An Bhruiséil,10.10.2024

COM(2024) 650 final

2024/0252(BUD)

DRÉACHTBHUISÉAD LEASAITHEACH UIMH. 5
A GHABHANN LE BUISÉAD GINEARÁLTA 2024

Coigeartú ar leithréasuithe i gcomhair íocaíochtaí, nuashonrú ar ioncaim agus nuashonruithe teicniúla eile


Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

‒an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314 de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

‒Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh 1 , a tháinig i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2021,

‒Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) 2 , agus go háirithe Airteagal 44 de,

‒buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024, a glacadh an 22 Samhain 2023 3 ,

‒buiséad leasaitheach Uimh. 1/2024 4 , a glacadh an 25 Aibreán 2024,

‒buiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 5 , a glacadh an 25 Aibreán 2024,

‒dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2024 6 , a glacadh an 9 Aibreán 2024,

‒dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4/2024, 7 a glacadh an 19 Iúil 2024,

Leis seo, cuireann an Coimisiún Eorpach dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 4 a ghabhann le buiséad 2024 faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle.

ATHRUITHE AR AN RÁITEAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DE RÉIR ROINNE

Tá na hathruithe ar an ráiteas ginearálta ioncaim agus ar roinn III ar leith le fáil ar EUR-Lex ( https://eur-lex.europa.eu/budget/www/index-ga.htm ).

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Réamhrá

Is é is cuspóir do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach (DBL) Uimh. 5 don bhliain 2024 taobh an chaiteachais agus an ioncaim araon den bhuiséad a nuashonrú.

Baineann na hathruithe atá beartaithe ar thaobh caiteachais an bhuiséid leis na heilimintí seo a leanas:

1.Méadú ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) le haghaidh méid iomlán EUR 2,9 billiún, lena n‑áirítear i ndáil leis an ath-chlársceidealú a bhaineann leis an Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). Ní rabhthas in ann na méideanna sin a chur san áireamh sna hath-leithdháiltí a moladh san ‘Ollaistriú’ (DEC 11/2024) a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte agus faoi bhráid na Comhairle an 03 Deireadh Fómhair 2024;

2.Nuashonrú ar na riachtanais le haghaidh na gComhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna), agus é á chur san áireamh nach dtabharfar roinnt comhaontuithe agus na prótacail ghaolmhara i gcrích in 2024;

3.Méadú ar leithreasuithe, atá nasctha leis na meastacháin is déanaí don nuashonrú ar luach saothair, mar a leanas:

Ceannteideal 7

-Méadú EUR 1,3 milliún ar leibhéal an chaiteachais riaracháin do Choiste na Réigiún;

-Méadú EUR 67,2 milliún ar phinsin na n‑institiúidí uile, mar gheall ar líon níos airde tairbhithe pinsin freisin;

-I gcás an Choimisiúin agus na nInstitiúidí eile, cumhdófar tionchar an uasdátaithe ar luach saothair atá níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis le hathdháiltí inmheánacha;

Lasmuigh de Cheannteideal 7

-Méadú EUR 12,1 milliún ar ranníocaíocht an Aontais le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe. Cumhdófar riachtanais bhreise eile trí na leithreasuithe atá fágtha agus na solúbthachtaí ionsuite a shlógadh.

4.Coigeartú ar ranníocaíocht an Aontais le roinnt gníomhaireachtaí díláraithe atá nasctha le cur chun feidhme nó le cúiseanna sonracha eile, mar a leanas:

-Méadú EUR 1 mhilliún ar ranníocaíocht an Aontais le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas chun a cibearshlándáil a threisiú, arna fhritháireamh in aghaidh laghdú ar an gCiste Slándála Inmheánaí (ISF);

-Méadú EUR 17 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar ranníocaíocht an Aontais le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (eu-LISA). Tar éis cur chun feidhme níos ísle ná mar a bhí beartaithe, is féidir é sin a fhritháireamh trí ranníocaíocht an Aontais le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) a laghdú.

-Laghdú ar na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas arna leithdháileadh ar an Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC) mar gheall ar na riachtanais athbhreithnithe le haghaidh na leithreasuithe sa chéad bhliain dá bhunú, tar éis moilleanna ar na hearcaíochtaí.

-Filleadh EUR 2,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ar chlár LIFE. I bhfianaise na moilleanna leis an bPacáiste maidir le Truailliú Nialasach a ghlacadh, ní bheidh na leithreasuithe comhfhreagracha ag teastáil ón nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) ná ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA). 

5.Mar thoradh ar mheaisínaistriúcháin a thabhairt isteach, rinneadh coigilteas nach beag i roinnt oibríochtaí de chuid Oifig na bhFoilseachán, rud a fhágann gur féidir leibhéal leithreasuithe faoi chomhair gealltanas na líne buiséid ábhartha a laghdú.

6.Coigeartú ar an ainmníocht bhuiséadach ar thaobh an chaiteachais agus an ioncaim araon agus barúlacha tar éis ghlacadh an togra don Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin. 8

Ar an iomlán, méadú caiteachais EUR 44,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2 954,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí is ea tionchar glan an DBL seo.

Ó thaobh an ioncaim de, ionchorpraítear sa DBL seo EUR 2 815 mhilliún d’fhíneálacha cinntitheacha agus d’íocaíochtaí pionósacha a íoctar go dtí an 30 Meán Fómhair 2024. Mar thoradh air sin, is é glanmhéadú EUR 139,9 milliún ar ranníocaíochtaí OIN an tionchar foriomlán ar thaobh an ioncaim.

2.Nuashonrú ar mhíreanna caiteachais

2.1Riachtanais mhéadaithe i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

Cleachtadh bliantúil is ea an ‘tOllaistriú’ a eagraítear laistigh den Choimisiún lena n‑iarrtar ar na hArd-Stiúrthóireachtaí agus ar na Seirbhísí uile athbhreithniú a dhéanamh faoi thús mhí Mheán Fómhair ar chur chun feidhme íocaíochtaí an bhuiséid atá ann faoi láthair, is é sin, an cur chun feidhme acu féin, go dtí deireadh na bliana lena mbaineann. Is é is aidhm don chleachtadh seo riachtanais bheachta a chumhdach agus cur chun feidhme uasta buiséid a áirithiú i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ag deireadh na bliana trí riachtanais bhreise a mheaitseáil le tearcúsáid a bhfuil coinne léi. Mar thoradh air sin, cuirtear iarraidh ad hoc ar aistriú i gcomhréir le hAirteagal 31 den Rialachán Airgeadais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach bliain.

