|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1350 |
10.7.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/1350 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Iúil 2025
lena leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle (1), socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin a leasú, lena n-áirítear bearta áirithe atá nasctha go feidhmiúil leo, chun foilsiú na comhairle eolaíche a chur san áireamh chomh maith le torthaí an chomhairliúcháin le tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2025/202 socraítear go sealadach ag nialas na gabhálacha iomlána incheadaithe (TAC) le haghaidh ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) sa chuid thiar d’fholimistéar 9 agus i bhfolimistéar 10 den Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le hainseabhaithe sa chuid thiar de roinn 9a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Chun go bhféadfar leanúint den iascaireacht go dtí go socrófar an TAC cinntitheach le haghaidh an stoic sin, ba cheart TAC sealadach a shocrú le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, ar leibhéal atá bunaithe ar an stoc sin a bheith á thabhairt i dtír ag na Ballstáit sa tréimhse ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024, agus séasúracht an iascaigh á cur san áireamh. |
|
(3) |
An 23 Meitheamh 2025, thug an tAontas agus an Iorua comhairliúcháin i gcrích maidir leis an méid seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna foriomlána iascaireachta le haghaidh séaclaí Artacha (Pandalus borealis) i ranna 3a agus 4a thoir ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026; (ii) leibhéal an TAC le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES; agus (iii) bearta teicniúla breise don stoc sin. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead Comhaontaithe a síníodh an 23 Meitheamh 2025. Dá bhrí sin, ba cheart an TAC le haghaidh séaclaí Artacha i roinn 3a ICES a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Iorua, agus ba cheart na bearta teicniúla breise a comhaontaíodh leis an Iorua a bhunú. Níor cheart feidhm a bheith ag na bearta teicniúla breise atá nasctha go feidhmiúil ach amháin go dtí go mbeidh an gníomh tarmligthe ábhartha infheidhme. Ina theannta sin, rinne an tAontas agus an Iorua breithniú le linn na gcomhairliúchán sin ar mhalartuithe séaclaí Artacha in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh laisteas de 62oT ón Iorua chuig an Aontas. Ós rud é nárbh fhéidir leis an Aontas agus leis an Iorua teacht ar chomhaontú maidir le haistrithe breise séaclaí Artacha sa Mhuir Thuaidh, ba cheart na deiseanna iascaireachta gan leithdháileadh le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na Graonlainne d’fholimistéir 5 agus 14 ICES a leithdháileadh ar na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart cuótaí na mBallstát le haghaidh séaclaí Artacha in uiscí na Graonlainne d’fholimistéir 5 agus 14 ICES a leasú dá réir sin. |
|
(4) |
An 21 Bealtaine 2025, reáchtáil an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua comhairliúcháin maidir leis an méid seo a leanas: (i) leibhéal na ndeiseanna iascaireachta foriomlána le haghaidh salán (Sprattus sprattus) i bhfolimistéar 4 agus roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026; agus (ii) leibhéil na TACanna le haghaidh salán in uiscí an Aontais agus uiscí na Ríochta Aontaithe i bhfolimistéar 4 agus roinn 2a ICES agus in uiscí an Aontais agus uiscí na hIorua i roinn 3a ICES le haghaidh na tréimhse sin. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 12 Bealtaine 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán sin a dhoiciméadú i dTaifead Comhaontaithe a síníodh an 21 Bealtaine 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, na TACanna ábhartha sin a shocrú ar na leibhéil a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe agus an Iorua. |
|
(5) |
