|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/219 |
4.2.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/219 ÓN gCOMHAIRLE
an 30 Eanáir 2025
lena socraítear le haghaidh 2025 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a leithdháileadh, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) go socrófar deiseanna iascaireachta i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a leagtar amach in Airteagal 2(2) den Rialachán sin. Foráiltear le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 go bhfuil deiseanna iascaireachta le leithdháileadh ar na Ballstáit ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic éisc nó gach iascaigh. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus gnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh, agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú an tráth céanna, chomh maith leis na tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara. |
|
(3) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag an gCoimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/1 lena mbunaítear bearta bainistíochta fadtéarmacha don eascann Eorpach (Anguilla anguilla) dá bhforáiltear le Moladh CGIM/46/2023/16 maidir le plean bainistíochta fadtéarmach don eascann Eorpach ((folimistéir gheografacha CGIM (FLGanna CGIM) 1 go 27). Le Moladh CGIM/47/2024/1, coinnítear, le haghaidh 2025, an tréimhse choiscthe 6 mhí le haghaidh iascaigh thráchtála agus toirmeasc ar an iascach áineasa. Thairis sin, leis an Moladh sin, déantar gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna gloine a theorannú do thréimhse 2 mhí agus ní cheadaítear iascaireacht den sórt sin ach amháin faoi choinníollacha áirithe. Tá feidhm le bheith ag na bearta sin maidir le huiscí muirí uile na Meánmhara agus fionnuiscí, chomh maith le huiscí goirte, lena n-áirítear inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha, i gcomhréir leis an Moladh sin. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(4) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/2 lena mbunaítear bearta fadtéarmacha maidir le saothrú inbhuanaithe coiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) mar a fhoráiltear le Moladh CGIM/43/2019/4 maidir le plean bainistíochta i ndáil le saothrú inbhuanaithe an choiréalaigh dheirg sa Mheánmhuir (FLGanna CGIM 1 go 27). Le Moladh CGIM/47/2024/2, coinnítear le haghaidh 2025 reo na hiarrachta iascaireachta arna sloinneadh mar líon uasta údaruithe iascaireachta agus teorainneacha saothraithe maidir le coiréalach dearg. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(5) |
Ag an 46ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2023, ghlac sé Moladh CGIM/46/2023/14 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir (FLGanna CGIM 1 go 27). Leis an Moladh sin, tugadh isteach, i gcomhréir le cur chuige an réamhchúraim agus le haghaidh na hidirthréimhse 2024 go 2026, uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh iascaireachta, reo i dtaca le hacmhainn feistí comhthiomsaithe éisc (FADanna) in aghaidh an tsoithigh agus teorainn ghabhála. Maidir leis an iascach áineasa, déantar foráil bhreise leis an Moladh sin maidir le teorainn ghabhála laethúil atá le hurramú. Cuireadh na bearta sin chun feidhme i ndlí an Aontais le haghaidh 2024 trí bhíthin Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle (2) agus ba cheart leanúint de na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais le haghaidh 2025. Tá na bearta sin gan dochar do na bearta bainistíochta a mholfaidh an Coiste Comhairleach Eolaíoch laistigh de CGIM don phlean bainistíochta fadtéarmach le haghaidh na tréimhse ó 2027 go 2031. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) bunaíodh plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar (FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11). Leagtar amach sa phlean sin spriocanna agus bearta maidir le caomhnú fadtéarmach agus saothrú inbhuanaithe na stoc a chumhdaítear leis. Áirítear leis sin bearta chun an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) le haghaidh spriocstoc a bhaint amach agus a choinneáil ar bun, rud a áirithíonn go ndéanfaidh saothrú acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a choinneáil ar bun os cionn leibhéil ar a bhfuiltear in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2019/1022, tá deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin le socrú chun go mbainfear amach básmhaireacht iascaireachta ar an uastáirgeacht inbhuanaithe ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 más féidir, agus faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. |
|
(8) |
Ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a liostaítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022 a shocrú i gcomhréir leis an raon luachanna básmhaireachta iascaireachta as a n-eascraíonn an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) (raonta FMSY), nó ar leibhéal níos ísle, agus i gcomhréir leis na coimircí dá bhforáiltear sa Rialachán sin. Leagtar amach raonta FMSY sa chomhairle ábhartha ó STECF. I gcás nach mbeidh faisnéis eolaíoch leormhaith ar fáil, ba cheart deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus in Airteagal 1(3) den Rialachán sin a shocrú i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascaigh, i gcomhréir le hAirteagal 4(6) den Rialachán sin. |
|
(9) |
Thairis sin, tá deiseanna iascaireachta le sloinneadh mar uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh trálaer agus báid spiléireachta, arna socrú i gcomhréir leis an gcóras iarrachta iascaireachta a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022, agus mar uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) agus séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) in uiscí doimhne, arna socrú i gcomhréir le comhairle eolaíoch agus Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(10) |
Ba é an chomhairle a thug STECF go bhfuil gá le laghduithe suntasacha eile i ráta básmhaireachta iascaireachta le haghaidh trálaer chun spriocanna uastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach in 2025 i gcás stoic éisc go léir na Meánmhara Thiar. Ina theannta sin, léirigh STECF difríochtaí i stádas an stoic is leochailí i ngach stocghrúpa agus mheas sé gur gá an bhásmhaireacht iascaireachta a laghdú ar bhealach éagsúil idir aonaid bainistithe iarrachta (EMU), eadhon EMU 1 (FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6, agus 7) agus EMU 2 (8, 9, 10, agus 11). Maidir leis an stoc is leochailí, (an Colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) in EMU 1 agus an Colmóir Eorpach in EMU 2), mhol STECF gur cheart gurbh ionann na laghduithe básmhaireachta agus 66 % in EMU 1 agus 38 % in EMU 2 chun FMSY a bhaint amach in 2025. Bunaithe ar an gcomhairle sin, le haghaidh 2025, ba cheart, dá bhrí sin, uasiarracht iascaireachta incheadaithe na soithí tráil le haghaidh gach grúpa iarrachta iascaireachta a laghdú 66 % in EMU 1 agus 38 % in EMU 2 agus rannchuidithe gach Ballstáit leis an mbásmhaireacht iascaireachta á gcur san áireamh agus arna n-asbhaint ón uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bunaíodh le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(11) |