Léirigh an cleachtadh ‘Ollaistriú’ nach leor an buiséad a vótáladh atá fágtha agus na hioncaim shannta atá ar fáil chun riachtanais íocaíochta mheasta a chumhdach go dtí deireadh na bliana do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), go háirithe i ndáil le cur chun feidhme an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP). Dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cláir CFRE a threisiú mar seo a leanas: 

·Cláir 2021-2027

I gcomhréir le Rialachán STEP 9 , a tháinig i bhfeidhm i mí an Mhárta 2024, d’iarr na Ballstáit leasuithe ar a gcláir chomhtháthaithe chun tosaíochtaí STEP a ionchorprú, a bhaineann tairbhe as réamh-mhaoiniú eisceachtúil 30 % den leithdháileadh ar thosaíochtaí STEP, arb ionann é agus EUR 1,4 billiún. Is oibleagáid dhlíthiúil í íocaíocht an réamh-mhaoinithe sin nár cuireadh san áireamh agus buiséad 2024 á ghlacadh, ós rud é nár comhaontaíodh athbhreithniú meántéarma CAI go fóill. Mura ndéanfar amhlaidh, deimhnítear i réamhaisnéisí mhí Iúil ó na Ballstáit go ndéanfar buiséad 2024 a fhorghníomhú go hiomlán.

·Cláir agus gníomhaíochtaí roimhe seo a chur i gcrích

Le Rialachán STEP, tugadh isteach freisin an rogha maidir le cómhaoiniú deonach 100 % le haghaidh caiteachas arna dhearbhú in iarratais ar íocaíocht a cuireadh isteach le linn na bliana cuntasaíochta ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024. Thairis sin, áirítear ann uasteorainn 1 % ar íocaíochtaí eatramhacha in 2025, rud a bhí ina dhreasacht do na Ballstáit a n‑iarratais ar íocaíocht a chur isteach níos luaithe in 2024. Tá dlús mór curtha le cur isteach na n‑iarratas ar íocaíocht mar gheall ar an dá thoisc sin le chéile. I gcomhréir le réamhaisnéisí mhí Iúil, beidh riachtanais bhreise íocaíochta de EUR 1,5 billiún ann do 2024 mar thoradh air sin.

Leagtar amach thíos an méadú mionsonraithe ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a iarrtar sa dréachtbhuiséad leasaitheach seo 5/2024:

EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

05 02 01

CFRE — Caiteachas oibríochtúil

0

1 400 000 000

05 02 99 01

CFRE a chur i gcrích — Caiteachas oibríochtúil (roimh 2021)

0

1 500 000 000

Iomlán    

0

2 900 000 000

2.2Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna)

Déanann an Coimisiún Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (CCIInna) déthaobhacha idir an tAontas Eorpach agus tríú tíortha comhpháirtíochta a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme. Ós rud é go raibh roinnt acu fós faoi réir caibidlíochta nuair a bunaíodh buiséad 2024, tá méid EUR 49,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 25,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí fós ar fáil i bhfoirm cúlchistí chun na comhaontuithe agus na prótacail maidir le hiascaigh idir an tAontas agus rialtais tríú tíortha comhpháirtíochta sonracha nár glacadh go fóill a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Rialachán Airgeadais agus le pointe 20 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 10 .

I bhfianaise stádas na caibidlíochta maidir leis na prótacail a bheidh ann amach anseo:

·Cuirfear tús leis an gcaibidlíocht le São Tomé an 1 Deireadh Fómhair 2024 agus meastar go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht le hOileán Cook le linn an 4ú ráithe de 2024. Ní mheastar go síneofar na prótacail nua go dtí an chéad ráithe de 2025;

·Tá an chaibidlíocht leis an gCósta Eabhair tugtha i gcrích. Meastar go síneofar an prótacal nua le linn na chéad ráithe de 2025, a luaithe a thabharfar na nósanna imeachta inmheánacha i gcrích.

Maidir leis na leithreasuithe atá fós i gcúlchiste, ní thabharfar aon cheann de na prótacail le hAngóla, leis an nGuine, leis an Libéir, le Maracó agus leis an tSeineagáil i gcrích i mbliana:

·I gcás Mharacó, bhí tionchar ag breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcásanna uamtha C-778/21 P an Coimisiún v Front Polisario agus C-798/21 P an Chomhairle v Front Polisario an 4 Deireadh Fómhair 2024 ar sceideal na caibidlíochta;

·I gcás Angóla, na Guine, na Libéire agus na Seineagáile, níor glacadh go fóill Cinntí ón gComhairle maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht le haghaidh prótacal nua.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an méid nach mbeidh ag teastáil in 2024 a chur ar ceal. Is é sin EUR 32,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 25,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, mar a leanas:

EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

30 02 02

Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste d’airteagal buiséid 08 05 01)

- 32 857 566

- 25 750 000

Iomlán    

- 32 857 566

- 25 750 000

2.3Coigeartuithe atá nasctha le coigeartú tuarastail níos airde le haghaidh 2024

2.3.1    Riarachán Poiblí Eorpach (Ceannteideal 7)

Sa DBL 5/2024 seo, molann an Coimisiún coigeartuithe ar cheannteideal 7 ‘Riarachán Poiblí Eorpach’, i ndáil le tionchar an choigeartaithe tuarastail mhéadaithe ar chaiteachas riaracháin. Tá nuashonrú iomlán de + 7,2 % 11 in 2024 á thuar anois, as a dtiocfaidh nuashonrú iarmharach de + 4,1 %, sa bhreis ar an gcéad nuashonrú de + 3,0 % ón 1 Eanáir, agus tógadh buiséad 2024 ar an toimhde go ndéanfaí nuashonrú de + 3,4 % a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Iúil 2024. Thairis sin, tá gá le coigeartú le haghaidh líon níos airde tairbhithe pinsin nua i gcomparáid leis na meastacháin nuair a bunaíodh buiséad 2024.

Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí

Ó tháinig na Rialacháin Foirne athbhreithnithe 12 i bhfeidhm in 2014, tá leibhéal an nuashonraithe tuarastail agus pinsean d’fhoireann institiúidí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais bunaithe ar mhodheolaíocht neamhroghnach ina bhfuil dhá ghné. Is é an chéad ghné glanéabhlóid ar chumhacht ceannaigh na státseirbhíseach náisiúnta ó chiseán de 10 mBallstát, 13 arb ionann é agus 75 % ar a laghad de OTI an Aontais. Is é an Táscaire Sonrach Domhanda atá ansin. Cuirtear boilsciú sa Bhruiséil agus i Lucsamburg san áireamh sa dara gné – an tInnéacs Comhpháirteach (JI). Áirithíonn uathoibríocht mhodh an nuashonraithe tuarastail go léiríonn an córas na teagmhais san fhíorgheilleagar agus cinntí na mBallstát araon, mar atá deimhnithe ag Eurostat i gcomhaontú le hinstitiúidí staidrimh náisiúnta.

I mbuiséad 2024, is é 3,4 % (tionchar 6 mhí) ráta réamh-mheasta an nuashonraithe tuarastail atá le cur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Iúil 2024. Rinne seirbhísí an Choimisiúin an ráta sin a ríomh i mí na Samhna 2023, bunaithe ar an éabhlóidiú a measadh a thiocfadh ar an gcumhacht cheannaigh agus ar an gcostas maireachtála don tréimhse thagartha (1 7 2023 – 30 6 2024), i gcomhréir leis an modh a leagtar síos sna Rialacháin Foirne.

Léirítear leis an meastachán is déanaí den sampla atá ar fáil maidir le forbairt na cumhachta ceannaigh i mBallstáit méadú 3,2 %, agus tá innéacs comhpháirteach na Beilge agus Lucsamburg (JBLI) don tréimhse ábhartha (+5,1 %) i bhfad níos airde ná mar a tuaradh ar dtús. Dá bhrí sin, sroichfidh an nuashonrú tuarastail iomlán atá le cur i bhfeidhm in 2024 +7,2 % 14 . Tar éis an nuashonraithe idirmheánaigh 3,0 %, cuirfear nuashonrú tuarastail iarmharaigh de 4,1 % 15 i bhfeidhm ón 1 Iúil 2024. Cuirtear ráta nuashonraithe 1,2 % siar go dtí an 1 Aibreán 2025, i gcomhréir le forálacha an ‘chlásail modhnóireachta’ i gcomhréir le hAirteagal 10 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

I gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, eiseofar tuarascáil Eurostat an 31 Deireadh Fómhair 2024 agus leagfar amach inti an coigeartú ar ghlanluach saothair ainmniúil oifigigh an Aontais sa Bhruiséil agus i Lucsamburg le héifeacht ó mhí Iúil 2024, agus é mar aidhm forbairt chomhthreomhar na cumhachta ceannaigh leis na státseirbhísigh sna Ballstáit a choinneáil ar bun.

Bunaithe ar thuarascáil Eurostat, glacfar an tuarascáil ón gCoimisiún 16 chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa i mí na Samhna ansin. Ós rud é go mbeadh sé sin ródhéanach chun buiséad leasaitheach a mholadh go foirmiúil tar éis an ráta nuashonraithe a thabhairt chun críche, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an staid i bhfianaise na réamhaisnéisí is déanaí atá ar fáil. Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabail bhuiséadacha na bainistíochta fónta airgeadais agus an bhuiséadaithe chruinn, tá údar maith le togra chun na leithreasuithe buiséadacha a bhaineann le tuarastail agus pinsin a mhéadú.

Tá gach iarracht déanta ag an gCoimisiún srian a chur lena chaiteachas riaracháin trí bheartas foirne dian cobhsaí a choinneáil agus trí laghduithe nach beag a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir maidir le caiteachas nach mbaineann le tuarastal, e.g. caiteachas a bhaineann le cruinnithe agus coistí. Ar an gcaoi chéanna, tá gach iarracht ab fhéidir déanta ag na hinstitiúidí eile riachtanais bhreise a chumhdach trí acmhainní atá ann cheana a ath-leithdháileadh agus infheistíochtaí neamhéigeantacha a chur ar atráth.

Tá gach iarracht déanta ag na hInstitiúidí chun na riachtanais bhreise maidir le caiteachas tuarastail a chumhdach trí athdháileadh. Is é Coiste na Réigiún amháin nach bhfuil in ann freastal ar na riachtanais sin go hinmheánach agus, dá bhrí sin, tá sé ag iarraidh go ndéanfaí treisiú ar na línte tuarastail. Mar sin féin, is gá an caiteachas riaracháin ar phinsin a threisiú, a bhfuil líon iarbhír na bpinsinéirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis ina leith, sa bhreis ar an ráta nuashonraithe pinsin níos airde.

Pinsin

Maidir le caiteachas pinsin, léirítear i réamh-mheastachán na riachtanas go dtí deireadh 2024 easnamh EUR 71 milliún, mar gheall ar go leor eilimintí arb é is toradh orthu méadú ar an gcaiteachas pinsin atá á thuar le haghaidh 2024:

·Méadú níos airde ar thairbhithe pinsin (+ 165) le linn 2024 i gcomparáid leis na toimhdí a úsáideadh i mbuiséad 2024 (+ EUR 14,7 milliún).

·Tionchar an athraithe ar an gcoigeartú bliantúil maidir le pinsin a thuairiscítear thuas, lena n‑áirítear na riachtanais bhreise ar feadh 6 mhí mar gheall ar an nuashonrú idirmheánach pinsin de 3,0 % ón 1 Eanáir 2024 (EUR 58,1 milliún).

An tráth céanna, réamh-mheastar go mbeidh barrachas thart ar EUR 2 mhilliún ann do na línte buiséid le haghaidh chaiteachas pinsin iar-Chomhaltaí na nInstitiúidí.