An 12 Bealtaine 2025, rinne an tAontas agus an Ríocht Aontaithe comhairliúcháin dhéthaobhacha de bhun Airteagal 498(2), (4) agus (6) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2) maidir le leibhéal an TAC le haghaidh salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Ghlac an tAontas páirt sna comhairliúcháin sin ar bhonn sheasamh an Aontais a d’fhormhuinigh an Chomhairle an 8 Bealtaine 2025. Rinneadh toradh na gcomhairliúchán a dhoiciméadú i dTaifead i Scríbhinn a síníodh an 22 Bealtaine 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, an TAC le haghaidh salán i ranna 7d agus 7e ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026 a shocrú ar an leibhéal a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2025/202 socraíodh go sealadach an TAC le haghaidh deargán (Pagellus bogaraveo) in uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 10 ICES le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2025 ar an leibhéal 280 tona, go dtí go bhfoilseoidh ICES a chomhairle eolaíoch athbhreithnithe maidir leis an stoc sin le haghaidh 2025. Tar éis fhoilsiú na comhairle athbhreithnithe sin ó ICES le haghaidh 2025, a chuirtear in ionad chomhairle an 9 Meitheamh 2023 maidir leis an stoc sin le haghaidh 2024 agus 2025, ba cheart, dá bhrí sin, TAC cinntitheach le haghaidh deargán in uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar ICES 10 le haghaidh 2025 a shocrú bunaithe ar an gcomhairle athbhreithnithe sin. |
|
(7) |
An 18 Meitheamh 2025, ghlac Ceanada teorainn ghabhála le haghaidh a shoithí a dhéanann iascaireacht ar throisc (Gadus morhua) i ranna 2J, 3K agus 3L d’Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026. Ina dhiaidh sin, an 23 Meitheamh 2025, ghlac NAFO TAC le haghaidh an stoic sin agus na tréimhse sin, agus cionroinnt ar Pháirtithe Conarthacha eile de chuid NAFO, a chomhfhreagraíonn do 5 % den TAC, lena n-áirítear cuóta de chuid an Aontais, atá le hiascach i Limistéar Rialála NAFO. Ina theannta sin, choimeád NAFO na bearta téarnaimh don stoc sin le haghaidh na tréimhse sin. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(8) |
An 1 Aibreán 2025, agus i gcomhréir le rialacha infheidhme an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (CICTA) a bhaineann le haistrithe, chomhaontaigh an Íoslainn 200 tona dá cuóta le haghaidh tuinníní gorma (Thunnus thynnus) a aistriú chuig an Aontas i gcuid de limistéar Choinbhinsiún CICTA, san Aigéan Atlantach, lastoir de 45oI, agus sa Mheánmhuir, le haghaidh 2025. Ba cheart an t-aistriú sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais agus ba cheart cuóta an Aontais le haghaidh an stoic sin a leasú dá réir. |
|
(9) |
Ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2025, bhunaigh Coimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh (NPFC) teorainneacha gabhála le haghaidh ronnaigh Sheapánacha (Scomber japonicus) a bheidh ar fáil do Pháirtithe Conarthacha uile NPFC le haghaidh trálaer agus soithí peas-saighne faoi seach le haghaidh na tréimhse ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026. Ina theannta sin, bhunaigh NPFC méid breise den stoc sin don Aontas le haghaidh na tréimhse céanna sin. Bhunaigh sé teorainneacha iarrachta gaolmhara freisin. Thairis sin, bhunaigh NPFC bearta atá nasctha go feidhmiúil leis na teorainneacha gabhála sin agus leis an méid breise sin, agus gan na bearta sin: (i) ní fhéadfaí na teorainneacha gabhála sin a bhunú le haghaidh Pháirtithe Conarthacha uile NPFC; agus (ii) níor mhór na deiseanna iascaireachta le haghaidh ronnaigh Sheapánacha i limistéar Choinbhinsiún NPFC a laghdú chun na speicis nach spriocspeicis iad a chosaint. Ba cheart na deiseanna iascaireachta sin agus na bearta sin atá nasctha go feidhmiúil leo a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(10) |
Chun atáirgeadh a dhéanamh, ní mór don eascann Eorpach (Anguilla anguilla) a bhfuil aibíocht ghnéasach bainte amach aici (‘eascann gheal’) aistriú ó uiscí intíre, uiscí goirte nó uiscí muirí an Aontais go dtí a láithreacha sceite sa Mhuir Shargasach (‘imirce le sruth’). Le hAirteagal 13(3) de Rialachán (AE) 2025/202, cosnaítear na heascanna sin trína chur d’oibleagáid ar na Ballstáit lena mbaineann tréimhse choiscthe amháin nó níos mó a mhairfidh 6 mhí ar a laghad a chinneadh le haghaidh gníomhaíochtaí chun iascaireacht tráchtála a dhéanamh ar eascanna Eorpacha (Anguilla anguilla) in uiscí an Aontais i bhfolimistéir 3, 4, 6, 7, 8 agus 9 ICES (an tAtlantach Thoir Thuaidh), faoi réir coinníollacha áirithe. Chun cuspóir caomhnaithe na tréimhse coiscthe nó na dtréimhsí coiscthe de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2025/202 a chaomhnú, féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann cúnamh a thabhairt d’eascanna geala le linn a n-imirce le sruth sula rachaidh siad trí uiscí goirte nach uiscí de chuid an Aontais iad, áit a bhfuil baol ann go ngabhfar agus go dtabharfar i dtír iad. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit lena mbaineann iascaireacht ar eascanna geala arb é 12 cm nó níos mó a bhfad foriomlán a cheadú in uiscí an Aontais taobh thuas d’uiscí goirte nach uiscí de chuid an Aontais iad le linn na príomhthréimhse imirce, ar choinníoll go ndéantar é sin chun na heascanna sin a iompar agus a scaoileadh go pras gan ghortú isteach in uiscí mara an Aontais in aice láimhe ag áit ainmnithe, agus chuige sin amháin. Eascanna a ghabhtar de thaisme agus nach bhfuil aibíocht ghnéasach bainte amach acu, ba cheart iad a scaoileadh saor láithreach gan ghortú ar ais san uisce. |
