chun críocha ghníomhaíochtaí PRIMA faoin gclár Fís Eorpach, ba cheart di glacadh go foirmiúil leis na téarmaí agus na coinníollacha nuashonraithe. |
|
(5) |
Chuige sin, an 9 Samhain 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2023/2621 (6), lena dtugtar údarás don Choimisiún dul i mbun caibidlíochta le haghaidh Comhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar Comhaontú PRIMA, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht na hIordáine in PRIMA faoin gclár Fís Eorpac. |
|
(6) |
Tugadh an chaibidlíocht i gcrích an 15 Feabhra 2024, agus i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2024/2875 ón gComhairle (7), síníodh an Comhaontú, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), síníodh an comhaontú sin thar ceann an Aontais an 7 Iúil 2025, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. |
|
(7) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais. |
|
(8) |
I gcomhréir leis na Conarthaí, ba cheart don Choimisiún an fógra dá bhforáiltear sa Chomhaontú a thabhairt, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha i ndáil le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (‘an Comhaontú’), a fhormheas, thar ceann an Aontais.
Airteagal 2
Rachaidh an Coimisiún ar aghaidh, thar ceann an Aontais, chun an fógra dá bhforáiltear sa Chomhaontú a thabhairt, chun toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (8).
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. HARRIS
(1) Cinneadh (AE) 2017/1324 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L 185, 18.7.2017, lch. 1).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).
(3) Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine le haghaidh Comhar Eolaíoch agus Teicneolaíoch (IO L 159, 17.6.2011, lch. 108).
(4) Cinneadh (AE) 2024/1167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2017/1324 a mhéid a bhaineann le leanúint de rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) faoin gclár Fís Eorpach (IO L, 2024/1167, 19.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1167/oj).
(5) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/695/oj).
(6) Cinneadh (AE) 2023/2621 ón gComhairle an 9 Samhain 2023 lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontuithe, i bhfoirm malartú litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire, Poblacht Arabach na hÉigipte, Ríocht Haisimíteach na hIordáine, Poblacht na Liobáine agus Ríocht Mharacó, faoi seach, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha dá rannpháirtíocht maidir le Fís Eorpach sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA), arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (IO L, 2023/2621, 21.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2621/oj).
(7) Cinneadh (AE) 2024/2875 ón gComhairle an 5 Samhain 2024 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe, i bhfoirm Malartaithe Litreacha, lena leasaítear agus lena bhforlíontar an comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Haisimíteach na hIordáine lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht Ríocht Haisimíteach na hIordáine sa Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) (IO L, 2024/2875, 12.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2875/oj).
(8) Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1950/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)