In 2024, chuir STECF in iúl go mbíonn tionchar ag báid spiléireachta ar sceithirí colmóirí Eorpacha, go háirithe in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11. Ina theannta sin chuir STECF in iúl freisin go bhfuil bithmhais stoic sceite colmóirí Eorpacha in FLGanna CGIM 1, 5, 6 agus 7 agus in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 fós faoi bhun na teorann caomhantais (BLIM) de réir bhrí Airteagal 2(10), de Rialachán (AE) 2019/1022, agus gur cheart laghdú 66 % ar a laghad a dhéanamh ar an ráta básmhaireachta iascaigh in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 agus 38 % in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11, chun FMSY a bhaint amach in 2025. In FLGanna 1, 2, 5, 6, agus 7, dá bhrí sin, is iomchuí, le haghaidh 2025, uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh báid spiléireachta a choinneáil ar na leibhéil arna socrú le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259, ar bhonn Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/1022. In FLGanna CGIM 8, 9, 10, agus 11, is iomchuí, le haghaidh 2025, uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh báid spiléireachta a laghdú 13 % i gcomparáid le uasiarracht iascaireachta incheadaithe arna socrú le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259, ar bhonn Airteagal 7(5) de Rialachán (AE) 2019/1022. |
|
(12) |
In 2024, chuir STECF in iúl go bhfuil básmhaireacht iascaireachta an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 fós i bhfad ó leibhéil inbhuanaithe agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le tuilleadh bearta bainistíochta anuas ar an laghdú ar an iarracht iascaireachta. Go háirithe, mhol STECF gur cheart, chun FMSY a bhaint amach faoi 2025, na gabhálacha a laghdú 50 % ar an meán, agus go sonrach 25 % in FLGanna CGIM 1 agus 2, 64 % in CGIM FLG 5 agus 62 % in CGIM FLGanna 6 agus 7. Ag leanúint leis na bearta a glacadh in 2022, 2023 agus 2024 agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7 a laghdú 10 % i gcomparáid le deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(13) |
In 2024, chuir STECF in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla gorm agus dearg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 anuas ar an laghdú ar iarracht iascaireachta agus mhol sé an ghabháil iomlán a laghdú 18 %. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála, ag leanúint leis na bearta a glacadh in 2022, 2023 agus 2024 agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 a laghdú 6 % i gcomparáid le deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(14) |
In 2024, chuir STECF in iúl go bhfuil gá le bearta bainistíochta breise don séacla mór dearg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11 anuas ar an laghdú ar iarracht iascaireachta agus mhol sé an ghabháil iomlán a laghdú 29 %. Is iomchuí, dá bhrí sin, an córas iarrachta iascaireachta a chomhlánú le huasteorainneacha gabhála, ag leanúint leis na bearta a glacadh in 2022, 2023 agus 2024 agus i gcomhréir le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ba cheart na huasteorainneacha gabhála le haghaidh an tséacla mhóir dheirg in FLGanna CGIM 8, 9, 10, agus 11 a laghdú 6 % i gcomparáid le deiseanna iascaireachta a socraíodh le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(15) |
Chun úsáid roghnaíocht trealaimh iascaireachta a chur chun cinn agus chun limistéir choiscthe éifeachtúla a bhunú chun ógánaigh agus sceithirí a chosaint, le Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle (4) bunaíodh sásra cúitimh i ndáil leis an gcóras iarrachta le haghaidh trálaer. Ós rud é go leanann STECF de bheith ag moladh feabhas breise a chur ar roghnaíocht trealaimh iascaireachta agus ar éifeachtúlacht limistéir choiscthe chun éisc óga agus sceithirí a chosaint in 2025, agus ós rud é go bhfuil tionchar léirithe ag na bearta sin ar an iarracht iascaireachta, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh ar shoitheach má chomhlíonann an soitheach ceann amháin ar a laghad de na bearta sin arna socrú ag an leibhéal náisiúnta. Ní dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh lena sárófaí leibhéal na hiarrachta iascaireachta arna shocrú don ghrúpa ábhartha iarrachta iascaireachta le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(16) |
I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2019/1022, i gcás ina léireoidh an chomhairle eolaíoch go bhfuil bithmhais stoic sceite aon cheann de na stoic éisc dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán sin faoi bhun an phointe tagartha réamhchúraim i dtaca le bith bithmhais (BPA) nó atá faoi bhun an phointe tagartha teorann i dtaca le bithmhais (BLIM), tá bearta ceartaitheacha le déanamh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann MSY a tháirgeadh. |
|
(17) |
Ag an 44ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2021, ghlac sé Moladh CGIM/44/2021/20 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil le haghaidh saothrú inbhuanaithe stoc peiligeach beag i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach ó 2022 go dtí 2029 uasleibhéal gabhálacha agus uasteorainn ghaolmhar acmhainneachta cabhlaigh iascaireachta le haghaidh soithí peas-saighne agus trálaeir peiligeach a dhíríonn ar pheiligigh bheaga. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2025 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(18) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/4 maidir le córas iascaireachta fadtéarmach agus teorainn ghabhála le haghaidh speicis peiligeach beag a chur ar bun i Muir Aidriad in 2025 (CGIM FLGanna 17 agus 18), ag eascairt as Moladh CGIM/44/2021/20. Le Moladh CGIM/47/2024/4, bunaíodh le haghaidh 2025 leibhéal ar leith gabhálacha le haghaidh ainseabhaithe agus sairdíní, a eascraíonn as cur chun feidhme na rialacha nua rialaithe gabhála. Tá an dáileadh idir na Ballstáit bunaithe ar ghabhálacha stairiúla gach Ballstáit. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(19) |
Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh ghrinnill inbhuanaithe i Muir Aidriad (FLGanna CGIM 17 agus 18), moladh lenar tugadh isteach córas iarrachta iascaireachta agus uasteorainn acmhainneachta cabhlaigh iascaireachta le haghaidh stoic ghrinnill áirithe. Ba cheart na bearta sin a bhaineann le 2025 a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(20) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/5 maidir le córas iarrachta iascaireachta a chur chun feidhme le haghaidh príomhstoic ghrinnill i Muir Aidriad in 2025 (FLGanna CGIM 17 agus 18), ag eascairt as Moladh CGIM/43/2019/5. Le Moladh CGIM/47/2024/5, déantar foráil maidir le laghdú domhanda 5,2 % ar an gcóras iarrachta iascaireachta i gcás soithí tráil dobharchú agus maidir le tar-rolladh leibhéil iarrachta 2024 le haghaidh soithí tráil bhíoma. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 5,2 % a asbhaint den uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil dobharchú a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259 agus ba cheart an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh soithí tráil bhíoma a choinneáil ar leibhéil 2024. |
|
(21) |
Agus saintréithe chabhlach na Slóivéine agus an tionchar beag a bhíonn aige ar stoic peiligeach beag agus stoic ghrinnill á gcur san áireamh, agus i gcomhréir le mír 33 de Mholadh CGIM/44/2021/20 agus le mír 13 de Mholadh CGIM/43/2019/5, is iomchuí na patrúin iascaireachta atá ann cheana a chaomhnú agus rochtain chabhlach na Slóivéine a áirithiú ar íosmhéid speiceas peiligeach beag agus ar leithdháileadh íosta iarrachta le haghaidh stoic ghrinnill. |
|
(22) |
Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc grinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/12 agus CGIM/42/2018/5. Le Moladh CGIM/45/2022/4, tugadh isteach córas iarrachta le haghaidh colmóirí Eorpacha agus teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) chomh maith le reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2025 déantar foráil le Moladh CGIM 45/2022/4 maidir leis an iarracht iascaireacht a reo ar leibhéal 2024 agus laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh rós-séaclaí domhainmhara a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(23) |
Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/5 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i gCaolas na Sicile (FLGanna CGIM 12 go 16), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/7 agus CGIM/43/2019/6. Le Moladh CGIM/45/2022/5, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2025 déantar foráil leis an Moladh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(24) |
Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/6 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach (FLGanna CGIM 19 go 21), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/8 agus CGIM/42/2018/4. Le Moladh CGIM/45/2022/6, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2025 déantar foráil leis an Moladh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(25) |
Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/7 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe stoc séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga i Muir na Leiveainte (FLGanna CGIM 24 go 27), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/6 agus CGIM/42/2018/3. Le Moladh CGIM/45/2022/7, tugadh isteach teorainn ghabhála agus reo acmhainneachta iascaireachta. Le haghaidh 2025 déantar foráil leis an Moladh sin maidir le laghdú 3 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga. Chun na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, ba cheart, dá bhrí sin, 3 % a bhaint de na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí móra dearga agus séaclaí gorma agus dearga a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259. |
|
(26) |
Ag an 45ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2022, ghlac sé Moladh CGIM/45/2022/3 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um shaothrú inbhuanaithe deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran (FLGanna CGIM 1 go 3), lena n-aisghairtear Moltaí CGIM/44/2021/4, CGIM/43/2019/2 agus CGIM/41/2017/2. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(27) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/3 maidir le bearta ceartaitheacha breise le haghaidh deargán i Muir Alboran (folimistéir gheografacha 1–3), lena leasaítear Moladh CGIM/45/2022/3. Le Moladh CGIM/47/2024/3, tugadh isteach laghdú 30 % ar na teorainneacha gabhála le haghaidh 2025. Dá bhrí sin, ba cheart 30 % a asbhaint ón uasleibhéal gabhálacha a shocraítear le haghaidh 2024 le Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle. |
|
(28) |
Ar bhonn na comhairle eolaíche a chuir Meitheal CGIM maidir leis an Muir Dhubh ar fáil, ba cheart an leibhéal básmhaireachta iascaireachta salán (Sprattus sprattus) atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun chun inbhuanaitheacht na stoc salán sa Mhuir Dhubh a áirithiú (FLG CGIM 29). Is iomchuí, mar sin, leanúint de chuóta uathrialach a shocrú maidir leis an stoc sin. |
|
(29) |
Ag an 43ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2019, ghlac sé Moladh CGIM/43/2019/3 lena leasaítear Moladh CGIM/41/2017/4 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil um iascaigh turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh (CGIM FLGanna 29). Tugadh isteach le Moladh CGIM/43/2019/3 gabháil iomlán incheadaithe (TAC) réigiúnach arna tabhairt cothrom le dáta agus scéim leithdháilte cuótaí le haghaidh turbard, chomh maith le bearta caomhnúcháin breise, go háirithe tréimhse choiscthe 2 mhí agus teorainn 180 lá sa bhliain leis an líon laethanta iascaireachta. I gcomhréir le Moladh CGIM/43/2019/3, tá nasc feidhmiúil ag na bearta caomhnúcháin breise sin leis na deiseanna iascaireachta, mar, gan na bearta sin a bheith i bhfeidhm, ba cheart an leibhéal TAC le haghaidh turbard a laghdú chun athbhunú an stoic a áirithiú. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(30) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, ghlac sé Moladh CGIM/47/2024/8 maidir le plean bainistíochta ilbhliantúil i dtaca le hiascaigh turbard sa Mhuir Dhubh (FLGanna CGIM 29), lena leasaítear Moltaí CGIM/43/2019/3 agus CGIM/41/2017/4. Le Moladh CGIM/47/2024/8, bunaíodh an TAC le haghaidh turbard don tréimhse ó 2025 go 2028. Ba cheart na bearta sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. |
|
(31) |
Ag an 47ú cruinniú bliantúil a bhí ag CGIM in 2024, d’fhormheas sé tabhairt anonn cuóta turbard an Aontais nár úsáideadh le linn na bliana 2023, i bhfianaise na staide eisceachtúla a cruthaíodh de bharr an chomhthéacs réigiúnaigh sa Mhuir Dhubh. Ba cheart an beart sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais. Ba cheart dáileadh na ndeiseanna iascaireachta a eascróidh ón tearcúsáid sin a dhéanamh ar bhonn an rannchuidithe ar leith de chuid gach Ballstáit i leith na tearcúsáide, gan an eochair dháilte a bhunaítear le Rialachán (AE) 2024/259 maidir le leithdháileadh bliantúil TACanna a mhodhnú. |
|
(32) |
Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a bhíonn ar fáil do shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (5), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus fógra a thabhairt faoi shonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta. Is gá, dá bhrí sin, na cóid a bhíonn le húsáid ag na Ballstáit a shonrú agus sonraí á gcur chuig an gCoimisiún maidir le stoic atá faoi réir an Rialacháin seo a thabhairt i dtír. |
|
(33) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (6), déantar foráil maidir le coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear faoi Airteagail 3 agus 4 de, agus forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á mbunú aici, cé na stoic nach mbeidh faoi réir Airteagail 3 agus 4 den Rialachán sin, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Thairis sin, déantar foráil le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le solúbthacht bhreise ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, d’fhonn solúbthacht iomarcach a sheachaint a ar bhaint amach chuspóirí CBI agus a bheadh ina cúis le meathlú ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go sainráite nach bhfuil feidhm charnach ag an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ná ag an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ar deireadh, ba cheart an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh1380/2013 a eisiamh, i gcás inarb ábhartha, ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. |
|
(34) |
Ionas nach gcuirfí isteach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2025. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
TEIDEAL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheidhmíonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic éisc seo a leanas:
|
(a) |
an eascann Eorpach (Anguilla anguilla), an coiréalach dearg (Corallium rubrum) agus an dorád coiteann (Coryphaena hippurus) sa Mheánmhuir; |
|
(b) |
an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris), an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea), an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) sa Mheánmhuir Thiar; |
|
(c) |
an t-ainseabhaí (Engraulis encrasicolus) agus an sairdín (Sardina pilchardus) i Muir Aidriad; |
|
(d) |
an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius), gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus), an sól coiteann (Solea solea), an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus an lannach riabhach (Mullus barbatus) i Muir Aidriad; |
|
(e) |
an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) agus an rós-séacla domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile; |
|
(f) |