|
(11) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2025/202 a leasú dá réir sin. |
|
(12) |
Ós rud é gur cheart feidhm a bheith ag forálacha ar bhonn leanúnach, agus chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint sa tréimhse idir deireadh chur i bhfeidhm na bhforálacha a bhí infheidhme roimhe sin agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo ó dheireadh na bhforálacha a bhí infheidhme roimhe sin. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, ós rud é go gcuirtear leis na deiseanna iascaireachta lena mbaineann agus, a mhéid a bhaineann le heascanna, go mbunaítear maolú breise ar an tréimhse choiscthe nó ar na tréimhsí coiscthe. |
|
(13) |
Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2025/202 ón 1 Eanáir 2025. Chun an tréimhse tuairiscithe i dtaca leis an TAC le haghaidh deargán in uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 10 ICES a choinneáil, ba cheart feidhm a bheith ag na TACanna leasaithe freisin ón 1 Eanáir 2025. Ní dhéanann an cur i bhfeidhm cúlghabhálach sin difear do phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla ná do phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh, toisc go méadaítear na cuótaí. |
|
(14) |
I bhfianaise na práinne atá le briseadh sna gníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2025/202
Leasaítear Rialachán (AE) 2025/202 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear isteach an tAirteagal (18a) seo a leanas: ‘Airteagal 18a Bearta teicniúla don séacla Artach in Skagerrak 1. Más mó ná 30 % de ghabháil fhoriomlán an speicis sin an cion iasc óg séacla Artaigh (Pandalus borealis), dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201 (*2) ón gCoimisiún, féadfaidh na húdaráis rialaithe iamh fíor-ama a mholadh ar bhonn sampla amháin, dá dtagraítear san Airteagal sin. 2. Trálaeir a dhíríonn ar an séacla Artach le greille Nordmøre atá roghnaíoch ó thaobh méide, dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201, beidh siad faoi réir an limistéir choiscthe, dá dtagraítear san Airteagal sin. 3. Ní rachaidh an limistéar coiscthe, dá dtagraítear in Airteagal 7(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201, thar 100 muirmhíle chearnógach. 4. Beidh cosc ar iascach sa limistéar, dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201, ar feadh 21 lá agus ina dhiaidh sin scoirfidh sé d’fheidhm a bheith aige go huathoibríoch ag meán oíche AUL. 5. Trálaeir ghrinnill a bhfuil mogallmhéid 32 mm ar a laghad acu a dhíríonn ar an séacla Artach, atá feistithe le greille sórtála Nordmøre ag a bhfuil spás 19 mm ar a mhéad idir na barraí agus nach bhfuil gaireas coinneála éisc iontu, dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201, beidh siad faoi réir an limistéir choiscthe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán sin. (*2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2201 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/1241 ón gComhairle agus ón bParlaimint na hEorpa le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme iamh fíor-ama maidir le hiascaigh séacla Artaigh in Skagerrak (IO L 332, 23.12.2019, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2019/2201/oj).’;" |
|
(3) |
in Airteagal 63, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:
; |
|
(4) |
Leasaítear Iarscríbhinn IA, Codanna A, B agus F, agus Iarscríbhinní IB, IC, ID agus IM i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
S. LOSE
(1) Rialachán (AE) 2025/202 ón gComhairle an 30 Eanáir 2025 lena socraítear le haghaidh 2025 agus 2026 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/257 a mhéid a bhaineann le deiseanna áirithe iascaireachta le haghaidh 2025 (IO L, 2025/202, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/202/oj).