Is é is toradh ar na heilimintí thuas easnamh foriomlán EUR 71 milliún ar chaiteachas pinsin. Tá sé beartaithe EUR 3,8 milliún a athdháileadh ó línte buiséid eile i roinn buiséid an Choimisiúin ar sainaithníodh roinnt barrachais ina leith. Ar an iomlán, d’fhágfadh sé sin go bhféadfaí an glaniarratas ar atreisiú a laghdú go EUR 67,2 milliún.

Tionchar foriomlán agus mionsonraithe de réir Ranna

Ar an iomlán, is é atá sa togra caiteachas neamhdhifreáilte cheannteideal 7 (Riarachán Poiblí Eorpach) a mhéadú faoi EUR 68,5 milliún le haghaidh 2024. Comhfhreagraíonn sé do mhéadú EUR 1,3 milliún ar chaiteachas riaracháin Choiste na Réigiún agus EUR 67,2 milliún ar phinsin na n‑institiúidí uile.

Seo a leanas an tionchar foriomlán ar chaiteachas:

Méideanna in EUR

 

Buiséad 2024 (lena n‑áirítear BLanna 1-2/2024 agus DBLanna 2-4/2024)

Dréachtbhuiséad Leasaitheach 5/2024

Buiséad 2024

Pinsin agus Scoileanna Eorpacha

2 812 624 762

67 200 000

2 879 824 762

Pinsin

2 565 464 000

67 200 000

2 632 664 000

Scoileanna Eorpacha

247 160 762

247 160 762

Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí

9 175 375 841

1 300 000

9 176 675 841

An Coimisiún

4 221 841 225

4 221 841 225

Institiúidí eile

4 953 534 616

1 300 000

4 954 834 616

Parlaimint na hEorpa

2 382 263 574

2 382 263 574

An Chomhairle

676 881 123

676 881 123

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

503 782 531

503 782 531

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

185 655 890

185 655 890

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

164 945 524

164 945 524

Coiste na Réigiún

121 878 345

1 300 000

123 178 345

An tOmbudsman Eorpach

13 667 466

13 667 466

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

24 329 460

24 329 460

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

880 130 703

880 130 703

Iomlán

11 988 000 603

68 500 000

12 056 500 603

Seo a leanas an tionchar foriomlán de réir Ranna:

Roinn III – An Coimisiún Eorpach

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

21 01 01

Pinsin agus liúntais

67 200 000

67 200 000

Iomlán    

67 200 000

67 200 000

Roinn VII – Coiste Eorpach na Réigiún

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

1200

Luach saothair agus liúntais

1 300 000

1 300 000

Iomlán    

1 300 000

1 300 000

Ós rud é nach bhfuil aon chorrlach ar fáil faoi cheannteideal 7, ní féidir dul ar iontaoibh na hIonstraime Corrlaigh Aonair faoi cheannteideal 7 le haghaidh méid breise EUR 68,5 milliún, rud a fhágfaidh go n‑úsáidfear Airteagal 11(1)(a) den Ionstraim Corrlaigh Aonair le haghaidh méid EUR 283,5 milliún in 2024 chun oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh.

2.3.2    Caiteachas riaracháin lasmuigh de Cheannteideal 7 – gníomhaireachtaí díláraithe

Mar thoradh ar an gcoigeartú tuarastail méadaithe le haghaidh 2024 a chuirtear i láthair thuas, tá riachtanais bhreise ann freisin maidir le caiteachas tuarastail i ndáil leis an gcaiteachas riaracháin faoi Cheannteidil 1 go 6, rud a bhí an Coimisiún in ann a chumhdach lena slógtar na leithreasuithe atá fágtha agus na solúbthachtaí ionsuite.

Os a choinne sin, i gcás gníomhaireachtaí díláraithe, tá teorainn leis an raon feidhme maidir le hathdháiltí inmheánacha agus, dá bhrí sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ranníocaíocht an Aontais a mhéadú 1,7 %, arna cur i bhfeidhm ar Theideal 1 ‘Caiteachas foirne’ de bhuiséad na ngníomhaireachtaí agus an cóimheas idir ranníocaíocht an Aontais agus buiséad iomlán na ngníomhaireachtaí á chur san áireamh. Leis an méadú sin de +1.7 %, cuirtear san áireamh tionchar (1) nuashonrú tuarastail 2023 atá níos ísle ná mar a bhí coinne leis (+2.7 %), agus (2) nuashonrú tuarastail atá níos airde ná mar a tuaradh le haghaidh bhuiséad 2024 (+ 7.2 %), i gcomparáid leis na toimhdí is bun le Buiséad 2024 (+ 4.4 % in 2023 agus + 3.4 % in 2024). Chun an tionchar a theorannú, lorgaíodh athdháiltí inmheánacha ar dtús chun na riachtanais a eascraíonn as tionchar an nuashonraithe tuarastail a chumhdach. Dá bhrí sin, i gcás roinnt de na gníomhaireachtaí díláraithe, níl gá le haon mhéadú ar ranníocaíocht an Aontais. Thairis sin, tá sé beartaithe gan FRONTEX a áireamh sa mhéadú, go háirithe mar gheall ar ráta folúntais atá mór go leor fós agus toisc gur cuid níos ísle de bhuiséad iomlán na gníomhaireachta iad na tuarastail, rud a fhágfaidh go mbeidh níos mó deiseanna ann athdháiltí inmheánacha a dhéanamh.