an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) agus an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte; |
|
(g) |
an deargán (Pagellus bogaraveo) i Muir Alboran; |
|
(h) |
an salán (Sprattus sprattus) agus an turbard (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh. |
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an t-iascach áineasa, i gcás ina dtagraítear go sainráite do na gníomhaíochtaí iascaireachta sin sna forálacha ábhartha.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn ‘uiscí idirnáisiúnta’ uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit; |
|
(b) |
ciallaíonn ‘iascach áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, lena saothraítear beo-acmhainní uisceacha muirí, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘gabháil iomlán incheadaithe’ (TAC):
|
|
(d) |
ciallaíonn ‘cuóta’ cion den TAC a leithdháiltear ar an Aontas nó ar Bhallstát; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘cuóta uathrialach de chuid an Aontais’ teorainn ghabhála a leithdháiltear go huathrialach ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais in éagmais TAC comhaontaithe; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘cuóta anailíseach’ cuóta uathrialach de chuid an Aontais a bhfuil measúnú anailíseach ar fáil ina leith; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘measúnú anailíseach’ meastóireacht chainníochtúil ar threochtaí i stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, ar léirigh athbhreithniú eolaíoch na sonraí sin a bheith de cháilíocht leormhaith chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘feiste comhthiomsaithe éisc’ (FAD) aon trealamh ar ancaire a bhíonn ar snámh ar dhromchla na farraige arb é is aidhm dó éisc a mhealladh. |
Airteagal 3
Limistéir iascaireachta
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas maidir le limistéir iascaireachta:
|
(a) |
ciallaíonn ‘folimistéir gheografacha CGIM’ (FLGanna CGIM) na limistéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE)2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); |
|
(b) |
ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(c) |
ciallaíonn ‘an Mheánmhuir Thiar’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1, 2, 5, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 CGIM, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(d) |
ciallaíonn ‘Muir Aidriad’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 17 agus 18, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(e) |
ciallaíonn ‘Caolas na Sicile’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 12, 13, 14, 15 agus 16, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(f) |
ciallaíonn ‘an Mhuir Iónach’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 19, 20 agus 21, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(g) |
ciallaíonn ‘Muir na Leiveainte’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 24, 25, 26 agus 27, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2023/2124 iad; |
|
(h) |
ciallaíonn ‘Muir Alboran’ na huiscí i bhfolimistéir gheografacha CGIM 1 go 3 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad; |
|
(i) |
ciallaíonn ‘an Mhuir Dhubh’ na huiscí i bhfolimistéar geografach CGIM 29, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2124 iad. |
TEIDEAL II
NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS
CAIBIDIL I
An Mheánmhuir
Airteagal 4
An eascann Eorpach
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le folimistéir gheografacha CGIM 1 go 27, le huiscí goirte agus le fionnuiscí. Áirítear le huiscí goirte inbhir, murlaigh chósta agus uiscí trasdultacha.
2. Cuirfear toirmeasc ar ghabháil do ghníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha (Anguilla anguilla) ar mó ná 12 cm a bhfad foriomlán, mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil de thaisme, ar feadh tréimhse 6 mhí in 2025 ar a laghad. Chuige sin, cinnfidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe amháin nó níos mó faoi réir an mhéid seo a leanas:
|
(a) |
i gcás inarb iomchuí, féadfaidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a bheith éagsúil laistigh de Bhallstát amháin ó limistéar iascaireachta amháin go limistéar iascaireachta eile chun patrún imirce geografaí agus aimseartha na heascainne Eorpaí a chur san áireamh ag na céimeanna difriúla dá saolré; |
|
(b) |
mairfidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe 6 mhí as a chéile ar a laghad, nó 6 mhí ar an iomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i mír 3; agus |
|
(c) |
beidh an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe comhsheasmhach leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle (8), leis na pleananna náisiúnta bainistíochta atá i bhfeidhm agus le patrúin imirce aimseartha na heascainne Eorpaí ag an gcéim saoil faoi seach sa Bhallstát lena mbaineann. |
3. Beidh an tréimhse choiscthe idir an 1 Eanáir agus an 31 Márta 2025, agus bunóidh gach Ballstát lena mbaineann tréimhse choiscthe bhreise 3 mhí idir an 1 Aibreán agus an 30 Samhain 2025.
4. Údarófar gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála le haghaidh eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán gach bliain ar feadh tréimhse dhá mhí, agus déanfaidh institiúid eolaíoch chomhaontaithe faireachán ar na gníomhaíochtaí iascaireachta sin agus déanfaidh sí maoirseacht ar bhailiú sonraí agus ar anailís sonraí.
5. An líon uasta údaruithe iascaireachta agus an líon uasta trealaimh éighníomhaigh atá údaraithe chun díriú ar eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán chun críocha tráchtála, ní rachaidh siad thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
6. Toirmiscfear iascach áineasa na heascainne Eorpaí ag gach céim dá saolré.
7. Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann an Coimisiún a chur ar an eolas:
|
(a) |
maidir leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, faoin 1 Márta 2025; |
|
(b) |
maidir leis na bearta náisiúnta a bhaineann leis an tréimhse choiscthe nó na tréimhsí coiscthe a chinn sé i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, laistigh de 2 sheachtain tar éis a nglactha; agus |
|
(c) |
maidir leis an tréimhse atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar eascanna Eorpacha ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán i gcomhréir le mír 4, faoin 1 Márta 2025. |
Airteagal 5
An coiréalach dearg
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais i ndáil le saothrú an choiréalaigh dheirg (Corallium rubrum) sa Mheánmhuir.
2. Le haghaidh iascaigh spriocdhírithe, maidir leis an líon uasta údaruithe iascaireachta agus uaschainníochtaí stoc coiréalach dearg a bhaineann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus a bhaintear trí ghníomhaíochtaí de chuid an Aontais, ní rachaidh an líon sin thar na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 6
An dorád coiteann
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí tráchtála uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhíríonn ar dhoráid choiteanna (Coryphaena hippurus) trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir. Tá feidhm aige freisin maidir le hiascach áineasa dorád coiteann sa Mheánmhuir.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn III an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna.
3. Leagtar amach in Iarscríbhinn III an líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna.
4. Ní shárófar leis an uasleibhéal gabhálacha dorád coiteann na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn III.
5. I gcás iascaigh áineasa, beidh an líon uasta gabhálacha teoranta do 10 kg nó 5 iasc d’aon mhéid in aghaidh an duine in aghaidh an lae.