(2) Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 149, 30.4.2021, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2021/689(1)/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasuithe ar Iarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2025/202
(1)
Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:|
(a) |
i gCuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 2(1): ‘Tábla 2(1)
|
||||||||||||||||||||||||||||
|
(b) |
i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 77: ‘Tábla 77
|
||||||||||||||||||||||
|
(c) |
i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Tháblaí 113, 114 agus 115: ‘Tábla 113
Tábla 114
Tábla 115
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(d) |
i gCuid F, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 7: ‘Tábla 7
|
|||||||||||||||||||||||||
(2)
In Iarscríbhinn IB, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 13:‘Tábla 13
|
Speiceas: |
An séacla Artach |
Limistéar: |
Uiscí na Graonlainne in 5 agus 14 |
|
|
Pandalus borealis |
(PRA/514GRN) |
|||
|
An Danmhairg |
1 225 |
|
TAC Anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96’. |
|
|
An Fhrainc |
1 225 |
|
||
|
An tAontas |
2 450 |
|
||
|
An Iorua |
1 700 |
|
||
|
Oileáin Fharó |
0 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
(3)
In Iarscríbhinn IC, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 1:‘Tábla 1
|
Speiceas: |
An trosc |
Limistéar: |
NAFO 2J3KL |
|
|
Gadus morhua |
(COD/N2J3KL) |
|||
|
An Bhulgáir |
0,003 |
TAC Anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 |
||
|
An Ghearmáin |
342,791 |
|||
|
An Eastóin |
61,101 |
|||
|
An Spáinn |
316,941 |
|||
|
An Fhrainc |
49,333 |
|||
|
An Laitvia |
61,101 |
|||
|
An Liotuáin |
61,101 |
|||
|
An Pholainn |
160,161 |
|||
|
An Phortaingéil |
494,898 |
|||
|
An Rómáin |
4,570 |
|||
|
An tAontas |
1 552 |
|||
|
TAC |
40 000 |
|||
(4)
In Iarscríbhinn ID, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Thábla 12:‘Tábla 12
|
Speiceas: |
An tuinnín gorm |
Limistéar: |
An tAigéan Atlantach, lastoir de 45oI, agus an Mheánmhuir |
|
|
Thunnus thynnus |
(BFT/AE45WM) |
|||
|
An Chipir |
195,17 |
TAC Anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 |
||
|
An Ghréig |
350,95 |
|
||
|
An Spáinn |
7 161,64 |
|||
|
An Fhrainc |
7 132,06 |
|||
|
An Chróit |
1 127,25 |
|||
|
An Iodáil |
5 628,97 |
|||
|
Málta |
450,68 |
|||
|
An Phortaingéil |
650,83 |
|
||
|
Ballstáit eile |
80,60 |
|||
|
An tAontas |
22 778,15 |
|||
|
TAC |
40 570,00 |
|
||
(5)
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn IM:‘IARSCRÍBHINN IM
LIMISTÉAR CHOINBHINSIÚN NPFC
Tábla 1
|
Speiceas: |
An ronnach Seapánach Scomber japonicus |
Limistéar: |
Limistéar Choinbhinsiún NPFC |
|
|
An tAontas |
6 000 |
TAC réamhchúraim Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 |
||
|
Páirtithe Conarthacha NPFC, lena n-áirítear an tAontas |
66 740 |
|||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
(1) Cuid de fholimistéar 9 laistiar den líne a nascann na pointí a leanas:
|
Pointe |
Domhanleithead |
Domhanfhad |
|
1 |
36o00′00″T |
11o00′00″I |
|
2 |
37o01′20″T |
8o59′47″I |
(2) Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025.’;
(3) Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.’;
(4) Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní agus cadóg (OTH/*03A.). Foghabhálacha faoitíní agus cadóg arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní sháróidh siad, i dteannta a chéile, 9 % den chuóta.
(5) Beidh feidhm ag an gcuóta seo ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
(6) Féadfar aistrithe an chuóta seo a dhéanamh chuig uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 2a agus 4. Tabharfar fógra, áfach, don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe roimh ré faoi aistrithe den sórt sin.
