European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1305

13.3.2025

P9_TA(2024)0197

Treoir ón gComhairle maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, cóir chomhionann i réimse na fostaíochta agus na slí beatha idir daoine gan beann ar a reiligiún nó a gcreideamh, a míchumas, a n-aois nó a gclaonadh gnéasach, cóir chomhionann idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an dréacht-treoir ón gComhairle maidir le caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne idir daoine gan beann ar a dtionscnamh ciníoch nó eitneach, na córa comhionainne i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, na córa comhionainne idir mná agus fir i gcúrsaí slándála sóisialta agus maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí, agus lena leasaítear Treoracha 2000/43/CE agus 2004/113/CE (10788/1/2023 – C9-0031/2024 – 2022/0401(APP))

(An gnáthnós imeachta reachtach – toiliú)

(C/2025/1305)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don dréacht-treoir ón gComhairle (10788/1/2023),

—

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0031/2024),

—

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0128/2024),

1.

ag tabhairt a toilithe don dréacht-treoir ón gComhairle;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1305/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)