CAIBIDIL II
An Mheánmhuir Thiar
Airteagal 7
Stoic ghrinnill
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar stoic ghrinnill dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1022 sa Mheánmhuir Thiar.
2. Leagtar amach an uasiarracht iascaireachta incheadaithe do thrálaeir agus do bháid spiléireachta in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus le hAirteagail 26 go 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
3. Leagtar amach na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin in Iarscríbhinn IV.
4. Leagtar amach na huasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus in Oileán na Sairdíne in Iarscríbhinn IV.
5. Beidh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IV gan dochar do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(b) |
asbhaintí agus ath-leithdháiltí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; |
|
(c) |
gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(d) |
cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(e) |
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
Airteagal 8
Sásra cúitimh
1. Maidir leis an roinn cabhlaigh lena mbaineann agus liosta na soithí incháilithe lena mbaineann, in 2025 féadfaidh Ballstát leithdháileadh breise laethanta iascaireachta a dheonú do shoithí a bhfuil a bhratach ar foluain acu mar a fhoráiltear sa mhír seo agus arna ríomh i gcomhréir le míreanna 4 agus 5, ar choinníoll go gcomhlíonann an soitheach a fhaigheann an leithdháileadh breise ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas arna socrú ar an leibhéal náisiúnta:
|
(a) |
má bhaineann an soitheach an trealamh tráil otair dúbailte, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 24 %; má chuireann an soitheach an beart sin chun feidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 35 %; más mó ná 40 % de chabhlach an Bhallstáit lena mbaineann líon iomlán na soithí, féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 40 %; |
|
(b) |
má úsáideann an soitheach trál a bhfuil mogall cearnógach 45 mm i soc-fhoirceann aige, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 9,3 %; má chuireann an soitheach an beart sin chun feidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 18,6 %; más mó ná 40 % de chabhlach an Bhallstáit lena mbaineann líon iomlán na soithí, féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 25 %; má bhaineann an beart le soithí uile an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 30 %; |
|
(c) |
má úsáideann an soitheach trál a bhfuil mogall cearnógach 50 mm i soc-fhoirceann aige, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15,4 %; má chuireann an soitheach an beart sin chun feidhme roimh an 1 Bealtaine 2025, féadfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 30,8 %; más mó ná 40 % de chabhlach an Bhallstáit lena mbaineann líon iomlán na soithí, féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 40 %; má bhaineann an beart le soithí uile an Bhallstáit lena mbaineann, féadfaidh an Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 50 %; |
|
(d) |
má tá an soitheach faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíochtaí iascaireachta le haghaidh trálaer idir doimhneachtaí 100 m go 500 m ar feadh 6 seachtaine leanúnacha ar a laghad idir mí na Bealtaine agus mí Mheán Fómhair, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 10 %; |
|
(e) |
má tá an soitheach faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíocht iascaireachta le haghaidh trálaer in FLGanna 8, 9, 10 11 ar feadh 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15 %; |
|
(f) |
má tá an soitheach faoi réir tréimhse choiscthe lena dtoirmisctear gníomhaíocht iascaireachta le haghaidh trálaer in FLGanna 1-2-5-6-7 ar feadh 4 seachtaine leanúnacha ar a laghad idir mí na Bealtaine agus mí Dheireadh Fómhair, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 15 %; |
|
(g) |
má tá an soitheach faoi réir limistéar coiscthe náisiúnta lena gcumhdaítear 5 % ar a laghad dá meánna iascaireachta idir doimhneachtaí 100 m agus 500 m, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 4 %; |
|
(h) |
má tá an soitheach faoi réir limistéar coiscthe sealadach lena gceadaítear laghdú 20 % ar a laghad ar ghabhálacha sceithirí colmóirí, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 13 %; |
|
(i) |
má tá an soitheach faoi réir limistéar coiscthe sealadach lena gceadaítear laghdú 25 % ar a laghad ar ghabhálacha ógánach de gach speiceas grinnill nó laghdú 20 % ar a laghad ar ghabhálacha sceithirí de gach speiceas grinnill, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethjnta iascaireachta a mhéadú 3 %; |
|
(a) |
má tá an soitheach faoi réir buanchosc náisiúnta le haghaidh gníomhaíocht iascaireachta le trálaeir ag doimhneacht faoi bhun 800 m, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %; |
|
(k) |
má úsáideann an soitheach trál a bhfuil doirse eitilte nó doirse meánuiscí, cláir otair ísealteagmhála nó doirse eile a laghdaíonn teagmháil na ndoirse agus an fhearais le grinneall na farraige chun gnáthóga riachtanacha éisc na speiceas grinnill a chaomhnú, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %; |
|
(l) |
má úsáideann an soitheach trealamh an-roghnaíoch rialáilte, agus is é an toradh a bheidh ar na sonraíochtaí teicniúla sin, de réir staidéar arna dhéanamh ag STECF, laghdú 25 % ar a laghad de ghabhálacha ógánach de gach speiceas grinnill nó 20 % ar a laghad de ghabhálacha sceithirí gach speiceas grinnill i gcomparáid le 2020, mar shampla greille shórtála ag a bhfuil spásáil 20 mm, féadfaidh Ballstát leithdháileadh na laethanta iascaireachta a mhéadú 3 %. |
2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin, agus fógra á thabhairt dó maidir le leithdháileadh breise na laethanta iascaireachta, an liosta de na soithí iascaireachta a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha roghnaithe maidir le cúiteamh, chomh maith leis an líon gaolmhar laethanta iascaireachta breise.
3. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí, a fhógra maidir le leithdháileadh breise na laethanta iascaireachta agus soláthróidh sé don Choimisiún, a luaithe is féidir, an fhaisnéis ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme na gcoinníollacha.
4. Déanfar leithdháileadh na laethanta iascaireachta breise a ríomh ón uasiarracht a cheadaítear de bhun Rialachán (AE) 2024/259 go comhréireach leis an líon ábhartha soithí incháilithe lena mbaineann na coinníollacha a liostaítear i mír 1.
5. Ní dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann laethanta iascaireachta breise a leithdháileadh lena sárófaí leibhéal na hiarrachta iascaireachta arna shocrú don ghrúpa ábhartha iarrachta iascaireachta i Rialachán (AE) 2024/259.
6. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra ar leithligh don Choimisiún gach mí maidir leis an iarracht a rinneadh agus atá le ríomh in aghaidh an leithdháilte bhreise dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as na cóid tuairiscithe shonracha don leithdháileadh sin.
