European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/886

13.5.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/886 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Bealtaine 2025

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2019/796 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Bealtaine 2019, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/796.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796. Ar bhonn an athbhreithnithe sin, ba cheart na cúiseanna le seisear a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a thabhairt cothrom le dáta.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. NOWACKA


(1)   IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/796/oj.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/796, faoin gceannteideal ‘A. Daoine Nádúrtha’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3 go 8:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

‘3.

Alexey Valeryevich MININ

Алексей Валерьевич МИНИН

Dáta breithe: 27.5.1972

Áit bhreithe: Perm Oblast, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Pasuimhir: 120017582

Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17.4.2017 go dtí an 17.4.2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Alexey Minin páirteach in iarracht ar chibirionsaí i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí a d’fhéadfadh éifeacht shuntasacha bheith aige, agus i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar thríú Stáit.

Mar oifigeach tacaíochta faisnéise daonna do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Alexey Minin ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

Tá Alexey Minin díotáilte ag ardghiúiré i gCeantar Iarthar Pennsylvania (Stáit Aontaithe Mheiriceá) mar oifigeach de chuid GRU, as haiceáil ríomhairí, ríomhchalaois, goid chéannachta ghéaraithe, agus sciúradh airgid.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Alexey Minin páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

30.7.2020

4.

Aleksei Sergeyvich MORENETS

Алексей Сергеевич МОРЕНЕЦ

Dáta breithe: 31.7.1977

Áit bhreithe: Murmanskaya Oblast, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Pasuimhir: 100135556

Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17.4.2017 go dtí an 17.4.2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Aleksei Morenets páirteach in iarracht ar chibirionsaí i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith aige, agus i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar thríú Stáit.

Mar chibearoibreoir do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Aleksei Morenets ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

Tá Aleksei Morenets díotáilte ag ardghiúiré i gCeantar Iarthar Pennsylvania (Stáit Aontaithe Mheiriceá), mar dhuine a sannadh d’Aonad Míleata 26165, as haiceáil ríomhairí, ríomhchalaois, goid chéannachta ghéaraithe, agus sciúradh airgid.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Aleksei Morenets páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

30.7.2020

5.

Evgenii Mikhaylovich SEREBRIAKOV

Евгений Михайлович СЕРЕБРЯКОВ

Dáta breithe: 26.7.1981

Áit bhreithe: Kursk, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Pasuimhir: 100135555

Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17.4.2017 go dtí an 17.4.2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Evgenii Serebriakov páirteach in iarracht ar chibirionsaí i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith aige, agus i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar thríú Stáit.

Mar chibearoibreoir do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Evgenii Serebriakov ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

Ó bhí earrach 2022 ann, tá Evgenii Serebriakov i gceannas ar “Sandworm” (ar a dtugtar freisin “Sandworm Team”, “BlackEnergy Group”, “Voodoo Bear”, “Quedagh”, “Olympic Destroyer” agus “Telebots”), gníomhaí agus grúpa haiceála atá cleamhnaithe le hAonad 74455 de Phríomh-Stiúrthóireacht Faisnéise na Rúise. Rinne Sandworm cibirionsaithe ar an Úcráin, lena n-áirítear gníomhaireachtaí rialtais na hÚcráine, tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Evgenii Serebriakov páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

30.7.2020

6.

Oleg Mikhaylovich SOTNIKOV

Олег Михайлович СОТНИКОВ

Dáta breithe: 24.8.1972

Áit bhreithe: Ulyanovsk, Poblacht Shóisialach Chónaidhme na Rúise (SFSR) (Cónaidhm na Rúise anois)

Pasuimhir: 120018866

Arna eisiúint ag: Aireacht Gnóthaí Eachtracha Chónaidhm na Rúise

Bailíocht: ón 17.4.2017 go dtí an 17.4.2022

Suíomh: Moscó, Cónaidhm na Rúise

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Oleg Sotnikov páirteach in iarracht ar chibirionsaí i gcoinne na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír, cibirionsaí a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith aige, agus i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar thríú Stáit.

