|
12.5.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 167/39 |
CINNEADH (AE) 2021/777 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Bealtaine 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rinne an tAontas an Coinbhinsiún Trádála Gráin, 1995 (“an Coinbhinsiún”) a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 96/88/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 1995. Tugadh an Coinbhinsiún i gcrích le haghaidh tréimhse 3 bliana. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 33 den Choinbhinsiún, is féidir leis an gComhairle Idirnáisiúnta Grán síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún le haghaidh tréimhsí comhleanúnacha nach rachaidh thar 2 bhliain gach uair. Ó tugadh an Coinbhinsiún i gcrích, cuireadh síneadh leis go tráthrialta ar feadh tréimhsí breise 2 bhliain. Cuireadh síneadh leis an gCoinbhinsiún go deireanach le cinneadh ón gComhairle Idirnáisiúnta Grán an 10 Meitheamh 2019 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2021. |
|
(3) |
Le linn an 53ú seisiún a bheidh aici an 7 Meitheamh 2021, déanfaidh an Chomhairle Idirnáisiúnta Grán cinneadh maidir le síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún go ceann tréimhse eile suas le 2 bhliain, ón 1 Iúil 2021. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa 53ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán a bhunú, óir is chun leas an Aontais é síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 53ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Grán, vótáil i bhfabhar síneadh a chur leis an gCoinbhinsiún Trádála Gráin, 1995, go ceann tréimhse eile suas le 2 bhliain ón 1 Iúil 2021.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Bealtaine 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh 96/88/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 1995 lenar fhormheas an Comhphobal Eorpach an Coinbhinsiún Trádála Gráin agus an Coinbhinsiún um Chúnamh Bia, lenar bunaíodh an Comhaontú Idirnáisiúnta Grán, 1995 (IO L 21, 27.1.1996, lch. 47).