Airteagal 9
Bearta ceartaitheacha maidir leis an gcolmóir Eorpach in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7, an séacla gorm agus dearg in FLGanna CGIM 5, 6 agus 7, an séacla mór dearg in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11, agus gliomach na hIorua in FLG CGIM 6
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) in FLGanna CGIM 1, 2, 5, 6 agus 7, gliomach na hIorua (Nephrops norvegicus) in FLG CGIM 6, an séacla gorm agus dearg (Aristeus antennatus) in FLGanna CGIM 5, 6, agus 7, agus an séacla mór dearg (Aristaeomorpha foliacea) in FLGanna CGIM 8, 9, 10 agus 11.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasteorainn ghabhála colmóirí Eorpacha le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann eangacha geolbhaigh agus traimlí (GNS, GTR, GND) in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.
3. Glacfaidh na Ballstáit íosmhéid tagartha caomhnaithe de 25 mm CL ar a laghad le haghaidh an tséacla ghoirm agus dheirg agus le haghaidh an tséacla mhóir dheirg.
4. Glacfaidh na Ballstáit íosmhéid tagartha caomhnaithe de 25 mm CL ar a laghad le haghaidh ghliomach na hIorua.
5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
Airteagal 10
Bearta ceartaitheacha maidir leis an gcolmóir Eorpach in FLGanna CGIM 8,9,10,11
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann soithí de chuid an Aontais lena ngabhtar an colmóir Eorpach (Merluccius merluccius) in FLGanna CGIM 8, 9, 10, agus 11.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV uasteorainn ghabhála colmóirí Eorpach le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a úsáideann eangacha geolbhaigh agus traimlí (GNS, GTR, GND) in uiscí an Aontais sa Mheánmhuir Thiar.
3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.
Airteagal 11
Taifeadadh agus tarchur sonraí
1. Déanfaidh na Ballstáit taifead ar na sonraí maidir le hiarracht iascaireachta agus tarchuirfidh siad chuig an gCoimisiún iad i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus Airteagail 146c, 146d agus 146e de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún. (10)
2. Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann leis an iarracht iascaireachta, úsáidfidh siad cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL III
Muir Aidriad
Airteagal 12
Stoic peiligeach beag
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar sairdíní (Sardina pilchardus) agus ainseabhaithe (Engraulis encrasicolus) i Muir Aidriad.
2. Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha sairdíní agus ainseabhaithe na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
3. Leagtar amach an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW, agus ina holltonnáiste soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic peiligeach beag in Iarscríbhinn V.
4. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 13
Stoic ghrinnill
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius), gliomaigh na hIorua (Nephrops norvegicus), sóil choiteanna (Solea solea), rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) agus lannaigh riabhacha (Mullus barbatus) i Muir Aidriad.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn V, an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh na stoc grinnill sin agus an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta faoi raon feidhme an Airteagail seo.
3. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 14
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le gabhálacha a thabhairt i dtír agus le hiarracht iascaireachta, úsáidfidh siad na cóid stoic agus cóid na ngrúpaí iarrachta iascaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL IV
Caolas na Sicile
Airteagal 15
An colmóir Eorpach agus an rós-séacla domhainmhara
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) agus rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill, laistigh de raon feidhme an Airteagail seo.
3. Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasiarracht iascaireachta incheadaithe le haghaidh colmóirí Eorpacha (arna sloinneadh de réir líon na laethanta iascaireachta), maidir le soithí tráil dobharchú grinnill (OTB) a dhíríonn ar cholmóirí Eorpacha.
4. Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
5. Déanfaidh na Ballstáit an uasiarracht iascaireachta incheadaithe a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Airteagal 16
Séaclaí domhainmhara
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) agus séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn VI an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill, laistigh de raon feidhme an Airteagail seo.
3. Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 17
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc arna ngabháil, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.
CAIBIDIL V
An Mhuir Iónach agus Muir na Leiveainte
Airteagal 18
Séaclaí domhainmhara
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) agus séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn VII an uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill faoi raon feidhme an Airteagail seo.
3. Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
CAIBIDIL VI
Muir Alboran
Airteagal 19
Deargán
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála agus áineasa a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais lena ngabhtar deargáin (Pagellus bogaraveo) le spiléir agus línte láimhe i Muir Alboran.
2. Ní sháróidh an t-uasleibhéal gabhálacha na leibhéil a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.
3. Leagtar amach in Iarscríbhinn VIII an líon uasta bád spiléireachta agus bád lámhdhorú atá údaraithe chun iascaireacht a dhéanamh ar dheargáin.
4. Bunófar cosc ama d’fhonn an príomhstoc a chosaint le linn an sceite ar feadh tréimhsí nach lú ná 60 lá leanúnach. Mairfidh an tréimhse choiscthe sin ar feadh 2 mhí ar a laghad agus beidh sí ar siúl le linn na tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mhárta 2025 agus cumhdófar léi na príomhlimistéir dáileacháin deargán i Muir Alboran.
5. I gcás gníomhaíochtaí iascaireachta áineasa, beidh an líon uasta gabhálacha teoranta d’aon iasc amháin in aghaidh an duine in aghaidh an lae. Beidh feidhm ag an íosmhéid tagartha caomhnaithe 40 cm le haghaidh an deargáin maidir leis an iascach áineasa i Muir Alboran. Toirmeascfar iascach áineasa maidir leis an speiceas sin le linn thréimhse choiscthe na n-iascach tráchtála arna socrú ar an leibhéal náisiúnta.
CAIBIDIL VII
An Mhuir Dhubh
Airteagal 20
Salán
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar saláin (Sprattus sprattus) sa Mhuir Dhubh.
2. Leagtar amach cuóta uathrialach an Aontais le haghaidh salán in Iarscríbhinn IX.
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 21
Turbard
1. Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soithí iascaireachta de chuid an Aontais agus gníomhaíochtaí iascaireachta eile de chuid an Aontais lena ngabhtar turbaird (Scophthalmus maximus) sa Mhuir Dhubh.
2. Leagtar amach in Iarscríbhinn IX an TAC le haghaidh turbard is infheidhme in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, leithdháileadh an TAC sin i measc na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leis sin.
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 22
Iarracht iascaireachta le haghaidh an turbaird a bhainistiú
Maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar thurbaird faoi raon feidhme Airteagal 21, gan beann ar fhad foriomlán na soithí, ní rachaidh siad thar 180 lá iascaireachta in aghaidh na bliana.
Airteagal 23
Tréimhse choiscthe le haghaidh an turbaird
Toirmeascfar ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais aon ghníomhaíocht iascaireachta a dhéanamh le haghaidh turbard, lena n-áirítear turbaird a thrasloingsiú, a choinneáil ar bord, a thabhairt i dtír agus a dhíol den chéad uair, in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh.
Airteagal 24
Forálacha speisialta maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta sa Mhuir Dhubh
Beidh leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát a leagtar amach in Iarscríbhinn IX den Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(b) |
asbhaintí agus ath-leithdháiltí arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009; |
|
(c) |
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
Airteagal 25
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le tabhairt i dtír na gcainníochtaí stoc salán agus turbard arna ngabháil in uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo.