Sonraítear an tionchar foriomlán ar chaiteachas de EUR 12,1 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí mar a leanas:

·Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

02 10 01

Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA)

361 932

361 932

02 10 03

Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA)

354 714

354 714

02 10 04

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)

244 326

244 326

02 10 05

Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC)

81 594

81 594

02 10 06

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER)

193 651

193 651

03 10 01 01

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán — Reachtaíocht maidir le Ceimiceáin

835 000

835 000

03 10 01 02

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán — Gníomhaíochtaí i réimse na reachtaíochta maidir le bithicídí

86 585

86 585

03 10 02

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE)

231 319

231 319

03 10 03

An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)

168 038

168 038

03 10 04

An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

216 832

216 832

04 10 01

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis

404 623

404 623

Iomlán    

3 178 614

3 178 614

·Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

06 10 01

An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú

712 181

712 181

06 10 02

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

1 179 166

1 179 166

06 10 03 01

Rannchuidiú an Aontais leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach

254 425

254 425

07 10 01

An Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound)

275 758

275 758

07 10 02

An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

137 647

137 647

07 10 03

An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)

217 343

217 343

07 10 04

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)

287 922

287 922

07 10 06

An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF)

283 108

283 108

07 10 07

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

594 629

594 629

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

894 047

894 047

07 10 09

An tÚdarás Eorpach Saothair (ELA)

266 861

266 861

Iomlán    

5 103 087

5 103 087

·Ceannteideal 3 - Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

08 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach

209 032

209 032

09 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán – Treoracha comhshaoil agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta

55 915

55 915

09 10 02

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil

646 569

646 569

Iomlán    

911 516

911 516

·Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

11 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a Dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu LISA)

773 078

773 078

Iomlán    

773 078

773 078

·Ceannteideal 5 – Athléimneacht, Slándáil agus Cosaint

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

12 10 01

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol)

2 002 895

2 002 895

12 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)

89 938

89 938

Iomlán    

2 092 833

2 092 833

2.4Coigeartuithe breise ar ghníomhaireachtaí díláraithe

2.4.1 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) a atreisiú

Go luath i mí an Mheithimh 2024, rinneadh sraith cibirionsaithe ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL). Tuairiscíodh na teagmhais láithreach don tSeirbhís Cibearshlándála inniúil le haghaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (CERT‑EU). Tar éis imscrúdú iomlán a sheoladh i gcomhar le CERT‑EU, ní mór don ghníomhaireacht dul ar aghaidh le hatógáil iomlán a bonneagair TF. Dá bhrí sin, chun costais láithreacha na gcibirionsaithe agus a thionchar ar CEPOL a chumhdach, molann an Coimisiún buiséad CEPOL a threisiú in 2024.

Tá sé beartaithe an t‑atreisiú de EUR 1 mhilliún atá beartaithe ar ranníocaíocht an Aontais le CEPOL i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a fhritháireamh in aghaidh an Chiste Slándála Inmheánaí (ISF). Aistrítear an méid céanna i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí ó ISF chuig CEPOL trí aistriú uathrialach.

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

12 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL)

1 064 000

0

12 02 01

An Ciste Slándála Inmheánaí (ISF)

-1 064 000

0

Iomlán    

0

0

In éineacht leis an méadú a bhaineann le nuashonrú tuarastail a luaitear thuas (EUR 89 938 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí), is é EUR 1 153 938 an méadú iomlán atá beartaithe do CEPOL.

2.4.2    Atreisiú le haghaidh eu-LISA

Tar éis méaduithe costais níos airde ná mar a bhí buiséadaithe a bhaineann le ‘garsprioc Wave 2’ de chuid eu-LISA agus na creatchonarthaí comhfhreagracha (go háirithe an córas údaraithe réamhthaistil do thaistealaithe atá díolmhaithe ó cheanglas víosa (ETIAS) agus na ceanglais idir-inoibritheachta), tá sé beartaithe ag an gCoimisiún buiséad eu-LISA a mhéadú le EUR 17 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas. Tá gá leis an atreisiú buiséid chun a áirithiú go háirithe go maoineofar an dá phríomh-chreatchonradh a úsáideann eu-LISA, i.e. an Creat Innealtóireachta Trasnach agus an Creat Oibríochtaí Trasnach, costais ghréasáin agus coigeartuithe conarthacha, leathnú raon feidhme na seirbhísí gréasáin agus ceanglais mhéadaithe do sholáthraithe seachtracha mar thacaíocht dhíreach d’oibríochtaí eu-LISA.

Shainaithin Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) barrachas ina buiséad mar gheall ar thearcúsáid a línte oibríochtúla (pleananna oibríochtúla leis na Ballstáit) agus mar gheall ar earcú foirne nua níos moille ná mar a bhíothas ag súil leis. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe an méadú EUR 17 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a mhaoiniú trí laghdú cúitimh ar ranníocaíocht an Aontais le EUAA. Áirítear san ‘Ollaistriú’ freisin laghdú breise ar bhuiséad EUAA le EUR 10 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, rud a threisíonn príomhlíne IBTV lena maoinítear íocaíochtaí eatramhacha gan íoc.

Dá bhrí sin, is iad seo a leanas na coigeartuithe atá beartaithe - neodrach ó thaobh buiséid de:

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

11 10 02

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais

17 000 000

0

10 10 01

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann

-17 000 000

0

Iomlán    

0

0

In éineacht leis an méadú a bhaineann le nuashonrú tuarastail a luaitear thuas (EUR 773 078 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí), is é EUR 17 773 078 an méadú iomlán atá beartaithe do eu-LISA.

2.4.3 Laghdú don Údarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC)

Tá an tÚdarás um an Sciúradh Airgid a Chomhrac (ÚSAC) fós i gcéim bhunaithe agus tá an próiseas ag glacadh níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis ar dtús. Baineann sé seo go háirithe le hearcaíocht. Dá bhrí sin, tar éis na chéad mhíonna dá bhunú, rinneadh athbhreithniú síos ar an ngá atá le leithreasuithe in 2024. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, ranníocaíocht an Aontais le hÚSAC a laghdú EUR 0,75 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar a léirítear thíos.

