European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1817

23.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1817 ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Iúil 2026

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 8a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Bealtaine 2006, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(2)

I bhfianaise thromchúis na staide sa Bhealarúis, ba cheart beirt daoine dlítheanacha a áireamh ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 134, 20.5.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/765/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006, cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an liosta a leagtar amach i roinn ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1)’:

 

Ainmneacha (Traslitriú an litrithe Bealarúisise) (Traslitriú an litrithe Rúisise)

Ainmneacha (Litriú Bealarúisise) (Litriú Rúisise)

Faisnéis Aitheantais

Cúiseanna lena liostú

Dáta an liostaithe

‘62.

European Trading Company LLC

OOO Европейская Трейдинговая Компания (ETK)

Seoladh: Room 1, 2; 4a Tenishevoy st., Smolensk, 21400, an Rúis

An cineál eintitis: Cuideachta faoi Dhliteanas Teoranta

Áit chláraithe: an Rúis

Dáta clárúcháin: 9.10.2012

OGRN: 1126733000063

KPP: 673201001

INN: 6732050064

Príomhionad gnó: an Rúis

Ríomhphost: info@etkoil.ru

Teileafón: +7 (4812) 24 01 15

Suíomh gréasáin: https://www.etkoil.ru

Eintitis chomhlachaithe: OJSC Naftan; OJSC Mozyr Oil Refinery; State Production Association Belorusneft; Belarusian Oil Company (BNK)

Is fochuideachta é European Trading Company (ETK) de Belarusian Oil Company (BNK), príomhonnmhaireoir peitriliam na Bealarúise. Is leis na trí fhiontar táirgthe agus scagtha ola is mó i bPoblacht na Bealarúise BNK – is iad sin: Belorusneft, Naftan, agus Mozyr Oil Refinery. Trína struchtúr úinéireachta, tá BNK faoi rialú stát na Bealarúise. Mar fhochuideachta de BNK, tá ETK faoi rialú agus faoi úinéireacht indíreach na n-eintiteas sin freisin. Cruthaíodh an chuideachta ETK chun táirgí peitriliam arna dtáirgeadh ag Naftan agus Mozyr Oil Refinery a dhíol ar chríoch Chónaidhm na Rúise. Liostaíonn ETK BNK, Naftan, Belorusneft agus Mozyr Oil Refinery mar chomhpháirtithe aige. Dá bhrí sin, tá baint ag ETK le heintitis a thacaíonn le réimeas Lukashenka agus tá sé faoi úinéireacht agus faoi rialú eintiteas den sórt sin.

23.7.2026

63.

OJSC Mozyr Oil Refinery OAO

ar a dtugtar freisin Mozyrskii Neftepererabatyvayushchii Zavod

OAO Мозырский нефтеперерабатывающий завод

Seoladh: Mikhalki v/c 18, Mozyr district, Gomel region, 247782, Poblacht na Bealarúise

An cineál eintitis: Cuideachta Comhstoic Oscailte, Scaglann Ola

Áit chláraithe: an Bhealarúis

Dáta clárúcháin: 26.12.1991

Cláruimhir: 400091131

Príomhionad gnó: an Bhealarúis

Teileafón: +375 236 37 33 30

Ríomhphost: office@mnpz.by

Suíomh gréasáin: https://mnpz.by

Eintitis chomhlachaithe: Belarus State Property Committee OJSC Naftan; State Production Association Belorusneft; OJSC Belarusian Oil Company (BNK) Belneftekhim; European Trading Company LLC (ETK)

Tá Mozyr Oil Refinery ar cheann den dá scaglann ola sa Bhealarúis. Is cuid den ghnóthas Belneftekhim é, atá faoi réir bearta sriantacha ag an Aontas ón 3 Lúnasa 2023, agus tá sé faoi úinéireacht iomlán, nach mór, ag stát na Bealarúise agus Slavneft. Tá tábhacht shuntasach ag baint leis an scaglann do réimeas Lukashenka. Tá Mozyr Oil Refinery ina pháirtúinéir freisin ar Belarusian Oil Company (BNK), ar príomhonnmhaireoir peitriliam na Bealarúise é, in éineacht le Belorusneft agus Naftan. Dá bhrí sin, tá Mozyr Oil Refinery faoi rialú eintiteas a thacaíonn le réimeas Lukashenka agus a bhaineann tairbhe as, agus tá baint ag Mozyr Oil Refinery le heintitis den sórt sin. Mar gheall ar a thábhachtaí atá sé do gheilleagar na Bealarúise, tá Mozyr Oil Refinery ag tacú le réimeas Lukashenka agus ag baint tairbhe as freisin.

23.7.2026’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1817/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)