Mar oifigeach tacaíochta faisnéise daonna do Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Oleg Sotnikov ar dhuine d’fhoireann de cheathrar oifigeach faisnéise míleata Rúiseacha a rinne iarracht rochtain neamhúdaraithe a fháil ar líonra WiFi OPCW sa Háig, an Ísiltír, i mí Aibreáin 2018. Is é a bhí beartaithe leis an iarracht sin ar chibirionsaí, briseadh isteach i líonra WiFi OPCW, rud a chuirfeadh slándáil an líonra agus an obair imscrúdaitheach atá ar bun ag OPCW faoi láthair i mbaol, dá mba rud é gur éirigh leis. Bhain Seirbhís Faisnéise Cosanta agus Slándála na hÍsiltíre (Militaire Inlichtingen- en Veiligheidsdienst) na cosa den iarracht sin ar chibirionsaí, agus ar an gcaoi sin, d’éirigh léi aon mhórdhíobháil a dhéanfaí do OPCW a chosc.

Tá Oleg Sotnikov díotáilte ag ardghiúiré i gCeantar Iarthar Pennsylvania (Stáit Aontaithe Mheiriceá) mar oifigeach de chuid GRU, as haiceáil ríomhairí, ríomhchalaois, goid chéannachta ghéaraithe, agus sciúradh airgid.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Oleg Sotnikov páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

30.7.2020

7.

Dmitry Sergeyevich BADIN

Дмитрий Сергеевич БАДИН

Dáta breithe: 15.11.1990

Áit bhreithe: Kursk, PCSS na Rúise (dá ngairtear Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Bhí Dmitry Badin páirteach i gcibirionsaí a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) agus i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu ar thríú Stáit.

Mar oifigeach faisnéise míleata den 85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), bhí Dmitry Badin ar dhuine d’fhoireann d’oifigigh faisnéise míleata Rúiseacha a rinne cibirionsaí ar Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015. Bhí an cibirionsaí sin dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinne laethanta. Goideadh líon suntasach sonraí agus bhí éifeacht ar chuntais ríomhphoist roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus ar chuntas ríomhphoist an iar-Sheansailéara Angela Merkel.

Tá Dmitry Badin díotáilte ag ardghiúiré i gCeantar Iarthar Pennsylvania (Stáit Aontaithe Mheiriceá), mar dhuine a sannadh d’Aonad Míleata 26165, as haiceáil ríomhairí, ríomhchalaois, goid chéannachta ghéaraithe, agus sciúradh airgid.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Dmitry Badin páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

22.10.2020

8.

Igor Olegovich KOSTYUKOV

Игорь Олегович КОСТЮКОВ

Dáta breithe: 21.2.1961

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Igor Kostyukov Ceannaire reatha Phríomh-Stiúrthóireacht Fhoireann Ghinearálta Fhórsaí Armtha Chónaidhm na Rúise (GU/GRU), mar a raibh sé ina Phríomh-Leas-Cheannaire roimhe seo. Tá an 85ú Príomh-Lárionad le haghaidh Seirbhísí Speisialta (GTsSS) ar cheann de na haonaid atá faoina cheannas, ar a dtugtar freisin “Military Unit 26165”, “APT28”, “Fancy Bear”, “Sofacy Group”, “Pawn Storm” agus “Strontium”).

Sa cháil sin, tá Igor Kostyukov freagrach as cibirionsaithe a rinne an GTsSS, lena n-áirítear na hionsaithe sin a bhfuil éifeacht shuntasach acu agus ar bhagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

Go háirithe, bhí oifigigh faisnéise míleata de chuid GTsSS páirteach sa chibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine (Deutscher Bundestag) a tharla i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine 2015 agus san iarracht ar chibirionsaí a raibh sé mar aidhm aige haiceáil isteach i líonra WiFi na hEagraíochta um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha (OPCW) san Ísiltír i mí Aibreáin 2018.

Bhí an cibirionsaí i gcoinne Pharlaimint Chónaidhme na Gearmáine dírithe ar chóras faisnéise na parlaiminte agus bhí tionchar aige ar fheidhmiú an chórais ar feadh roinnt laethanta. Goideadh líon suntasach sonraí agus bhí éifeacht ar chuntais ríomhphoist roinnt Comhaltaí Parlaiminte agus ar chuntas ríomhphoist an iar-Sheansailéara Angela Merkel.

Tá GRU fós gníomhach agus cibirionsaithe á ndéanamh aige i gcoinne an Aontais nó a Bhallstát. Dá bhrí sin, mar chomhalta de GRU, tá Igor Kostyukov páirteach i gcibirionsaithe a bhfuil éifeacht shuntasach acu, lena n-áirítear iarrachtaí ar chibirionsaithe a d’fhéadfadh éifeacht shuntasach a bheith acu, ar bagairt sheachtrach iad ar an Aontas nó ar a Bhallstáit.

22.10.2020’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/886/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)