(7) Beidh feidhm ag an gcuóta ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
(8) Féadfaidh suas le 2 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha faoitíní (OTH/*2AC4C). Foghabhálacha faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní sháróidh siad, i dteannta a chéile, 9 % den chuóta.
(9) Lena n-áirítear spéirlintí.
(10) Féadfaidh suas le 4 % de a bheith ina fhoghabhálacha scadán.
(11) Beidh feidhm ag an gcuóta ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.’;
(12) Beidh feidhm ag an gcuóta seo ón 1 Iúil 2025 go dtí an 30 Meitheamh 2026.
(13) Ní cheadaítear iascach dírithe faoin gcuóta seo idir 00:00 AUL an 15 Aibreán 2026 agus 23:59 AUL an 30 Meitheamh 2026. Le linn na tréimhse sin, is laistigh de na teorainneacha seo a leanas amháin a thógfar an speiceas seo mar fhoghabháil: 1 250 kg nó 5 % ar a mhéad, cibé acu is mó.’.
(14) Cé is moite den Chipir, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, Málta agus an Phortaingéil, agus mar fho-ghabháil amháin. Na gabhálacha atá le comhaireamh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BFT/AE45WM_AMS).
(15) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8301):
|
An Spáinn |
1 088,70 |
|
An Fhrainc |
505,77 |
|
An tAontas |
1 594,47 |
(16) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus an chionroinnt idir na Ballstáit seo a leanas maidir le gabhálacha tuinníní gorma nach lú ná 6,4 kg a meáchan nó nach lú ná 70 cm a bhfad ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*641):
|
An Fhrainc |
100,00 |
|
An tAontas |
100,00 |
(17) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionranna seo a leanas idir na Ballstáit maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*8302):
|
An Spáinn |
143,23 |
|
An Fhrainc |
142,64 |
|
An Iodáil |
112,58 |
|
An Chipir |
3,90 |
|
Málta |
9,01 |
|
An tAontas |
411,36 |
(18) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionranna seo a leanas idir na Ballstáit maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI (BFT/*643):
|
An Iodáil |
112,58 |
|
An tAontas |
112,58 |
(19) Coinníoll speisialta: laistigh den TAC seo, beidh feidhm ag na teorainneacha gabhála agus na cionranna seo a leanas idir na Ballstáit maidir le gabhálacha tuinníní gorma idir 8 kg/75 cm agus 30 kg/115 cm ag na soithí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn VI chun críoch feirmeoireachta (BFT/*8303F):
|
An Chróit |
1 014,53 |
|
An tAontas |
1 014,53 |
(20) Tar éis 200 tona a aistriú ón Íoslainn chuig an Aontas.’.
(21) Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026.
(22) Coinníoll speisialta: faoin teorainn ghabhála seo, ní fhéadfaidh na soithí seo a leanas níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil:
|
Trálaeir (*1) (MAS/NPFC-TR) |
Soithí peas- saighne (*1) (MAS/NPFC-PS) |
|
7 940 |
58 800 |
(*1) Dúnfaidh Páirtithe Conarthacha NPFC na hiascaigh faoi na teorainneacha gabhála sin, agus déanfaidh an Coimisiún amhlaidh i gcás an Aontais, laistigh de 2 lá ó dháta eisiúna an fhógra ó Rúnaí Feidhmiúcháin NPFC lena dtabharfar le fios gur bhain úsáid na dteorainneacha gabhála sin 95 % amach.
(23) Ní údarófar ach trálaer amháin atá faoi bhratach Bhallstáit le hiascaireacht a dhéanamh ar ronnaigh Sheapánacha tráth ar bith. Tá feidhm aige sin gan dochar d’aon chionroinnt deiseanna iascaireachta a dhéanfaidh an tAontas amach anseo i limistéar Choinbhinsiún NPFC, go háirithe ar an mBallstát atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh sa tréimhse ón 1 Meitheamh 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026.
(24) Ní údarófar soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá os cionn 10 000 olltonnáiste le hiascaireacht a dhéanamh ar ronnaigh Sheapánacha.
(25) Déanfar gabhálacha faoin gcuóta seo a thuairisciú ar leithligh (MAS/NPFC-EU).
(26) Tar éis 1 740 tona ón séasúr iascaireachta roimhe sin, i.e. an 1 Meitheamh 2024 go dtí an 31 Bealtaine 2025, a thabhairt anonn i gcomhréir le rialacha NPFC.’.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1350/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)