TEIDEAL III
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 26
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanair 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. SZŁAPKA
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/oj).
(2) Rialachán (AE) 2024/259 ón gComhairle an 10 Eanáir 2024 lena socraítear le haghaidh 2024 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L, 2024/259, 11.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/259/oj).
(3) Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1022/oj).
(4) Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear deiseanna iascaireachta le haghaidh 2022 maidir le stoic éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lch. 165 ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2022/110/oj).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1224/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1996/847/oj).
(7) Rialachán (AE) 2023/2124 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2023 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) (IO L, 2023/2124, 12.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2124/oj).
(8) Rialachán (CE) Uimh. 1100/2007 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear bearta chun an stoc eascann Eorpach a athbhunú (IO L 248, 22.9.2007, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1100/oj).
(9) Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2019/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1241/oj).
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/404/oj).
IARSCRÍBHINN I
NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH GNÍOMHAÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA TRÁCHTÁLA DE CHUID AN AONTAIS LE hAGHAIDH EASCANNA GLOINE I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL CGIM LE hAGHAIDH NA hEASCAINNE EORPAÍ SA MHEÁNMHUIR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus an líon uasta trealaimh iascaireachta údaraithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta tráchtála lena ndírítear ar eascanna Eorpacha (Anguilla anguilla) ar lú ná 12 cm a bhfad foriomlán.
Tábla 1
An líon uasta údaruithe iascaireachta
|
Na Ballstáit |
Eascann Eorpach ELE |
|
An Spáinn |
153 |
Tábla 2
An líon uasta trealamh iascaireachta
|
Na Ballstáit |
Trealamh iascaireachta |
Cód trealaimh |
Aonaid |
|
An Spáinn |
Potaí agus gaistí |
EPO |
249 |
IARSCRÍBHINN II
NA DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS PHLEAN BAINISTÍOCHTA ILBHLIANTÚIL CGIM UM CHOIRÉALACH DEARG SA MHEÁNMHUIR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta údaruithe iascaireachta incheadaithe agus an t-uasleibhéal cainníochtaí saothraithe le haghaidh coiréalach dearg sa Mheánmhuir.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas ina bhfuil ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Corallium rubrum |
COL |
Coiréalach dearg |
Tábla 1
An líon uasta údaruithe iascaireachta (*1)
|
Na Ballstáit |
Coiréalach dearg COL |
|
An Ghréig |
12 |
|
An Spáinn |
0 (*2) |
|
An Fhrainc |
32 |
|
An Chróit |
0 (*2) |
|
An Iodáil |
40 |
|
(*1) Líon soithí nó tumairí, nó iad araon, nó péire arb é atá ann tumaire amháin agus soitheach amháin, atá údaraithe le coiréalach dearg a shaothrú. (*2) I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair ar iascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne agus in uiscí na Cróite, go dtí go dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. |
|
Tábla 2
Uasleibhéal cainníochtaí saothraithe arna shloinneadh ina chileagraim bheomheáchain
|
Speiceas: |
Coiréalach dearg Corallium rubrum |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mheánmhuir – FLGanna 1-27 COL/GF1-27 |
|
|
An Ghréig |
1 844 |
|
|
|
|
An Spáinn |
0 |
|||
|
An Fhrainc |
1 400 |
|
||
|
An Chróit |
0 |
|||
|
An Iodáil |
1 378 |
|
||
|
An tAontas |
4 622 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
|
(**) I gcomhréir leis an toirmeasc ama atá ann faoi láthair ar iascaigh coiréalaigh dheirg atá bunaithe in uiscí na Spáinne agus in uiscí na Cróite, go dtí go dtiocfaidh athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. |
||||
IARSCRÍBHINN III
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ AN DORÁID CHOITINN SA MHEÁNMHUIR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo líon uasta, kW agus olltonnáiste soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar dhoráid choiteanna trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir agus an t-uasleibhéal gabhálacha.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas ina bhfuil ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Coryphaena hippurus |
DOL |
An dorád coiteann |
Tábla 1
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí a dhíríonn ar dhoráid choiteanna trí FADanna a úsáid sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)
|
An Ballstát |
An líon soithí |
kW |
GT |
|
An Iodáil |
261 |
21 061 |
1 986 |
|
Málta |
130 |
16 662 |
1 296,28 |
|
An Spáinn |
45 |
2 105,73 |
153,34 |
Tábla 2
Líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh atá údaraithe le díriú ar dhoráid choiteanna sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)
|
An Ballstát |
Líon uasta FADanna in aghaidh an tsoithigh |
|
An Iodáil |
100 |
|
Málta |
200 |
|
An Spáinn |
50 |
Tábla 3
Uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain arna ngabháil sa Mheánmhuir (FLGanna 1-27)
|
Speiceas: |
An dorád coiteann Coryphaena hippurus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí Idirnáisiúnta CGIM FLGanna 1-27 (DOL/MED) |
|
|
An Iodáil |
1 174 |
|
Leibhéal uasta gabhálacha |
|
|
Málta |
517 |
|
||
|
An Spáinn |
127 |
|
||
|
An tAontas |
1 818 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
IARSCRÍBHINN IV
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCOMHTHÉACS BHAINISTIÚ NA STOC GRINNILL SA MHEÁNMHUIR THIAR
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta) de réir stocghrúpaí, mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (AE) Uimh. 2019/1022, na huasteorainneacha gabhála agus fad foriomlán na soithí le haghaidh na gcineálacha uile trál (1) agus bád spiléireachta grinnill lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1022 agus in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) 1224/2009.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas ina bhfuil ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
|
Merluccius merluccius |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Mullus barbatus |
MUT |
An lannach riabhach |
|
Nephrops norvegicus |
NEP |
Gliomach na hIorua |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
1. An uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta)
|
(a) |
An líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)
|
|
(b) |
Líon laethanta iascaireachta le haghaidh trálaeir ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)
|
|
(c) |
An líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7)
|
|
(d) |
Líon laethanta iascaireachta le haghaidh báid spiléireachta grinnill ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11)
|
2. Uasteorainneacha gabhála le haghaidh séaclaí domhainmhara
|
(a) |
Deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Deiseanna iascaireachta le haghaidh séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) agus séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, i Muir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3. Uasteorainneacha gabhála don cholmóir Eorpach
|
(a) |
Deiseanna iascaireachta le haghaidh colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) arna ngabháil le trealamh éighníomhach (GNS, GND agus GTR) i Muir Alboran, ar na hOileáin Bhailéaracha, i dTuaisceart na Spáinne agus i Murascaill an Leoin (FLGanna 1, 2, 5, 6 agus 7) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain.
|
||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Deiseanna iascaireachta le haghaidh colmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) arna ngabháil le trealamh éighníomhach (GNS, GND agus GTR) ar Oileán na Corsaice, sa Mhuir Liogúrach, sa Mhuir Thoirian agus ar Oileán na Sairdíne (FLGanna 8, 9, 10 agus 11) arna sloinneadh mar uasleibhéal gabhálacha ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||
(1) TBB, OTB, PTB, TBN, TBS, TB, OTM, PTM, TMS, TM, OTT, OT, PT, TX, OTP agus TSP.