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

30 02 02

Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste d’airteagal buiséid 03 10 05)

-750 281

0

Iomlán    

-750 281

0

2.4.4 Cúlchiste a chur ar ais chuig clár LIFE - an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)

Mar gheall ar mhoilleanna ar ghlacadh an togra ón gCoimisiún don ‘Phacáiste maidir le Truailliú Nialasach’ a bhfuil caibidlíocht fós ar siúl ina leith, ní chuirfear tús leis na cúraimí nua atá beartaithe a shanntar do ECHA agus do EEA in 2024. I mbuiséad 2024, cuireadh na leithreasuithe comhfhreagracha EUR 2,8 milliún, de thionscnamh chlár LIFE, i gcúlchiste chun tairbhe an dá ghníomhaireacht sin, go dtí go ndéanfar dul chun cinn ar an bpacáiste reachtach. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún sa dréachtbhuiséad leasaitheach seo 5/2024 na leithreasuithe comhfhreagracha a thabhairt ar ais do chlár LIFE, mar a leanas: 

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

30 02 02

Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste d’airteagal buiséid 09 10 01)

-1 596 375

-1 596 375

30 02 02

Leithreasuithe difreálaithe (Cúlchiste d’airteagal buiséid 09 10 02)

-1 187 476

-1 187 476

09 02 02

Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

2 783 851

0

09 02 99

Cláir roimhe seo a chur i gcrích i réimse

an chomhshaoil agus ghníomhú ar son na haeráide (LIFE)

0

2 783 851

Iomlán    

0

0

2.5    Laghdú ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas – Nósanna imeachta chun conarthaí a dhámhachtain agus a fhógairt maidir le soláthar, oibreacha agus seirbhís phoiblí

Sainaithníodh barrachas EUR 2,9 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh líne bhuiséid 03 20 03 01. Coigilteas mór is cúis leis sin tar éis an chinnidh aistriúchán uathoibríoch ar éileamh ar fhógraí Institiúidí an Aontais a úsáid. Aistreofar méid EUR 0,5 milliún trí aistriú uathrialach chuig bearta eile i réimse an mhargaidh inmheánaigh, agus tá sé beartaithe an méid atá fágtha de EUR 2,4 milliún a chur ar ceal sa dréachtbhuiséad leasaitheach 5/2024 seo.

Méideanna in EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

03 20 03 01

Nósanna imeachta chun conarthaí a dhámhachtain agus a fhógairt maidir le soláthar, oibreacha agus seirbhís phoiblí

-2 420 000

0

Iomlán    

-2 420 000

0

2.6An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

I mí an Mheithimh 2024, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint den obair chun cistiú breise a chur ar fáil don Úcráin faoi dheireadh na bliana 17 . I gcomhréir le torthaí chruinniú mullaigh G7 an 13-15 Meitheamh 2024, dhéanfaí é sin i bhfoirm iasachtaí a sheirbhísiú agus a aisíoc le sreafaí amach anseo den ioncam urghnách a eascraíonn as sócmhainní blocáilte ceannasacha na Rúise. Dá bhrí sin, an 20 Meán Fómhair 2024, mhol an Coimisiún Rialachán lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin 18 . Tacóidh an Sásra le comhpháirtithe G7 iasachtaí a eisiúint don Úcráin i gcomhthráth le hiasacht cúnaimh macrairgeadais eisceachtúil an Aontais, d’fhonn an méid iomlán atá beartaithe ag cruinniú mullaigh G7 a bhaint amach. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann na hoibríochtaí buiséadacha gaolmhara a bhainistiú go tráthúil tráth a ghlacfar Rialachán an tSásra, molann an Coimisiún na coigeartuithe uile breise is gá a dhéanamh ar an ainmníocht bhuiséadach agus ar na barúlacha buiséid le haghaidh 2024 sa DBL 5/2024 seo. Dá réir sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún líne bhuiséid nua a chruthú laistigh de chaibidil thiomnaithe nua 14 11 (gan leithreasuithe) mar a leanas:

EUR

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

14 11 01

An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

p.m.

p.m.

Iomlán    

p.m.

p.m.

Leagtar amach na nótaí tráchta buiséid comhfhreagracha san iarscríbhinn bhuiséadach.

3.Nuashonrú ar ioncam

Le dréachtbhuiséad leasaitheach 5/2024, moltar EUR 2 815 mhilliún a ionchorprú i mbuiséad 2024 i bhfíneálacha cinntitheacha agus in íocaíochtaí pionósacha a íocfar go dtí mí Dheireadh Fómhair 2024. Tá sé beartaithe freisin líne ioncaim nua a chruthú don ULCM laistigh d’airteagal nua ‘Tacaíocht don Úcráin’.

Ón dáta a glacadh an DBL seo 5/2024, níor áiríodh aon ioncam diúltach i mbuiséad 2024, tar éis chruthú na féidearthachta sin sa Rialachán Airgeadais (athmhúnlú), ón 30 Meán Fómhair 2024 ar aghaidh 19 . Tá méideanna beachta na n‑íocaíochtaí úis cúitigh atá le déanamh á mbunú faoi láthair. Tá maolán leordhóthanach de thart ar EUR 1 200 milliún ó fhíneálacha cinntitheacha fós ar fáil chun na híocaíochtaí sin a chumhdach go dtí deireadh na bliana. Nuair a bheidh sé íoctha, cuirfear an t‑ioncam diúltach san áireamh i líne bhuiséid shonrach 4 2 5 ‘Ús, muirir eile atá dlite agus torthaí diúltacha ar fhíneálacha a cuireadh ar ceal nó a laghdaíodh’. Déanfar mionsonraí breise maidir leis na méideanna ábhartha agus maidir leis na hidirbhearta ábhartha a sholáthar freisin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

Tá sé beartaithe freisin líne ioncaim nua a chruthú don ULCM laistigh d’airteagal nua ‘Tacaíocht don Úcráin’.

3.1Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha

I bhfianaise na bhfíneálacha agus na n‑íocaíochtaí pionósacha a íocadh go dtí an 31 Bealtaine 2024, tá sé beartaithe na méideanna seo a leanas a chur isteach i mbuiséad 2024:

a)EUR 2 502 mhilliún d’fhíneálacha iomaíochta.

b)EUR 52 mhilliún d’íocaíochtaí pionósacha agus de chnapshuimeanna a forchuireadh ar Bhallstáit nár chomhlíon breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sa mhéid gur theip orthu oibleagáid faoi na Conarthaí a chomhlíonadh.

c)EUR 257 milliún d’ús a bhaineann le fíneálacha agus le híocaíochtaí pionósacha.

d)EUR 4 mhilliún d’fhíneálacha agus d’íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile, le haghaidh préimheanna astaíochtaí iomarcacha den chuid is mó.

Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, na méideanna a thuairiscítear in DBL 4/2024 de EUR 614 mhilliún a mhéadú faoi EUR 2 815 mhilliún, arb ionann é agus EUR 3 429 milliún san iomlán é.

Taispeántar an mionsonra de réir líne sa tábla thíos.

