26.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 276/37


RIALACHÁN (AE) 2022/2057 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi láthair, bíonn soláthairtí tháirgí iascaigh áirithe an Aontais ag brath ar allmhairí ó thríú tíortha. Le blianta fada anuas, tá an tAontas ag brath níos mó ar allmhairí chun a dtomhaltas táirgí iascaigh a shásamh. Ionas nach gcuirtear táirgeacht tháirgí iascaigh an Aontais i mbaol agus chun a áirithiú go bhfuil soláthar leordhóthanach ann do thionscal próiseála an Aontais, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin ar líon áirithe táirgí iascaigh a chur ar fionraí nó a laghdú laistigh de tharaif-chuótaí méid iomchuí.

(2)

Le Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle (1), osclaítear agus foráiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe don tréimhse 2021-2023. Cinneadh méideanna iomchuí le haghaidh gach taraif-chuóta chun a áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach ann do thionscal próiseála an Aontais le haghaidh na tréimhse sin.

(3)

Leasaíodh Rialachán (AE) 2020/1706 an 19 Iúil 2021 le Rialachán 2021/1203 ón gComhairle (2) trí chuótaí nua, i measc cuótaí eile, a mbeidh feidhm acu go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022, a chur leis mar gheall ar dhul in éag prótacal déthaobhach le Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua lena ndéantar foráil maidir le cuótaí le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh.

(4)

Mar sin féin, an chaibidlíocht i ndáil le prótacail nua bhreise le Poblacht na hÍoslainne agus le Ríocht na hIorua, ar prótacail iad lena ndéantar foráil maidir le cuótaí le haghaidh táirgí áirithe éisc agus iascaigh, ní thabharfar i gcrích í roimh an 31 Deireadh Fómhair 2022.

(5)

Is gá, dá bhrí sin, cuótaí nua a bhunú a mbeidh feidhm acu go dtí deireadh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/1706.

(6)

Ar chúiseanna práinne chun ganntanas ábhar iascaigh saor ó dhleacht lena bpróiseáil san Aontas a sheachaint, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1706 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BLAŽEK


(1)  Rialachán (AE) 2020/1706 ón gComhairle an 13 Samhain 2020 lena n-osclaítear agus lena bhforáiltear do bhainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais le haghaidh táirgí iascaigh áirithe le haghaidh na tréimhse 2021-2023 (IO L 385, 17.11.2020, lch. 3).

(2)  Rialachán (AE) 2021/1203 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/1706 a mhéid a bhaineann le taraif-chuótaí uathrialaitheacha an Aontais a chuimsiú le haghaidh táirgí áirithe iascaigh (IO L 261, 22.7.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2020/1706, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh. an ordaithe

Cód AC

Cód TARIC

Tuairisc

Méid bliantúil an chuóta (tonnaí) (1)

Dleacht an chuóta

Tréimhse an chuóta

09.2509

ex 1604 12 91

13

Scadáin, spíosraithe agus/nó fínéagarleasaithe, faoi sháile, lena bpróiseáil

17 500 (glanmheáchan silte)

0  %

1.11.2022- 31.12.2023

93

ex 1604 12 99

16

17

09.2510

ex 0303 51 00

10

Scadáin (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (2)

11 670

0  %

1.11.2022- 31.12.2023

20

09.2512

 

 

Iasc reoite, lena bpróiseáil

3 850

0  %

1.11.2022- 31.12.2023

0303 55 30

10

Bolmáin Shileacha (Trachurus murphyi)

ex 0303 55 90

95

Iasc eile Trachurus spp., seachas Trachurus trachurus, Trachurus murphyi agus bolmáin (Caranx trachurus)

0303 56 00

10

Cóibia (Rachycentron canadum)

0303 69 90

10

Iasc eile

0303 89 90

11

21

30

91

0303 82 00

10

Roic agus sciataí (Rajidae)

0303 89 55

10

Garbhánaigh órcheannacha (Sparus aurata)

09.2513

0304 86 00

20

Filléid scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil

29 170

0  %

1.11.2022- 31.12.2023

ex 0304 99 23

10

Flapaí scadán (Clupea harengus, Clupea pallasii), reoite, lena bpróiseáil (2)

20

09.2514

0304 49 50

10

Filléid péirsí mara (Sebastes spp.), úr nó fuaraithe, lena bpróiseáil

1 520

0  %

1.11.2022- 31.12.2023


(1)  Arna sloinneadh i nglanmheáchan mura sonraítear a mhalairt.

(2)  Ón 15 Feabhra go dtí an 15 Meitheamh, ní dheonófar tairbhe an taraif-chuóta d’earraí a dhearbhaítear lena scaoileadh i saorchúrsaíocht.