IARSCRÍBHINN V
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR AIDRIAD
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar pheiligigh bheaga.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Engraulis encrasicolus |
ANE |
An t-ainseabhaí |
|
Merluccius merluccius |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Mullus barbatus |
MUT |
An lannach riabhach |
|
Nephrops norvegicus |
NEP |
Gliomach na hIorua |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
|
Amblyraja radiata |
PIL |
An sairdín |
|
Solea solea |
SOL |
An sól coiteann |
1. Stoic peiligeach beag – FLGanna 17 agus 18
|
(a) |
Uasleibhéal gabhálacha arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na dtrálaer agus na soithí peas-saighne a dhéanann iascaireacht go gníomhach ar pheiligigh bheaga
|
|||||||||||||||||||||||||
2. Stoic ghrinnill – FLGanna 17 agus 18
|
(a) |
Uasiarracht iascaireachta incheadaithe (ina laethanta iascaireachta) de réir cineálacha trál agus roinn cabhlaigh lena ndéantar iascaireacht ar stoic ghrinnill in FLGanna 17 agus 18 (Muir Aidriad).
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(b) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta na soithí tráil grinnill agus tráil bhíoma atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill
|
|||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN VI
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I gCAOLAS NA SICILE
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo na deiseanna iascaireachta de réir stoic nó grúpaí iarrachta soithí agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo, lena n-áirítear an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar speicis ghrinnill agus ar shéaclaí domhainmhara.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Merluccius merluccius |
HKE |
An colmóir Eorpach |
|
Parapenaeus longirostris |
DPS |
An rós-séacla domhainmhara |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
1. Stoic Ghrinnill
|
(a) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)
|
|
(b) |
Uasleibhéal iarrachta iascaireachta (ina líon laethanta iascaireachta), le haghaidh soithí tráil dobharchú grinnill (OTB) a dhíríonn ar cholmóirí Eorpacha (Merluccius merluccius) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16)
|
|
(c) |
Uasleibhéal gabhálacha rós-séaclaí domhainmhara (Parapenaeus longirostris) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||
2. Séaclaí domhainmhara
|
(a) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13 14, 15 agus 16)
|
|
(b) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
|||||||||||||||||||||||||
|
(c) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i gCaolas na Sicile (FLGanna 12, 13, 14, 15 agus 16) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
|||||||||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN VII
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR IÓNACH AGUS I MUIR NA LEIVEAINTE
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo an líon uasta soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic ghrinnill sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas ina bhfuil ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha stoc éisc:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Aristaeomorpha foliacea |
ARS |
An séacla mór dearg |
|
Aristeus antennatus |
ARA |
An séacla gorm agus dearg |
1. An Mhuir Iónach
|
(a) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21)
|
|
(b) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||
|
(c) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) sa Mhuir Iónach (FLGanna 19, 20 agus 21) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
||||||||||||||||||||||
2. Muir na Leiveainte
|
(a) |
Uasacmhainneacht cabhlaigh iascaireachta, arna sloinneadh ina líon soithí, ina kW agus ina holltonnáiste, soithí tráil grinnill atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh ar stoic séaclaí domhainmhara i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27)
|
|
(b) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí móra dearga (Aristaeomorpha foliacea) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
|||||||||||||||||||
|
(c) |
Uasleibhéal gabhálacha séaclaí gorma agus dearga (Aristeus antennatus) i Muir na Leiveainte (FLGanna 24, 25, 26 agus 27) arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
|||||||||||||||||||
IARSCRÍBHINN VIII
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I MUIR ALBORAN
(a) Uasleibhéal gabhálacha a dhéanfar le spiléir agus le línte láimhe, arna shloinneadh ina thonaí beomheáchain
|
Speiceas |
An deargán (Pagellus boraraveo) |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais i Muir Alboran – FLGanna 1, 2 agus 3 (SBR/GF1-3) |
|
|
An Spáinn |
20,83 |
|
Leibhéal uasta gabhálacha |
|
|
An tAontas |
20,83 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhar |
|
||
(b) Líon uasta bád spiléireachta agus bád lámhdhorú atá údaraithe le hiascaireacht a dhéanamh i Muir Alboran (FLGanna 1, 2 agus 3)
|
An Ballstát |
Deargáin in FLGanna 1, 2 agus 3 |
|
An Spáinn |
82 |
IARSCRÍBHINN IX
DEISEANNA IASCAIREACHTA LE hAGHAIDH SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS SA MHUIR DHUBH
Leagtar amach sna táblaí san Iarscríbhinn seo TACanna agus cuótaí arna sloinneadh ina dtonaí beomheáchain de réir stoic agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.
Beidh na deiseanna iascaireachta uile a leagtar amach san Iarscríbhinn seo faoi réir na rialacha a leagtar amach in Airteagail 26 go 35 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.
Is tagairtí do FLGanna CGIM iad na tagairtí do limistéir iascaireachta.
Chun críocha na hIarscríbhinne seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas d’ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:
|
Ainm eolaíoch |
Cód Alfa-3 |
Gnáthainm |
|
Sprattus sprattus |
SPR |
An salán |
|
Scophthalmus maximus |
TUR |
An turbard |
|
Speiceas |
An salán Sprattus sprattus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29 (SPR/F3742C) |
|
|
An Bhulgáir |
8 032,50 |
|
TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
|
|
An Rómáin |
3 442,50 |
|
||
|
An tAontas |
11 475 |
|
||
|
TAC |
Ní bhaineann le hábhart |
|
||
|
Speiceas: |
An turbard Scophthalmus maximus |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais sa Mhuir Dhubh – FLG 29 (TUR/F3742C) |
|
|
An Bhulgáir |
90,26 |
|
TAC anailíseach Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96. |
|
|
An Rómáin |
93,09 |
|
||
|
An tAontas |
183,35 |
|||
|
TAC |
890 |
|
||
|
(*1) Ní cheadófar aon ghníomhaíocht iascaireachta, lena n-áirítear trasloingsiú, coinneáil ar bord, tabhairt i dtír agus an chéad díol, ón 15 Aibreán go dtí an 15 Meitheamh 2025. |
||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/219/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)