EUR

Líne ioncaim

Ainm

Buiséad 2024

DBL 5/2024

Méid nua

4 2 0

Fíneálacha a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta

257 464 207

2 502 502 303

2 759 966 510

4 2 1

Íocaíochtaí pionósacha agus cnapshuimeanna arna bhforchur ar Bhallstát

340 653 167

51 929 451

392 582 618

4 2 4

Ús a bhaineann le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha

9 802 092

256 590 258

266 392 350

4 2 9

Fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha neamhshannta eile

6 400 685

3 875 627

10 276 312

Iomlán    

614 320 151

2 814 897 639

3 429 217 790

3.2Tionchar ar an ranníocaíocht acmhainne dílse bunaithe ar OIN le haghaidh 2024

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na ranníocaíochtaí athbhreithnithe acmhainní dílse bunaithe ar OIN i gcomparáid le DBL 4/2024:

An Ballstát

DBL 4/2024

DBL 5/2024

Méid nua

 

(1)

(2)

(3) = (1) +(2)

 

 

 

 

An Bheilg

3 137 520 826

4 860 827

3 142 381 653

An Bhulgáir

490 929 862

760 577

491 690 439

Poblacht na Seice

1 524 718 132

2 362 181

1 527 080 313

An Danmhairg

2 045 789 860

3 169 456

2 048 959 316

An Ghearmáin

22 584 558 382

34 989 295

22 619 547 677

An Eastóin

192 975 003

298 968

193 273 971

Éire

2 070 413 423

3 207 603

2 073 621 026

An Ghréig

1 163 139 703

1 802 003

1 164 941 706

An Spáinn

7 768 960 009

12 036 120

7 780 996 129

An Fhrainc

15 077 255 983

23 358 553

15 100 614 536

An Chróit

425 510 887

659 226

426 170 113

An Iodáil

10 942 787 228

16 953 195

10 959 740 423

An Chipir

145 650 292

225 650

145 875 942

An Laitvia

212 177 297

328 717

212 506 014

An Liotuáin

374 044 146

579 491

374 623 637

Lucsamburg

275 312 135

426 529

275 738 664

An Ungáir

1 035 987 565

1 605 011

1 037 592 576

Málta

95 647 207

148 182

95 795 389

An Ísiltír

5 464 910 293

8 466 554

5 473 376 847

An Ostair

2 527 403 838

3 915 600

2 531 319 438

An Pholainn

4 123 400 650

6 388 210

4 129 788 860

An Phortaingéil

1 388 121 069

2 150 557

1 390 271 626

An Rómáin

1 745 902 426

2 704 853

1 748 607 279

An tSlóivéin

334 363 876

518 016

334 881 892

Poblacht na Slóvaice

647 634 542

1 003 353

648 637 895

An Fhionlainn

1 439 287 560

2 229 827

1 441 517 387

An tSualainn

3 074 333 659

4 762 935

3 079 096 594

 

 

 

 

Iomlán

90 308 735 853

139 911 489

90 448 647 342

3.3    Athrú ar an ainmníocht tar éis ghlacadh an togra ón gCoimisiún maidir leis an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin

Mar thoradh ar ghlacadh an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin agus lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais eisceachtúil don Úcráin (féach roinn 3.1 thuas), tá sé beartaithe líne ioncaim nua a chruthú laistigh d’airteagal le haghaidh tacaíocht don Úcráin: 6 6 4 2 ‘An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin’. Ina theannta sin, moltar ceartúchán teicniúil a chur san áireamh chun an tagairt don líne bhuiséid maidir leis an tSaoráid don Úcráin a choigeartú ó ‘6 6 4’ go ‘6 6 4 0’.

Leagtar amach na nótaí tráchta buiséid comhfhreagracha san iarscríbhinn bhuiséadach.



4.Maoiniú

Ar an iomlán, is éard is glantionchar an dréachtbhuiséid leasaithigh seo méadú EUR 44,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 2 954,8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí faoi bhuiséad 2024.

I ndáil le tionchar an nuashonraithe tuarastail athbhreithnithe le haghaidh 2024, ós rud é nach bhfuil corrlaigh ann agus nach féidir iad a athdháileadh faoi fho-cheannteideal 2b agus faoi cheannteideal 5, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 20 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus faoi chomhair íocaíochtaí maidir le méid EUR 5,1 milliún le haghaidh fho-cheannteideal 2b Athléimneacht agus Luachanna chun ranníocaíocht an Aontais le haghaidh roinnt gníomhaireachtaí díláraithe a mhéadú agus maidir le méid EUR 2,1 milliún le haghaidh cheannteideal 5 chun ranníocaíocht an Aontais a mhéadú do Europol agus CEPOL. Ina theannta sin, mar thoradh ar an méadú ar chaiteachas le haghaidh cheannteideal 7, tiocfaidh méadú EUR 68,5 milliún ar na méideanna a bheartaítear a shlógadh ón Ionstraim Corrlaigh Aonair.

Meastar gurb é EUR 1 758,3 milliún i bpraghsanna reatha na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2024 a bhaineann le slógadh na hIonstraime Solúbthachta sna blianta 2021 go 2024. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:

An Ionstraim Sholúbthachta - próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)

Bliain slógtha

2024

2025

2026

2027

Iomlán

2021

7.6

0

0

0

7.6

2022

49.8

36.7

0

0

86.5

2023

279

120.6

83.2

0

482.8

2024

1 421,9

107.6

83.7

46.3

1 659,5

Iomlán

1 758,3

264.9

166.9

46.3

2 236,4


5.Tábla achomair de réir cheannteideal CAI

In EUR

 

Buiséad 2024 (lena n‑áirítear BLanna 1-2/2024 - DBLanna 2-4/2024)

Dréachtbhuiséad Leasaitheach 5/2024

Buiséad 2024 (lena n‑áirítear BLanna 1-2/2024 - DBLanna 2-4/2024)

CA

PA

CA

PA

CA

PA

1

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

21 492 216 821

20 826 810 837

8 333

3 178 614

21 492 225 154

20 829 989 451

 

Uasteorainn

21 598 000 000

 

 

 

21 598 000 000

 

 

Corrlach

105 783 179

 

-8 333

 

105 774 846

 

2

Comhtháthú agus Luachanna

74 577 476 949

33 732 782 204

5 103 087

2 905 103 087

74 582 580 036

36 637 885 291

 

agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 306 281 333

 

5 103 087

 

1 311 384 420

 

 

Uasteorainn

73 289 000 000

 

 

 

73 289 000 000

 

 

Corrlach

17 804 384

 

 

 

17 804 384

 

2a.

An comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

64 665 195 616

24 155 654 152

 

2 900 000 000

64 665 195 616

27 055 654 152

 

Uasteorainn

64 683 000 000

 

 

 

64 683 000 000

 

 

Corrlach

17 804 384

 

 

 

17 804 384

 

2b.

Athléimneacht agus luachanna

9 912 281 333

9 577 128 052

5 103 087

5 103 087

9 917 384 420

9 582 231 139

 

agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 306 281 333

 

5 103 087

 

1 311 384 420

 

 

Uasteorainn

8 606 000 000

 

 

 

8 606 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

3

Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

57 338 630 839

54 151 402 941

-31 946 050

-24 838 484

57 306 684 789

54 126 564 457

 

Uasteorainn

57 449 000 000

 

 

 

57 449 000 000

 

 

Corrlach

110 369 161

 

31 946 050

 

142 315 211

 

 

Agus de sin: Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha

40 517 278 000

40 505 482 213

 

 

40 517 278 000

40 505 482 213

 

Fo-uasteorainn CERT

41 649 000 000

 

 

 

41 649 000 000

 

 

Difríocht an tslánaithe arna eisiamh chun an fochorrlach a ríomh

722 000

 

 

 

722 000

 

 

Glanaistrithe idir CERT agus CETFT

-1 046 000 000

 

 

 

-1 046 000 000

 

 

An glan‑iarmhéid atá ar fáil le haghaidh chaiteachas CERT (fo-uasteorainn arna ceartú le haistrithe idir CERT agus CETFT)

40 603 000 000

 

 

 

40 603 000 000

 

 

Fochorrlach CERT

85 722 000

 

 

 

85 722 000

 

4

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

3 892 705 671

3 248 967 443

773 078

773 078

3 893 478 749

3 249 740 521

 

Uasteorainn

4 020 000 000

 

 

 

4 020 000 000

 

 

Corrlach

127 294 329

 

-773 078

 

126 521 251

 

5

An tSlándáil agus an Chosaint

2 697 177 926

2 035 413 531

2 092 833

2 092 833

2 699 270 759

2 037 506 364

 

agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta

317 177 926

 

2 092 833

 

319 270 759

 

 

Uasteorainn

2 380 000 000

 

 

 

2 380 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

6

An Chomharsanacht agus an Domhan

16 731 000 000

15 315 050 313

 

 

16 731 000 000

15 315 050 313

 

agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta

28 828 204

 

 

 

28 828 204

 

 

Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

371 171 796

 

 

 

371 171 796

 

 

Uasteorainn

16 331 000 000

 

 

 

16 331 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

7

An Riarachán Poiblí Eorpach

11 988 000 603

11 988 000 603

68 500 000

68 500 000

12 056 500 603

12 056 500 603

 

Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

215 000 603

 

68 500 000

68 500 000

283 500 603

 

 

Uasteorainn

11 773 000 000

 

 

 

11 773 000 000

 

 

Corrlach

 

 

 

 

 

 

 

agus de sin: Caiteachas riaracháin na n‑institiúidí

9 175 375 841

9 175 375 841

1 300 000

1 300 000

9 176 675 841

9 176 675 841

 

Fo-uasteorainn

9 006 000 000

 

 

 

9 006 000 000

 

 

Fochorrlach

 

 

 

 

 

 

Leithreasuithe le haghaidh ceannteideal

188 717 208 809

141 298 427 872

44 531 281

2 954 809 128

188 761 740 090

144 253 237 000

 

Uasteorainn

186 840 000 000

170 543 000 000

 

 

186 840 000 000

170 543 000 000

 

agus de sin, faoin Ionstraim Sholúbthachta

1 652 287 463

1 751 178 297

7 195 920

7 195 920

1 659 483 383

1 758 374 217

 

Agus de sin, faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair 11(1)(a)

586 172 399

 

68 500 000

 

654 672 399

 

 

Corrlach

361 251 053

30 995 750 425

31 164 639

 

392 415 692

28 048 137 217

 

Ionstraimí speisialta téamacha

6 517 600 432

5 491 076 559

 

 

6 517 600 432

5 491 076 559

Iomlán na leithreasuithe

195 234 809 241

146 789 504 431

44 531 281

2 954 809 128

195 279 340 522

149 744 313 559

(1)      Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n‑aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom, IO L 424, 15.12.2020.
(2)      IO L, 2024/2509, 26.09.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R2509
(3)      IO L, 2024/207, 22.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024B0207
(4)      IO L, 2024/1430, 5.6.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024B1430
(5)      IO L, 2024/1509, 18.6.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024B1509
(6)      COM(2024) 920, 9.4.2024.
(7)      COM(2024) 931, 19.7.2024.
(8)      COM(2024) 426 final.
(9)      IO L, 2024/795, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R0795
(10)      IO L 443I, 22.12.2020, lgh. 28-46, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020Q1222(01)
(11)      1,030*1,041=1,072
(12)      IO L 45, 14.6.1962, lch. 1385, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1962/31(1)/oj.
(13)      BE, DE, ES, FR, IT, LU, NL, AT, PL, SE.
(14)      1.020*1.051=1.072.
(15)      1.072/1.030=1.041.
(16)      Le hAirteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne agus de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, cuirtear d’oibleagáid ar an gCoimisiún sonraí a sholáthar a bhaineann leis an tionchar buiséadach a imríonn luach saothair agus pinsin oifigigh an Aontais i bhfianaise nuashonrú 2024 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais, agus a bhaineann leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo.
(17)      EUCO 15/24.
(18)      COM(2024) 426 final.
(19)      IO L, 2024/2509, 26.09.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32024R2509
(20)      Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lgh. 11-22, ELI: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32020R2093