European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1132

13.2.2025

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11749 – AMD / ZT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(C/2025/1132)

1.   

An 5 Feabhra 2025 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

—

Advanced Micro Devices, Inc. (‘AMD’, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

—

ZT Group Int’l, Inc. (‘ZT’, Stáit Aontaithe Mheiriceá).

Gheobhaidh AMD rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar ZT ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

—

AMD: cuideachta leathsheoltóirí dhomhanda a fhorbraíonn próiseálaithe ríomhairí agus teicneolaíochtaí gaolmhara,

—

ZT: dearthóir agus soláthraí na réitigh freastalaí agus stórála d’ionaid sonraí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11749 – AMD / ZT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)   IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an ‘Rialachán um Chumaisc’).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1132/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)